EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2456

Rialachán (AE) 2022/2456 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1218/2010 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i leith aicmí áirithe de chomhaontuithe speisialtóireachta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/8874

OJ L 321, 15.12.2022, p. 3–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2456/oj

15.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 321/3


RIALACHÁN (AE) 2022/2456 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Nollaig 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1218/2010 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i leith aicmí áirithe de chomhaontuithe speisialtóireachta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 2821/71 ón gComhairle an 20 Nollaig 1971 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 85(3) den Chonradh i leith aicmí de chomhaontuithe, de chinntí agus de chleachtais chomhbheartaithe (1),

Tar éis dó dréacht den Rialachán seo a fhoilsiú (2),

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Chleachtais Shriantacha agus Monaplachtaí,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 2821/71, tugtar de chumhacht don Choimisiún a dhearbhú, trí rialachán agus i gcomhréir le hAirteagal 101(3) den Chonradh, nach mbeidh feidhm ag Airteagal 101(1) den Chonradh maidir le catagóirí áirithe de chomhaontuithe speisialtóireachta.

(2)

I Rialachán (AE) Uimh. 1218/2010 ón gCoimisiún (3) sainítear catagóir de chomhaontuithe speisialtóireachta a mheasann an Coimisiún a gcomhlíontar leo de ghnáth na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 101(3) den Chonradh. Is é an 31 Nollaig 2022 is dáta éaga don Rialachán sin.

(3)

An 5 Meán Fómhair 2019, sheol an Coimisiún meastóireacht ar Rialachán (AE) Uimh. 1218/2010. An fhianaise a bailíodh agus an mheastóireacht ar bun, tugann sí le fios gur ionstraim úsáideach atá i Rialachán (AE) Uimh. 1218/2010 agus go bhfuil a chuid rialacha ábhartha i gcónaí ó thaobh na bpáirtithe leasmhara de. I bhfianaise thorthaí na meastóireachta, sheol an Coimisiún measúnú tionchair an 7 Meitheamh 2021 i dtaobh roghanna beartais maidir le rialachán blocdhíolúine nua a ghlacadh i ndáil le comhaontuithe speisialtóireachta.

(4)

An próiseas a ghabhann le rialachán blocdhíolúine nua a ghlacadh maidir le comhaontuithe speisialtóireachta, ionas go mbeidh a dhóthain ama ag an gCoimisiún chun an próiseas sin a thabhairt chun críche, agus de bhun chumhacht an Choimisiúin faoi Airteagal 2(1) de Rialachán (CEE) Uimh. 2821/71, ba cheart síneadh 6 mhí a chur le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1218/2010.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1218/2010 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1218/2010, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2023.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 285, 29.12.1971, lch. 46. Rinneadh Airteagal 101 den Chonradh d’Airteagal 81 de Chonradh CE (Airteagal 85 de Chonradh CEE roimhe seo), agus éifeacht ag an méid sin ó bhí an 1 Nollaig 2009 ann. Tá na forálacha sin comhionann le chéile, go bunúsach. Chun críocha an Rialacháin seo, tagairtí d’Airteagal 85 de Chonradh CEE nó d’Airteagal 81 de Chonradh CE, ba cheart glacadh leis gur tagairtí d’Airteagal 101 den Chonradh atá iontu.

(2)  IO C 405, 21.10.2022, lch. 50.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1218/2010 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2010 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i leith aicmí áirithe de chomhaontuithe speisialtóireachta (IO L 335, 18.12.2010, lch. 43 ).


Top