This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R2313
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/2313 of 25 November 2022 entering a name in the register of traditional specialities guaranteed (Pizza Napoletana (TSG))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2313 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2022 lena gcláraítear ainm i gclár na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht (Pizza Napoletana (STR)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2313 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2022 lena gcláraítear ainm i gclár na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht (Pizza Napoletana (STR)
C/2022/8418
IO L 307, 28.11.2022, p. 45–46
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
28.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 307/45 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2313 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Samhain 2022
lena gcláraítear ainm i gclár na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht (Pizza Napoletana (STR)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 26 agus Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinne an Iodáil an t-ainm “Pizza Napoletana” a thíolacadh d’fhonn a bheith in ann é a chlárú i gclár na Sainearraí Traidisiúnta faoi Ráthaíocht dá bhforáiltear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 le forchoimeád an ainm. |
(2) |
Bhí an t-ainm “Pizza Napoletana” cláraithe roimhe le Rialachán (AE) Uimh. 97/2010 (2) mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht gan forchoimeád an ainm i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 ón gComhairle (3). |
(3) |
Scrúdaigh an Coimisiún tíolacadh an ainm “Pizza Napoletana” agus foilsíodh é ina dhiaidh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (4). |
(4) |
Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm “Pizza Napoletana” a chlárú sa chlár le forchoimeád an ainm, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cláraítear an t-ainm “Pizza Napoletana” (STR) leis seo sa chlár le forchoimeád an ainm.
Sonraíocht táirge an STR “Pizza Napoletana”, measfar gur í an tsonraíocht dá dtagraítear in Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 don STR “Pizza Napoletana” le forchoimeád an ainm.
Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír sainítear táirge de chuid Aicme 2.27. Arán, císte milis, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (5).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Samhain 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 97/2010 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2010 lena n-iontráiltear ainm i gclár na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht [Pizza Napoletana (STR)] (IO L 34, 5.2.2010, lch. 7).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 ón gComhairle an 20 Márta 2006 maidir le táirgí talmhaíochta agus bia-earraí mar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht (IO L 93, 31.3.2006, lch. 1). Rialachán arna aisghairm agus arna ionadú le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.
(4) IO C 176, 18.5.2016, lch. 13.
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).