EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2301

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2301 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2022 lena socraítear an chonair líonta lena ngabhann spriocanna idirmheánacha le haghaidh 2023 do gach Ballstát a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh ar a chríoch féin atá idirnasctha go díreach lena limistéar margaidh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/8593

OJ L 305, 25.11.2022, p. 5–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2301/oj

25.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 305/5


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2301 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Samhain 2022

lena socraítear an chonair líonta lena ngabhann spriocanna idirmheánacha le haghaidh 2023 do gach Ballstát a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh ar a chríoch féin atá idirnasctha go díreach lena limistéar margaidh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (1), agus go háirithe Airteagal 6a(7), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tar éis an fhogha mhíleata a thug an Rúis faoin Úcráin agus i bhfianaise na féidearthachta go gcuirfear isteach go fadtréimhseach ar sholáthairtí gáis ón Rúis nó go gcuirfear stop iomlán leo, thug an tAontas faoi thionscnaimh chun a ullmhacht i gcoinne suaitheadh den sórt sin chun saoránaigh agus geilleagar an Aontais a chosaint.

(2)

Sa chomhthéacs sin, glacadh Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) d’fhonn a áirithiú go líonfar saoráidí stórála gáis na mBallstát le haghaidh thréimhse an gheimhridh 2022-2023 agus ina dhiaidh sin.

(3)

I gcás 2023 agus na mblianta ina dhiaidh sin, foráiltear i bhfomhír 1 d’Airteagal 6a(7) de Rialachán (AE) 2017/1938 go ndéanfaidh gach Ballstát ag a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh dréachtchonair líonta lena ngabhann spriocanna idirmheánacha do mhí Feabhra, mí na Bealtaine, mí Iúil agus mí Mheán Fómhair, lena n-áirítear faisnéis theicniúil, a chur faoi bhráid an Choimisiúin i bhfoirm chomhiomlánaithe, faoin 15 Meán Fómhair den bhliain roimhe sin, maidir leis na saoráidí sin atá ar a chríoch féin agus atá idirnasctha go díreach lena limistéar margaidh. Beidh an chonair líonta agus na spriocanna idirmheánacha bunaithe ar an meánráta líonta le linn na 5 bliana roimhe sin.

(4)

Sonraítear i bhfomhír 3 d’Airteagal 6a(7) de Rialachán (AE) 2017/1938, bunaithe ar an bhfaisnéis theicniúil arna soláthar ag gach Ballstát agus an measúnú ón nGrúpa Comhordaithe Gáis á chur san áireamh, gur gá don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena socraítear an chonair líonta do gach Ballstát a ghlacadh faoin 15 Samhain den bhliain roimhe sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18a(2) den Rialachán thuasluaite. Tugann coiste coisteolaíochta dá dtagraítear in Aireagal 18a(1) de Rialachán (AE) 2017/1938 cúnamh don Choimisiún, an “Coiste um Stóráil Gáis”.

(5)

Tá an Coimisiún le gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh faoin 15 Samhain 2022 lena socraítear na conairí líonta lena ngabhann spriocanna idirmheánacha le haghaidh 2023 do na Ballstáit a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu. I bhfianaise na srianta ama maidir le glacadh na ngníomhartha cur chun feidhme sin, ba cheart gníomh cur chun feidhme amháin a ghlacadh i leith na mBallstát uile lena mbaineann.

(6)

I bhfianaise na héiginnteachta airde a mhéid a bhaineann le slándáil ghinearálta staid an tsoláthair gáis agus forbairt an éilimh ar ghás agus forbairt an tsoláthair gáis san Aontas agus sna Ballstáit aonair, na cásanna éagsúla tomhaltais de réir teochtaí geimhridh, agus méid na mbeart deonach maidir le laghdú ar éileamh a chuir na Ballstáit chun feidhme bunaithe ar Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle (3), ba cheart spriocanna íosta idirmheánacha atá indéanta go teicniúil a bheith sna conairí líonta a leagtar síos sa Rialachán seo, ar spriocanna iad lena gcuirfear ar chumas na mBallstát an sprioc líonta de 90 % a bhaint amach faoin 1 Samhain 2023.

(7)

Ba cheart na conairí líonta a chuir na Ballstáit isteach, a mhéid agus is féidir, agus meánráta líonta na mBallstát le linn na 5 bliana roimhe sin a chur san áireamh sna conairí líonta. Ba cheart an cuar acmhainne comhiomláine insteallta láithreáin stórála gach Ballstáit a chur san áireamh i bhféidearthacht theicniúil na spriocanna idirmheánacha a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart na spriocanna sin a shocrú ar bhealach lena gcosnófar slándáil an tsoláthair gáis ar leibhéal an Aontais, agus lena seachnófar ag an am céanna ualaigh nach bhfuil gá leo a chur ar na Ballstáit, ar rannpháirtithe sa mhargadh gáis, ar oibreoirí córais stórála nó ar chustaiméirí agus gan an iomaíocht idir na saoráidí stórála atá lonnaithe i mBallstáit chomharsanachta a shaobhadh go míchuí.

(8)

Sprioc idirmheánach thábhachtach atá i sprioc idirmheánach an 1 Feabhra 2023 maidir le slándáil an tsoláthair le linn thréimhsí an gheimhridh 2022-2023 agus 2023-2024. Agus an sprioc sin á socrú ar mheánráta íosta an Aontais de 45 %, is é is aidhm dó slándáil an tsoláthair a áirithiú i mí na Nollag 2022 agus i mí Eanáir 2023 nuair a bheidh éileamh ard ar ghás, agus an t-ídiú stórála a sheachaint i mí Feabhra agus i mí an Mhárta 2023. Go háirithe, ba cheart solúbthacht a bheith ann i míonna luatha an gheimhridh i gcás geimhreadh atá níos fuaire ná mar a bhíonn ar an meán. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit gach iarracht a dhéanamh 55 % d’acmhainn na saoráidí stórála gáis faoi thalamh a líonadh san Aontas, mura mbeidh míonna an gheimhridh níos fuaire ná mar a bhíonn ar an meán.

(9)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1938, meastar go gcomhlíontar spriocanna Rialachán (AE) 2017/1938 le leibhéil líonta a fhanann suas le cúig phointe céatadáin faoi bhun na sprice. I gcás ina bhfuil leibhéal líonta Ballstáit níos mó ná cúig phointe céatadáin faoi leibhéal a chonaire líonta, ba cheart don údarás inniúil bearta éifeachtacha a dhéanamh láithreach chun í a mhéadú. Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún agus an Grúpa Comhordaithe Gáis a chur ar an eolas maidir le bearta den chineál sin.

(10)

I gcás na mBallstát a thagann faoi Airteagal 6a(3) de Rialachán (AE) 2017/1938, ba cheart an sprioc líonta a laghdú de réir na toirte a soláthraíodh do thríú tíortha le linn na tréimhse tagartha 2016 go 2021 más rud é go raibh an mheántoirt a soláthraíodh níos mó ná 15 TWh in aghaidh na bliana le linn na tréimhse aistarraingthe stórála gáis (mí Dheireadh Fómhair – mí Aibreáin).

(11)

D’fhógair an Coimisiún Eorpach gur bunaíodh Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh lena ndéantar foráil, inter alia, maidir le gás a d’fhéadfaí a cheannach go comhpháirteach, socrú a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach ina conclúidí an 30 agus an 31 Bealtaine 2022. Le ceannach comhpháirteach, d’fhéadfaí rannchuidiú le rochtain níos cothroime a thabhairt do ghnóthais ar fud an Aontais ar fhoinsí gáis nua nó foinsí malartacha faoi dhálaí níos fearr. Go háirithe, d’fhéadfaí cuidiú leis na Ballstáit na dúshláin don séasúr líonta 2023/24 a mhaolú trí chomhiomlánú éilimh, trí bhainistíocht ar líonadh agus stóráil a chomhordaítear ar bhealach níos fear a áirithiú, laistigh de theorainneacha dhlí na hiomaíochta, agus trí bhuaiceanna iomarcacha praghsanna a sheachaint arb éard is cúis leo, inter alia, líonadh stórála neamhchomhordaithe.

(12)

Ba cheart do na Ballstáit an sprioc líonta 90 % dá saoráidí stórála a bhaint amach, sprioc dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 6a de Rialachán (AE) 2017/1938, lena n-áirítear, go háirithe, tríd an éileamh a chomhiomlánú agus páirt a ghlacadh i sásraí ceannaigh chomhpháirtigh, mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2022.

(13)

Agus stóráil á líonadh acu, agus i bhfianaise na ndúshlán i gcomhair an tséasúir líonta in 2023, ba cheart do na Ballstáit an leas is fearr is féidir a bhaint as na huirlisí comhordúcháin uile atá ar fáil ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Agus Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh á úsáid chun an t-éileamh a chomhiomlánú ar mhaithe leis an bhféidearthacht gás a cheannach go comhpháirteach, féadtar rannchuidiú le líonadh stórála a chomhordú ar bhealach níos fearr. Mar shampla, ba cheart do na Ballstáit ullmhú cheana féin chun páirt a ghlacadh i gcomhiomlánú éilimh le toirteanna atá cothrom le 15 % ar a laghad den toirt iomlán is gá chun an sprioc de 90 % a bhaint amach.

(14)

An measúnú ón nGrúpa Comhordaithe Gáis a ndeachthas i gcomhairle leis le linn a chruinnithe an 21 Deireadh Fómhair 2022, ba cheart é a chur san áireamh sna conairí líonta freisin.

(15)

I bhfianaise an ghá atá ann na conairí líonta le haghaidh 2023 a shocrú faoin 15 Samhain 2022, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(16)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Stóráil Gáis.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Conairí líonta le haghaidh 2023

Leagtar amach san Iarscríbhinn na conairí líonta lena ngabhann spriocanna idirmheánacha le haghaidh 2023 do na Ballstáit a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh ar a chríoch féin atá idirnasctha go díreach lena limistéar margaidh.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 280, 28.10.2017, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 i dtaca le stóráil gáis (IO L 173, 30.6.2022, lch. 17).

(3)  Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2022 maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás (IO L 206, 8.8.2022, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Conairí líonta lena ngabhann spriocanna idirmheánacha le haghaidh 2023 do na Ballstáit a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu (1)

Ballstát

Sprioc idirmheánach an 1 Feabhra

Sprioc idirmheánach an 1 Bealtaine

Sprioc idirmheánach an 1 Iúil

Sprioc idirmheánach an 1 Meán Fómhair

AT

49 %

37 %

52 %

67 %

BE

30 %

5 %

40 %

78 %

BG

45 %

29 %

49 %

71 %

CZ

45 %

25 %

30 %

60 %

DE

45 %

10 %

30 %

65 %

DK

45 %

40 %

60 %

80 %

ES

59 %

62 %

68 %

76 %

FR

41 %

7 %

35 %

81 %

HR

46 %

29 %

51 %

83 %

HU

51 %

37 %

65 %

86 %

IT

45 %

36 %

54 %

72 %

LV

45 %

41 %

63 %

90 %

NL

49 %

34 %

56 %

78 %

PL

45 %

30 %

50 %

70 %

PT

70 %

70 %

80 %

80 %

RO

40 %

41 %

67 %

88 %

SE

45 %

5 %

5 %

5 %

SK

45 %

25 %

27 %

67 %


(1)  Tá an Iarscríbhinn faoi réir oibleagáidí pro rata gach Ballstáit faoi Rialachán (AE) 2017/1938, go háirithe Airteagail 6a, 6b agus 6c de. Maidir leis na Ballstáit a thagann faoi Airteagal 6a(2), déanfar an sprioc idirmheánach pro rata a ríomh tríd an luach a léirítear sa tábla a iolrú faoin uasteorainn 35 % agus tríd an toradh a roinnt ar 90 %.


Top