EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2238

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2238 ón gCoimisiún an 22 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 a mhéid a bhaineann leis na forálacha idirthréimhseacha maidir le deimhnithe cigireachta páipéir agus sleachta astu agus a mhéid a bhaineann leis na forálacha idirthréimhseacha le haghaidh deimhnithe cigireachta a eisítear san Úcráin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/5836

OJ L 294, 15.11.2022, p. 3–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/2238/oj

15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 294/3


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2238 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Lúnasa 2022

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 a mhéid a bhaineann leis na forálacha idirthréimhseacha maidir le deimhnithe cigireachta páipéir agus sleachta astu agus a mhéid a bhaineann leis na forálacha idirthréimhseacha le haghaidh deimhnithe cigireachta a eisítear san Úcráin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 38(8), pointe (a)(ii), Airteagal 46(7), pointe (b), agus Airteagal 57(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ón gCoimisiún (2) leagtar síos rialacha maidir leis na rialuithe oifigiúla i leith táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bheartaítear a allmhairiú isteach san Aontas agus maidir leis an deimhniú cigireachta.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, agus le hAirteagal 6(3), an dara fomhír, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306, tá an deimhniú cigireachta le heisiúint agus le formhuiniú sa Chóras um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES) le ríomhshéala cáilithe. Foráiltear le hAirteagal 6(6) agus le hAirteagal 7(4) den Rialachán sin faoi seach maidir le cuid de choinsíneacht a fhormhuiniú mar choinsíneacht orgánach agus maidir le sleachta as deimhnithe cigireachta a fhormhúiniú in TRACES le ríomhshéala cáilithe.

(3)

Foráiltear cheana leis na forálacha idirthréimhseacha a leagtar síos in Airteagal 11, míreanna (1) agus (2), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306, go bhféadfar an deimhniú cigireachta a eisiúint ar pháipéar go dtí an 30 Meitheamh 2022, tar éis é a bheith líonta isteach in TRACES agus priontáilte agus, má eisítear deimhniú ar pháipéar, ba cheart an deimhniú seo a fhormhuiniú ar pháipéar. I gcás ina n-eisítear an deimhniú cigireachta in TRACES agus ina bhfuil ríomhshéala cáilithe air, féadfar é a fhormhuiniú ar pháipéar.

(4)

Foráiltear leis na forálacha idirthréimhseacha a leagtar síos in Airteagal 11(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 go bhféadfar, go dtí an 30 Meitheamh 2022, an sliocht ón deimhniú cigireachta a fhormhuiniú ar pháipéar freisin tar éis é a bheith líonta isteach in TRACES agus priontáilte.

(5)

Tá an próiseas chun údaráis inniúla a chlárú sna Ballstáit agus i dtríú tíortha mar aon leis an bpróiseas chun údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe a chlárú le haghaidh an ríomhshéala cháilithe ar siúl faoi láthair. Thóg an próiseas clárúcháin níos faide ná mar a raibh coinne leis agus níor tugadh chun críche é roimh an 30 Meitheamh 2022.

(6)

Dá bhrí sin, is gá síneadh a chur leis na forálacha idirthréimhseacha maidir le deimhnithe cigireachta páipéir agus sleachta astu dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 chun go mbeidh na gníomhaithe uile lena mbaineann in ann an clárúchán le haghaidh an ríomhshéala cháilithe a thabhairt chun críche.

(7)

Is é atá in ionradh na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022 dúshlán eisceachtúil do na húdaráis rialaithe agus do na comhlachtaí rialaithe a aithníodh chun táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a onnmhairiú ón Úcráin chuig an Aontas, dúshlán nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe. San Úcráin, tá cur isteach ar na seirbhísí poist freisin.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 11(1a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306, agus de mhaolú ar Airteagal 5(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin, go dtí an 30 Meitheamh 2022, duine údaraithe atá lonnaithe san Úcráin, duine de chuid údaráis rialaithe nó comhlachta rialaithe nach bhfuil ríomhshéala cáilithe aige, féadfaidh sé an deimhniú cigireachta a tháirgeadh agus a chur isteach in TRACES i bhformáid leictreonach gan ríomhshéala cáilithe a chur i bhfeidhm i mbosca 18 de. I bhfianaise a dhothuartha atá fad ionradh na Rúise ar an Úcráin, is gá síneadh a chur leis an maolú sin freisin.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 a leasú dá réir sin.

(10)

Ós rud é go dtéann an idirthréimhse le haghaidh deimhnithe páipéir agus an maolú is infheidhme maidir leis an Úcráin in éag an 30 Meitheamh 2022, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Iúil 2022,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Airteagal 11 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 mar a leanas:

(1)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

“De mhaolú ar Airteagal 5(3), an chéad fhomhír, go dtí an 30 Samhain 2022, féadfar an deimhniú cigireachta a eisiúint ar pháipéar tar éis é a bheith líonta isteach in TRACES agus priontáilte. Leis an deimhniú páipéir sin comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1a:

“1a.   De mhaolú ar Airteagal 5(3), an chéad fhomhír, go dtí an 30 Samhain 2022, duine údaraithe atá lonnaithe san Úcráin, duine de chuid údaráis rialaithe nó comhlachta rialaithe nach bhfuil ríomhshéala cáilithe aige, féadfaidh sé an deimhniú cigireachta a tháirgeadh agus a chur isteach in TRACES i bhformáid leictreonach gan ríomhshéala cáilithe a chur i bhfeidhm i mbosca 18 de. Eiseofar an deimhniú sin sula bhfágfaidh an choinsíneacht lena mbaineann an Úcráin.”;

(3)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

“De mhaolú ar Airteagal 6(3), go dtí an 30 Samhain 2022, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:”;

(4)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

“De mhaolú ar Airteagal 6(6) agus Airteagal 7(4), go dtí an 30 Samhain 2022, féadfar an sliocht ón deimhniú cigireachta a fhormhuiniú ar pháipéar, tar éis é a bheith líonta isteach in TRACES agus priontáilte. Leis an sliocht páipéir sin ó dheimhniú comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir leis na rialuithe oifigiúla i leith coinsíneachtaí de tháirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bheartaítear a allmhairiú isteach san Aontas agus maidir leis an deimhniú cigireachta (IO L 461, 27.12.2021, lch. 13).


Top