This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R2181
Commission Delegated Regulation (EU) 2022/2181 of 29 June 2022 supplementing Regulation (EU) 2021/1139 of the European Parliament and of the Council on the European Maritime, Fisheries and Aquaculture Fund as regards the starting dates and time periods for the inadmissibility of applications for support
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2181 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe a mhéid a bhaineann leis na dátaí tosaigh agus na tréimhsí a bhaineann le neamh-inghlacthacht iarratas ar thacaíocht
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2181 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe a mhéid a bhaineann leis na dátaí tosaigh agus na tréimhsí a bhaineann le neamh-inghlacthacht iarratas ar thacaíocht
C/2022/4292
IO L 288, 9.11.2022, p. 7–17
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
9.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 288/7 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2181 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Meitheamh 2022
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe a mhéid a bhaineann leis na dátaí tosaigh agus na tréimhsí a bhaineann le neamh-inghlacthacht iarratas ar thacaíocht
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 (1), agus go háirithe Airteagal 11(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Iarratas ar thacaíocht ón gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) arna chur isteach ag oibreoir, beidh sé neamh-inghlactha ar feadh tréimhse sainaitheanta ama má chinneann an t-údarás inniúil gur tharla na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(1) agus (3) de Rialachán (AE) 2021/1139. |
(2) |
Chun cineál coinníollach na tacaíochta ó CEMID a áirithiú, is iomchuí na forálacha is gá a leagan síos lena n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh na hoibreoirí sin a chuireann isteach ar thacaíocht ó CEMID na coinníollacha inghlacthachta le haghaidh tacaíocht ó CEMID i ndáil leis na soithí iascaireachta uile atá faoi rialú éifeachtach acu. |
(3) |
Le hAirteagal 11(4) de Rialachán (AE) 2021/1139, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena sainaithnítear an tairseach maidir le neamh-inghlacthacht a ghníomhachtú, agus tréimhse ama na neamh-inghlacthachta, ar cheart di a bheith comhréireach le cineál, tromchúis, fad agus athdhéanamh na sáruithe tromchúiseacha, na gcionta nó na calaoise a rinneadh, agus ar cheart bliain ar a laghad a bheith inti. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar na rialacha maidir le neamh-inghlacthacht iarratas ar thacaíocht a bhunaítear sa ghníomh seo chun a áirithiú go gcumhdófar gach cás dá dtagraítear in Airteagal 11(1) agus (3) de Rialachán (AE) 2021/1139. |
(4) |
Is gá, dá bhrí sin, rialacha a leagan síos maidir le fad na tréimhse neamh-inghlacthachta a ríomh, agus maidir le sainaithint na ndátaí ábhartha tosaigh agus deiridh agus na gcoinníollacha chun an tréimhse sin a mhéadú nó a laghdú. Is iomchuí freisin rialacha a leagan síos maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an tréimhse neamh-inghlacthachta i gcás ina ndéanann oibreoir tuilleadh sáruithe tromchúiseacha le linn na tréimhse neamh-inghlacthachta. |
(5) |
Tá gá freisin le gníomhachtú uathoibríoch neamh-inghlacthachta le haghaidh chistí CEMID i gcás sáruithe tromchúiseacha áirithe lena ndéantar dochar ar leith mar gheall ar a gcineál agus a thromchúisí atá siad. |
(6) |
Is iomchuí freisin rialacha a leagan síos maidir le neamh-inghlacthacht a ghníomhachtú agus fad na tréimhse neamh-inghlacthachta a ríomh i gcásanna ina bhfuil níos mó ná soitheach iascaireachta amháin faoi úinéireacht nó rialú ag oibreoir aonair. Ba cheart a áirithiú leis na rialacha sin nach rachaidh tacaíocht ó CEMID le haghaidh soithí eile de chuid an oibreora chun tairbhe go hindíreach do shoithí iascaireachta a úsáideadh chun sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh. |
(7) |
I gcomhréir le hAirteagal 92(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (2), más rud é nach ndéantar aon sárú tromchúiseach eile laistigh de 3 bliana ó dháta an tsáraithe thromchúisigh dheireanaigh, ba cheart na pointí uile a scriosadh. Mar iarmhairt air sin, fanann pointí sáraithe ar cheadúnas oibreora go ceann 3 bliana ar a laghad. Chun leanúnachas leis an gcóras atá i bhfeidhm a áirithiú, mar aon le comhréireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, níor cheart ach na sáruithe tromchúiseacha amháin a rinneadh amhail ón 1 Eanáir 2013 i gcomhréir le hAirteagal 92 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus nár scriosadh na pointí arna sannadh ina leith ó cheadúnas oibreora a chur san áireamh agus an tréimhse neamh-inghlacthachta á ríomh. |
(8) |
I gcomhréir le hAirteagal 47 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (3), cuirfear daoine dlítheanacha faoi dhliteanas i leith sáruithe tromchúiseacha i gcás ina ndearna aon duine nádúrtha na sáruithe sin chun a thairbhe féin, ag gníomhú dó ina aonar nó mar chuid d’orgán an duine dhlítheanaigh. |
(9) |
Ba cheart rialacha a leagan síos chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom le hoibreoirí atá ina n-úinéirí nua ar shoithí iascaireachta tar éis díola nó cineál eile aistrithe úinéireachta agus, an tráth céanna, gan dochar á dhéanamh do chóras an Aontais maidir le rialú, iniúchadh agus forfheidhmiú a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1224/2009 maidir le rialú iascaigh, rud atá riachtanach chun cuspóirí CBI a bhaint amach. Dá ndéanfaí ceadúnas iascaireachta oibreora a tharraingt siar go buan mar gheall ar mhinicíocht agus tromchúis na sáruithe a rinneadh, ba cheart an rochtain ar thacaíocht ó CEMID a dhiúltú go dtí deireadh thréimhse incháilitheachta an chaiteachais le haghaidh ranníocaíocht ó CEMID a leagtar síos in Airteagal 63(2) de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) chun leasanna airgeadais an Aontais agus a cháiníocóirí a chosaint. Ba cheart feidhm a bheith ag neamh-inghlacthacht den sórt sin fiú amháin, de réir an mhodha ríomha a leagtar síos sa Rialachán seo, dá dtiocfadh deireadh leis an tréimhse neamh-inghlacthachta roimh dheireadh na tréimhse incháilitheachta. |
(10) |
Le hAirteagal 11(4) de Rialachán (AE) 2021/1139, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir leis na socruithe chun an chabhair a deonaíodh a aisghabháil má tharlaíonn sáruithe tromchúiseacha nó cionta comhshaoil le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 11(2) den Rialachán sin. Is gá, dá bhrí sin, socruithe a leagan síos chun an chabhair a deonaíodh a aisghabháil. |
(11) |
Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras agus i bhfianaise a thábhachtaí atá sé cóir chomhchuibhithe agus chomhionann a áirithiú d’oibreoirí sna Ballstáit uile ó thús na clárthréimhse, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe agus ba cheart feidhm a bheith aige ón gcéad lá de thréimhse incháilitheachta an chaiteachais maidir le ranníocaíocht ó CEMID, eadhon an 1 Eanáir 2021. Ní bheidh tionchar ag an gcur i bhfeidhm cúlghabhálach maidir le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus prionsabal an ionchais dhlisteanaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hiarratais ar thacaíocht ón gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) agus sonraítear ann an tréimhse ama ar lena linn a bheidh iarratais den sórt sin, arna gcur isteach ag oibreoirí a bhfuil aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(1) nó (3) de Rialachán (AE) 2021/1139 déanta acu, neamh-inghlactha.
Airteagal 2
Sainmhíniú
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Ina theannta sin, tá feidhm ag an sainmhíniú seo a leanas:
ciallaíonn “pointí sáraithe” na pointí a shanntar d’oibreoir i leith soitheach iascaireachta de chuid an Aontais faoi chóras na bpointí le haghaidh sáruithe tromchúiseacha a leagtar amach in Airteagal 92 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
CAIBIDIL II
TAIRSEACH LE hAGHAIGH NA NEAMH-INGHLACTHACHTA AGUS FAD NA NEAMH-INGHLACTHACHTA
Airteagal 3
Neamh-inghlacthacht iarratas arna gcur isteach ag oibreoirí a bhfuil sáruithe tromchúiseacha déanta acu nó atá faoi dhliteanas ina leith faoi Airteagal 42(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 nó faoi Airteagal 90(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009
1. Beidh iarratas ar thacaíocht arna chur isteach ag oibreoir neamh-inghlactha ar feadh tréimhse ama a bhunaítear de bhun Iarscríbhinn I i gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil i gcinneadh go bhfuil sáruithe tromchúiseacha déanta ag an oibreoir a bhfuil an t-iarratas á chur isteach aige nó go bhfuil sé faoi dhliteanas ina leith faoi Airteagal 42(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 nó faoi Airteagal 90(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
2. Chun neamh-inghlacthacht a ghníomhachtú agus chun fad na tréimhse neamh-inghlacthachta a ríomh, ní chuirfear san áireamh ach na sáruithe tromchúiseacha a rinneadh amhail ón 1 Eanáir 2013 agus a ndearnadh cinneadh ina leith de réir bhrí mhír 1.
3. D’ainneoin mhír 2, chun críocha mhír 1 ní chuirfear san áireamh ach sáruithe tromchúiseacha nár scriosadh na pointí ina leith de bhun Airteagal 92(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
4. Is é dáta an chinnidh ar a nglacfaidh an t-údarás inniúil de réir bhrí mhír 1 dáta tosaigh na tréimhse neamh-inghlacthachta.
Airteagal 4
Neamh-inghlacthacht iarratas arna gcur isteach ag oibreoirí a bhfuil a soitheach ar áireamh ar liosta an Aontais de shoithí NNN nó a bhfuil a soitheach faoi bhratach tríú tír neamh-chomhoibríoch
1. Beidh iarratas ar thacaíocht arna chur isteach ag oibreoir neamh-inghlactha ar feadh tréimhse ama a bhunaítear de bhun Iarscríbhinn II má chinneann an t-údarás inniúil i gcinneadh an méid seo a leanas:
(a) |
go raibh an t-oibreoir sin rannpháirteach in oibriú, i mbainistíocht nó in úinéireacht soithigh iascaireachta atá ar áireamh ar liosta an Aontais de shoithí NNN mar a leagtar amach in Airteagal 27 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008; nó |
(b) |
go raibh an t-oibreoir sin rannpháirteach in oibriú, i mbainistíocht nó in úinéireacht soithigh atá faoi bhratach tíre atá ar áireamh ar liosta na dtríú tíortha neamh-chomhoibríocha dá bhforáiltear in Airteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008. |
2. Is é dáta an chinnidh ar a nglacfaidh an t-údarás inniúil de réir bhrí mhír 1 dáta tosaigh na tréimhse neamh-inghlacthachta.
Airteagal 5
Neamh-inghlacthacht iarratas arna gcur isteach ag oibreoirí san earnáil dobharshaothraithe a rinne cionta comhshaoil nó atá faoi dhliteanas ina leith
1. Má chinn údarás inniúil i gcinneadh go ndearna oibreoir ceann de na cionta a leagtar amach in Airteagail 3 agus 4 de Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) nó go bhfuil sé faoi dhliteanas ina leith, beidh iarratais ar thacaíocht ó CEMID arna gcur isteach ag an oibreoir sin de bhun Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/1139 neamh-inghlactha de bhun Iarscríbhinn III.
2. Is é dáta tosaigh na tréimhse neamh-inghlacthachta dáta an chinnidh ó údarás inniúil lena gcinntear go ndearnadh cion a leagtar amach in Airteagail 3 nó 4 de Threoir 2008/99/CE.
3. Chun neamh-inghlacthacht a ghníomhachtú agus chun fad na tréimhse neamh-inghlacthachta a ríomh, ní dhéanfar ach na cionta a rinneadh amhail ón 1 Eanáir 2013 agus a nglacadh cinneadh ina leith de réir bhrí mhír 1 a chur san áireamh.
Airteagal 6
Neamh-inghlacthacht iarratas arna gcur isteach ag oibreoirí a rinne calaois nó atá faoi dhliteanas ina leith i gcomhthéacs CEMI nó CEMID
1. Má chinneann údarás inniúil go ndearna oibreoir calaois nó más rud é go bhfuil sé faoi dhliteanas i leith calaoise i gcomhthéacs an Chiste Eorpaigh Mhuirí agus Iascaigh (CEMI) nó CEMID, beidh na hiarratais uile ar thacaíocht ó CEMID a chuirfidh an t-oibreoir sin isteach neamh-inghlactha de bhun Iarscríbhinn IV.
2. Tosóidh an tréimhse neamh-inghlacthachta ó dháta an chinnidh chríochnaithigh lena gcinntear go ndearnadh calaois mar a shainítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).
CAIBIDIL III
FORÁLACHA COITEANNA
Airteagal 7
An tairseach lena ngníomhachtaítear an neamh-inghlacthacht a chinneadh agus fad na neamh-inghlacthachta
1. I gcás ina ndearna oibreoir aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 3, 4, 5 agus 6, nó má tá sé faoi dhliteanas ina leith, cinnfidh an Ballstát lena mbaineann ar baineadh amach an tairseach lena ngníomhachtaítear an neamh-inghlacthacht. Is é an Ballstát a dhéanfaidh an cinneadh sin de bhun cholún (a) d’Iarscríbhinní I, II, III nó IV a ghabhann leis an Rialachán seo.
2. Má chinneann an Ballstát lena mbaineann de bhun mhír 1 gur baineadh amach an tairseach lena ngníomhachtaítear an neamh-inghlacthacht, cinnfidh sé ansin fad comhfhreagrach na neamh-inghlacthachta, de bhun na nithe seo a leanas:
(a) |
colún (b) d’Iarscríbhinní I, II, III nó IV a ghabhann leis an Rialachán seo; agus |
(b) |
i gcás inarb infheidhme, colúin (c) agus (d) d’Iarscríbhinní I nó III a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 8
An tairseach lena ngníomhachtaítear an neamh-inghlacthacht a chinneadh i gcás ina bhfuil níos mó ná soitheach iascaireachta amháin faoi úinéireacht nó faoi rialú ag an oibreoir
1. I gcás ina n-oibríonn oibreoir níos mó ná soitheach iascaireachta amháin nó i gcás ina bhfuil níos mó ná soitheach iascaireachta amháin faoi úinéireacht nó faoi rialú aige, déanfar an tréimhse neamh-inghlacthachta le haghaidh iarratas ar thacaíocht arna chur isteach ag an oibreoir sin a chinneadh ar leithligh le haghaidh gach soithigh iascaireachta ar leith, i gcomhréir le hAirteagail 3 nó 4.
2. Ina theannta sin, beidh iarratais ar thacaíocht arna gcur isteach ag an oibreoir sin neamh-inghlactha freisin sna cásanna seo a leanas:
(a) |
más rud é go bhfuil iarratais i ndáil le níos mó ná leath na soitheach iascaireachta faoi úinéireacht nó faoi rialú ag an oibreoir sin neamh-inghlactha chun tacaíocht a fháil de bhun Airteagail 3 nó 4, nó |
(b) |
i gcás inar sannadh pointí sáraithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha de bhun Airteagal 42(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 nó Airteagal 90(1)(a) agus (c) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, má tá meánlíon na bpointí sáraithe a shanntar in aghaidh an tsoithigh iascaireachta faoi úinéireacht nó faoi rialú ag an oibreoir sin cothrom le 7 bpointe nó níos mó ná sin. |
Airteagal 9
Úinéireacht a aistriú
1. Más rud é go bhfuil oibreoir faoi réir tréimhse neamh-inghlacthachta de bhun Airteagail 3, 4 agus 6, ní dhéanfar an tréimhse neamh-inghlacthachta a eascraíonn as sáruithe tromchúiseacha a rinneadh roimh an athrú úinéireachta a aistriú chuig an oibreoir nua i gcás ina ndíolfar nó ina n-aistreofar úinéireacht an tsoithigh iascaireachta.
2. De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina sanntar pointí sáraithe, i gcomhréir le córas na bpointí arna bhunú le hAirteagal 92 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, le haghaidh sáruithe tromchúiseacha a dhéantar faoi Airteagal 42(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 nó faoi Airteagal 90(1)(a) agus (c) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 sula n-athraítear úinéireacht an tsoithigh iascaireachta, ní chuirfear na pointí sáraithe sin san áireamh chun neamh-inghlacthacht a ghníomhachtú ná chun fad thréimhse neamh-inghlacthachta an oibreora nua a ríomh de bhun Airteagal 3 agus Airteagal 8(2) ach amháin nuair a dhéanann an t-oibreoir nua sárú tromchúiseach, i ndiaidh an athraithe ar úinéireacht, faoi Airteagal 42(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 nó Airteagal 90(1)(a) agus (c) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
Airteagal 10
An ceadúnas iascaireachta a tharraingt siar go buan
Na hiarratais ar thacaíocht arna gcur isteach ag oibreoir ar tarraingíodh a cheadúnas iascaireachta siar go buan le haghaidh aon cheann de na soithí iascaireachta faoi úinéireacht nó faoi rialú ag an oibreoir sin, beidh siad neamh-inghlactha ón dáta ar tarraingíodh siar an ceadúnas iascaireachta go dtí deireadh thréimhse incháilitheachta an chaiteachais le haghaidh ranníocaíocht ó CEMID dá dtagraítear in Airteagal 63(2) de Rialachán (AE) 2021/1060, más rud é gur tarraingíodh siar an ceadúnas iascaireachta sin:
(a) |
i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus le hAirteagal 129(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún (8); nó, más infheidhme, |
(b) |
mar thoradh ar smachtbhannaí i leith sáruithe tromchúiseacha arna bhforchur ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008. |
Airteagal 11
Socruithe chun cabhair a aisghabháil
1. Má tharlaíonn aon cheann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2021/1139 idir an dáta ar a gcuir an t-oibreoir an t-iarratas isteach agus 5 bliana tar éis na híocaíochta deiridh, beidh an tacaíocht arna híoc ó CEMID a bhaineann leis an iarratas sin faoi réir ceartú airgeadais ag an mBallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 44 de Rialachán AE 2021/1139 agus Airteagal 103(1) de Rialachán (AE) 2021/1060.
2. Beidh an méid atá le haisghabháil comhréireach le cineál, tromchúis, fad agus athdhéanamh na gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2021/1139.
Airteagal 12
Forálacha idirthréimhseacha
Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú tréimhsí neamh-inghlacthachta iarratas ar thacaíocht ó CEMI arna deonú faoi Rialachán Tairmligthe (AE) 2015/288 (9).
Airteagal 13
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Meitheamh 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 247, 13.7.2021, lch. 1.
(2) Rialachán Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 847/96, Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002, Rialachán (CE) Uimh. 811/2004, Rialachán (CE) Uimh. 768/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2166/2005, Rialachán (CE) Uimh. 388/2006, Rialachán (CE) Uimh. 509/2007, Rialachán (CE) Uimh. 676/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialaithe a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus Rialachán (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1093/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1447/1999, (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(6) Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28).
(7) Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú (IO L 112, 30.4.2011, lch. 1).
(9) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/288 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh i ndáil leis an tréimhse ama agus na dátaí le haghaidh neamh-inghlacthacht iarratas (IO L 51, 24.2.2015, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
An tairseach lena ngníomhachtaítear an neamh-inghlacthacht agus an tréimhse ama neamh-inghlacthachta le haghaidh oibreoirí a rinne sáruithe tromchúiseacha faoi Airteagal 42 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 nó Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009
Catagóirí de sháruithe tromchúiseacha |
(a) An tairseach lena ngníomhachtaítear an neamh-inghlacthacht |
(b) Tréimhse ama na neamh-inghlacthachta |
(c) Na coinníollacha le haghaidh tréimhse mhéadaithe neamh-inghlacthachta |
(d) Na coinníollacha le haghaidh tréimhse laghdaithe neamh-inghlacthachta |
Sáruithe tromchúiseacha i gcatagóirí 1 agus 2 dá dtagraítear in Iarscríbhinn XXX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 (*1) |
9 bpointe sáraithe san iomlán, gan beann ar líon na sáruithe tromchúiseacha |
12 mhí |
1 mhí bhreise neamh-inghlacthachta in aghaidh gach pointe sáraithe breise os cionn na tairsí |
Má scriostar dhá phointe sáraithe de bhun Airteagal 133(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011, déantar laghdú 4 mhí ar an tréimhse neamh-inghlacthachta. |
Na sáruithe tromchúiseacha uile mar a shainítear in Airteagal 42 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 agus in Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, cé is moite de sháruithe tromchúiseacha i gcatagóirí 1 agus 2 dá dtagraítear in Iarscríbhinn XXX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 |
1 sárú tromchúiseach |
12 mhí in aghaidh an tsáraithe thromchúisigh |
2 mhí bhreise neamh-inghlacthachta in aghaidh an tsáraithe thromchúisigh i gcatagóirí 7, 9, 10, 11 nó 12 dá dtagraítear in Iarscríbhinn XXX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011. Más rud é go ndéanann oibreoir sárú tromchúiseach i gcatagóir 1 nó 2 dá dtagraítear in Iarscríbhinn XXX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 le linn na tréimhse neamh-inghlacthachta nó má tá sé faoi dhliteanas ina leith, cuirfear síneadh 1 mhí leis an tréimhse neamh-inghlacthachta le haghaidh gach pointe sáraithe a shanntar le haghaidh na sáruithe tromchúiseacha sin. |
(*1) Níl feidhm ag an tsraith seo ach sa chás ina ndearnadh sáruithe tromchúiseacha i gcatagóir 1 nó 2. I gcás ina ndearnadh sáruithe tromchúiseacha eile roimh sháruithe tromchúiseacha i gcatagóir 1 nó 2, go comhuaineach leis na sáruithe tromchúiseacha sin nó ina ndiaidh, agus le linn na tréimhse neamh-inghlacthachta céanna, ní dhéanfar sáruithe tromchúiseacha i gcatagóir 1 nó 2 a chur san áireamh ach amháin chun críoch cholúin (c) agus (d) den dara sraith.
IARSCRÍBHINN II
An tairseach lena ngníomhachtaítear an neamh-inghlacthacht agus an tréimhse ama neamh-inghlacthachta le haghaidh oibreoirí a bhfuil a soitheach ar áireamh ar liosta an Aontais de shoithí NNN nó a bhfuil bratach tríú tír neamh-chomhoibríoch ar foluain ag a soitheach
Cineál an tsáraithe |
(a) An tairseach lena ngníomhachtaítear an neamh-inghlacthacht |
(b) Tréimhse ama na neamh-inghlacthachta |
Bhí an t-oibreoir páirteach in oibriú, i mbainistíocht nó in úinéireacht soithigh iascaireachta atá ar áireamh ar liosta an Aontais de shoithí NNN mar a leagtar amach in Airteagal 27 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 |
1 sárú |
An tréimhse iomlán a mbeidh an soitheach iascaireachta ar áireamh ar liosta an Aontais de shoithí NNN lena linn, agus, in aon chás, tréimhse nach lú ná 24 mhí |
Bhí an t-oibreoir páirteach in oibriú, i mbainistíocht nó in úinéireacht soithigh atá faoi bhratach tíre atá ar áireamh ar liosta na dtríú tíortha neamh-chomhoibríocha dá bhforáiltear in Airteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 |
1 sárú |
An tréimhse iomlán a mbeidh an tír sin ar áireamh ar liosta na dtríú tíortha neamh-chomhoibríocha lena linn, agus, in aon chás, tréimhse nach lú ná 12 mhí |
IARSCRÍBHINN III
An tairseach lena ngníomhachtaítear neamh-inghlacthacht agus an tréimhse ama neamh-inghlacthachta le haghaidh oibreoirí a rinne cionta comhshaoil a leagtar amach in Airteagail 3 agus 4 de Threoir 2008/99/CE
Cion comhshaoil |
(a) An tairseach lena ngníomhachtaítear an neamh-inghlacthacht |
(b) Tréimhse ama na neamh-inghlacthachta |
(c) Na coinníollacha le haghaidh tréimhse mhéadaithe neamh-inghlacthachta |
(d) Na coinníollacha le haghaidh tréimhse laghdaithe neamh-inghlacthachta |
Cionta a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2008/99/CE ar chinn an t-údarás inniúil ina leith go ndearnadh an cion le faillí thromchúiseach |
1 chion |
12 mhí in aghaidh an chiona |
6 mhí sa bhreis má tá tagairt déanta ag an údarás inniúil go sainráite d’imthosca géaraitheacha a bheith ann nó má chinn sé go ndearnadh cion a rinne an t-oibreoir i gcaitheamh tréimhse níos faide ná 1 bhliain. |
Ar choinníoll go mairfidh an tréimhse neamh-inghlacthachta ar a laghad 12 mhí san iomlán, laghdú 6 mhí a bheidh i gceist má tá tagairt déanta ag an údarás inniúil go sainráite d’imthosca maolaitheacha a bheith ann. |
Cionta a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2008/99/CE ar chinn an t-údarás inniúil ina leith go ndearnadh an cion d’aon ghnó |
1 chion |
24 mhí in aghaidh an chiona |
||
Cionta a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2008/99/CE |
1 chion |
24 mhí in aghaidh an chiona |
IARSCRÍBHINN IV
An tairseach lena ngníomhachtaítear neamh-inghlacthacht agus an tréimhse ama neamh-inghlacthachta le haghaidh oibreoirí a rinne calaois i gcomhthéacs CEMI nó CEMID
(a) An tairseach lena ngníomhachtaítear an neamh-inghlacthacht |
(b) Tréimhse ama na neamh-inghlacthachta |
Aon chalaois a rinne an t-oibreoir i gcomhthéacs CEMI nó CEMID |
Ó dháta an chinnidh chríochnaithigh lena gcinntear go ndearnadh calaois mar a shainítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2017/1371 go dtí deireadh thréimhse incháilitheachta an chaiteachais le haghaidh ranníocaíocht CEMID dá dtagraítear in Airteagal 63(2) de Rialachán (AE) 2021/1060. |