Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2180

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2180 ón gComhairle an 8 Samhain 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/1509 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

ST/13799/2022/INIT

IO L 288, 9.11.2022, p. 5–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2180/oj

9.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 288/5


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2180 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Samhain 2022

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/1509 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1509 ón gComhairle an 30 Lúnasa 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 329/2007 (1), agus go háirithe Airteagal 47(5) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 30 Lúnasa 2017, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2017/1509.

(2)

An 14 Meán Fómhair 2022, rinne Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun Rún 1718 (2006) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nuashonrú ar an bhfaisnéis a bhaineann le dhá eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/1509 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2017/1509 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Samhain 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. STANJURA


(1)   IO L 224, 31.8.2017, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509, faoin gceannteideal “(b) Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 36 agus 74:

 

Ainm

Ailias

Suíomh

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe

Faisnéis eile

“36.

Singwang Economics agus Trading General Corporation

 

Seoladh: DPDC (Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré)

30.11.2016

Is gnólacht DPDC é a bhíonn ag trádáil guail. Gineann DPDC sciar shuntasach den airgead dá cláir diúracán núicléach agus balaistíoch trí mhianadóireacht a dhéanamh ar acmhainní nádúrtha agus na hacmhainní sin a dhíol thar lear.

74.

Weihai World-Shipping Freight

 

Seoladh: 419-201, Tongyi Lu, Huancui Qu, Weihai, Shandong 264200, China;

Uimhir IMO: 5905801

30.3.2018

Bainisteoir loinge agus tráchtála XIN GUANG HAI, soitheach a thug gual ar bord ag Taean, DPDC, an 27 Deireadh Fómhair 2017 agus a raibh am teachta measta aige an 14 Samhain 2017 go Cam Pha, Vítneam, ach nár shroich sé.”.


Top