EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R2076
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/2076 of 25 October 2022 concerning the classification of certain goods in the Combined Nomenclature
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2076 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2022 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2076 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2022 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte
C/2022/7848
OJ L 280, 28.10.2022, p. 7–9
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
28.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 280/7 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2076 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Deireadh Fómhair 2022
maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) agus 58(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) i bhfeidhm go haonfhoirmeach, is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
(2) |
Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm. |
(3) |
De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad ba cheart a aicmiú faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin. |
(4) |
Maidir le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo, ar faisnéis í nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, is iomchuí a fhoráil go bhféadfaidh an sealbhóir an fhaisnéis sin a agairt fós, go ceann tréimhse áirithe, i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse 3 mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin. |
(5) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, aicmeofar iad faoi chuimsiú na hAinmníochta Comhcheangailte faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.
Airteagal 2
Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfar í a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Gerassimos THOMAS
An tArd-Stiúrthóir
Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim
IARSCRÍBHINN
Tuairisc ar na hearraí |
Aicmiú (Cód AC) |
Cúiseanna |
(1) |
(2) |
(3) |
Earra ina bhfuil sreanga leictreacha inslithe, iad déanta as copar, carntha le chéile, earra a saindearadh chun gaireas scáileáin tadhaill (gaireas ar a dtugtar fearas cairr) atá saor ó lámh agus faoi rialú gutha a shuiteáil i mótarfheithicil. San earra tá dhá fhiús agus nascóirí éagsúla, lena n-áirítear nascóirí piléir. Braitheann comhdhéanamh beacht an earra (líon na sreang agus na nascóirí sonracha) ar mhúnla sonrach na mótarfheithicle. Nuair a dhéantar é a shuiteáil, is idirnasc é an t-earra idir cáblú an chórais raidió gluaisteán atá ann cheana agus an fearas cairr (rud a fhágann gur féidir fón póca atá ceangailte le Bluetooth a oibriú). Leis seo, is féidir comharthaí leictreacha a tharchur ón bhfearas cairr go córas raidió an chairr (agus is féidir fuaimeanna eile a mhúchadh le linn glaonna gutháin) agus cuirtear soláthar cumhachta ar fáil. |
8544 30 00 |
Cinntear an t-aicmiú le rialacha ginearálta 1 agus 6 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte agus le foclaíocht na gcód AC 8544 agus 8544 30 00 . Is éard atá san earra sreanga faoi cheannteideal 8544 a dhéantar i dtacar (féach freisin Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe a ghabhann le ceannteideal 8544 , an t-ochtú mír, an abairt dheireanach). Tá an t-earra saindeartha freisin lena shuiteáil i mótarfheithicil chun idirnasc a chruthú idir gairis éagsúla na mótarfheithicle agus chun comharthaí leictreachais agus leictreacha a sheoladh. Dá bhrí sin, san earra tá saintréithe oibiachtúla “tacar sreangaithe eile de chineál a úsáidtear i bhfeithiclí” de chód AC 8544 30 00 . An t-aicmiú faoi fho-cheannteideal 8544 42 mar “seoltóirí leictreacha eile, le haghaidh voltais nach mó ná 1 000 V, a bhfuil nascóirí feistithe díobh”, déantar é a eisiamh dá réir sin. Dá bhrí sin, tá an t-earra le haicmiú faoi chód AC 8544 30 00 mar “thacair sreangaithe eile de chineál a úsáidtear i bhfeithiclí, in aerárthaí nó i longa”. |