This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R1991
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/1991 of 20 October 2022 approving didecyldimethylammonium chloride as an active substance for use in biocidal products of product-types 1 and 2 in accordance with Regulation (EU) No 528/2012 of the European Parliament and of the Council (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1991 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2022 lena bhformheastar clóiríd dé-eicildémheitiolamóiniam mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirgí 1 agus 2 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1991 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2022 lena bhformheastar clóiríd dé-eicildémheitiolamóiniam mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirgí 1 agus 2 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/7362
IO L 273, 21.10.2022, p. 11–13
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
21.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 273/11 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1991 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Deireadh Fómhair 2022
lena bhformheastar clóiríd dé-eicildémheitiolamóiniam mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirgí 1 agus 2 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha, a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 89(1), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (2), leagtar síos liosta de shubstaintí gníomhacha atá ann cheana a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu maidir lena bhformheas féideartha i dtaca lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha. Áirítear clóiríd dé-eicildémheitiolamóiniam sa liosta sin. |
(2) |
Rinneadh meastóireacht ar chlóiríd dé-eicildémheitiolamóiniam i ndáil lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 1 (táirgí bithicídeacha sláinteachais) agus de chineál táirge 2 (dífhabhtáin don láthair phríobháideacht agus don láthair phoiblí agus táirgí bithicídeacha eile), mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), a chomhfhreagraíonn do chineálacha táirgí 1 agus 2 faoi seach mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
(3) |
Ainmníodh an Iodáil mar Bhallstát is rapóirtéir agus chuir a húdarás inniúil meastóireachta tuarascálacha measúnachta mar aon lena chonclúidí faoi bhráid an Choimisiúin an 10 Meán Fómhair 2012. Agus an tuarascáil mheasúnachta curtha isteach, tionóladh pléití i gcruinnithe teicniúla a d’eagraigh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (“An Ghníomhaireacht”). |
(4) |
Leanann sé ó Airteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 go bhfuil meastóireacht le déanamh ar shubstaintí a bhfuil meastóireacht na mBallstát curtha i gcrích ina leith faoin 1 Meán Fómhair 2013 i gcomhréir le forálacha Threoir 98/8/CE. |
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 75(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ullmhaíonn an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha an tuairim ón nGníomhaireacht maidir le hiarratais ar fhormheas substaintí gníomhacha. I gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014, ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha na tuairimí ón nGníomhaireacht (4) an 2 Nollaig 2021, ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil mheastóireachta. |
(6) |
De réir na dtuairimí sin, táirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 1 agus 2 ina bhfuil clóiríd dé-eicildémheitiolamóiniam féadfar coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1), pointí (b), (c) agus (d), arna léamh gcomhar le hAirteagal 10(1) de Threoir 98/8/CE, ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais áirithe maidir lena n-úsáid. |
(7) |
Agus tuairimí na Gníomhaireachta á gcur san áireamh, is iomchuí clóiríd dé-eicildémheitiolamóiniam a fhormheas mar shubstaint ghníomhach a bhfuiltear lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 1 agus 2 faoi réir comhlíonadh coinníollacha áirithe. |
(8) |
Ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ann sula bhformheasfar substaint ghníomhach ionas go mbeidh páirtithe leasmhara in ann na bearta ullmhúcháin is gá a dhéanamh chun na ceanglais nua a chomhlíonadh. |
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá clóiríd dé-eicildémheitiolamóiniam formheasta mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 1 agus 2, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha, clár oibre dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1).
(3) Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1).
(4) Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí clóiríd dé-eicildémheitiolamóiniam; Na cineálacha táirgí: 1 agus 2; ECHA/BPC/311/2021 agus ECHA/BPC/312/2021, a glacadh an 2 Nollaig 2021.
IARSCRÍBHINN
Gnáthainm |
Ainm IUPAC Uimhreacha Céannachta |
Íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí (1) |
Dáta formheasa |
Dáta éaga an fhormheasa |
An cineál táirge |
Coinníollacha sonracha |
Clóiríd dédheicildémheitiolamóiniam |
Ainm IUPAC: Clóiríd N,N-dédheicil-N,N-démheitiolamóiniam Uimh. CE: 230-525-2 Uimh. CAS: 7173-51-5 |
meáchan tirim 908 g/kg |
An 1 Feabhra 2024 |
An 31 Eanáir 2034 |
1 |
Tá údarú táirgí bithicídeacha faoi réir an choinníll seo a leanas: Sa mheasúnú ar tháirgí tabharfar aird ar leith ar an teagmháil, ar na rioscaí agus ar an éifeachtúlacht a bhaineann le haon úsáidí a chumhdaítear le hiarratas ar údarú, ach nach dtabharfar aghaidh orthu sa mheasúnú riosca ar an tsubstaint ghníomhach ar leibhéal an Aontais. |
2 |
Tá údarú táirgí bithicídeacha faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
|
(1) Ba í an íonacht a léiríodh sa cholún seo íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí a ndearnadh meastóireacht uirthi. Is ceadmhach íonacht na substainte gníomhaí sa táirge a chuirtear ar an margadh a bheith cothrom nó éagsúil léi, má tá sé cruthaithe go bhfuil sí coibhéiseach go teicniúil leis an tsubstaint ghníomhach a ndearnadh meastóireacht uirthi.