EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1906

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1906 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

ST/12769/2022/INIT

OJ L 259I, 6.10.2022, p. 79–97 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1906/oj

6.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 259/79


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1906 ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Deireadh Fómhair 2022

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(2)

Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine.

(3)

An 21 Meán Fómhair 2022, in ainneoin na n-iarrataí iomadúla a rinne an comhphobal idirnáisiúnta ar Chónaidhm na Rúise stop a chur láithreach leis an bhfogha míleata atá a thabhairt aici faoin Úcráin, chinn Cónaidhm na Rúise an fogha atá á thabhairt aici faoin Úcráin a ghéarú a thuilleadh trí thacú le heagrú “reifrinn” neamhdhleathacha sna codanna de réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk, agus Zaporizhzhia atá forghafa ag Cónaidhm na Rúise faoi láthair. Rinne Cónaidhm na Rúise an fogha atá á thabhairt aici faoin Úcráin a ghéarú a thuilleadh freisin trí shlógadh a fhógairt i gCónaidhm na Rúise agus trí bhagairt na n-arm ollscriosta a dhéanamh.

(4)

An 28 Meán Fómhair 2022, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) dearbhú thar ceann an Aontais inar cáineadh go fíorghéar na “reifrinn” bhréagacha neamhdhleathacha a rinneadh i gcodanna de réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk, agus Zaporizhzhia na hÚcráine agus atá faoi fhorghabháil pháirteach ag an Rúis faoi láthair. Dhearbhaigh an tArdionadaí freisin nach n-aithníonn agus nach n-aithneoidh an tAontas choíche na “reifrinn” bhréagacha neamhdhleathacha sin ná a dtoradh falsaithe, ná aon chinneadh a dhéanfar ar bhonn an toraidh sin, agus thathantaigh sé ar gach Comhalta de na Náisiúin Aontaithe an rud céanna a dhéanamh. Trí na “reifrinn” bhréagacha neamhdhleathacha sin a eagrú, bhí sé mar aidhm ag an Rúis teorainneacha na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta a athrú leis an lámh láidir, rud a sháraíonn Cairt na Náisiún Aontaithe go soiléir agus go tromchúiseach. Chuir an tArdionadaí in iúl freisin go dtabharfar chun cuntais iad siúd uile a bhfuil baint acu leis na “reifrinn” bhréagacha neamhdhleathacha sin a eagrú mar aon leo siúd atá freagrach as sáruithe eile ar an dlí idirnáisiúnta san Úcráin agus go dtabharfar bearta sriantacha breise ar aghaidh i ndáil leis sin. Meabhraíodh don Ardionadaí go bhfuil an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do neamhspleáchas, do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, agus éilíonn sé ar an Rúis a trúpaí agus a trealamh míleata ar fad a tharraingt siar ina n-iomláine láithreach agus gan choinníoll ó chríoch iomlán na hÚcráine. Dhearbhaigh an tArdionadaí freisin go leanfaidh an tAontas agus a Bhallstáit de thacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí na hÚcráine chun na críche sin, a fhad is gá.

(5)

An 30 Meán Fómhair 2022, ghlac comhaltaí na Comhairle Eorpaí ráiteas inar dhiúltaigh siad go daingean don ionghabháil neamhdhleathach a rinne an Rúis ar réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk agus Zaporizhzhia san Úcráin agus inar cháin siad go láidir an ionghabháil sin. Agus í ag féachaint d'aon ghnó leis an mbonn a bhaint den ord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus trí shárú follasach a dhéanamh ar chearta bunúsacha na hÚcráine chun neamhspleáchais, ceannasachta agus iomláine críochaí, croíphrionsabail a chumhdaítear i gCairt na Náisiún Aontaithe agus sa dlí idirnáisiúnta, tá an tslándáil dhomhanda á cur i mbaol ag an Rúis. Dúirt comhaltaí na Comhairle Eorpaí nach n-aithníonn siad agus nach n-aithneoidh siad na “reifrinn” neamhdhleathacha a chuir an Rúis i dtoll a chéile mar chúinse don sárú breise seo ar neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine, na reifrinn ná a dtorthaí falsaithe neamhdhleathacha. Dhearbhaigh siad nach n-aithneoidh siad riamh an ionghabháil neamhdhleathach, go bhfuil na cinntí sin ar neamhní go hiomlán agus nach féidir leo aon éifeacht dhlíthiúil ar bith a bheith acu agus gur leis an Úcráin an Chrimé, Donetsk, Kherson, Luhansk agus Zaporizhzhia. D’iarr siad ar gach stát agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta diúltú go hiomlán don ionghabháil neamhdhleathach agus meabhraíodh dóibh go bhfuil an Úcráin ag feidhmiú an chirt dhlisteanaigh atá aici í féin a chosaint i gcoinne fhogha na Rúise chun smacht iomlán a fháil an athuair ar a críoch agus tá sé de cheart aici críocha atá faoi fhorghabháil laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta a shaoradh. Dúirt comhaltaí na Comhairle Eorpaí go neartóidh siad bearta sriantacha an Aontais chun gníomhaíochtaí neamhdhleathacha na Rúise a chomhrac agus go gcuirfidh siad leis an mbrú atá ar an Rúis deireadh a chur lena cogadh foghach.

(6)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart 30 duine aonair agus seacht n-eintiteas atá freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirfear na daoine agus na heintitis a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo leis an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 6.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine agus na n-eintiteas seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014:

Daoine

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Ráiteas ar Chúiseanna

Dáta an liostaithe

“1233.

Aleksander Dmitrievich KHARICHEV

(Александр Дмитриевич ХАРИЧЕВ)

Dáta breithe: 8.2.1966

Áit bhreithe: Kostroma, iarUSSR (Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Ceann an Division of Operation of the State Council sa Administration of the President of the Russian Federation. Cuireadh de chúram ar an Division na hullmhúcháin do na reifrinn neamhdhleathacha sna réigiúin atá faoi fhorghabháil san Úcráin.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

6.10.2022

1234.

Boris Yakovlevich RAPOPORT

(Борис Яковлевич РАПОПОРТ)

Dáta breithe: 14.8.1967

Áit bhreithe: Leningrad, iarUSSR (St. Petersburg, Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Daoine aonair comhlachaithe: Alexander Kharichev

Eintitis chomhlachaithe: Presidential Directorate of the Russian Federation

Leas-Cheann an Division of Operation of the State Council sa Administration of the President of the Russian Federation. Cuireadh de chúram ar an Division na hullmhúcháin do na reifrinn neamhdhleathacha sna réigiúin atá faoi fhorghabháil san Úcráin.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

6.10.2022

1235.

Anton Viktorovich KOLTSOV

(Антон Викторович КОЛЬЦОВ)

Dáta breithe: 24.6.1973

Áit bhreithe: Cherepovets, iarUSSR (Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Eintitis chomhlachaithe: Rialtas Chónaidhm na Rúise

Ceapadh mar “ceann rialtais Zaporizhzhia Oblast” an 18 Iúil 2022 mar a ghairtear de agus tá baint aige leis na hullmhúcháin don reifreann neamhdhleathach chun réigiún de chuid Cónaidhm na Rúise a dhéanamh de Zaporizhzhia.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

6.10.2022

1236.

Alexey Sergeyevich SELIVANOV

(Rúisis: Алексей Сергеевич СЕЛИВАНОВ)

ar a dtugtar freisin Oleksiy Sergiyovich SELIVANOV

(Úcráinis: Олексiй Сергiйович СЕЛIВАНОВ)

Dáta breithe: 7.12.1980

Áit bhreithe: Kyiv, iarUkrainian SSR (Ukraine anois)

Náisiúntacht: Úcránach, Rúiseach

Inscne: fireann

Eintitis chomhlachaithe: Rialtas Chóndaidhm na Rúise

“Leas-Cheann ar an Main Directorate of the Ministry of Internal Affairs of the Zaporizhzhia Military-Civilian Administration” mar a ghairtear de.

Dá réir sin, tá sé mar chuid de rialtas Zaporizhzhia Oblast, mar a ghairtear de, atá faoi fhorghabháil agus atá freagrach as reifreann neamhdhleathach a ullmhú chun réigiún de chuid Cónaidhm na Rúise a dhéanamh de Zaporizhzhia.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

6.10.2022

1237.

Anton Robertovich TITSKIY

(Антон Робертович ТИЦКИЙ)

Dáta breithe: 12.2.1990

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Eintitis chomhlachaithe: Rialtas Chónaidhm na Rúise

Cheap rialtas Chónaidhm na Rúise é ina “Aire ar Youth Police of Zaporizhzhia Oblast” an 18 Iúil 2022, mar a ghairtear de. Dá réir sin, tá sé mar chuid de rialtas Zaporizhzhia Oblast, mar a ghairtear de, atá freagrach as reifreann neamhdhleathach a ullmhú chun réigiún de chuid Cónaidhm na Rúise a dhéanamh de Zaporizhzhia.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

6.10.2022

1238.

Sergey Vladimirovich ELISEEV

(Сергей Владимирович ЕЛИСЕЕВ)

Dáta breithe: 5.5.1971

Áit bhreithe: Stavropol, iarUSSR (Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: Fireann

Seoladh: Kherson Oblast, Ukraine

Eintitis chomhlachaithe: Rialtas Chónaidhm na Rúise

Cheap rialtas Chónaidhm na Rúise é ina “Cheann, mar a ghairtear de, ar an Kherson Military-Civilian Administration” an 5 Iúil 2022. Dá réir sin, tá sé mar chuid de rialtas Kherson Oblast, mar a ghairtear de, atá faoi fhorghabháil agus atá freagrach as reifreann neamhdhleathach a ullmhú chun réigiún de chuid Cónaidhm na Rúise a dhéanamh de Kherson.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

6.10.2022

1239.

Mikhail Leonidovich RODIKOV

(Михаил Леонидович РОДИКОВ)

Dáta breithe: 26.1.1958

Áit bhreithe: Ozyory, Moscow region, iarUSSR, Russian Federation anois

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Daoine aonair comhlachaithe: Sergey Eliseev

Eintitis chomhlachaithe: Rialtas Chónaidhm na Rúise

Cheap Rialtas Chónaidhm na Rúiseé ina Aire Oideachais agus Eolaíochta, mar a ghairtear de, de chuid Kherson Military-Civilian Administration an 4 Iúil 2022 agus é freagrach as córas oideachais Kherson a chur in oiriúint do chaighdeáin na Rúise.

Dá réir sin, tá sé mar chuid de rialtas Kherson Oblast, mar a ghairtear de, atá faoi fhorghabháil agus atá freagrach as reifreann neamhdhleathach a ullmhú chun réigiún de chuid Cónaidhm na Rúise a dhéanamh de Kherson.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

6.10.2022

1240.

Vladimir Alexandrovich BESPALOV

(Владимир Александрович БЕСПАЛОВ)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Eintitis chomhlachaithe: Rialtas Chónaidhm na Rúise

Cheap rialtas Chónaidhm na Rúise ina “Aire Beartais Intíre”, mar a ghairtear de, ar an Kherson Military-Civilian Administration an 4 Iúil 2022.

Dá réir sin, tá sé mar chuid de rialtas Kherson Oblast, mar a ghairtear de, atá faoi fhorghabháil agus é freagrach as reifreann neamhdhleathach a ullmhú chun réigiún de chuid Cónaidhm na Rúise a dhéanamh de Kherson.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

6.10.2022

1241.

Vitaliy Pavlovich KHOTSENKO

(Витаaлий Паaвлович ХОЦЕEНКО)

Dáta breithe: 18.3.1986

Áit bhreithe: Dnepropetrovsk, iarUSSR (Ukraine anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Seoladh: Donetsk, Ukraine

Ceapadh é ina Phríomh-Aire ar Donetsk People’s Republic, mar a ghairtear de, an 8 Meitheamh 2022 agus tá sé freagrach ina cháil sin as gníomhaíochtaí “rialtasacha” scarúnaíocha de chuid “rialtas Donetsk People’s Republic” mar a ghairtear de.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

6.10.2022

1242.

Vladislav Garievich KUZNETSOV

(Владислав Гариевич КУЗНЕЦОВ)

Dáta breithe: 18.3.1969

Áit bhreithe: Moscow, iarUSS (Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Ceapadh é ina “Chéad Leas-Chathaoirleach” ar “rialtas”“Luhansk People’s Republic”, mar a ghairtear de, an 8 Meitheamh 2022 agus tá sé freagrach ina cháil sin as gníomhaíochtaí “rialtasacha” scarúnaíocha de chuid “rialtas Luhansk People’s Republic” mar a ghairtear de.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

6.10.2022

1243.

Nikolay Ivanovich BULAYEV

(Николай Иванович БУЛАЕВ)

Dáta breithe: 1.9.1949

Áit bhreithe: Kazachya Sloboda, iarUSSR (Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Leaschathaoirleach ar an Russian Central Election Commission. Bhí sé freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na nósanna imeachta vótála chun “reifrinn” neamhdhleathacha a chur ar bun ar ionghabháil neamhdhleathach “Donetsk People’s Republic”, mar a ghairtear di, “Luhansk People’s Republic”, mar a ghairtear di, agus réigiúin Zaporozhzhia agus Kherson na hÚcráine ag Cónaidhm na Rúise i mí Mheán Fómhair 2022. Faoina threoir, osclaíodh stáisiúin vótála i gCónaidhm na Rúise chun an vótáil sin a éascú.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó den cobhsaíocht nó den tslándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin, nó lena gcuirtear bac ar obair eagraíochtaí idirnáisiúnta san Úcráin.

6.10.2022

1244.

Evgeniy Alexandrovich SOLNTSEV

(Евгений Александрович СОЛНЦЕВ)

Dáta breithe: 1980

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

“Leas-Chathaoirleach Rialtas Donetsk People’s Republic”, mar a ghairtear de, ón 8 Meitheamh 2022.

Ag gníomhú dó sa cháil sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó den cobhsaíocht nó den tslándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin, nó lena gcuirtear bac ar obair eagraíochtaí idirnáisiúnta san Úcráin.

6.10.2022

1245.

Alexander Konstantinovich KOSTOMAROV

(Александр Константинович КОСТОМАРОВ)

Dáta breithe: 13.5.1977

Áit bhreithe: Chelyabinsk, iarUSSR (Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

“Ionadaí ar Phríomh-Aire ar Donetsk People’s Republic”, mar a ghairtear de, ón 8 Meitheamh 2022.

Ag gníomhú dó sa cháil sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó den cobhsaíocht nó den tslándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin, nó lena gcuirtear bac ar obair eagraíochtaí idirnáisiúnta san Úcráin.

6.10.2022

1246.

Alan Valerievich LUSHNIKOV

(Алан Валерьевич ЛУШНИКОВ)

Dáta breithe: 10.8.1976

Áit bhreithe: Leningrad, iarUSSR, St. Petersburg (Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Eintitis chomhlachaithe: JSC Kalashnikov Concern

An scairshealbhóir is mó in JSC Kalashnikov Concern, ar táirgeoir arm é. Is forbróir agus monaróir Rúiseach é JSC Kalashnikov Concern a dhéanann trealamh don arm, raidhfilí pearsanta, diúracáin agus feithiclí san áireamh. Tá sé á rialú go díreach ag Rostec. Bhain fórsaí armtha na Rúise úsáid as diúracáin aerárthaí treoraithe Vikhr-1 agus as raidhfilí ionsaithe AK-12 a rinne JSC Kalashnikov Concern le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine in 2022.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacaíocht a thabhairt, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, do ghníomhaíochtaí a bhain an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Thairis sin, tá baint aige le JSC Kalashnikov Concern, atá freagrach as tacaíocht a thabhairt, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, do ghníomhaíochtaí a bhain an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

Baineann corparáidí cosanta na Rúise agus daoine aonair atá cleamhnaithe leo tairbhe as cogadh foghach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Cuireann JSC Kalashnikov Concern le soláthar arm d’Fhórsaí Armtha na Rúise agus baineann sé tairbhe as an ngá méadaitheach le hairm. Dá bhrí sin tá Alan Lushnikov, ag baint tairbhe as Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil Crimea agus as díchobhsú na hÚcráine.

6.10.2022

1247.

Yulia Dmitrievna CHICHERINA

(Юлия Дмитриевна ЧИЧЕРИНА)

Dáta breithe: 7.8.1978

Áit bhreithe: Sverdlovsk, Cónaidhm na Rúisea

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Amhránaí mór le rá Rúiseach . Baineann sí leas as an gcáil shuntasach atá bainte amach aici di féin chun an bonn a bhaint go poiblí d’iomláine chríochach agus de cheannasacht na hÚcráine nó chun bagairt a dhéanamh ar an méid sin, e.g. trí dhímheas a léiriú ar shiombailí státacht na hÚcráine agus a tacaíocht a léiriú go poiblí d’ionghabháil na Rúise ar an Úcráin i gcríoch Úcránach atá faoi fhorghabháil na Rúise.

Dá bhrí sin, tá sí ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus de shlándáil na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

6.10.2022

1248.

Dmitriy Vitalyevich BULGAKOV

(Дмитрий Витальевич БУЛГАКОВ)

Dáta breithe: 20.10.1954

Áit bhreithe: Verkhneye Gurovo, iarUSSR (Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Leas-Aire Cosanta Chónaidhm na Rúise go dtí Meán Fómhair 2022 agus Ginearál in arm na Rúise. Sa ról sin, tá sé freagrach as iarracht chogaidh na Rúise i gcoitinne. Ina theannta sin, thug sé údar go poiblí do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, chosain sé é agus thacaigh sé leis.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

6.10.2022

1249.

Yunus-Bek Bamatgireevich EVKUROV

(Юнус-Бек Баматгиреевич ЕВКУРОВ)

Dáta breithe: 30.7.1963

Áit bhreithe: North Ossetian Autonomous SSR (Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Leas-Aire Cosanta Chónaidhm na Rúise. Sa ról sin, tá sé freagrach as iarracht chogadh na Rúise i gcoitinne. De réir a láithrithe poiblí, tugann sé údar go poiblí le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Trí bhíthin láithrithe poiblí agus trína rannpháirtíocht i searmanais luaíochta agus bonn, cuireann sé tacaíocht intíre ar fáil don chogadh. Ina theannta sin, léiríonn a chuid gníomhaíochtaí go dtacaíonn sé go gníomhach le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

6.10.2022

1250.

Ruslan Khadzhismelovich TSALIKOV

(Руслан Хаджисмелович ЦАЛИКОВ)

Dáta breithe: 31.7.1956

Áit bhreithe: Ordzhonikidze, North Ossetian Autonomous SSR (Vladikavkaz, Republic of North Ossetia–Alania, (Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Leas-Aire Cosanta Chónaidhm na Rúise. Tá sé sa cheathrú háit in ordlathas foriomlán cheannaireacht mhíleata na Rúise. Sa ról sin, tá sé freagrach as iarracht chogaidh na Rúise i gcoitinne. Ina láithrithe poiblí éagsúla, amhail a rannpháirtíocht i gcomhdháil “frithfhaisisteach” a d’eagraigh Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise, chuir sé a thacaíocht in iúl do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Léiríonn a chuid gníomhaíochtaí go dtugann sé tacaíocht, údar agus cosaint ghníomhach do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

6.10.2022

1251.

Nikolay Aleksandrovich PANKOV

(Николай Александрович ПАНКОВ)

Dáta breithe: 2.12.1954

Áit bhreithe: Maryino, iarUSSR (Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Leas-Aire Cosanta, ginearálta arm cúltaca na Rúise, agus rúnaí stáit Chónaidhm na Rúise. Tá sé sa chúigiú háit in ordlathas foriomlán cheannaireacht mhíleata na Rúise. Mar gheall ar a ról lárnach i bhfiontar míleata na Rúise, is é atá freagrach as iarracht cogaidh na Rúise i gcoitinne. Bhí baint aige le himscaradh trúpaí san Úcráin. Ina theannta sin, thacaigh sé go poiblí le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus é i láthair ag imeachtaí poiblí. Bhronn sé duaiseanna ar pharatrúipéirí Rúiseacha freisin as a rannpháirtíocht i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Léiríonn na gníomhaíochtaí sin go dtugann sé tacaíocht agus cosaint ghníomhach do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

6.10.2022

1252.

Yuriy Eduardovich SADOVENKO

(Юрий Эдуардович САДОВЕНКО)

Dáta breithe: 11.9.1969

Áit bhreithe: Zhitomyr, iarUSSR (Ukraine anois)

Náisiúntacht: Úcránach

Inscne: fireann

Leas-Aire Cosanta Chónaidhm na Rúise, chomh maith le ceann Oifig Aire Cosanta Chónaidhm na Rúise, agus Coirnéal Ginearálta fhórsaí armtha na Rúise. Tá sé sa seachtú háit in ordlathas foriomlán cheannaireacht mhíleata na Rúise. Mar gheall ar a ról lárnach i bhfiontar míleata na Rúise, tá Yuriy Sadovenko freagrach as iarracht cogaidh na Rúise i gcoitinne. Bhí baint aige le trúpaí a imscaradh san Úcráin. Ina theannta sin, thacaigh sé go poiblí le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus thug sé údar leis an gcogadh sin agus é i láthair ag imeachtaí poiblí.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

6.10.2022

1253.

Timur Vadimovich IVANOV

(Тимур Вадимович ИВАНОВ)

Dáta breithe: 15.8.1975

Áit bhreithe: Moscow, iarUSSR, Russian Federation anois

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Leas-Aire Cosanta reatha. Sa phost seo, tá sé freagrach as earraí míleata a sholáthar agus as saoráidí míleata a thógáil. Tá sé sa deichiú háit in ordlathas foriomlán cheannaireacht mhíleata na Rúise. Mar gheall ar a ról lárnach i bhfiontar míleata Chónaidhm na Rúise, is é atá freagrach as iarracht cogaidh na Rúise i gcoitinne. Le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, thug sé cuairteanna éagsúla ar “Luhansk People’s Republic”, mar a ghairtear de, agus ar “Donetsk People’s Republic”, mar a ghairtear de, chun iniúchadh a dhéanamh ar shaoráidí atá á dtógáil ag fórsaí forghabhála na Rúise. Ina theannta sin, thug sé dámhachtainí stáit éagsúla do phearsanra míleata na Rúise a gortaíodh i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Léiríonn na gníomhaíochtaí sin go dtugann sé tacaíocht, údar agus cosaint ghníomhach don chogadh i gcoinne na hÚcráine.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

6.10.2022

1254.

Sergey Borisovich RYZHKOV

(Сергей Борисович РЫЖКОВ)

Dáta breithe: 25.10.1968

Áit bhreithe: Voronezh, iarUSSR (Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Maor-Ghinearál i bhfórsaí armtha na Rúise agus Ceannasaí ar an 41ú Combined Arms Army. Mar sin, is príomhphearsa é in ord catha na Rúise agus bhí ról lárnach aige in ionradh agus i bhforghabháil chríoch na hÚcráine. Sa ról sin, ba é a bhí freagrach as iarracht chogaidh na Rúise i gcoitinne.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

6.10.2022

1255.

Aleksander Viktorovich KOCHKIN

(Александр Викторович КОЧКИН)

Dáta breithe: 10.2.1957

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Stiúrthóir Feidhmiúcháin an ghnóthais Tecmash. Is príomhdhearthóir agus príomh-mhonaróir diúracán agus muinisin a úsáideann Fórsaí Armtha na Rúise é an gnóthas Tecmash. Monaraíonn a fhochuideachta, NPO Splav, il-lainseálaithe roicéad BM-27 Uragan agus BM-30 Smerch a d’úsáid fórsaí armtha na Rúise le linn chogadh fogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine. D’úsáid Fórsaí Armtha na Rúise il-lainseálaithe roicéad BM-27 Uragan agus BM-30 Smerch i gcnuasmhuinisean i gcoinne spriocanna sibhialtacha san Úcráin, rud ba chúis le taismigh iomadúla.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin, nó lena gcuirtear bac ar obair eagraíochtaí idirnáisiúnta san Úcráin.

6.10.2022

1256.

Vladimir Grigorevich KULISHOV

(Владимир Григоoрьевич КУЛИШOВ)

Dáta breithe: 20.7.1957

Áit bhreithe: Rostov-on-Don, iarUSSR (Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Ceann Border Service na Rúise agus is é Leas-Stiúrthóir an Federal Security Service (FSB) Chónaidhm na Rúise é.

Ghlac feidhmeannaigh Border Service FSB Chónaidhm na Rúise faoina cheannas páirt in oibríochtaí córasacha “scagtha” agus in ionnarbadh éigeantach na nÚcránach ó chríocha faoi fhorghabháil na hÚcráine. Rinne gardaí teorann na Rúise go neamhdhleathach saoránaigh na hÚcráine a cheistiú, a chuardach agus a choinneáil ar feadh tréimhsí fada.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin, nó lena gcuirtear bac ar obair eagraíochtaí idirnáisiúnta san Úcráin.

6.10.2022

1257.

Nikolay Viacheslavovich RASTORGUEV

(Николаaй Вячеслаaвович РАСТОРГУYЕВ)

Dáta breithe: 21.2.1957

Áit bhreithe: Moscow, iarUSSR, Russian Federation anois

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Ceoltóir Rúiseach agus comhalta den Public Council faoi Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise. Thacaigh sé go gníomhach le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine trína cheolchoirmeacha agus a ghníomhaíochtaí poiblí. Ghlac sé páirt san imeacht bolscaireachta chun tacú le hionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus leis an gcogadh i gcoinne na hÚcráine, a bhí ar siúl an 18 Márta 2022 i Staid Luzhniki i Moscó. Ina theannta sin, sheinn sé do shaighdiúirí atá ag troid sa chogadh i gcoinne na hÚcráine, agus bhronn sé cistí ar réigiún Donbas atá faoi fhorghabháil ag an Rúis.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

6.10.2022

1258.

Oleg Mikhaylovich GAZMANOV

(Олег Михайлович ГАЗМАНОВ)

Dáta breithe: 22.7.1951

Áit bhreithe: Moscow, iarUSSR (Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Ceoltóir Rúiseach. Comhalta den Public Council faoi Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise, a bunaíodh in 2006 le foraithne Aire Cosanta na Rúise leis an gcuspóir a luadh go poiblí rialú sibhialta thar an Aireacht Cosanta agus thar Fhórsaí Cosanta Chónaidhm na Rúise a áirithiú. Ghlac sé páirt sna himeachtaí poiblí a d’eagraigh United Russia, an páirtí atá i gceannas ar Chónaidhm na Rúise.

Thacaigh sé le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine trína a ráitis agus a cheolchoirmeacha. Thug sé údar do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine trí líomhaintí bréagacha a scaipeadh faoi bhagairt ECAT i gcoinne na Rúise, agus an dosheachantacht mhaíte a bhaineann le cogadh níos forleithne dá mba rud é nach ngníomhódh taobh na Rúise.

Ghlac sé páirt san imeacht bolscaireachta chun tacú le hionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus leis an gcogadh i gcoinne na hÚcráine, a bhí ar siúl an 18 Márta 2022 i Staid Luzhniki i Moscó. Sheinn sé freisin ag an gceolchoirm do shaighdiúirí gortaithe na Rúise a throid i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Is duine de na healaíontóirí Rúiseacha é a thacaigh go poiblí le beartas an Uachtaráin Putin maidir leis an Úcráin agus le hionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol in 2014.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

6.10.2022

1259.

Dmitry Evgenevich SHUGAEV

(Дмитрий Евгеньевич ШУГАЕВ)

Dáta breithe: 11.8.1965

Áit bhreithe: Moscow, iarUSSR (Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Stiúrthóir ar an Federal Service for Military-Technical Cooperation of the Russian Federation (FSVTS). Is comhlacht feidhmiúcháin cónaidhme é FSVTS atá freagrach as rialú agus maoirseacht i réimse an chomhair mhíleata-teicniúil idir Cónaidhm na Rúise agus tíortha eachtracha. Sa ról seo, tá sé freagrach as rialú agus maoirseacht i réimse an chomhair mhíleata-teicniúil, chomh maith le beartas stáit a fhorbairt i réimse an chomhair mhíleata-theicniúil, rud a fhágann go bhfuil sé freagrach as iarracht chogaidh na Rúise i gcoitinne.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

6.10.2022

1260.

Gennadiy Valeryevich ZHIDKO

(Геннадий Валериевич ЖИДКО)

Dáta breithe: 12.9.1965

Áit bhreithe: Tashkent, iarUSSR (Uzbekistan anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Comhalta lárnach de Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise é an Ginearál Gennadiy Zhidko. I mí an Mheithimh 2022, tugadh ceannas oibríochtúil dó ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus bhí sé i gceannas ar Ghrúpáil Fórsaí na Rúise sa Deisceart. Bhí sé gníomhach in imscaradh na dtrúpaí chun na hÚcráine agus rinne sé maoirseacht ar chur chun feidhme ordú chun mionaoisigh Rúiseacha a imscaradh chuig an láthair chogaidh san Úcráin. Tacaíonn sé go gníomhach le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tugann sé údar leis agus cosnaíonn sé é. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

6.10.2022

1261.

Aleksander Gelyevich DUGIN

(Александр Гельевич ДУГИН)

Dáta breithe: 7.1.1962

Áit bhreithe: Moscow, iarUSSR (Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Fealsúnaí, eolaí polaitiúil, anailísí, straitéisí agus idé-eolaí theoiricí Russky Mir agus Eoráiseachais le fada é Aleksandr Dugin. Is comhalta é de Izborsk Club, mar a ghairtear de, meitheal machnaimh caomhach Rúiseach a dhéanann sainchúram de bheartas eachtrach agus baile na Rúise a staidéar.

Chosain Dugin ionghabháil na Crimé agus cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ó thaobh na hidé-eolaíochta agus na diagachta de, agus é den tuairim go bhfuiltear ag “saoradh” na hÚcráine ó thionchar an Iarthair. Tá idé-eolaíocht Dugin dírithe ar impireacht ollsmachtach Eoráiseach faoi cheannas na Rúiseach a thógáil, a mbeidh an Úcráin mar chuid de, ar chúiseanna stairiúla, reiligiúnacha agus geografacha. Ó thaobh na hidé-eolaíochta de, tá Dugin ag glacadh leis gur stát saorga í an Úcráin lena mbaintear an bonn de shlándáil na Rúise agus den Impireacht Eoráiseach a bheartaítear. Dá bhrí sin, ní raibh aon bhealach leis an ionradh míleata ar an Úcráin a sheachaint. D’iarr sé ar an Uachtarán Vladimir Putin ionradh míleata a dhéanamh ar oirthear na hÚcráine.

Chuir Dugin chun cinn an coincheap Russian World [Domhan Rúiseach], atá nasctha le náisiúnachas forleathan díoltasach ré Putin, a bhaineann le máthairthír stairiúil a chosnaíonn géillsinigh an Domhain Rúisigh. Chuidigh sé le coincheap “Novorossiya” nó New Russia [Rúis Nua] a athbheochan - ainm stairiúil a úsáideadh i ré Impireacht na Rúise le haghaidh limistéar riaracháin ar cuid den Úcráin faoi láthair é.

D’iarr Dugin dínaitsiú na hÚcráine agus dúirt gur rialtas faisisteach a bhí aici. Thacaigh sé go gníomhach leis an ngluaiseacht scarúnaíoch ar son na Rúise in Oirthear na hÚcráine, agus rinne sé ionstraimiú ar a theoiric dhomhanda trí Eurasian Youth Union [an tAontas Óige Eoráiseach] a bhunú, aontas a chuaigh i mbun gníomhaíochtaí lena ndírítear ar an mbonn a bhaint de cheannasacht na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá Aleksander Dugin freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus le beartais, agus as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó de chobhsaíocht nó shlándáil na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus na beartais sin ar an méid sin.

6.10.2022

1262.

Ella Aleksandrovna PAMFILOVA

(Элла Александровна ПАМФИЛОВА)

Dáta breithe: 12.9.1953

Áit bhreithe: Olmaliq, iarUSSR (Uzbekistan anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Cathaoirleach ar Central Election Commission (CEC) Chónaidhm na Rúise. Tá CEC freagrach as na reifrinn neamhdhleatacha a eagrú i réigiúin na hÚcráine atá faoi fhorghabháil. Sa ról sin, tá Ella Aleksandrovna Pamiflova freagrach, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

6.10.2022”.

Eintitis

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Ráiteas ar Chúiseanna

Dáta an liostaithe

‘112.

JSC Goznak

(Rúisise: АО «Гознак»)

Seoladh: 17 Mytnaya Street, Moscow, Russian Federation

An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic

Áit chláraithe: Russian Federation

Cláruimhir: TIN 7813252159

Príomhionad gnó: Moscow, Russia, Russian Federation

Eintitis chomhlachaithe eile: Rialtas Chónaidhm na Rúise

Cuideachta comhstoic faoi úinéireacht stáit na Rúise é JSC Goznak atá freagrach as táirgí slándála, nótaí bainc, boinn airgid, stampaí, cártaí aitheantais, doiciméid shlána, orduithe stáit agus boinn a mhonarú. Mar sin de, tá JSC Goznak freagrach as gach pas Rúiseach a phriontáil, lena n-áirítear na pasanna a dháiltear sna réigiún san Úcráin atá faoi fhorghabháil, an Donbas san áireamh, chomh maith le doiciméid mhíleata d’earnáil cosanta na Rúise. Is cuid thábhachtach d’iarracht na Rúise an Úcráin a ‘rúisiú’ agus a dhíchobhsú é dáileadh na bpasanna.

Dá bhrí sin, tá JSC Goznak freagrach as tacú, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

6.10.2022

113.

OJSC V. A. Degtyarev Plant

(Rúisise: ОАО «Завод имени В. А. Дегтярева»)

ainm eile: Degtyarev Plant

(Rúisise: «Завод имени Дегтярева»)

ainm eile: ZiD

(Rúisise: «ЗиД»)

Seoladh: 4 Truda st., Kovrov 601900 Vladimir region, Russian Federation

Teileafón: +8 (49232) 9-12-09

Suíomh gréasáin: www.zid.ru

Rphost: zid@zid.ru

Daoine aonair comhlachaithe: Aleksander Vladimirovich Tmenov

Cuideachta cosanta a chuireann armáin ar fáil d’Fhorsaí Armtha na Rúise. Mhonaraigh sé diúracáin Igla MANPADS, 9M119M ‘Refleks’ agus 9M120 ‘Ataka’ agus teilgeoirí diúracán 3UBK20 a d’úsáid Fórsaí Armtha na Rúise le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá Degtyarev Plant freagrach as tacú, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

6.10.2022

114.

MKB ‘Fakel’ a báisteadh as P.D.Grushin

(Rúisise: МКБ «Факел» имени академика П.Д. Грушина)

Seoladh: Khimki, Akademika Grushina 33, 141401 Moscow region, Russian Federation

Teileafón: 8 (495) 572-01-33

Suíomh gréasáin: https://www.mkbfakel.ru

Rphost: info@npofakel.ru

Eintitis chomhlachaithe: JSC Concern VKO ‘Almaz-Antey’

Cuideachta Cosanta Rúiseach a dhear na córais diúracán S-300, S-400 agus TOR a d’úsáid Fórsaí Armtha na Rúise le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá MKB Fakel freagrach as tacú, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

6.10.2022

115.

JSC Irkut Corporation

(Rúisise: Корпорация «ИРКУТ»)

Seoladh: Leningradskiy Prospect 68, Moscow, 125315, Russian Federation

Teileafón: +7 (495) 777-21-01

Suíomh gréasáin: www.irkut.com

Rphost: office@irkut.com

Daoine aonair comhlachaithe: Alexander Veprev, Leas-ardstiúrthóir ar JSC ‘Irkut Corporation’, agus Yuri Slyusar, Príomhfheidhmeannach PJSC ‘UAC’;.

Monaróir aerárthaí Rúiseach a chuireann aerárthaí troda ar fáil d’Fhórsaí Armtha na Rúise.

Mhonaraigh sé an t-aerárthach troda a bhí sé thar a bheith éasca é a bhogadh, an Su-30SM, a d’úsáid Fórsaí Armtha na Rúise le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá Irkut Corp freagrach as tacú, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

6.10.2022

116.

MMZ Avangard

(Rúisise: АО ‘ММЗ ‘АВАНГАРД’’)

Seoladh: Klary Tsetkin street 33, 125130, Moscow, Russian Federation

Teileafón: +7 (495) 639-99-90

Suíomh gréasáin: https://mmzavangard.ru/

Rphost: avangardmos@mmza.ru

Eintitis chomhlachaithe: JSC Concern VKO ‘Almaz-Antey’

Conraitheoir cosanta Rúiseach , a chuireann armáin ar fáil d’Fhórsaí Armtha na Rúise.

Monaraíonn sé diúracáin le haghaidh na gcóras diúracán S-300 agus S-400 a d’úsáid Fórsaí Armtha na Rúise le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá MMZ Avangard freagrach as tacú, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

6.10.2022

117.

JSC A. N. Ganichev Scientific and Production Association ‘SPLAV’

(Rúisise: АО «Научно-производственное объединение «СПЛАВ» имени А.Н. Ганичева»)

ainm eile: JSC NPO ‘Splav’ (Rúisise: АО НПО «Сплав»)

Seoladh: Shcheglovskaya zaseka Str. 33, Tula, 300004 Russian Federation

Teileafón: +7 (4872) 46-44-09

Suíomh gréasáin: www.splav.org, www.splavtula.ru, сплав.рф

Rphost: mail@splavtula.ru

Daoine aonair comhlachaithe: Aleksander Vladimirovich Smirnov

Sergey Yurevich Alekseev

Boris Andreevich Belobragin

Sergey Anatolevich Guliy

Vladimir Nikolaevich Kondaurov

Denis Nikolaevich Kochetkov

Maksim Grigorevich Rapota

Oleg Veniaminovich Stolyarov

Viktor Ivanovich Tregubov

Olga Olegovna Yakunina

Eintitis chomhlachaithe: JSC Research and Industrial Concern ‘Machine Engineering Technologies’ - JSC RIC TECMASH

Monaróir armán Rúiseach é, a chuireann armáin ar fáil d’Fhórsaí Armtha na Rúise.

Tháirg sé il-lainseálaithe roicéad BM-27 Uragan agus BM-30 Smerch a d’úsáid Fórsaí Armtha na Rúise le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. D’úsáid Fórsaí Armtha na Rúise il-lainseálaithe roicéad BM-27 Uragan agus BM-30 Smerch i gcnuasmhuinisean i gcoinne spriocanna sibhialtacha san Úcráin, rud ba chúis le taismigh iomadúla.

Dá bhrí sin, tá NPO Splav freagrach as tacú, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

6.10.2022

118.

Central Election Commission (CEC)

Seoladh: 109012, Bol'shoy Cherkassky Pereulok, Building 9, Moscow, Russian Federation.

An cineál eintitis: Comhlacht stáit de chuid Cónaidhm na Rúise

Áit chláraithe: Moscow, Russian Federation

Dáta clárúcháin: 12.6.2002 le Dlí Cónaidhme Uimh. 67-FZ

Eintitis chomhlachaithe eile: Rialtas Chónaidhm na Rúise

Is comhlacht stáit Rúiseach é Central Election Commission (CEC) Chónaidhm na Rúise atá freagrach as toghcháin agus reifrinn a eagrú do Chónaidhm na Rúise. Dá réir sin, tá CEC freagrach as reifrinn neamhdhleatacha a eagrú i réigiúin na hÚcráine atá faoi fhorghabháil agus, dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

6.10.2022’.


Top