EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R1419
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/1419 of 22 August 2022 concerning the authorisation of buchu leaf essential oil from Agathosma betulina (P.J. Bergius) Pillans as a feed additive for all animal species (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1419 ón gCoimisiún an 22 Lúnasa 2022 maidir le bláthola duilleog buchu as Agathosma betulina (P.J. Bergius) Pillans a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1419 ón gCoimisiún an 22 Lúnasa 2022 maidir le bláthola duilleog buchu as Agathosma betulina (P.J. Bergius) Pillans a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/5876
OJ L 218, 23.8.2022, p. 12–15
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
23.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 218/12 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1419 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Lúnasa 2022
maidir le bláthola duilleog buchu as Agathosma betulina (P.J. Bergius) Pillans a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is éard a fhoráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 údarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus an foras agus na nósanna imeachta maidir leis an údarú sin a dheonú. Le hAirteagal 10(2) den Rialachán sin foráiltear d’athmheastóireacht ar bhreiseáin a údaraítear de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2). |
(2) |
I gcomhréir le Treoir 70/524/CEE údaraíodh ola duilleog buchu gan teorainn ama mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. Ina dhiaidh sin cuireadh an breiseán sin i gClár na mbreiseán beathaithe mar tháirge a bhí ann cheana, i gcomhréir le hAirteagal 10(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 i gcomhar le hAirteagal 7 de, cuireadh isteach iarratas chun athmheastóireacht a dhéanamh ar bhláthola as duilleoga Agathosma betulina (P.J. Bergius) Pillans (bláthola duilleog buchu) le haghaidh gach speicis ainmhíoch. |
(4) |
D’iarr an t-iarratasóir go n-aicmeofaí an breiseán sa chatagóir breiseán “breiseáin chéadfacha” agus san fheidhmghrúpa “comhdhúile blaistithe”. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
(5) |
D’iarr an t-iarratasóir go ndéanfaí an breiseán a údarú freisin lena úsáid in uisce óil. Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, áfach, ní cheadaítear comhdhúile blaistithe a údarú lena n-úsáid in uisce óil. Dá bhrí sin, níor cheart úsáid bhláthola duilleog buchu as Agathosma betulina (P.J. Bergius) Pillans in uisce óil a cheadú. |
(6) |
Sa tuairim an 27 Eanáir 2022 ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) (3), is é an chonclúid ar ar thángthas nach bhfuil éifeachtaí díobhálacha ag bláthola duilleog buchu as Agathosma betulina (P.J. Bergius) Pillans ar shláinte ainmhithe, ar shláinte tomhaltóirí ná ar an gcomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin gur cheart a mheas gur greannaitheoir don chraiceann agus do na súile í bláthola duilleog buchu as Agathosma betulina (P.J. Bergius) Pillans, agus gur íogróir deirmeach agus riospráide atá inti. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí an bhreiseáin. |
(7) |
Chinn an tÚdarás freisin go n-aithnítear go gcuireann bláthola duilleog buchu as Agathosma betulina (P.J. Bergius) Pillans blas ar bhia agus go mbeadh an fheidhm chéanna aici i mbeatha, go bunúsach, is atá aici i mbia. Dá bhrí sin, meastar nach gá le héifeachtúlacht a léiriú a thuilleadh. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar na modhanna a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe agus é i mbeatha arna gcur isteach ag an Saotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
(8) |
Léirítear leis an measúnú ar bhláthola duilleog buchu as Agathosma betulina (P.J. Bergius) Pillans go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substainte sin a údarú mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
(9) |
Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha áirithe chun go mbeifear in ann rialú níos fearr a dhéanamh. Go háirithe, ba cheart cion molta a shonrú ar lipéad an bhreiseáin. I gcás ina sárófar an méid sin, ba cheart faisnéis áirithe a shonrú ar lipéad na réamh-mheascán. |
(10) |
Cé nach n-údaraítear bláthola duilleog buchu as Agathosma betulina (P.J. Bergius) Pillans lena húsáid mar bhlastán in uisce óil, ní chuirtear bac ar a húsáid i mbeatha chumaisc a thugtar trí uisce. |
(11) |
Ós rud é nach gceanglaítear, ar chúiseanna sábháilteachta, go gcuirfear na modhnuithe i bhfeidhm láithreach ar na coinníollacha maidir le húdarú i leith na substainte lena mbaineann, is iomchuí go mbeadh idirthréimhse ag na páirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as an údarú a chomhlíonadh. |
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn, agus a bhaineann leis an gcatagóir breiseán “breiseáin chéadfacha” agus leis an bhfeidhmghrúpa “comhdhúile blaistithe”, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Bearta idirthréimhseacha
1. An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn agus réamh-mheascáin a bhfuil an tsubstaint sin iontu, a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 12 Márta 2023, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 12 Meán Fómhair 2022, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.
2. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an tsubstaint iontu faoi mar a shonraítear san Iarscríbhinn agus a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 12 Meán Fómhair 2023, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 12 Meán Fómhair 2022, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.
3. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an tsubstaint iontu faoi mar a shonraítear san Iarscríbhinn agus a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 12 Meán Fómhair 2024, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 12 Meán Fómhair 2022, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha (IO L 270, 14.12.1970, lch. 1).
(3) EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(3):7160.
IARSCRÍBHINN
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||||||||||||||||||||
mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
2b85c-eo |
Bláthola duilleog buchu |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Bláthola duilleog buchu a fhaightear ó dhuilleoga Agathosma betulina (P.J. Bergius) Pillans Foirm leachtach Meitileoganól ≤ 0,17 % Tréithriú na substainte gníomhaí Bláthola duileog buchu a fhaightear trí ghaldriogadh ó dhuilleoga Agathosma betulina (P.J. Bergius) Pillans mar atá sainithe ag An Chomhairle Eorpach (1). d,l-Isimeantón: 19–27 % d-Líomainéin: 19–26 % 2-Hiodrocsaipipiríotón (nó diosfeanól): 8–17 % p-Meantan-3-ón: 5–12 % Púlagón: 1,5–8 % Uimhir CAS: 68650-46-4 Uimhir Chomhairle na hEorpa: 85c Uimhir FEMA: 2169 Modh anailíse (2) Maidir le d-líomainéin agus d,l-isimeantón (marcóirí fiticheimiceacha) sa bhreiseán beathaithe (bláthola duilleog buchu) a chinneadh:
|
Gach speiceas ainmhíoch seachas cait |
- |
- |
- |
|
12.9.2032 |
||||||||||||||||||||||||||||||
Cait |
- |
- |
0,2 |
(1) Natural sources of flavourings - Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán - Tuarascáil Uimh. 2] (2007)
(2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en