EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R1398
Commission Delegated Regulation (EU) 2022/1398 of 8 June 2022 amending Regulation (EU) 2019/2144 of the European Parliament and of the Council to take into account technical progress and regulatory developments concerning amendments to Vehicle Regulations adopted in the context of the United Nations Economic Commission for Europe (Text with EEA relevance)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1398 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun an dul chun cinn teicniúil agus na forbairtí rialála a chur san áireamh a bhaineann le leasuithe ar Rialacháin d’Fheithiclí arna nglacadh i gcomhthéacs Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1398 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun an dul chun cinn teicniúil agus na forbairtí rialála a chur san áireamh a bhaineann le leasuithe ar Rialacháin d’Fheithiclí arna nglacadh i gcomhthéacs Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/3610
OJ L 213, 16.8.2022, p. 1–12
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
16.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 213/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1398 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Meitheamh 2022
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun an dul chun cinn teicniúil agus na forbairtí rialála a chur san áireamh a bhaineann le leasuithe ar Rialacháin d’Fheithiclí arna nglacadh i gcomhthéacs Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus na leantóirí a ghabhann leo, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus le cosaint na ndaoine atá sna feithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh. 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 (1) ón gCoimisiún, agus go háirithe Airteagal 4(6) agus Airteagal 6(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/214 liostaítear, inter alia, Rialachán Uimh. 14 ó na Náisiúin Aontaithe (2)Rialachán Uimh. 17 (3), Rialachán Uimh. 29 ó na Náisiúin Aontaithe (4), Rialachán Uimh. 44 ó na Náisiúin Aontaithe (5), Rialachán Uimh. 45 ó na Náisiúin Aontaithe (6), Rialachán Uimh. 48 (7), Rialachán Uimh. 80 ó na Náisiúin Aontaithe (8), Rialachán Uimh. 94 ó na Náisiúin Aontaithe (9), Rialachán Uimh. 95 ó na Náisiúin Aontaithe (10), Rialachán Uimh. 118 ó na Náisiúin Aontaithe (11), Rialachán Uimh. 122 ó na Náisiúin Aontaithe (12), Rialachán Uimh. 126 ó na Náisiúin Aontaithe (13), Rialachán Uimh. 127 ó na Náisiúin Aontaithe (14), Rialachán Uimh. 135 ó na Náisiúin Aontaithe (15), Rialachán Uimh. 137 ó na Náisiúin Aontaithe (16), Rialachán Uimh. 141 ó na Náisiúin Aontaithe (17) agus Rialachán Uimh. 142 ó na Náisiúin Aontaithe (18). Leasaigh an Fóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe (“UNECE WP.29”) don Eoraip(“UNECE WP.29”) na rialacháin sin uile. Dá bhrí sin, is iomchuí an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144 a nuashonrú chun na hathruithe sin a chur san áireamh. |
(2) |
Ar a bharr sin, ghlac UNECE WP.29 roinnt rialacháin nua, rialacháin dár aontaigh an tAontas agus a chuireann sé i bhfeidhm ar bhonn éigeantach. Go háirithe, is iad na rialacháin atá i gceist Rialachán Uimh. 145 ó na Náisiúin Aontaithe (19), Rialachán Uimh. 148 ó na Náisiúin Aontaithe (20), Rialachán Uimh. 149 ó na Náisiúin Aontaithe (21), Rialachán Uimh. 150 ó na Náisiúin Aontaithe (22), Rialachán Uimh. 151 ó na Náisiúin Aontaithe (23), Rialachán Uimh. 152 ó na Náisiúin Aontaithe (24), Rialachán Uimh. 153 ó na Náisiúin Aontaithe (25), Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe (26), Rialachán Uimh. 157 ó na Náisiúin Aontaithe (27), Rialachán Uimh. 158 ó na Náisiúin Aontaithe (28), Rialachán Uimh. 159 ó na Náisiúin Aontaithe (29), Rialachán Uimh. 161 ó na Náisiúin Aontaithe (30), Rialachán Uimh. 162 ó na Náisiúin Aontaithe (31) agus Rialachán Uimh. 163 ó na Náisiúin Aontaithe (32). Dá bhrí sin, is iomchuí tagairtí do na Rialacháin sin a chur isteach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144. |
(3) |
Glacadh Rialachán Uimh. 0 ó na Náisiúin Aontaithe maidir le Cineálcheadú Idirnáisiúnta Feithicle ina hIomláine (33) chun bacainní ar thrádáil idir Páirtithe Conarthacha UNECE agus chun leibhéal cinnteachta méadaithe a chur ar fáil do mhonaróirí feithiclí ag lorg aitheantas ar a gcineálcheadú sna Páirtithe Conarthacha sin. Is páirtí Conarthach é an tAontas de réir bhrí Rialachán Uimh. 0 ó na Náisiúin Aontaithe. Chun a mheas go bhfuil Cineálcheadú Idirnáisiúnta Uilíoch Feithicle ina hIomláine comhionann le cineálcheadú AE, ba cheart leaganacha na Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144 a chur san áireamh. |
(4) |
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144 tá liosta de na ceanglais nach mór feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla scartha a chomhlíonadh de bhun Airteagal 4(5) agus Airteagal 5(3) den Rialachán sin. Níl san Iarscríbhinn sin, áfach, tagairtí do ghníomhartha rialála lena leagtar síos na ceanglais theicniúla mhionsonraithe a mhéid a bhaineann le hardchórais coscánaithe éigeandála lena mbraitear coisithe agus rothaithe, córais rabhaidh faoi imbhualadh coisithe agus rothaithe, córais faisnéise caochspota, córais cúnaimh éigeandála coimeádta lánaí, brath cúlaithe, comhartha stoptha éigeandála agus taifeadán sonraí teagmhais. Dá bhrí sin, ní mór tagairtí do na gníomhartha rialála ábhartha a chur san Iarscríbhinn sin. |
(5) |
Tá sé éigeantach Rialachán Uimh. 90 ó na Náisiúin Aontaithe (34) a chomhlíonadh i gcás cóimeálacha athsholáthair líneála coscáin, líneálacha coscáin druma agus dioscaí agus drumaí le haghaidh feithiclí cumhacht-thiomáinte agus a leantóirí. I gcás cóimeálacha athsholáthair líneála coscáin, líneálacha coscáin druma agus dioscaí agus drumaí atá nua agus ag a bhfuil cineálcheadú feithicle a mhéid a bhaineann le coscánú i gcomhréir le Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe (35) nó le Rialachán Uimh. 13-H ó na Náisiúin Aontaithe (36), roimh dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/2144, ba cheart cead a thabhairt iad a cur ar fáil ar an margadh nó a chur i seirbhís i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. |
(6) |
Ón 1 Meán Fómhair 2023 ar aghaidh, tiocfaidh Rialachán Uimh. 129 (37) in ionad Uimh. 44, rud a fhágfaidh go mbeidh deireadh leis an bhféidearthacht córais srianta linbh nach bhfuil suiteáilte i mótarfheithiclí a chineálcheadú faoin Rialachán sin. Tá gá le ham breise chun gur féidir an táirgeacht atá sa stoc agus sna bealaí dáilte a dhíol amach. Dá bhrí sin, ba cheart cead a thabhairt córais srianta linbh atá formheasta i gcomhréir le Rialachán Uimh. 44 ó na Náisiúin Aontaithe roimh an 1 Meán Fómhair 2023 a chur ar fáil ar an margadh agus a chur i seirbhís go dtí an 1 Meán Fómhair 2024. |
(7) |
Rinneadh na forálacha i Rialachán Uimh. 13-H ó na Náisiúin Aontaithe a bhaineann le córais cúnaimh choscánaithe agus agus le córais rialaithe cobhsaíochta leictreonacha a aistriú go Rialachán Uimh. 139 ó na Náisiúin Aontaithe (38) agus go Rialachán Uimh. 140 ó na Náisiúin Aontaithe (39), ach aistríodh na forálacha maidir le coscánú chuig sraith 01 de na leasuithe ar Rialachán Uimh. 13-H ó na Náisiúin Aontaithe. Ós rud é nár athraíodh na ceanglais maidir le córais cúnaimh coscánaithe agus córais rialaithe cobhsaíochta leictreonacha, ba cheart a mheas go bhfuil na cineálcheaduithe a deonaíodh i gcomhréir leis an mbunleagan de Rialachán Uimh. 13-H ó na Náisiúin Aontaithe, agus na síntí orthu, go bhfuil siad comhionann le cineálcheadú a deonaíodh le haghaidh bunleaganacha Rialachán Uimh. 139 ó na Náisiúin Aontaithe agus Rialachán Uimh. 140 ó na Náisiúin Aontaithe. |
(8) |
Aistríodh na ceanglais maidir le hancaireachtaí srianta linbh gan athrú ó shraith 07 de na leasuithe ar Rialachán Uimh. 14 ó na Náisiúin Aontaithe go Rialachán Uimh. 145 ó na Náisiúin Aontaithe. Dá bhrí sin, ba cheart a mheas go bhfuil cineálcheaduithe a deonaíodh a deonaíodh i gcomhréir le Rialachán Uimh. 14 ó na Náisiúin Aontaithe, go bhfuil siad comhionann le cineálcheaduithe a deonaíodh i gcomhréir le bunleagan Rialachán Uimh. 145 ó na Náisiúin Aontaithe. |
(9) |
Aistríodh na ceanglais maidir le sábháilteacht an ghléasra cumhachta leictrigh i gcás imbhualadh deiridh gan athrú ó shraith 03 de na leasuithe ar Rialachán Uimh. 34 ó na Náisiúin Aontaithe go Rialachán Uimh. 153 ó na Náisiúin Aontaithe. Dá bhrí sin, ba cheart a mheas go bhfuil cineálcheaduithe a deonaíodh i gcomhréir le Rialachán Uimh. 34 ó na Náisiúin Aontaithe, go bhfuil siad comhionann le cineálcheaduithe a deonaíodh i gcomhréir le bunleagan Rialachán Uimh. 153 ó na Náisiúin Aontaithe. |
(10) |
Aistríodh na ceanglais maidir le faireacháin um brú na mbonn gan athrú ó shraith 02 de na leasuithe ar Rialachán Uimh. 64 ó na Náisiúin Aontaithe (40) go Rialachán Uimh. 141 ó na Náisiúin Aontaithe. Dá bhrí sin, ba cheart a mheas go bhfuil cineálcheaduithe a deonaíodh a deonaíodh i gcomhréir le Rialachán Uimh. 64 ó na Náisiúin Aontaithe, go bhfuil siad comhionann le cineálcheaduithe a deonaíodh i gcomhréir le bunleagan Rialachán Uimh. 141 ó na Náisiúin Aontaithe. |
(11) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/2144 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/2144
Leasaítear Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an […] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Meitheamh 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 325, 16.12.2019, lch. 1.
(2) Rialachán Uimh. 14 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) – Forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann le formheas feithiclí a mhéid a bhaineann le Daingnithe criosanna sábháilte, córais daingniúcháin ISOFIX, daingnithe uachtaracha ISOFIX agus ionaid suí i-Size [2015/1406] (IO L 218, 19.8.2015, lch. 27).
(3) Rialachán Uimh. 17 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) – Forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann le formheas feithiclí a mhéid a bhaineann leis na suíocháin, lena n-ancaireachtaí agus le haon cheannbhac (IO L 230, 31.8.2010, lch. 81).
(4) Rialachán Uimh. 29 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas feithiclí a mhéid a bhaineann le cosaint a thabhairt do thaistealaithe i gcábán feithicle tráchtála i gcóras cineálcheadaithe an Aontais do mhótarfheithiclí (IO L 304, 20.11.2010, lch. 21).
(5) Rialachán Uimh. 44 de chuid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) — Forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann le formheas gairis srianta do leanaí atá i bhfeithiclí cumhacht-tiomáinte (“Córais Srianta Linbh” (IO L 233, 9.9.2011, lch. 95).
(6) Rialachán Uimh. 45 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas glantóirí ceannlampaí, agus feithiclí cumhacht-tiomáinte maidir le glantóirí ceannlampaí [2020/575] (IO L 136, 29.4.2020, lch. 1);
(7) Rialachán Uimh. 48 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) – Forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann le ceadú feithiclí maidir le suiteáil gaireas soilsiúcháin agus solaschomharthaíochta (IO L 323, 6.12.2011, lch. 46).
(8) Rialachán Uimh. 80 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) – Forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann le formheas suíochán i bhfeithiclí móra paisinéirí agus i ndáil le neart na suíochán agus a n-ancaireachtaí (IO L 164, 30.6.2010, lch. 18).
(9) Rialachán Uimh. 94 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas feithiclí a mhéid a bhaineann le cosaint a thabhairt do thaistealaithe i gcábán feithicle tráchtála i gcóras cineálcheadaithe an Aontais do mhótarfheithiclí i gcás imbhualadh tosaigh (IO L 254, 20.9.2012, lch. 77).
(10) Rialachán Uimh. 95 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas feithiclí a mhéid a bhaineann le cosaint a thabhairt do thaistealaithe i gcábán feithicle tráchtála i gcóras cineálcheadaithe an Aontais do mhótarfheithiclí i gcás imbhualadh cliathánach [2015/1093] (IO L 183, 10.7.2015, lch. 91).
(11) Rialachán Uimh. 118 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) – Forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann le Dó-iompar ábhar arna n-úsáid i dtógáil inmheánach catagóirí áirithe mótarfheithiclí (IO L 177, 10.7.2010, lch. 263).
(12) Rialachán Uimh. 122 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) — Saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha maidir le formheas feithiclí i gcatagóir M, N agus O maidir lena gcórais téimh (IO L 164, 30.6.2010, lch. 231).
(13) Rialachán Uimh. 126 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas córas deighilte chun paisinéirí a chosaint ar bhagáiste díláithrithe, arna soláthar mar threalamh feithicle nach trealamh bunaidh é [2020/176] (IO L 35, 7.2.2020, lch. 37).
(14) Rialachán Uimh. 127 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha a mhéid a bhaineann lena bhfeidhmíocht sábháilteachta do choisithe [2020/638] (IO L 154, 15.5.2020, lch. 1).
(15) Rialachán Uimh. 135 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas mótarfheithiclí a mhéid a bhaineann lena bhfeidhmíocht i gcás Tuairt Thaobhach in aghaidh Cuaille [2020/486](IO L 103, 3.4.2020, lch. 12).
(16) Rialachán Uimh. 137 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas gluaisteáin paisinéirí i gcás imbhualadh tosaigh agus béim ar an gcóras srianta [2020/576] (IO L 136, 29.4.2020, lch. 18).
(17) Rialachán Uimh. 141 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas feithiclí a mhéid a bhaineann lena gCórais Faireacháin um Brú na mBonn (TPMS) [2018/1593] (IO L 269, 26.10.2018, lch. 36).
(18) Rialachán Uimh. 142 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le mótarfheithiclí a cheadú i ndáil le suiteáil a mbonn [2020/242] (IO L 48, 21.2.2020, lch. 60).
(19) Rialachán Uimh. 145 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas feithiclí a mhéid a bhaineann le córais ancaireachta ISOFIX, ancaireachtaí uachtaracha ISOFIX, agus ionaid suí i-Size [2019/2142] (IO L 324, 13.12.2019, lch. 47).
(20) Rialachán Uimh. 148 ó na Náisiúin Aontaitheorálacha – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas feistí soilsiúcháin (lampaí) le haghaidh feithiclí cumhacht-tiomáinte agus a leantóirí [2021/1719] (IO L 347, 30.9.2021, lch. 123).
(21) Rialachán Uimh. 149 ó na Náisiúin Aontaitheorálacha – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas feistí agus córais soilsiúcháin bóithre (lampaí) le haghaidh feithiclí cumhacht-tiomáinte [2021/1720](IO L 347, 30.9.2021, lch. 173)
(22) Rialachán Uimh. 150 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas feistí agus marcálacha ath-fhrithchaite le haghaidh feithiclí cumhacht-tiomáinte agus a leantóirí [2021/1721] (IO L 347, 30.9.2021, lch. 297).
(23) Rialachán Uimh. 151 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas mótarfheithiclí a mhéid a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Caochspota chun Rothair a Bhrath [2020/1596] (IO L 360, 30.10.2020, lch. 48).
(24) Rialachán Uimh. 152 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas mótarfheithiclí a mhéid a bhaineann leis an Ardchórais Coscánaithe Éigeandála (AEBS) le haghaidh feithiclí M1 agus N1 [2020/1597] (IO L 360, 30.10.2020, lch. 66).
(25) Rialachán Uimh. 153 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas feithiclí a mhéid a bhaineann le sláine an chórais breosla agus sábháilteacht an ghléasra cumhachta leictrigh i gcás imbhualadh deiridh [2021/386] (IO L 82, 9.3.2021, lch. 1).
(26) Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas mótarfheithiclí a mhéid a bhaineann leis an gcibearshlándáil agus le córas um bainistiú cibearshlándála [2021/387](IO L 82, 9.3.2021, lch. 30).
(27) Rialachán Uimh. 157 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas feithiclí a mhéid a bhaineann le córais coimeádta lánaí uathoibrithe [2021/389](IO L 82, 9.3.2021, lch. 75).
(28) Rialachán Uimh. 158 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas gaireas le haghaidh cúlghluaiseachta agus mótarfheithiclí a mhéid a bhaineann le feasacht an tiománaí i dtaobh feithicil úsáideoirí soghonta bóithre taobh thiar [2021/828] (IO L 184, 25.5.2021, lch. 20).
(29) Rialachán Uimh. 159 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas mótarfheithiclí a mhéid a bhaineann leis an gCóras Faisnéise i dtaobh Gluaiseacht ar Aghaidh chun coisithe agus rothaithe a bhrath [2021/829] (IO L 184. 25,5.2021, lch. 62).
(30) Rialachán Uimh. 161 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le mótarfheithiclí a chosaint ar úsáid neamhúdaraithe agus formheas an ghairis in aghaidh úsáid neamhúdaraithe (trí bhíthin córas glasála) [2021/2274] (IO L 470, 30.12.2021, lch. 1).
(31) Rialachán Uimh. 162 ó na Náisiúin Aontaithe – Saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha maidir le formheas baic dhúisithe formheas feithicle a mhéid a bhaineann leis an mbac dúisithe uirthi [2021/2275] (IO L 470, 30.12.2021, lch. 23).
(32) Rialachán Uimh. 163 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas córas aláraim feithicle agus formheas feithicle a mhéid a bhaineann leis an gcóras aláraim feithicle uirthi [2021/2276](IO L 470, 30.12.2021, lch. 48).
(33) Rialachán Uimh. 0 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) – Forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann leis an gCineálcheadú Idirnáisiúnta Feithicle ina hIomláine (IWVTA) [2018/780] (IO L 135, 31.5.2018, lch. 1).
(34) Rialachán Uimh. 90 de chuid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas cóimeálacha athsholáthair líneála coscáin, líneálacha coscáin druma agus dioscaí agus drumaí le haghaidh feithiclí cumhacht-thiomáinte agus a leantóirí (IO L 130, 28.5.2010, lch. 19).
(35) Rialachán Uimh. 13 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas feithiclí i gcatagóir M, N agus O a mhéid a bhaineann le coscánú [2016/194] (IO L 42, 18.2.2016, lch. 1).
(36) Rialachán Uimh. 13-H de chuid NA ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas gluaisteán paisinéirí a mhéid a bhaineann le coscánú [2015/2364] (IO L 335, 22.12.2015, lch. 1).
(37) Rialachán Uimh. 129 dó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas Córas Srianta Linbh a úsáidtear ar bord mótarfheithiclí (ECRS) (IO L 97, 29.3.2014, lch. 21).
(38) Rialachán Uimh. 139 de chuid NA ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas gluaisteán paisinéirí a mhéid a bhaineann le Córais Cúnaimh Coscánaithe (BAS) [2018/1591] (IO L 269, 26.10.2018, lch. 1).
(39) Rialachán Uimh. 140 de chuid NA ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas gluaisteán paisinéirí a mhéid a bhaineann le Rialú Cobhsaíochta Leictreonach [2018/1592] (IO L 269, 26.10.2018, lch. 17).
(40) Rialachán Uimh. 64 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas feithiclí a mhéid a bhaineann lena dtrealamh, ar féidir go mbeidh na nithe seo ina gcuid de: aonad spártha le haghaidh úsáid shealadach, boinn reatha éigeandála agus/nó córais reatha, agus/nó córas faireacháin bhrú na mbonn (IO L 310, 26.11.2010, p. 18).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144 mar a leanas:
(1) |
leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|