EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R1300
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/1300 of 24 March 2022 amending Implementing Regulation (EU) 2017/1093 laying down implementing technical standards with regard to the format of position reports by investment firms and market operators (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1300 ón gCoimisiún an 24 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1093 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a mhéid a bhaineann le formáid na dtuarascálacha suímh ag gnólachtaí infheistíochta agus ag oibreoirí margaidh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1300 ón gCoimisiún an 24 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1093 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a mhéid a bhaineann le formáid na dtuarascálacha suímh ag gnólachtaí infheistíochta agus ag oibreoirí margaidh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/1722
OJ L 197, 26.7.2022, p. 4–9
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
26.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 197/4 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1300 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Márta 2022
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1093 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a mhéid a bhaineann le formáid na dtuarascálacha suímh ag gnólachtaí infheistíochta agus ag oibreoirí margaidh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (1), agus go háirithe Airteagal 58(5), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Treoir (AE) 2021/338 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) leagtar amach leasuithe ar Airteagal 58 de Threoir 2014/65/AE maidir le tuairisciú suímh. |
(2) |
I gcomhréir leis na leasuithe sin ar Airteagal 58 de Threoir 2014/65/AE, níl tuairisciú suímh le bheith i bhfeidhm a thuilleadh ar urrúis dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe 44, pointe (c), den Treoir sin, a bhaineann le tráchtearra nó le foluiteach dá dtagraítear i Roinn C.10 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. Dá bhrí sin, ba cheart tagairtí do na catagóirí díorthach sin sna caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1093 ón gCoimisiún (3) a scriosadh. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1093 a leasú dá réir. |
(4) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí. |
(5) |
Rinne an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1093 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Márta 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 173, 12.6.2014, lch. 349.
(2) Treoir (AE) 2021/338 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2021 lena leasaítear Treoir 2014/65/AE a mhéid a bhaineann le ceanglais faisnéise, rialachas táirgí agus teorainneacha suímh, agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/878 a mhéid a bhaineann lena gcur i bhfeidhm maidir le gnólachtaí infheistíochta, chun cabhrú leis an téarnamh ó ghéarchéim COVID-19 (IO L 68, 26.2.2021, lch. 14).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1093 ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2017 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a mhéid a bhaineann le formáid na dtuarascálacha suímh ag gnólachtaí infheistíochta agus ag oibreoirí margaidh (IO L 158, 21.6.2017, lch. 16).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1093:
“Tábla 2
Tábla de na réimsí atá le tuairisciú maidir le gach suíomh thar gach aibíocht de gach conradh chun críoch Airteagal 2
RÉIMSE |
SONRAÍ ATÁ LE TUAIRISCIÚ |
FORMÁID DON TUAIRISCIÚ |
Dáta agus am chur isteach na tuarascála |
Réimse atá le líonadh leis an dáta agus leis an am a chuirtear an tuarascáil isteach. |
{DÁTA_AM_FORMÁID} |
Uimhir thagartha na tuarascála |
Réimse atá le líonadh leis an aitheantóir uathúil arna thabhairt ag an aighnitheoir lena sainaithnítear gan débhrí an tuarascáil don aighnitheoir agus don údarás inniúil a fhaigheann an tuarascáil araon. |
{ALPHANUM-52} |
Dáta lá trádála an tsuímh thuairiscithe |
Réimse atá le líonadh leis an dáta atá an suíomh tuairiscithe á sheilbh ag uair scoir an lae trádála ar an ionad trádála ábhartha. |
{FORMÁID DÁTA} |
Stádas na tuarascála |
Tásc maidir le cé acu an tuarascáil nua í nó an tuarascáil í a cuireadh isteach roimhe agus a cuireadh ar ceal nó a rinneadh a leasú. I gcás ina gcuirtear ar ceal nó ina leasaítear tuarascáil a cuireadh isteach roimhe, ba cheart tuarascáil ina bhfuil mionsonraí uile na tuarascála bunaidh agus ina úsáidtear an Uimhir Thagartha Tuarascála bhunaidh a sheoladh agus ba cheart stádas “CANC” a chur le “Stádas na tuarascála”. Maidir le leasuithe, ba cheart tuarascáil nua ina bhfuil mionsonraí uile na tuarascála bunaidh agus ina úsáidtear an Uimhir Thagartha Tuarascála bhunaidh, agus ina leasaítear na mionsonraí uile is gá, a sheoladh agus ba cheart an stádas “AMND” a chur le “Stádas na tuarascála”. |
“NEWT” — Nua “CANC” — Cur ar ceal “AMND” — Leasú |
Aitheantóir eintitis tuairiscithe |
Aitheantóir an ghnólachta infheistíochta tuairiscithe. Réimse atá le líonadh leis an gcód Aitheantóra Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) le haghaidh eintiteas dlítheanach nó le {AITHEANTÓIR_NÁISIÚNTA} le haghaidh daoine nádúrtha nach bhfuil LEI acu. |
{LEI} nó {AITHEANTÓIR_NÁISIÚNTA} — Daoine nádúrtha |
Aitheantóir sealbhóra suímh |
Réimse atá le líonadh leis an gcód Aitheantóra Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) le haghaidh eintiteas dlítheanach nó le {AITHEANTÓIR_NÁISIÚNTA} le haghaidh daoine nádúrtha nach bhfuil LEI acu. (Nóta: má shealbhaítear an suíomh mar shuíomh dílsithe de chuid an ghnólachta tuairiscithe, beidh sé mar an gcéanna leis an réimse “Aitheantóir eintitis tuairiscithe”). |
{LEI} nó {AITHEANTÓIR_NÁISIÚNTA} — Daoine nádúrtha |
Seoladh ríomhphoist an tsealbhóra suímh |
Seoladh ríomhphoist le haghaidh fógraí maidir le hábhair a bhaineann le suíomh. |
{ALPHANUM-256} |
Aitheantóir máthaireintitis deiridh |
Réimse atá le líonadh leis an gcód Aitheantóra Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) le haghaidh eintiteas dlítheanach nó le {AITHEANTÓIR_NÁISIÚNTA} le haghaidh daoine nádúrtha nach bhfuil LEI acu. Nóta: d’fhéadfadh an réimse seo a bheith mar an gcéanna leis an réimse “Aitheantóir eintitis tuairiscithe” nó “Aitheantóir sealbhóra suímh” má shealbhaíonn an mháthaireintiteas deiridh a suíomhanna féin, nó má dhéanann sé a dtuarascálacha féin. |
{LEI} nó {AITHEANTÓIR_NÁISIÚNTA} — Daoine nádúrtha |
Seoladh ríomhphoist an mháthaireintitis deiridh |
Seoladh ríomhphoist le haghaidh comhfhreagras i ndáil le suíomhanna comhiomlánaithe. |
{ALPHANUM-256} |
Stádas máthaireintitis scéime comhinfheistíochta |
Réimse chun tuairisc a thabhairt i dtaobh an gnóthas comhinfheistíochta an sealbhóir suímh a dhéanann cinntí infheistíochta ar leithligh óna mháthaireintiteas mar a leagtar amach in Airteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1301 ón gCoimisiún (*1). |
“FÍOR” — is gnóthas comhinfheistíochta é an sealbhóir suímh a dhéanann cinntí infheistíochta neamhspleácha “BRÉAGACH” — ní gnóthas comhinfheistíochta é an sealbhóir suímh a dhéanann cinntí infheistíochta neamhspleácha |
Cód aitheantais an chonartha arna thrádáil ar ionaid trádála |
Aitheantóir an díorthaigh tráchtearraí, an liúntais astaíochtaí nó de chuid díorthaigh de. Féach an réimse “Aitheantóir ionaid trádála” maidir le láimhseáil conarthaí thar an gcuntar atá coibhéiseach go heacnamaíoch le conarthaí a thrádáiltear ar ionaid trádála. |
{ISIN} |
Cód táirge ionaid |
Réimse atá le líonadh le haitheantóir uathúil alfa-uimhriúil gan débhrí a úsáidtear ag an ngrúpáil ionad trádála mar aon le conarthaí a bhfuil aibíochtaí éagsúla agus praghsanna ceangail éagsúla acu sa táirge céanna. |
{ALPHANUM-12} |
Aitheantóir ionaid trádála |
Réimse atá le líonadh le MIC deighleoige ISO 10383 le haghaidh suíomhanna a thuairiscítear i leith conarthaí ar an ionad. I gcás nach bhfuil an MIC deighleoige ann, úsáid an MIC oibriúcháin. |
{MIC} |
Úsáid cód MIC “XXXX” le haghaidh suíomhanna ar an ionad atá i gconarthaí thar an gcuntar atá coibhéiseach go heacnamaíoch lena chéile. Úsáid cód MIC “XOFF” le haghaidh díorthaigh nó liúntais astaíochtaí a thrádáiltear lasmuigh den mhalartán. |
|
|
Cineál suímh |
Réimse chun tuairisc a thabhairt i dtaobh cé acu an bhfuil an suíomh i dtodhchaíochtaí, i roghanna, i liúntais astaíochtaí nó i ndíorthaigh díobh nó in aon chineál conartha eile. |
“OPTN” — Roghanna, lena n-áirítear roghanna is féidir a thrádáil ar leithligh ar chineálacha FUTR nó OTHR, gan táirgí nach bhfuil an roghnaíocht ach ina gné leabaithe iontu a chur san áireamh “FUTR” — Todhchaíochtaí “EMIS” — Liúntais astaíochtaí agus díorthaigh díobh “OTHR” — aon chineál conartha eile |
Aibíocht suímh |
Tásc maidir le cibé acu an mbaineann aibíocht an chonartha lena gcuimsítear an suíomh tuairiscithe leis an spotmhí nó le gach mí eile. Nóta: Tá gá le tuarascálacha ar leith le haghaidh spotmhíonna agus le haghaidh gach mí eile. |
“SPOT” — spotmhí, lena n-áirítear gach suíomh i gcineálacha suímh EMIS “OTHR” — gach mí eile |
Cainníocht suíomhanna |
Réimse atá le líonadh leis an gcainníocht glansuíomhanna atá á seilbh sa díorthach tráchtearraí, sna liúntais astaíochtaí nó sna díorthaigh de a léireofar mar bhaisceanna, i gcás ina léirítear na teorainneacha suímh mar bhaisceanna, nó mar aonaid den fholuiteach. Ba cheart an réimse seo a líonadh le huimhir dheimhneach le haghaidh suíomhanna fada agus le huimhir dhiúltach le haghaidh suíomhanna gearra. |
{DECIMAL-15/2} |
Nodaireacht chainníocht na suíomhanna |
Déanfar an réimse seo a líonadh leis na haonaid a úsáideadh chun tuairisc a thabhairt ar chainníocht na suíomhanna. |
“LOTS” — má léirítear cainníocht na suíomhanna mar bhaisceanna {ALPHANUM-25} — tuairisc ar na haonaid a úsáideadh má léirítear cainníocht na suíomhanna mar aonaid den fholuiteach “UNIT” — má léirítear cainníocht na suíomhanna mar aonaid |
Deiltechoibhéis chainníocht na suíomhanna |
Más “OPTN” nó rogha ar “EMIS” Cineál an tSuímh, beidh sa réimse seo cainníocht dheiltechoibhéise na suíomhanna a thuairiscítear sa réimse “Cainníocht Suíomhanna”. Ba cheart an réimse seo a líonadh le huimhir dheimhneach le haghaidh glaonna fada agus roghanna gearra ar dhíol agus le huimhir dhiúltach le haghaidh glaonna gearra agus roghanna fada ar dhíol. |
{DECIMAL-15/2} |
Táscaire i dtaobh an laghdaítear riosca leis an suíomh i ndáil le gníomhaíocht tráchtála |
Réimse chun tuairisc a thabhairt i dtaobh an laghdaítear riosca leis an suíomh i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1301. |
“TRUE” — laghdaítear riosca leis an suíomh “FALSE” — ní laghdaítear riosca leis an suíomh |
(*1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1301 ón gCoimisiún an 31 Márta 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1226 a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le soláthar i gcomhréir leis na ceanglais fógartha STS maidir le hurrúsuithe sintéiseacha laistigh den chlár comhardaithe (IO L 197, xx.xx.2022, lch. 10)”.