EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1219

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1219 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 a mhéid a bhaineann le deimhnithe caighdeánacha le haghaidh coinsíneachtaí de tháirgí ilchodacha áirithe a theacht isteach san Aontas agus iad a chur ar idirthuras tríd (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/4884

OJ L 188, 15.7.2022, p. 75–97 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1219/oj

15.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 188/75


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1219 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Iúil 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 a mhéid a bhaineann le deimhnithe caighdeánacha le haghaidh coinsíneachtaí de tháirgí ilchodacha áirithe a theacht isteach san Aontas agus iad a chur ar idirthuras tríd

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le rialacha sonracha sláinteachais a leagadh síos i dtaca le bia de bhunadh ainmhíoch (1), agus go háirithe Airteagal 7(2), pointe (a), de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (2), agus go háirithe Airteagail 238(3) agus 239(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéantar lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (3), agus go háirithe Airteagal 90, an chéad mhír, pointí (a) agus (b), agus Airteagal 126(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún (4), leagtar síos rialacha maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/429, deimhnithe oifigiúla dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2017/625, agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla bunaithe ar na Rialacháin sin, a bhfuil gá leo i dtaca le teacht isteach san Aontas coinsíneachtaí áirithe ainmhithe agus earraí (dá ngairtear le chéile “na deimhnithe” anseo feasta). Go háirithe, leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235, i measc nithe eile, deimhnithe caighdeánacha maidir le coinsíneachtaí de tháirgí ilchodacha áirithe a theacht isteach san Aontas agus iad a chur ar idirthuras tríd.

(2)

I gCaibidil 50 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235, leagtar amach an deimhniú sláinte/oifigiúil caighdeánach chun táirgí ilchodacha nach mbaineann fadré leo agus táirgí fadré ilchodacha a theacht isteach san Aontas, ar táirgí iad ina bhfuil aon chainníocht de tháirgí feola seachas geilitín, collaigin agus táirgí an-mhínphróiseáilte, agus atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine (samhail COMP). Leagtar amach i gCaibidil 52 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach chun táirgí ilchodacha nach mbaineann fadré leo agus táirgí fadré ilchodacha a a chur ar idirthuras tríd an Aontas chuig tríú tír, ar táirgí iad ina bhfuil aon chainníocht de tháirgí feola, agus atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine (samhail TRANSIT-COMP). I ngach ceann den dá dheimhniú caighdeánach sin tá fianú sláinte ainmhithe sonrach le haghaidh táirgí déiríochta atá mar chuid de na táirgí ilchodacha. Ba cheart na ceanglais maidir le cóireálacha teasa sna fianuithe sin a ailíniú leis na cóireálacha a leagtar síos in Iarscríbhinn XXVII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (5). Ina theannta sin, an ceanglas dátaí táirgthe na dtáirgí déiríochta agus na dtáirgí bunaithe ar ghruth buí atá sna táirgí ilchodacha a shonrú, ba cheart é a scriosadh mar cheanglas iomarcach i bhfianaise na tuairisce dá bhforáiltear i bhfonóta (2) a chumhdaíonn na comhábhair uile de bhunadh ainmhíoch. Thairis sin, ba cheart fonótaí áirithe sna Nótaí a ghabhann le Cuid II a ghabhann leis na deimhnithe caighdeánacha sin a fhorlíonadh agus a shoiléiriú. Dá bhrí sin, is gá Caibidlí 50 agus 52 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 a leasú dá réir sin.

(3)

Ina theannta sin, i gCaibidil 52 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235, ba cheart an ceanglas maidir le huimhir fhormheasa bhunaíocht tionscnaimh na dtáirgí déiríochta atá sna táirgí ilchodacha atá ar idirthuras tríd an Aontas a scriosadh mar nach ceann scríbe deiridh de na táirgí ilchodacha sin é an tAontas. Dá bhrí sin, is gá Caibidil 52 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 a leasú dá réir sin.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 a leasú dá réir.

(5)

Chun aon chur isteach ar thrádáil a sheachaint a mhéid a bhaineann le coinsíneachtaí de tháirgí ilchodacha áirithe a theacht isteach san Aontas agus iad a chur ar idirthuras tríd an Aontas, ba cheart leanúint le húsáid deimhnithe a eisítear i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235, mar ab infheidhme roimh na leasuithe a dhéantar sa Rialachán seo, ba cheart leanúint leis an úsáid sin a údarú ar feadh idirthréimhse faoi réir coinníollacha áirithe.

(6)

Ós rud é go bhfuil feidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón 21 Aibreán 2021, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus chun trádáil a éascú, is práinneach éifeacht a bheith ag na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235.

(7)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Ar feadh idirthréimhse go dtí an 15 Aibreán 2023, maidir le coinsíneachtaí de tháirgí ilchodacha áirithe, a bhfuil na deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla cuí ag gabháil leo, deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir leis na deimhnithe caighdeánacha a leagtar amach i gCaibidlí 50 agus 52 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 mar ab infheidhme roimh na leasuithe a rinneadh ar an Rialachán Cur Chun Feidhme sin leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo, leanfaidh siad d’údarú a bheith acu i dtaca le teacht isteach san Aontas agus idirthuras tríd an Aontas ar choinníoll gur eisíodh an deimhniú an 15 Eanáir 2023 ar a dhéanaí.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 139, 30.4.2004, lch. 55.

(2)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(3)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha, deimhnithe oifigiúla caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha, i dtaca le coinsíneachtaí catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí a theacht isteach san Aontas agus lena ngluaiseacht laistigh den Aontas, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 599/2004, Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 636/2014 agus (AE) 2019/628, Treoir 98/68/CE agus Cinntí 2000/572/CE, 2003/779/CE agus 2007/240/CE (IO L 442, 30.12.2020, lch. 1).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis dóibh a theacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chaibidil 50:

‘CAIBIDIL 50

DEIMHNIÚ SLÁINTE AINMHITHE/OIFIGIÚIL CAIGHDEÁNACH LE hAGHAIDH TEACHT ISTEACH TÁIRGÍ ILCHODACHA NACH mBAINEANN FADRÉ LEO AGUS TÁIRGÍ ILCHODACHA FADRÉ SAN AONTAS, A bhFUIL AON CHAINNÍOCHT DE THÁIRGÍ FEOLA IONTU SEACHAS GEILITÍN, COLLAIGIN AGUS TÁIRGÍ AN-MHÍNPHRÓISEÁILTE, AGUS LENA gCAITHEAMH AG AN DUINE (DEIMHNIÚ CAIGHDEÁNACH COMP)

Image 1

Image 2

Image 3

Image 4

Image 5

Image 6

Image 7

Image 8

Image 9

Image 10

Image 11

Image 12

Image 13
’;

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chaibidil 52:

‘CAIBIDIL 52

DEIMHNIÚ SLÁINTE AINMHITHE CAIGHDEÁNACH LE HAGHAIDH IOMPAR TRÍD AN AONTAS CHUIG TRÍÚ TÍR Á N-IOMPAR LÁITHREACH NÓ TAR ÉIS STÓRÁLA SAN AONTAS I GCÁS TÁIRGÍ ILCHODACHA NACH mBAINEANN FADRÉ LEO AGUS TÁIRGÍ ILCHODACHA FADRÉ, INA bhFUIL AON CHAINNÍOCHT DE THÁIRGÍ FEOLA AGUS ATÁ LENA gCAITHEAMH AG AN DUINE (DEIMHNIÚ CAIGHDEÁNACH TRANSIT-COMP)

Image 14

Image 15

Image 16

Image 17

Image 18

Image 19

Image 20

Image 21
’.


Top