EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0960

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/960 ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2022 lena gceartaítear an leagan Seicise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 maidir le híos-sonraíochtaí teicniúla agus íosnósanna imeachta teicniúla a leagan amach i dtaca le leibhéil dearbhaithe le haghaidh modh ríomh-shainaitheantais de bhun Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/3363

OJ L 165, 21.6.2022, p. 40–40 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/960/oj

21.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 165/40


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/960 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Meitheamh 2022

lena gceartaítear an leagan Seicise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 maidir le híos-sonraíochtaí teicniúla agus íosnósanna imeachta teicniúla a leagan amach i dtaca le leibhéil dearbhaithe le haghaidh modh ríomh-shainaitheantais de bhun Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (1), agus go háirithe Airteagal 8(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa leagan Seicise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 ón gCoimisiún (2), tá earráid san Iarscríbhinn, Roinn 2.1.2 (Seiceáil ar chéannacht agus fíorú céannachta (duine nádúrtha)), an ró a bhaineann leis an leibhéal Dearbhaithe “Ard”, an colún “Gnéithe a bhfuil gá leo”, pointe 1(c) a mhéid a bhaineann le sainaithint an leibhéil dearbhaithe is gá.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Seicise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

(3)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge,)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 257, 28.8.2014, lch. 73.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 maidir le híos-sonraíochtaí teicniúla agus íosnósanna imeachta teicniúla a leagan amach i dtaca le leibhéil dearbhaithe le haghaidh modh ríomh-shainaitheantais de bhun Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (IO L 235, 9.9.2015, lch. 7).


Top