EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0954

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/954 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 183/2014 a mhéid a bhaineann le ríomh coigeartuithe sonracha agus ginearálta ar phriacal creidmheasa a shonrú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/3008

OJ L 165, 21.6.2022, p. 24–25 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/954/oj

21.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 165/24


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/954 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Bealtaine 2022

lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 183/2014 a mhéid a bhaineann le ríomh coigeartuithe sonracha agus ginearálta ar phriacal creidmheasa a shonrú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 110(4), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bunaithe ar an sainmhíniú ar choigeartú ar phriacal creidmheasa a leagtar síos in Airteagal 4(1), pointe (95), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní féidir ach na caillteanais chreidmheasa ionchasacha a léirítear sna coigeartuithe sonracha ar phriacal creidmheasa arna ndéanamh ag an institiúid ag a bhfuil seilbh ar an risíocht ar mhainneachtain a chur san áireamh i sannadh ualaithe priacail chun críocha Airteagal 127(1) den Rialachán sin. Mar sin féin, na caillteanais chreidmheasa a chuirtear san áireamh i bpraghas idirbhirt na risíochta ar mhainneachtain, arna gcoimeád ag na hinstitiúidí díola mar chaillteanas réadaithe, ní féidir iad a aithint tar éis an díolacháin ag an institiúid ceannaigh. Mar thoradh air sin, féadfaidh athrú teacht ar an ualú priacail is infheidhme a chuirtear i bhfeidhm ar an risíocht ar mhainneachtain tar éis dhíolachán na risíochta sin, cé go n-ionchorpraítear leis an bpraghas idirbhirt lascaine ar mhéid arb ionann é agus méid na gcoigeartuithe sonracha ar phriacal creidmheasa le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha a chláraigh an institiúid díola roimh an díolachán. Leis an staid sin, cruthaítear bac rialála maidir le cruthú margaí tánaisteacha le haghaidh risíochtaí ar mhainneachtain, ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh an t-idirbheart chomh tarraingteach céanna don institiúid ceannaigh mar gheall ar an mí-ailíniú a d’fhéadfadh a bheith ann idir na hualuithe priacail a chuireann an institiúid díola agus an institiúid ceannaigh faoi seach i bhfeidhm ar an risíocht ar mhainneachtain agus, dá bhrí sin, chruthódh sé constaicí míchuí le haghaidh institiúidí creidmheasa maidir lena risíochtaí ar mhainneachtain a bhaint dá gcláir chomhardaithe.

(2)

Ina theannta sin, chun an fhéidearthacht go mbeadh méadú ar leibhéil na risíochtaí ar mhainneachtain ar fud institiúidí creidmheasa mar thoradh ar phaindéim COVID-19 a chur san áireamh, is inmhianaithe go mbainfear aon bhac rialála maidir le cruthú margaí tánaisteacha le haghaidh risíochtaí ar mhainneachtain. Is gá, dá bhrí sin, a áirithiú go n-ionchorprófar leis na coigeartuithe sonracha ar phriacal creidmheasa a aithníodh chun críocha Airteagal 127(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 aon lascaine i bpraghas idirbhirt risíochta ar mhainneachtain nár aithin an institiúid ceannaigh trí chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a mhéadú. Go háirithe, chun aon aitheantas dúbailte míchuí a sheachaint maidir leis an méadú a d’fhéadfadh a bheith ann i leibhéal an chaillteanais ionchasaigh ag an institiúid ceannaigh tar éis don institiúid sin caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a cheannach agus chun an t-ualú priacail i gcomhréir le hAirteagal 127(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chinneadh, i gcás ina ndéanfaí athluacháil ar an risíocht ar mhainneachtain a tharlódh tar éis a ceannaigh, leis an lascaine níor cheart an chuid de mhéid athluachála na risíochta ar mhainneachtain atá aitheanta mar risíocht lena méadaítear caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide a ionchorprú a thuilleadh.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 183/2014 ón gCoimisiún (2) a leasú dá réir sin.

(4)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin.

(5)

Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag an Údarás Baincéireachta Eorpach maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (3),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 183/2014

In Airteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 183/2014, cuirtear an mhír 6 seo a leanas leis:

“6.   Gan dochar do mhír 1, nuair a ríomhtar na coigeartuithe sonracha ar phriacal creidmheasa chun na hualuithe priacail dá dtagraítear in Airteagal 127(1), pointe (a) agus pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a shannadh don chuid neamhurraithe den risíocht ar mhainneachtain, áireoidh institiúidí aon difríocht dhearfach idir an méid atá dlite ag an oibleagáideoir maidir leis an risíocht sin agus suim na méideanna seo a leanas:

(a)

an laghdú breise ar chistí dílse dá díscríobhfaí an risíocht sin ina hiomláine;

(b)

aon laghdú ar chistí dílse atá ann cheana a bhaineann leis an risíocht sin.”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 183/2014 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2013 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, i ndáil le caighdeáin theicniúla rialála chun ríomh coigeartuithe sonracha agus ginearálta ar phriacal creidmheasa a shonrú (IO L 57, 27.2.2014, lch. 3).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).


Top