EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0949

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/949 ón gComhairle an 20 Meitheamh 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2016/1686 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda, agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a bhaineann leo

ST/10002/2022/INIT

OJ L 164I, 20.6.2022, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/949/oj

20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 164/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/949 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2022

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2016/1686 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda, agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a bhaineann leo

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1686 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda, agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a bhaineann leo (1), agus go háirithe Airteagal 4(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 20 Meán Fómhair 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/1686.

(2)

I bhfianaise na bagartha leanúnaí ó ISIL (Da’esh) agus ó Al-Qaeda, agus ó dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann leo, ba cheart triúr agus grúpa amháin a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2016/1686 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 20 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 255, 21.9.2016, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686 mar a leanas:

(1)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach faoin gceannteideal “A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 3”:

“12.

Sidan Ag HITTA (dá ngairtear freisin Asidan Ag Hitta, Abd Abu ’al-Hakim, Abu Abdelhakim al-Kidali, Abu Qarwani, Al Qaïrawani, Abou Abdel Hamid Al Kidali); dáta breithe: 1976; áit bhreithe: Kidal, Mali; inscne: fireann; náisiúntacht: Mailíoch.

13.

Salem ould BREIHMATT (dá ngairtear freisin OULD ABED Cheikh ould Mohamed Salec, Abu Hamza al-Shanqiti, Abu Hamza al-Shinqiti, Hamza al-Mauritani, NITRIK Hamza, Abu Hamza al-Chinguetti); dáta breithe: 1978 nó 1984; áit bhreithe: Mauritania; inscne: fireann; náisiúntacht: Máratánach.

14.

Jafar DICKO (dá ngairtear freisin Jaffar Dicko, Abdoul Salam Dicko, Amadou Boucary, Amadou Boucary Dicko); dáta breithe: 1980 (meastar); inscne: fireann; náisiúntacht: ó Bhuircíne Fasó.”;

(2)

cuirtear isteach an iontráil seo a leanas faoin gceannteideal “B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3”:

“4.

Ansarul Islam (dá ngairtear freisin Ansar al-Islam, Ansarour Islam, Ansaroul Islam, Defenders of Islam, Ansar-ul-islam lil-ichad wal jihad, IRSAD, Ansar ul Islam of Malam Boureima Dicko).”.

Top