EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0926

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/926 ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí feadán agus píopaí d’iarann teilgthe insínte (ar a dtugtar iarann teilgthe graifíte sféaróideach freisin) ar de thionscnamh na hIndia iad tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2022/3817

OJ L 161, 16.6.2022, p. 1–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 24/11/2023

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/926/oj

16.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 161/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/926 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Meitheamh 2022

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí feadán agus píopaí d’iarann teilgthe insínte (ar a dtugtar iarann teilgthe graifíte sféaróideach freisin) ar de thionscnamh na hIndia iad tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint in aghaidh allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Imscrúduithe a rinneadh roimhe seo agus bearta atá i bhfeidhm

(1)

Trí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/388 (2) (“an Rialachán bunaidh”), d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí feadán agus píopaí d’iarann teilgthe insínte (ar a dtugtar iarann teilgthe graifíte sféaróideach freisin) ar de thionscnamh na hIndia iad (“na bearta bunaidh”). An t-imscrúdú ar forchuireadh na bearta bunaidh mar thoradh air, gairfear “an t-imscrúdú bunaidh” anseo feasta dó.

(2)

An dleacht frithdhumpála a forchuireadh, bhí idir 0 % le haghaidh Electrosteel Castings Ltd agus 14,1 % le haghaidh Jindal Saw Limited agus “gach cuideachta eile” i gceist léi.

(3)

Trí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/387 (3), d’fhorchuir an Coimisiún dleacht frithchúitimh chinntitheach ar an táirge céanna. An dleacht frithchúitimh a forchuireadh, bhí idir 8,7 % le haghaidh Jindal Saw Limited agus 9 % le haghaidh Electrosteel Castings Ltd agus “gach cuideachta eile” i gceist léi.

(4)

Tar éis bhreithiúnais na Cúirte Ginearálta in T-300/16 agus T-301/16 (4), cheartaigh an Coimisiún botúin a d’aimsigh na Cúirteanna Ginearálta agus an dleacht frithdhumpála agus frithchúitimh á ríomh le haghaidh Jindal Saw Limited. Trí Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) 2020/526 (5) agus (AE) 2020/527 (6), d’athfhorchuir an Coimisiún dleacht frithdhumpála agus frithchúitimh chinntitheach nua le haghaidh Jindal Saw Limited, ar rátaí 3 % agus 6 % faoi seach.

(5)

Tá na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair ar rátaí idir 0 % le haghaidh Electrosteel Castings Ltd, 3 % le haghaidh Jindal Stainless Limited agus 14,1 % le haghaidh “gach cuideachta eile”. Na dleachtanna frithchúitimh atá i bhfeidhm faoi láthair is é 6 % le haghaidh Jindal Saw Limited agus 9 % le haghaidh Electrosteel Castings Ltd agus “gach cuideachta eile” atá i gceist leo.

1.2.   Iarraidh ar athbhreithniú éaga

(6)

Tar éis fógra a fhoilsiú maidir le dul in éag atá le tarlú (7), fuair an Coimisiún iarraidh maidir le hathbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán.

(7)

Rinne Saint-Gobain PAM, Saint-Gobain PAM Deutschland GmbH agus Saint-Gobain PAM España S.A. (“na hiarratasóirí”) an iarraidh ar athbhreithniú éaga a chur isteach an 21 Nollaig 2020, thar ceann táirgeoirí de chuid an Aontais ag bhfuil breis agus 50 % de tháirgeacht iomlán an Aontais maidir le feadáin agus píopaí d’iarann teilgthe insínte. Bhí an iarraidh ar athbhreithniú bunaithe ar na forais gur dhócha go leanfar den dumpáil nó go dtarlóidh sí arís agus go leanfar den díobháil nó go dtarlóidh sí arís don tionscal de chuid an Aontais mar thoradh ar dhul in éag na mbeart.

1.3.   Athbhreithniú éaga a thionscnamh

(8)

Tar éis don Choimisiún a chinneadh gurbh ann d’fhianaise leordhóthanach chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain an Coimisiún athbhreithniú éaga, an 17 Márta 2021, maidir le hallmhairí isteach san Aontas d’fheadáin agus de phíopaí d’iarann teilgthe insínte ar de thionscnamh na hIndia iad (“an tír lena mbaineann”) ar bhonn Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (8) (“an Fógra Tionscnaimh”).

(9)

An dáta céanna, thionscain an Coimisiún athbhreithniú éaga ar na bearta frithchúitimh maidir le hallmhairí an táirge chéanna (9).

1.4.   Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus an tréimhse a measadh

(10)

An t-imscrúdú ar an dóchúlacht go leanfar den dumpáil agus den díobháil nó go dtarlóidh siad arís, is imscrúdú é a chumhdaigh an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020 (“tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin”). Leis an imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go leanfar den díobháil nó go dtarlóidh sí arís, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí deireadh thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin (“an tréimhse faoi bhreathnú”).

1.5.   Páirtithe leasmhara

(11)

San Fhógra Tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún táirgeoirí de chuid an Aontais ar an eolas go sonrach faoi thionscnamh an athbhreithnithe éaga, mar aon le táirgeoirí aitheanta san India agus údaráis na hIndia, allmhaireoirí aitheanta, úsáideoirí mar aon le comhlachais is eol iad a bheith bainteach leis, agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach.

(12)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt ar thionscnamh an athbhreithnithe éaga agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála. Níor iarr aon pháirtí leasmhar éisteacht.

(a)    Sampláil

(13)

San Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé sampláil ar na páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

Sampláil táirgeoirí ón Aontas

(14)

San Fhógra Tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún go raibh sampla de thrí tháirgeoir de chuid an Aontais roghnaithe go sealadach aige. Is cuid den ghrúpa cuideachtaí céanna iad na táirgeoirí sin de chuid an Aontais. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn mhéid tháirgeacht agus dhíolacháin an táirge chomhchosúil san Aontas le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, i.e. idir an 1 Eanáir 2020 agus an 31 Nollaig 2020. Cuimsíodh le sampla cinntitheach na dtáirgeoirí de chuid an Aontais thart ar [70-85] % de tháirgeacht mheasta iomlán an Aontais agus [70-85] % de mhéid dhíolacháin mheasta iomlána an Aontais den táirge comhchosúil, rud a áirithíonn raon maith geografach freisin.

(15)

I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt faoin sampla sealadach, ach ní bhfuair sé aon bharúil. Dá bhrí sin, deimhníodh an sampla sealadach agus measadh go raibh an sampla ionadaíoch den tionscal de chuid an Aontais.

Sampláil allmhaireoirí

(16)

Chun a chinneadh cibé acu a bhí nó nach raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí gá léi, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhghaolmhara an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. Mar sin féin, mar gheall nár tháinig aon allmhaireoir neamhghaolmhar chun cinn, níor riachtanach sampláil a dhéanamh.

Sampláil na dtáirgeoirí san India

(17)

Chun a chinneadh cé acu ar riachtanach sampláil a dhéanamh nó nár riachtanach agus, más amhlaidh gurbh ea, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir aitheanta san India an fhaisnéis a sonraíodh san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Rialtas na hIndia táirgeoirí eile a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh, ar táirgeoirí iad a bhféadfadh suim a bheith acu a bheith rannpháirteach san imscrúdú.

(18)

Toisc nár sholáthair ach trí tháirgeoir freagra samplála laistigh den teorainn ama dá bhforáiltear, chinn an Coimisiún nár riachtanach sampláil a dhéanamh.

(b)    Ceistneoirí

(19)

Sheol an Coimisiún ceistneoirí chuig grúpa na dtrí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais agus chuig na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin a sholáthair freagra samplála. Cuireadh na ceistneoirí céanna ar fáil ar líne (10) an lá a tionscnaíodh iad.

(20)

Fuair an Coimisiún freagraí ar na ceistneoirí ó na trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais agus ó tháirgeoir amháin de na táirgeoirí onnmhairiúcháin, Tata Metaliks Limited (“TML”). Cé gur chuir an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin eile freagraí samplála isteach, níor chuir siad freagra ar an gceistneoir isteach dá éis sin agus, dá bhrí sin, níor chomhoibrigh siad leis an imscrúdú.

(c)    Fíorú

(21)

I bhfianaise ráig COVID-19 agus na mbeart gaibhniúcháin a chuir tríú tíortha éagsúla i bhfeidhm, níor fhéad an Coimisiún cuairteanna fíorúcháin a dhéanamh de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán ag áitreabh an táirgeora onnmhairiúcháin. Ina ionad sin, rinne an Coimisiún cros-seiceáil go cianda ar an bhfaisnéis uile a measadh a bheith riachtanach le haghaidh a chinntí i gcomhréir lena Fhógra maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais (11). Rinne an Coimisiún cros-seiceáil chianda ar an táirgeoir onnmhairiúcháin a leanas:

Tata Metaliks Limited

(22)

Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh a bheith riachtanach le haghaidh an imscrúdaithe. Is ar áitreabh na dtáirgeoirí a leanas de chuid an Aontais agus ar áitreabh eintitis díolacháin ghaolmhair san Iodáil a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:

Saint-Gobain PAM, Pont-à-Mousson, an Fhrainc

Saint-Gobain PAM Deutschland GmbH, Saarbrücken, an Ghearmáin

Saint-Gobain PAM Italia S.P.A, Milano, an Iodáil

1.6.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(23)

An 18 Márta 2022, nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha ar ar a mbonn a bhí sé beartaithe aige na dleachtanna frithchúitimh a choinneáil ar bun. Deonaíodh tréimhse do na páirtithe uile ina bhféadfaidís barúlacha a dhéanamh maidir leis an nochtadh.

(24)

Níor chuir ach Tata Metaliks Limited barúlacha isteach laistigh den sprioc-am. Bhreithnigh an Coimisiún na barúlacha agus cuireadh san áireamh iad, i gcás inarbh iomchuí. Níor iarr aon pháirtí éisteacht.

1.7.   Barúlacha maidir le tionscnamh

(25)

Chuir úsáideoir amháin, i.e. Hydro Mat Benelux, agus táirgeoir onnmhairiúcháin amháin, i.e. Tata Metaliks Limited, barúlacha isteach maidir le tionscnamh.

(26)

Thug an Coimisiún dá aire gur chuir Tata Metaliks Limited a bharúlacha isteach maidir le tionscnamh an 17 Feabhra 2022, breis is 9 mí tar éis sprioc-am na 37 lá tar éis dháta foilsithe an Fhógra Tionscnaimh mar a shainítear i bpointe 5.2 den Fhógra Tionscnaimh. Dá bhrí sin, níor chuir an Coimisiún an aighneacht sin san áireamh.

(27)

Thug an Coimisiún dá aire, cé gur chuir Hydro Mat Benelux barúlacha isteach maidir leis an tionscnamh, nár chomhoibrigh sé leis an imscrúdú go hiomlán. Go háirithe, níor líon an chuideachta isteach an ceistneoir a socraíodh le haghaidh úsáideoirí, ar ceistneoir é a d’fhéadfaí a úsáid chun cros-seiceáil a dhéanamh ar chuid de na ráitis a liostaítear thíos, i.e. praghsanna díola na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin nó doiciméid a bhaineann le soláthar poiblí, mar shampla.

(28)

Ar dtús, mhaígh Hydro Mat Benelux gur cheart na himeachtaí a fhoirceannadh toisc nár cuireadh an iarraidh isteach laistigh de 3 mhí roimh an dáta éaga, rud a luaitear san Fhógra maidir le dul in éag atá le tarlú (12).

(29)

Shoiléirigh an Coimisiún i dtaca leis an dáta tíolactha a luaitear san Fhógra Tionscnaimh, nár chomhfhreagair sé don dáta ar ar cuireadh an iarraidh isteach. Toisc gur féidir é a fheiceáil i leagan oscailte na hiarrata ar athbhreithniú atá ar fáil sa chomhad neamhrúnda ón 17 Márta 2021 amach agus go bhfuil sí inrochtana ag gach páirtí leasmhar, cuireadh an iarraidh isteach go cuí an 18 Nollaig 2020, is é sin, laistigh den tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(30)

Dá éis sin, mhaígh Hydro Mat Benelux go mbaintear an iomarca úsáide as an rúndacht san iarraidh. Go háirithe, d’innéacsaigh an tionscal de chuid an Aontais na táscairí uile a bhain lena fheidhmíocht eacnamaíoch. Thagair an páirtí do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1336 (13) lenar nocht an Coimisiún na sonraí micreacnamaíocha ar le haon táirgeoir amháin de chuid an Aontais iad.

(31)

Thug an Coimisiún dá aire i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1336 gur soláthraíodh na micreatháscairí uile (praghsanna díola agus méid na ndíolachán, costas aonaid an táirgthe, costais saothair, stoic dheiridh, brabúsacht, etc.) ina raonta nó ina n-innéacsanna.

(32)

Ina theannta sin, maidir leis an leagan den iarraidh ar athbhreithniú éaga a cuireadh sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara, mheas an Coimisiún go raibh an fhaisnéis fhíor-riachtanach uile ann mar aon leis na hachoimrí neamhrúnda uile ar shonraí a marcáladh mar shonraí rúnda, chun go ndéanfadh páirtithe leasmhara barúlacha lánbhrí agus go bhfeidhmeodh siad a gcearta cosanta ar feadh na n-imeachtaí.

(33)

Maidir leis sin, mheabhraigh an Coimisiún thairis sin go ndéantar foráil le hAirteagal 19 den bhun-Rialachán maidir le faisnéis rúnda a chosaint in imthosca ina mbeadh buntáiste suntasach iomaíochta ann d’iomaitheoir dá nochtfaí an fhaisnéis sin nó ina ndéanfadh an nochtadh dochar suntasach do dhuine a sholáthraíonn an fhaisnéis nó do dhuine óna bhfuair an duine sin an fhaisnéis. Dá dheasca sin, diúltaíodh do na maímh sin.

(34)

Ar an tríú dul síos, mhaígh an páirtí nár léiríodh gnáth-imthosca eacnamaíocha sa chéad leath de 2020 agus gur mheas sé nach raibh an tréimhse ionadaíoch chun measúnú réamhbhreathnaitheach a dhéanamh ar iarmhairtí dhul in éag na mbeart atá á bplé. Mhaígh an páirtí gurbh iad na tionchair eacnamaíocha dhiúltacha i ngeall ar COVID-19 ba chúis le feidhmíocht dhiúltach an tionscail de chuid an Aontais sa chéad leath de 2020 mar aon leis an méadú ar chostas na n-amhábhar ar mhargaí an domhain nárbh fhéidir iad a chur ar aghaidh chuig tomhaltóirí iartheachtacha. Thairis sin, mhaígh sé nach leochaileacht a léiríodh leis na príomhtháscairí le haghaidh na tréimhse 2017-2019 ach tionscal de chuid an Aontais a bhí sláintiúil, go háirithe agus anailís á dhéanamh ar an táirgeacht, an acmhainneacht táirgeachta, na fardail, na hinfheistíochtaí, na praghsanna díola agus ar an mbrabúsacht.

(35)

Mheabhraigh an Coimisiún go gceanglaítear le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán go mbeidh fianaise leordhóthanach san iarraidh gur dócha go leanfar den díobháil agus go dtarlóidh an díobháil arís dá rachadh na bearta in éag. Maidir leis an gcás atá idir lámha, tá fianaise san anailís shonrach ar dhíobháil atá san iarraidh ar athbhreithniú éaga, fianaise lena léirítear go bhfuil allmhairí de chuid na hIndia ag dul i bhfód go suntasach ar mhargadh an Aontais, ar allmhairí iad a dhéantar ar phraghsanna a dhéanann praghsanna an tionscail de chuid an Aontais a shladghearradh agus a ghanndíol go substaintiúil. Dá réir sin, mheas an Coimisiún go raibh fianaise leordhóthanach san iarraidh ar athbhreithniú éaga gur leanadh den díobháil agus dhiúltaigh sé don mhaíomh.

(36)

Ar an gceathrú dul síos, rinne an páirtí anailís ar an tréimhse 2017-2020 agus d’áitigh nár thacaigh na sonraí allmhairiúcháin a bhí ar fáil leis an maíomh gur dhócha go dtarlódh an díobháil arís. Thairis sin, mhaígh an páirtí maidir leis na praghsanna onnmhairiúcháin de chuid na hIndia, nach raibh na corrlaigh shladghearrtha agus ghearrdhíola a ríomh an t-iarratasóir iontaofa toisc gur léirigh na praghsanna onnmhairiúcháin an praghas aistrithe idir páirtithe gaolmhara, i.e. na táirgeoirí de chuid na hIndia agus a bhfochuideachtaí gaolmhara. Ar deireadh, mhaígh an páirtí gur mhéadaigh na táirgeoirí de chuid na hIndia a n-acmhainneacht táirgeachta chun déileáil leis an bhfás atá ag teacht ar mhargadh intíre na hIndia agus nach raibh sé beartaithe ag na príomhtháirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na hIndia a n-acmhainneacht táirgeachta a leathnú.

(37)

Mheas an Coimisiún nár bhréagnaigh aon cheann de na líomhaintí an chonclúid go raibh fianaise leordhóthanach ann chun nós imeachta frithdhumpála a thionscnamh. Go deimhin, bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh ar athbhreithniú éaga go raibh tionchar díobhálach ábhartha ag allmhairí dumpáilte ar staid an tionscail de chuid an Aontais. Go háirithe, ní hamháin gur sholáthair na hiarratasóirí ríomhanna sladghearrtha ar leibhéal teorann ach ar an leibhéal lena seachadtar na hearraí chuig áitreabh na gcustaiméirí freisin, agus sladghearradh nár lú ná 14,9 % á thaispeáint. Taispeánadh san anailís shonrach ar dhíobháil a rinneadh san iarraidh ar athbhreithniú go raibh méadú ar dhul i bhfód allmhairí ón India ar mhargadh an Aontais (i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta araon) agus iad déanta ar phraghsanna lenar gearradh faoi phraghsanna an tionscail de chuid an Aontais go substaintiúil. Is cosúil go raibh tionchar díobhálach ábhartha aige sin ar staid an tionscail de chuid an Aontais, a thaispeántar mar shampla trí laghduithe ar dhíolacháin agus ar an sciar den mhargadh nó mar mheath ar thorthaí airgeadais. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(38)

Maidir leis an maíomh gur ar mhargadh na hIndia amháin a dhíreofar an méadú ar tháirgeacht na hIndia, níor sholáthair an páirtí aon fhianaise. Dá dheasca sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(39)

Ar an gcúigiú dul síos, mhaígh an páirtí nár cheart saincheisteanna ginearálta ó thaobh na hiomaíochta de a bheith ina n-údar le cinneadh gur leanadh de dhíobháil nó go ndearnadh an díobháil arís. Liostaigh an páirtí nithe éagsúla amhail an chaoi ar tháinig titim ar thomhaltas an Aontais ón ngéarchéim sa Limistéar euro, agus laghdú ar an gcaiteachas poiblí, agus go raibh tionchar diúltach aige sin ar iomaíochas an tionscail de chuid an Aontais dá bhrí sin, ar iomaíochas na bpíopaí plaisteacha, ar an deacracht fostaíocht a mhealladh, ar choinneáil na staide ceannasaí ar bun, ar an mbrú ar an bpróiseas tairisceana ó allmhairí ón tSín atá níos saoire.

(40)

Tugtar aghaidh ar an maíomh sin thíos in aithris (155).

(41)

Tar éis an nochta, d’áitigh Tata Metaliks Limited gur cumhdaíodh an tréimhse ó mhí Iúil 2019 go mí an Mheithimh 2020 leis na sonraí san iarraidh ar athbhreithniú a bhain le sonraí an tionscail de chuid an Aontais agus leis na hallmhairí. Thairis sin, sainíodh leis an bhFógra Tionscnaimh gur idir mí Eanáir 2020 go mí na Nollag 2020 tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Dar leis na gcuideachta, ba cheart an iarraidh ar athbhreithniú éaga a bheith tugtha cothrom le dáta ag na hiarratasóirí bunaithe ar thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin a shainítear san Fhógra Tionscnaimh, agus ba cheart na sonraí sin a bheith curtha ar fáil do pháirtithe. I ngeall nár scaipeadh an iarraidh nuashonraithe sin ar athbhreithniú ar na páirtithe, sháraigh an Coimisiún, dar leis, Airteagal 6.1.2 agus Airteagal 6.4 de Chomhaontú Frithdhumpála EDT.

(42)

Ar dtús, is é cleachtas coitianta an Choimisiúin a thorthaí a bhunú ar na sonraí is déanaí dá bhfuil ar fáil. Ní gá nach mbeidh na sonraí sin ag comhfhreagairt don tréimhse a shainítear san iarraidh ar athbhreithniú éaga ós rud é go mb’fhéidir nach raibh na sonraí ar fáil tráth a cuireadh an iarraidh ar athbhreithniú isteach. Níl aon fhoráil i gComhaontú Frithdhumpála ETD lena gceanglaítear ar an gCoimisiún a thorthaí a bhunú ar an tréimhse chéanna a shainítear san iarraidh ar athbhreithniú éaga. Dá éis sin, bhí an fhéidearthacht ag na páirtithe uile a mbarúlacha a thabhairt faoi na torthaí agus faoin bhfianaise a bhain le tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin a shainítear san Fhógra Tionscnaimh le linn an imscrúdaithe. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nár sháraigh sé aon chearta nós imeachta ná nár sháraigh sé Comhaontú Frithdhumpála ETD agus dhiúltaigh sé don mhaíomh.

(43)

Rinne Tata Metaliks Limited tagairt freisin don fhíoras gur dhiúltaigh an Coimisiún dá bharúlacha maidir le tionscnamh toisc gur tháinig siad tar éis an sprioc-ama dá bhforáiltear san Fhógra Tionscnaimh (féach aithris (26)). Dar leis-sean, ní bheadh feidhm ag an sprioc-dháta ach amháin tar éis do na hiarratasóirí na sonraí athbhreithnithe a fháil, sonraí a bhainfeadh le tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin mar a shainítear san Fhógra Tionscnaimh. D’áitigh Tata Metaliks Limited freisin gur “prionsabal socraithe den cheartas nádúrtha” agus “gur staid dlí shocraithe ar feadh gach dlínse” é gur féidir ceisteanna dlí a tharraingt anuas tar éis sprioc-amanna.

(44)

Mar a mhínítear in aithris (42), is leis an tréimhse ba dhéanaí dá raibh sonraí ar fáil a bhain tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, agus ní chomhfhreagraíonn an tréimhse sin leis an measúnú tosaigh ar an iarraidh ar athbhreithniú i gcónaí. Thairis sin, bhain an sprioc-am san Fhógra Tionscnaimh go sainráite le dáta foilsithe an Fhógra, agus níor bhain sé le haon dáta eile amhail cur isteach aon fhaisnéise ag páirtí. Ní dhealaítear idir ceisteanna dlí agus fíorais leis an sprioc-am san Fhógra Tionscnaimh agus tá feidhm chomhionann ag an sprioc-am maidir leis an dá cheann. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh dá bhrí sin.

2.   AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   An táirge lena mbaineann

(45)

Is ionann an táirge lena mbaineann agus an táirge san imscrúdú bunaidh eadhon feadáin agus píopaí d’iarann teilgthe insínte (ar a dtugtar iarann teilgthe graifíte sféaróideach freisin) (“píopaí insínte”), gan feadáin ná píopaí d’iarann teilgthe insínte nach bhfuil bratú inmheánach ná seachtrach orthu (“píopaí loma”), ar de thionscnamh na hIndia iad, a áireamh, ar táirge é atá faoi láthair faoi chóid AC ex 7303 00 10 (cód TARIC 7303001010) agus ex 7303 00 90 (cód TARIC 7303009010) (“an táirge lena mbaineann”).

(46)

Úsáidtear píopaí insínte chun uisce óil a sholáthar, séarachas a dhiúscairt agus talamh talmhaíochta a uisciú. Féadfaidh iompar uisce trí phíopaí insínte a bheith bunaithe ar bhrú nó ar dhomhantarraingt amháin. Tá na píopaí idir 60 mm agus 2 000 mm agus 5,5, 6,7 nó 8 méadar ar a bhfad. Bíonn líneáil stroighne nó ábhar eile iontu agus bratú since, péinteáil nó clúdach téipe orthu ar an taobh amuigh. Is cuideachtaí fóntais poiblí iad na príomhúsáideoirí deiridh.

2.2.   Táirge comhchosúil

(47)

Faoi mar a suíodh san imscrúdú bunaidh, is amhlaidh a deimhníodh leis an imscrúdú den athbhreithniú éaga sin go bhfuil na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna, mar aon leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag na táirgí seo a leanas:

an táirge lena mbaineann;

an táirge a táirgeadh agus a díoladh ar mhargadh intíre na tíre lena mbaineann; agus

an táirge arb é an tionscal de chuid an Aontais a tháirg agus a dhíol é.

(48)

Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

3.   AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAÍ DEN DUMPÁIL NÓ GO dTOSÓFAÍ ARÍS Í

(49)

I gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, agus mar a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh, scrúdaigh an Coimisiún cé acu ar dhócha nó nár dhócha go leanfar den dumpáil nó go dtarlódh sí arís de bharr dhul in éag na mbeart atá ann cheana. Scrúdaigh an Coimisiún ar dtús cibé ar leanadh den dumpáil i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin (Roinn 3.1) agus dá éis sin, cé acu ar dhócha go leanfar den dumpáil nó go dtarlóidh sí arís dá rachadh na bearta as feidhm (Roinn 3.2).

3.1.   Leanúint de dhumpáil le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin

3.1.1.   Treocht na n-allmhairí tar éis fhorchur na mbeart

(50)

I dtréimhse an imscrúdaithe bunaidh (14), d’onnmhairigh an India chuig an Aontas [80 000 - 100 000] tona den táirge lena mbaineann (bunaithe ar AE27) (15). Idir 2016 agus 2018, tar éis fhorchur na mbeart cinntitheach i mí an Mhárta 2016, tháinig laghdú ar na hallmhairí agus bhí a leibhéil idir 38 000 go 55 000 tona in aghaidh na bliana. In 2019, tháinig méadú ar na hallmhairí ón India arís go [64 000 - 75 000] tona.

(51)

Le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, tháinig laghdú go [44 000 - 52 000] tona ar allmhairí an táirge lena mbaineann. Tar éis thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, in 2021, tháinig méadú ar na hallmhairí arís go leibhéal 2019.

(52)

Ar an iomlán, i dtaca le hallmhairí an táirge lena mbaineann ón India, d’fhan siad ar leibhéal tábhachtach le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus bhí thart ar [10-14] % de mhargadh an Aontais i gceist leo, i gcomparáid le sciar [15-20] % den mhargadh a bhí i gceist le hallmhairí de chuid na hIndia le linn thréimhse an imscrúdaithe bunaidh.

3.1.2.   Comhar na dtáirgeoirí de chuid na hIndia agus bunús leis na torthaí

(53)

Chomhaontaigh trí tháirgeoir de chuid na hIndia dul i gcomhar i dtosach báire. Mar sin féin, tharraing dhá cheann de na cuideachtaí/grúpaí cuideachtaí sin a gcomhar siar níos déanaí (féach Roinn 1.5). I dtaca leis an aon chuideachta chomhoibríoch amháin, Tata Metaliks Limited, le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, dhíol an chuideachta formhór a táirgeachta ar an margadh intíre. Ba neamhshuntasach méid a hallmhairí iomlána dearbhaithe chuig an Aontas, ag comhfhreagairt do [< 1 %] de mhéid allmhairí iomlána an táirge lena mbaineann ón India chuig an Aontas (16). I bhfianaise mhéid an-íseal na gcainníochtaí a d’onnmhairigh Tata Metaliks Limited chuig an Aontas, níor mheas an Coimisiún go bhféadfadh onnmhairí Tata Metaliks Limited a bheith ina mbonn iontaofa chun a chinneadh cibé ar leanadh d’allmhairí ón India isteach san Aontas a dhumpáil.

(54)

Ós rud é gur fhan onnmhairí foriomlána an tháirge lena mbaineann i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin cuíosach ard (féach aithris (51)), bhunaigh an Coimisiún a thorthaí ar an leanúint den dumpáil ar na hallmhairí ón India chuig an Aontas ar na fíorais ab fhearr a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Ina leith sin, bhunaigh sé a thorthaí ar shonraí staidrimh allmhairiúcháin mar a thaifeadann Eurostat.

3.1.3.   Gnáthluach

(55)

Chun an gnáthluach a chinneadh, scrúdaigh an Coimisiún na sonraí a chuir an t-aon táirgeoir comhoibríoch amháin isteach ar dtús, Tata Metaliks Limited. I dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, dhíol an chuideachta cainníochtaí tábhachtacha den táirge lena mbaineann ar an margadh intíre. Thaifead Tata Metaliks Limisted na praghsanna intíre ina chóras cuntasaíochta ar bhonn méadar líneach. Le haghaidh cinntí maidir le dumpáil, rinne Tata Metaliks Limited na praghsanna a thiontú agus cóimheas aistrithe ó mhéadair go kg á úsáid. Nochtadh leis an imscrúdú nár léiríodh meáchan iarbhír an táirge i gceart leis an modh, agus dá bhrí sin, nach raibh na praghsanna a d’eascair as in aghaidh an kg ionadaíoch ar na praghsanna díola iarbhír. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún gan an fhaisnéis a chuir Tata Metaliks Limited faoina bhráid a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh, agus brath ar fhíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán ina áit sin.

(56)

Tar éis an nochta, d’áitigh Tata Metaliks Limited nár mhícheart an mhodheolaíocht a ghlac sé chun an t-aonad tomhais le haghaidh na ndíolachán intíre a thiontú ó fhad go meáchan. D’iarr sé dá bhrí sin ar an gCoimisiún a shonraí a chur san áireamh chun an gnáthluach a chinneadh.

(57)

Thug an Coimisiún dá aire, seachas an maíomh ginearálta, nár chuir Tata Metaliks Limited aon argóint shonrach ar aghaidh maidir le cruinneas na sonraí a chuir an chuideachta faoina bhráid. I gcodarsnacht leis an maíomh ó Tata Metaliks Limited, shuigh an Coimisiún le linn na cros-seiceála cianda (féach aithris (21) thuas) neamhréitigh shuntasacha idir meáchan tuairiscithe na dtáirgí a díoladh agus a bhfíormheáchan. Dá bhrí sin, chloígh an Coimisiún lena dhearcadh nach bhféadfaí sonraí Tata Metaliks Limited a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh.

(58)

D’ainneoin aon chomhair ó aon táirgeoir eile san India, shuigh an Coimisiún dá bhrí sin an gnáthluach ar fhíorais a bhí ar fáil, agus go háirithe ar an bhfaisnéis san iarraidh ar athbhreithniú. Áiríodh san fhaisnéis sin praghsanna a rinne a thairiscint, praghsanna a comhaontaíodh agus a íocadh le haghaidh cainníochtaí, trastomhais agus cineálacha iomadúla den táirge lena mbaineann i roinnt Stát agus bardas difriúil.

3.1.4.   An praghas onnmhairiúcháin

(59)

I bhfianaise gur mheas an Coimisiún nach raibh na cainníochtaí onnmhairiúcháin ísle de chuid Tata Metaliks Limited (féach aithris (53)) ionadaíoch d’onnmhairí foriomlána an táirge lena mbaineann chuig margadh an Aontais agus in éagmais comhair ó aon táirgeoir eile san India, shuigh an Coimisiún an praghas onnmhairiúcháin bunaithe ar shonraí CAL Eurostat arna gcoigeartú chuig leibhéal an phraghais dhírigh ón monarcha.

(60)

Tar éis an nochta d’áitigh Tata Metaliks Limited go raibh an mhodheolaíocht a chuir an Coimisiún i bhfeidhm míchothrom agus mícheart toisc go ngearrfar pionós ar Tata Metaliks Limited as aon dumpáil arna déanamh ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin ach go leanfadh na táirgeoirí sin de thairbhiú de rátaí frithdhumpála aonair a sannadh dóibh.

(61)

Mheabhraigh an Coimisiún, ós rud e gur cainníochtaí fíortheoranta a d’onnmhairigh Tata Metaliks Limited le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin chuig an Aontas, nach bhféadfadh an Coimisiún a shonraí a úsáid chun an praghas onnmhairiúcháin a chinneadh. In éagmais aon chomhair ó aon táirgeoir onnmhairiúcháin eile, ní raibh de rogha aige ach brath ar na sonraí staidrimh. Thairis sin, in aon chás agus mar a mhionsonraítear a thuilleadh in aithris (193), faoin athbhreithniú atá i bhfeidhm faoi láthair, ní thagann an Coimisiún ar chonclúid ach amháin maidir le cé acu is gá na bearta nó nach gá. Ní leasófar na rátaí dleachta a leagadh síos san imscrúdú bunaidh dá bhrí sin. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh dá bhrí sin.

3.1.5.   Comparáid

(62)

Rinne an Coimisiún comparáid idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin ar bhonn an phraghais dhírigh ón monarcha arna chinneadh mar a luaitear thuas i Roinn 3.1.3 agus Roinn 3.1.4.

(63)

Ar an mbonn sin, ba é 12 % an meánchorrlach dumpála le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, arna shloinneadh mar chéatadán den phraghas CAL ag teorainn an Aontas, agus an dleacht neamhíoctha.

3.1.6.   Conclúid

(64)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin gurbh amhlaidh le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, gur lean na táirgeoirí de chuid na hIndia den táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas ar phraghsanna dumpáilte.

3.2.   An dóchúlacht go leanfar den dumpáil dá rachadh na bearta as feidhm

(65)

Sa bhreis ar an toradh lena bhfuarthas gurbh ann don dumpáil le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, rinne an Coimisiún imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán ar an dóchúlacht go leanfar den dumpáil, dá rachadh na bearta as feidhm. Rinne an Coimisiún anailís ar na gnéithe a leanas go háirithe: an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht spártha san India, praghsanna ón India do thríú tíortha agus tarraingteacht mhargadh an Aontais i dtéarmaí mhéid an mhargaidh agus praghsanna.

3.2.1.   Acmhainneacht táirgeachta, acmhainneacht spártha san India agus praghsanna ón India do thríú tíortha

(66)

I dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, ba é thart faoi 2 mhilliún tona in aghaidh na bliana táirgeacht iomlán mheasta tháirgeoirí de chuid na hIndia maidir leis an táirge lena mbaineann. Is é thart faoi 2,5 milliún tona an acmhainneacht táirgeachta mheasta. Dá bhrí sin, is é thart faoi 500 000 tona in aghaidh na bliana an acmhainneacht spártha, rud is mó ná tomhaltas an táirge lena mbaineann ar mhargadh an Aontais i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, ar [388 000 go 454 000] tona a bhí i gceist léi.

(67)

Bunaithe ar an bhfianaise a chuir an t-iarratasóir isteach agus a deimhníodh leis an bhfaisnéis ón táirgeoir comhoibríoch, Tata Metaliks Limited, tá sé beartaithe ag roinnt de na táirgeoirí de chuid na hIndia lena n-áirítear Tata Metaliks Limited (17) infheistiú i méaduithe breise ar an acmhainneacht (18). Meastar gur thart faoi 1,5 milliún tona na hacmhainneachtaí breise iomlána atá le suiteáil sna blianta beaga amach romhainn.

(68)

Comhfhreagraíonn an fás ionchasach ar acmhainneachtaí leis an bhfás a mheastar a thiocfaidh ar an éileamh ar mhargadh na hIndia. Mar sin féin, tá sé beartaithe ag na mórtháirgeoirí aitheanta díriú ar na margaí onnmhairiúcháin (19). Mar shampla, luaigh an chuideachta Electrosteel Limited (cuid de Vedenta Group) go sainráite, i staidéar féidearthachta, go raibh a saoráid nua lonnaithe in aice le calafort, rud lena bhfeabhsaítear a sheans onnmhairiúcháin. Luadh go háirithe poitéinseal mór onnmhairí chuig Oirthear na hEorpa sa tuarascáil (20). Luaigh an chuideachta chomhoibríoch, Tata Metaliks Limited, le linn chros-seiceáil chianda a fhreagra ar an gceistneoir go raibh sé beartaithe aige leathnú chuig margadh an Aontais sa todhchaí freisin.

(69)

Thairis sin, de réir ceann de na himreoirí móra, an chuideachta Srikalahasthi Pipes Limited (“SPL”), sa mhéantéarma agus san fhadtéarma (7 go 10 mbliana), toisc go mbeidh na tionscadail dramhuisce agus uisce tugtha chun críche, gur mó an soláthar ná an t-éileamh a bheidh ann ar mhargadh na hIndia. Dá thoradh sin, beidh sé sin ina spreagadh breise do tháirgeoirí na hIndia chun díriú ar mhargaí onnmhairiúcháin níos mó agus níos mó.

(70)

Bunaithe ar a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil acmhainneacht shuntasach spártha ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndia, a d’fhéadfaidís a úsáid chun an táirge lena mbaineann a tháirgeadh le honnmhairiú chuig margadh an Aontais dá rachadh na bearta as feidhm, agus go bhfuil coinne leis go dtiocfaidh tuilleadh fáis ar an acmhainneacht spártha sin.

(71)

Maidir leis an praghsanna ón India do thríú tíortha, scrúdaigh an Coimisiún na praghsanna sin ar bhonn na staitisticí onnmhairiúcháin in Global Trade Atlas (“GTA”) ar leibhéal chód AC i.e. 7303 00 30. Bunaithe ar na staitisticí sin, shuigh an Coimisiún go bhfuil margadh an Aontais fós tarraingteacht i dtéarmaí a mhéide agus a phraghsanna toisc gurb é go mór fada an margadh onnmhairiúcháin is tábhachtaí é do tháirgeoirí píopaí insínte san India, agus is é a thógann 40 % dá n-onnmhairí ar an iomlán. Thairis sin, tá onnmhairí chuig an Aontas 25 huaire níos airde ná onnmhairí chuig an dara margadh onnmhairiúcháin is mó dá bhfuil ag an India, eadhon Catar. Ní thógann an margadh deiridh sin ach 2 % d’onnmhairí iomlána na hIndia. Ar deireadh, bhí praghsanna allmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na hIndia chuig margadh an Aontais beagán ní b’airde ná na praghsanna allmhairiúcháin chuig tíortha eile le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Dá thoradh sin, dá mba rud é go ligfí do na bearta dul as feidhm, bheadh spreagadh ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin chun a n-onnmhairí chuig an Aontas a mhéadú a thuilleadh fós.

3.2.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais agus praghsanna ar mhargadh an Aontais

(72)

Tá margadh na bpíopaí insínte san Aontas tábhachtach ([388 000 - 454 000] tona, féach aithris (66)). Tá coinne ag na hiarratasóirí leis go mbeidh an margadh ag fás a thuilleadh laistigh de na chéad 5 bliana eile (21).

(73)

I dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, ba é EUR [1 020 - 1 200] an meánphraghas in aghaidh an tona ar mhargadh an Aontais. Sa tréimhse chéanna, ba é EUR 595 in aghaidh an tona (praghas díreach ón monarcha) an praghas ar mhargadh. Dá bhrí sin, bhí na praghsanna ar mhargadh an Aontais thart faoi dhá oiread níos airde i gcomparáid le praghsanna na n-onnmhairí ón India.

(74)

Dá bhrí sin, i dtéarmaí na méide agus na bpraghsanna, bhí margadh an Aontais fós ina mhargadh tarraingteach le haghaidh na dtáirgeoirí de chuid na hIndia. Fíoras eile a thacaíonn leis sin is ea go raibh an sciar den mhargadh ag an táirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na hIndia fós tábhachtach (féach Tábla 2) le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus, mar a mhínítear in aithris (71) thuas, gurbh é 40 % de na onnmhairí iomlána ón India den táirge faoi athbhreithniú é margadh an Aontais.

3.3.   Conclúid maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil

(75)

Thaispeáin an t-imscrúdú gur lean onnmhairí na hIndia de bheith ag teacht isteach i margadh an Aontais ar phraghsanna dumpáilte le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(76)

D’aimsigh an Coimisiún fianaise freisin ar bhonn Airteagal 18 den bhun-Rialachán gur dócha go leanfar den dumpáil dá rachadh na bearta as feidhm. Bhí an acmhainneacht spártha san India suntasach i gcomparáid le tomhaltas an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Thairis sin, i dtaca le tarraingteacht mhargadh an Aontais i dtéarmaí méide agus praghsanna, tacaíonn sí leis an dóchúlacht go ndéanfaí onnmhairí agus acmhainneacht spártha na hIndia a dhíriú ar an Aontas, dá rachadh na bearta as feidhm. Dá dhroim sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur mhór an dóchúlacht go rachadh líon na n-onnmhairí dumpáilte den táirge lena mbaineann ón India chuig an Aontas i méid go suntasach dá rachadh na bearta frithdhumpála in éag.

(77)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dócha go leanfaí den dumpáil mar thoradh ar dhul in éag na mbeart frithdhumpála.

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainmhíniú ar an tionscal de chuid an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(78)

Laistigh den Aontas, táirgeann cúig chuideachta an táirge lena mbaineann. Tá trí cinn de na cuideachtaí sin ina mball den ghrúpa céanna. Bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil ón iarraidh, níorbh ann d’aon táirgeoir eile de chuid an Aontais maidir leis an táirge lena mbaineann san Aontas. Dá bhrí sin, is ionann iad agus an “tionscal de chuid an Aontais” de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

(79)

Toisc gur díorthaíodh na sonraí a bhain leis an measúnú díobhála ón ngrúpa céanna táirgeoirí go príomha, mar a luaitear in aithris (14), is i raonta nó i bhfoirm innéacsaithe a thugtar na figiúirí le haghaidh na hanailíse ar dhíobháil, ar chúiseanna rúndachta.

(80)

Suíodh táirgeacht iomlán an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin ag [372 000 - 436 000] tona. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn na faisnéise uile a bhí ar fáil a bhain leis an tionscal de chuid an Aontais, amhail maicreashonraí a sholáthair an t-iarratasóir agus sonraí a bailíodh ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(81)

Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn mhéid dhíolacháin iomlána an tionscail de chuid an Aontais san Aontas, ar an táirgeacht faoi chuing ar bhonn na sonraí a bailíodh ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais agus ar na meastacháin le haghaidh na dtáirgeoirí de chuid an Aontais a bhí fágtha, a sholáthair an t-iarratasóir, móide iomlán na n-allmhairí ó gach tír chuig an Aontas mar a thuairiscigh Eurostat (bunachar sonraí Comext).

(82)

Tháinig forbairt ar thomhaltas an Aontais mar a leanas:

Tábla 1

Tomhaltas an Aontais (i 1 000 tona)

 

2017

2018

2019

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

Tomhaltas Iomlán an Aontais

[376 - 440 ]

[389 - 455 ]

[420 - 492 ]

[388 - 454 ]

Innéacs (2017=100)

100

103

111

103

Margadh faoi chuing

[15 - 17 ]

[13 - 16 ]

[10 - 12 ]

[2 - 3 ]

Innéacs

100

91

68

18

An saormhargadh

[361 - 423 ]

[375 - 439 ]

[410 - 479 ]

[385 - 450 ]

Innéacs (2017=100)

100

103

113

106

Foinse: Eurostat Comext

(83)

Tháinig luaineacht i dtomhaltas an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ar an iomlán, tháinig méadú beag 3 % air in 2018, méadú 8 % in 2019 agus tháinig laghdú 8 % air in 2020. Mar thoradh air sin, tháinig méadú 3 % ar an tomhaltas le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(84)

Is le hinfheistíocht i mbonneagar maidir le cóireáil uisce a bhaineann úsáid na bpíopaí d’iarann insínte i ngeall ar a bhfeidhm, agus is ó na cuideachtaí soláthair uisce agus cóireála uisce, cé acu is cuideachtaí faoi úinéireacht phoiblí nó phríobháideach iad, is mó a éilíonn na píopaí d’iarann insínte san Aontas. Is i dtionscadail bonneagair mhóra is mó a úsáidtear píopaí insínte. Thairis sin, i dtaca le forbairt thomhaltas an Aontais, níor léiríodh tionchar mór i ngeall ar phaindéim COVID-19 toisc gur tosaíocht bhuan le haghaidh na n-údarás poiblí is ea feabhas a chur ar líonraí uisce. Dá bhrí sin, léiríonn treocht na hinfheistíochta bonneagair treocht thomhaltas an Aontais.

(85)

Thuairiscigh an tionscal de chuid an Aontais úsáid faoi chuing an táirge lena mbaineann, ar méid ba lú ná 5 % de thomhaltas iomlán an Aontais a bhí i gceist leis an úsáid sin in 2017 agus ar ar tháinig laghdú le linn na tréimhse faoi bhreathnú, laghdú ar lú ná 1 % é i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Mheas an Coimisiún dá bhrí sin nach raibh tionchar fiúntach ag an úsáid faoi chuing ar an anailís ar dhíobháil.

4.3.   Allmhairí ón India

4.3.1.   Méid na n-allmhairí ón India agus a sciar den mhargadh

(86)

Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí ar bhonn Eurostat (bunachar sonraí Comext). Suíodh an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí ar bhonn thomhaltas an Aontais, mar a leagtar amach in aithris (81).

(87)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar allmhairí an táirge lena mbaineann isteach san Aontas ón India:

Tábla 2

Méid na n-allmhairí (i 1 000 tona) agus an sciar den mhargadh

 

2017

2018

2019

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

Méid na n-allmhairí ón India

[45 - 52 ]

[38 - 45 ]

[64 - 75 ]

[44 - 52 ]

Innéacs (2017=100)

100

86

143

98

An sciar den mhargadh (mar %)

11 /15

9 /13

14 /18

10 /14

Innéacs (2017=100)

100

83

128

95

Foinse: Eurostat Comext

(88)

Tháinig luaineacht shuntasach i méid na n-allmhairí le linn na tréimhse faoi bhreathnú: in 2018, tháinig laghdú 14 % ar na hallmhairí, in 2019 tháinig méadú 68 % orthu agus ar deireadh le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, tháinig laghdú 31 % orthu.

4.3.2.   Praghsanna na n-allmhairí ón India

(89)

Shuigh an Coimisiún meánphraghsanna ualaithe na n-allmhairí ar bhonn staidreamh Eurostat Comext.

(90)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghas ualaithe na n-allmhairí isteach san Aontas ón India:

Tábla 3

Praghsanna allmhairí (EUR/tona)

 

2017

2018

2019

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

An India

553

562

586

585

Innéacs (2017=100)

100

101

105

105

Foinse: Eurostat Comext

(91)

In 2017-2018, bhí na praghsanna allmhairiúcháin cuíosach cobhsaí. Ó 2019 amach, tháinig méadú 5 % ar na praghsanna allmhairiúcháin agus d’fhan siad cobhsaí le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

4.3.3.   Sladghearradh praghsanna

(92)

Faoi mar a luaitear in aithris (53), níor chomhoibrigh ach táirgeoir amháin de chuid na hIndia leis an imscrúdú. Dhearbhaigh an táirgeoir sin gur cainníocht dhiomaibhseach a onnmhairíodh chuig an Aontas, ag comhfhreagairt do mhéid ba lú ná 1 % de mhéid allmhairí iomlána an táirge lena mbaineann ón India chuig an Aontas. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nárbh ionadaíoch an méid onnmhairí sin d’onnmhairí an táirge lena mbaineann chuig an Aontas agus chinn an sladghearradh praghais a shuíomh bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil.

(93)

Chuir an Coimisiún meánphraghsanna allmhairiúcháin ualaithe na hIndia ó thaobh chostas, árachas agus last-táille de, arna gcoigeartú le haghaidh costais iar-allmhairiúcháin, i gcomparáid le meánphraghas ualaithe an tionscail de chuid an Aontais. Le praghsanna allmhairiúcháin na hIndia, gearradh thart faoi [30-45] % faoi phraghsanna an tionscail de chuid an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

4.3.4.   Allmhairí ó thríú tíortha seachas an India

(94)

Le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, ba é [8 700 - 20 200] tona agus [2-4] % de thomhaltas an Aontais méid na n-allmhairí ó thríú tíortha seachas an India agus an sciar den mhargadh a bhí acu faoi seach. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhí meánphraghsanna ualaithe na n-allmhairí ó thríú tíortha ar leibhéal inchomparáide le praghsanna na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais in 2017-2018 agus thart faoi 25 % ní b’ísle ar feadh na tréimhse 2019-2020 (féach Tábla 8). Cé gur tháinig méadú beag ar mhéid na n-allmhairí ó thríú tíortha, i.e. méadú 2 %, ní raibh tionscnamh na bpíopaí insínte allmhairithe cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar shampla, in 2017, tháinig na príomh-allmhairí ó thríú tíortha ón tSín, ón Rúis agus ón Eilvéis, agus le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, ba iad an Tuirc agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabach na príomh-allmhaireoirí.

(95)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mhéid comhiomlánaithe na n-allmhairí isteach san Aontas mar aon leis an sciar den mhargadh agus treochtaí praghais le haghaidh allmhairí feadán agus píopaí d’iarann teilgthe insínte ó thríú tíortha eile:

Tábla 4

Méid na n-allmhairí agus sciar den mhargadh ó thríú tíortha eile

Tír

 

2017

2018

2019

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

An tSín

Méid (tona)

[2 900 - 3 400 ]

[1 400 - 1 700 ]

[3 900 - 4 600 ]

[200 - 400 ]

Innéacs

100

50

133

10

An sciar den mhargadh (mar %)

[0 - 1 ]

[0 - 1 ]

[0 - 2 ]

[0 - 1 ]

Innéacs (2017=100)

100

48

119

9

Meánphraghas (EUR/tona)

701

933

738

833

Innéacs (2017=100)

100

133

105

118

An Rúis

Méid (tona)

[2 000 - 2 500 ]

[1 400 - 1 600 ]

[2 900 - 3 600 ]

[1 200 - 1 600 ]

Innéacs (2017=100)

100

67

147

63

An sciar den mhargadh (mar %)

[0 - 1 ]

[0 - 1 ]

[0 - 1 ]

[0 - 1 ]

Innéacs (2017=100)

100

65

132

61

Meánphraghas (EUR/tona)

568

697

735

698

Innéacs (2017=100)

100

122

129

122

An Eilvéis

Méid (tona)

[3 400 - 4 400 ]

[1 800 - 2 200 ]

[1 600 - 2 000 ]

[800 - 1 000 ]

Innéacs (2017=100)

100

52

47

23

An sciar den mhargadh (mar %)

[0 - 1 ]

[0 - 1 ]

[0 - 1 ]

[0 - 1 ]

Innéacs (2017=100)

100

51

42

23

Meánphraghas (EUR/tona)

1 604

1 656

1 714

1 817

Innéacs (2017=100)

100

103

106

113

An Tuirc

Méid (tona)

[10 - 20 ]

[10 - 20 ]

[3 100 - 3 650 ]

[4 200 - 5 000 ]

Innéacs (2017=100)

100

115

25 750

35 070

An sciar den mhargadh (mar %)

[0 - 1 ]

[0 - 1 ]

[0 - 1 ]

[1 - 2 ]

Innéacs (2017=100)

100

111

23 065

34 035

Meánphraghas (EUR/tona)

1 136

1 750

838

1 007

Innéacs (2017=100)

100

153

73

88

Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Méid (tona)

[460 - 590 ]

[3 700 - 4 400 ]

[4 800 - 5 600 ]

[6 400 - 7 600 ]

Innéacs (2017=100)

100

766

988

1 322

An sciar den mhargadh (mar %)

[0 - 1 ]

[0 - 1 ]

[1 - 2 ]

[1 - 2 ]

Innéacs (2017=100)

100

741

884

1 282

Meánphraghas (EUR/tona)

712

786

722

705

Innéacs (2017=100)

100

110

101

99

Tríú tíortha eile

Méid (tona)

[10 - 20 ]

[150 - 200 ]

[10 - 50 ]

[150 - 300 ]

Innéacs (2017=100)

100

994

200

1 457

An sciar den mhargadh (mar %)

[0 - 1 ]

[0 - 1 ]

[0 - 1 ]

[0 - 1 ]

Innéacs (2017=100)

100

962

179

1 414

Meánphraghas

508

1 422

1 980

897

Innéacs (2017=100)

100

279

389

176

Iomlán na dtríú tíortha uile cé is moite den India

Méid (tona)

[8 700 - 11 200 ]

[8 800 - 10 500 ]

[16 000 - 19 600 ]

[13 500 - 15 800 ]

Innéacs (2017=100)

100

94

180

145

An sciar den mhargadh (mar %)

[1 - 3 ]

[1 - 3 ]

[3 - 5 ]

[3 - 5 ]

Innéacs (2017=100)

100

91

161

141

Meánphraghas (EUR/tona)

1 033

1 004

856

879

Innéacs (2017=100)

100

97

82

85

Foinse: Bunachar Sonraí Eurostat Comext

4.4.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.4.1.   Barúlacha ginearálta

(96)

Cuimsíodh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(97)

Mar a luaitear in aithris (13), úsáideadh sampláil chun staid eacnamaíoch an tionscail de chuid an Aontais a mheasúnú.

(98)

Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn sonraí a bhain leis na táirgeoirí uile de chuid an Aontais, rud atá san iarraidh ar athbhreithniú éaga. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn sonraí sna freagraí ceistneora ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. Bhain na sonraí le táirgeoirí sampláilte an Aontais. Fuarthas amach go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch ar staid eacnamaíoch an tionscail de chuid an Aontais.

(99)

Is iad seo na táscairí maicreacnamaíocha: an táirgeacht, an acmhainneacht táirgeachta, an úsáid acmhainneachta, an méid díolachán, an scair den mhargadh, an fás, an fhostaíocht, an táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil roimhe sin.

(100)

Is iad seo na táscairí micreacnamaíocha: na meánphraghsanna aonaid, an costas aonaid, na costais saothair, na fardail, an bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, na hinfheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí, agus cumas chun caipiteal a chruinniú.

4.4.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.4.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(101)

Tháinig forbairt ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 5

Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2017

2018

2019

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

Méid táirgeachta (i 1 000 tona)

[408 - 478 ]

[452 - 530 ]

[436 - 510 ]

[372 - 436 ]

Innéacs (2017=100)

100

110

106

91

An acmhainneacht táirgeachta (i 1 000 tona)

[824 - 965 ]

[824 - 965 ]

[824 - 965 ]

[743 - 870 ]

Innéacs (2017=100)

100

100

100

90

An úsáid acmhainneachta (mar %)

[47 - 51 ]

[52 - 56 ]

[50 - 54 ]

[48 - 51 ]

Innéacs (2017=100)

100

110

106

101

Foinse: Sonraí arna soláthar ag an tionscal de chuid an Aontais agus i bhfreagraí fíoraithe ar an gceistneoir ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

(102)

Tháinig laghdú 9 % ar tháirgeacht an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú tar éis méadú 10 % in 2018.

(103)

Bhí treocht chomhchosúil i gceist leis an acmhainneacht táirgeachta agus laghdú 10 % ag teacht uirthi le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(104)

D’fhan an úsáid acmhainneachta cobhsaí agus an laghdú ar an acmhainneacht táirgeachta ag teacht i ndiaidh an laghdaithe ar tháirgeacht an Aontais.

(105)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Tata Metaliks Limited nach bhféadfadh na hallmhairí ón India a bheith ina gcúis leis an tionscal de chuid an Aontais a acmhainneacht táirgeachta a laghdú ach an laghdú ar an éileamh i gcomparáid le 2019.

(106)

Rinneadh cinneadh an tionscail de chuid an Aontais chun laghdú a dhéanamh ar a acmhainneacht táirgeachta roimh ghéarchéim COVID-19 agus ní raibh aon nasc dá bhrí sin ag an gcinneadh leis an laghdú ar an tomhaltas idir 2019 agus tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

4.4.2.2.   An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

(107)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú tháinig forbairt ar mhéid na ndíolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh mar a leanas:

Tábla 6

Méid na ndíolachán agus an sciar den mhargadh atá ag na táirgeoirí de chuid an Aontais

 

2017

2018

2019

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

Méid na ndíolachán ar mhargadh an Aontais (i 1 000 tona)

[321 - 376 ]

[341 - 399 ]

[338 - 396 ]

[329 - 386 ]

Innéacs

100

106

105

102

An sciar den mhargadh (mar %)

[82 - 88 ]

[84 - 90 ]

[77 - 83 ]

[81 - 87 ]

Innéacs

100

102

94

99

Díolacháin an mhargaidh faoi chuing (i 1 000 tona)

[15 - 17 ]

[13 - 16 ]

[10 - 12 ]

[2 - 3 ]

Innéacs

100

91

68

18

An sciar den mhargadh ag díolacháin an mhargaidh faoi chuing (mar %)

[3 - 4 ]

[3 - 4 ]

[2 - 3 ]

[0 - 1 ]

Innéacs

100

88

61

18

Foinse: Sonraí arna soláthar ag an tionscal de chuid an Aontais agus i bhfreagraí fíoraithe ar an gceistneoir ó tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(108)

I dtaca le méid dhíolacháin an táirge chomhchosúil ag an tionscal de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus leis an sciar den mhargadh, níor lean siad an méadú ar thomhaltas an Aontais, seachas i gcás 2019. Go háirithe, in 2019, níor thairbhigh an tionscal de chuid an Aontais den mhéadú ar an tomhaltas, i gcodarsnacht leis na hallmhairí ón India.

(109)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Tata Metaliks Limited go raibh an sciar den mhargadh ag an tionscal de chuid an Aontais fós ard ag thart faoi 85 % agus gur tháinig méadú air i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin i gcomparáid le blianta roimhe. Bhí méid dhíolacháin an Aontais os cionn bhliain 2017 go comhsheasmhach freisin. D’fhéadfadh an méid i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin a bheith ní b’airde gan tionchar ghéarchéim COVID-19. Mheas an páirtí nár léirigh conclúid an Choimisiúin an staid fhíorasach.

(110)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár thairbhigh an tionscal de chuid an Aontais de sciar ard den mhargadh. Mar a mhínítear in aithris (133), rinne na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais caillteanais le linn na tréimhse ar fad faoi bhreathnú, de dheasca an bhrú shubstaintiúil praghsanna ó na hallmhairí ón India (féach aithris (151)). Chomh maith leis sin, mar a mhínítear in aithris (108) níor lean an sciar den mhargadh de chuid an Aontais an méadú ar thomhaltas an Aontais agus, neamhchosúil le hallmhairí ón India, níor thairbhigh díolacháin an Aontais den mhéadú ar an tomhaltas in 2019. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

4.4.2.3.   Fás

(111)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú 3 % ar thomhaltas an Aontais, ach tháinig méadú 2 % ar mhéid na ndíolachán le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas. Dá thoradh sin, d’ainneoin an mhéadaithe ar an tomhaltas, tháinig laghdú beag ar an sciar den mhargadh ag an tionscal de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

4.4.2.4.   An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

(112)

Tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 7

An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

 

2017

2018

2019

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

Líon na bhfostaithe

[1 820 - 2 540 ]

[1 820 - 2 540 ]

[1 810 - 2 530 ]

[1 700 - 2 390 ]

Innéacs

100

100

99

93

Táirgiúlacht (tona in aghaidh an fhostaí)

[162 - 226 ]

[179 - 250 ]

[173 - 242 ]

[157 - 220 ]

Innéacs

100

110

107

97

Foinse: Sonraí arna soláthar ag an tionscal de chuid an Aontais agus i bhfreagraí fíoraithe ar an gceistneoir ó tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(113)

D’fhan an líon fostaithe sa tionscal de chuid an Aontais a bhí ag gabháil do tháirgeadh an táirge lena mbaineann cobhsaí le linn na tréimhse 2017-2018 agus tháinig laghdú thart faoi 6 % air le linn na tréimhse 2019-2020.

(114)

Tháinig méadú 10 % ar feadh na tréimhse 2017-2018 ar tháirgiúlacht lucht saothair an tionscail de chuid an Aontais, arna tomhas mar aschur (tonaí) in aghaidh an fhostaí, agus tháinig laghdú 13 % air an táirgiúlacht sin le linn na tréimhse 2018-2020. Is féidir é sin a mhíniú mar an iarmhairt chomhcheangailte mar thoradh ar:

Stopadh táirgeachta ag láithreán táirgeachta príomh-tháirgeora amháin de chuid an Aontais, as ar eascair an táirgeacht níos ísle ó mhí na Nollag 2019 go mí Feabhra 2020, agus;

Táirgeacht níos lú ag na táirgeoirí de chuid an Aontais le linn an dara ráithe de 2020, mar thoradh ar phaindéim COVID-19, rud nach raibh ag teacht leis an líon fostaithe ar scaoileadh leo.

4.4.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil roimhe sin

(115)

Mar a mhínítear in aithris (92), ba theoranta an comhar a bhí ann ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin ón India.

(116)

Leis na táscairí díobhála, d’ainneoin na mbeart frithdhumpála atá i bhfeidhm ó 2016 i leith, as ar eascair faoiseamh éigin agus roinnt feidhmíochta feabhsaithe i dtosach, taispeántar go raibh staid eacnamaíoch an tionscail de chuid an Aontais díobhálach fós. Mar sin, ní fhéadfaí aon téarnamh ón dumpáil roimhe sin a shuí.

(117)

Bhí an dumpáil i bhfad os cionn leibhéal de minimis. Ba mhór an tionchar a bhí ag méid na dumpála ar an tionscal de chuid an Aontais, i bhfianaise mhéid agus phraghsanna na n-allmhairí ón India.

(118)

D’fhág praghsáil éagórach leanúnach ó onnmhaireoirí ón India freisin go raibh sé dodhéanta don tionscail de chuid an Aontais téarnamh ó chleachtais dumpála roimhe seo.

(119)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Tata Metaliks Limited nach ann d’aon dearbh-mhéadú ar mhéid na n-allmhairí ón India agus nach raibh de sciar den mhargadh ag na hallmhairí sin ach thart faoi 15 %. Thairis sin, chuir an páirtí leasmhar in iúl gur tháinig feabhas ar fheidhmíocht airgeadais an tionscail de chuid an Aontais tar éis fhorchur na mbeart tosaigh agus gur tháinig laghdú ar an bhfeidhmíocht sin dá éis sin. Dá bhrí sin, ní raibh allmhairí na hIndia ina gcúis le díobháil don tionscal de chuid an Aontais.

(120)

Luaigh an Coimisiún nár thug an páirtí leasmhar údar lena mhaíomh gur tháinig feabhas ar fheidhmíocht eacnamaíoch an tionscail de chuid an Aontais tar éis fhorchur na mbeart tosaigh. Mar a luaitear in aithris (133), is diúltach a bhí brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse ar fad faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

4.4.3.   Táscairí micreacnamaíocha

4.4.3.1.   Praghsanna agus tosca lena ndéantar difear do phraghsanna

(121)

Tháinig forbairt ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse a measadh mar a leanas:

Tábla 8

Praghsanna díola san Aontas agus costas in aghaidh an aonaid

 

2017

2018

2019

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

An meánphraghas díola aonaid san Aontas ar an margadh iomlán (EUR/tona)

[950 - 1 110 ]

[960 - 1 130 ]

[1 020 - 1 190 ]

[1 020 - 1 200 ]

Innéacs

100

101

107

107

Costas aonaid na táirgeachta (EUR/tona)

[1 000 - 1 100 ]

[900 - 1 100 ]

[1 000 - 1 100 ]

[1 000 - 1 200 ]

Innéacs

100

97

101

105

Foinse: freagraí fíoraithe ar cheistneoirí ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(122)

Tháinig méadú 7 % ar mheánphraghas díola aonaid thionscal an Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus an méadú ar chostas aonaid na táirgeachta á léiriú (5 %).

(123)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Tata Metaliks Limited gur thaispeáin an laghdú líomhnaithe ar na praghsanna tagtha i dtír nach bhfuil na hallmhairí ina gcúis le haon bhrú ná ísliú praghsanna.

(124)

Luaigh an Coimisiún nár thug an páirtí leasmhar údar lena mhaíomh faoin mbealach nach raibh na praghsanna tagtha i dtír, lenar gearradh faoi phraghsanna an Aontais thart faoi 40 %, le linn na tréimhse faoi bhreathnú ina gcúis le haon bhrú ná ísliú praghsanna do tháirgeoirí de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

4.4.3.2.   Costais saothair

(125)

Tháinig forbairt ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse a measadh mar a leanas:

Tábla 9

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR in aghaidh an fhostaí)

 

2017

2018

2019

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

[56 000 - 66 000 ]

[57 000 - 66 000 ]

[57 000 - 67 000 ]

[53 000 - 62 000 ]

Innéacs (2017=100)

100

100

101

94

Foinse: freagraí fíoraithe ar cheistneoirí ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(126)

D’fhan na meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí cobhsaí go dtí 2019 agus tháinig laghdú 6 % orthu le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Laistigh de thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, tháinig laghdú ar na meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí de réir mar a mhaoinigh Stát na Fraince an dífhostaíocht i ngeall ar mhúchadh COVID-19.

(127)

Tar éis an nochta deiridh, thug Tata Metaliks Limited dá aire nach ann d’aon díobháil don tionscal de chuid an Aontais faoin bparaiméadar sin.

(128)

Mheabhraigh an Coimisiún, mar a mhínítear in aithris (126) thuas, gurbh é an cistiú urghnách a fuarthas ó Stát na Fraince i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin ba chúis leis an laghdú ar mheánchostais saothair in aghaidh an fhostaí. Dá réir sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

4.4.3.3.   Fardail

(129)

Tháinig forbairt ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse a measadh mar a leanas:

Tábla 10

Fardail

 

2017

2018

2019

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

Stoic dheiridh (i 1 000 tona)

[87 - 102 ]

[77 - 90 ]

[84 - 98 ]

[68 - 79 ]

Innéacs (2017=100)

100

88

95

77

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht in %)

[20 - 25 ]

[15 - 17 ]

[18 - 20 ]

[18 - 20 ]

Innéacs (2017=100)

100

79

89

85

(130)

D’fhan leibhéal na stoc deiridh ag na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais cobhsaí i gcoibhneas leis an táirgeacht.

(131)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Tata Metaliks Limited gur tháinig laghdú suntasach ar an bhfardal le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, á thaispeáint gur dhírigh an tionscal de chuid an Aontais ar a tháirgeacht a laghdú. Mhaígh an páirtí leasmhar gur cheart méadú a bheith tagtha ar an bhfardal seachas a bheith faoi thionchar allmhairí ón India.

(132)

Mar a fheictear in aithris (102), bhí an laghdú ar tháirgeacht an Aontais ag gabháil leis an laghdú san fhardal a bhreathnaigh an páirtí le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Thairis sin, níor chinn an Coimisiún gurbh ann d’aon chomhghaol idir an laghdú ar an bhfardal a breathnaíodh le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin go príomha agus na hallmhairí ón India toisc maidir le tionchar na n-allmhairí ón India, nach le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin amháin a breathnaíodh iad ach ar feadh na tréimhse ar fad faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

4.4.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a chruinniú

(133)

Tháinig forbairt ar an mbrabúsacht, ar shreabhadh airgid, ar infheistíochtaí agus ar an toradh ar infheistíochtaí de chuid na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse a measadh mar a leanas:

Tábla 11

Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí

 

2017

2018

2019

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (mar % de dhíolacháin)

[–5 - –9 ]

[–1 - –5 ]

[–1 - –5 ]

[–3 - –7 ]

Innéacs (2017=100)

– 100

–33

–36

–69

Sreabhadh airgid (EUR milliún)

[–31 - –37 ]

[–46 - –54 ]

[–73 - –85 ]

[–43 - –51 ]

Innéacs (2017=100)

100

– 145

– 231

– 138

Infheistíochtaí (EUR milliún)

[20 - 24 ]

[30 - 36 ]

[33 - 39 ]

[15 - 18 ]

Innéacs (2017=100)

100

149

161

73

An toradh ar infheistíochtaí (in %)

[–6 - –8 ]

[–7 - –9 ]

[–10 - –12 ]

[–5 - –7 ]

Innéacs (2017=100)

– 100

– 131

– 194

– 106

Foinse: freagraí fíoraithe ar cheistneoirí ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(134)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí ón Aontas a sampláladh trí ghlanbhrabús roimh cháin díolacháin an táirge chomhchosúil i gcás custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. Bhí brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte diúltach le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ag dul ó thart ar – 5/– 9 % in 2017 go – 3/– 7 % le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(135)

Is ionann an sreabhadh airgid glan agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. I dtaca leis an bhforbairt ar an treocht maidir le glansreabhadh airgid, d’fhan sé diúltach ar feadh na tréimhse uile faoi bhreathnú cé is moite de 2018.

(136)

I dtaca leis na hinfheistíochtaí (a bhí dírithe go príomha ar uasghráduithe ar an trealamh táirgthe, méadú ar an gcáilíocht, ar an táirgiúlacht agus ar an tsolúbthacht sa phróiseas táirgthe), tháinig méadú orthu ar feadh na tréimhse 2017-2019 agus laghdú orthu go dtí an leibhéal ab ísle in 2020.

(137)

Is é an toradh ar infheistíochtaí an brabús i gcéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Ba chomhchosúil an treocht a tháinig chun cinn agus treocht na brabúsachta, ag dul i laghad go mór in 2019 agus feabhas de bheagán ag teacht air in 2020. D’fhan sé diúltach agus tháinig meath 53 % air le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

4.5.   Conclúid faoi dhíobháil

(138)

D’ainneoin na mbeart frithdhumpála a bhí i bhfeidhm, ba shubstaintiúil allmhairí píopaí insínte ón India fós agus bhí sciartha cobhsaí den mhargadh ag baint leo, idir [9 % agus 18 %] le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Bhí an sciar den mhargadh le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin idir [10-14] %. An tráth céanna, bhí praghsanna na n-allmhairí ag dul i laghad, rud a d’fhág gur ghearr siad [30-45] % faoi phraghsanna an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, d’ainneoin na mbeart frithdhumpála agus frithchúitimh a bheith ann.

(139)

Maidir le forbairt na dtáscairí maicreacnamaíocha, go háirithe an méid táirgeachta agus méid na ndíolachán, fostaíocht agus táirgiúlacht, taispeánadh treochtaí cobhsaí nó a bhí ag laghdú de bheagán leo. Tháinig laghdú ar an sciar den mhargadh ag tionscal an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, tráth ar bhain sé leibhéal comhchosúil leis an leibhéal ag a raibh sé in 2017 amach. Is de bharr an tomhaltas a bheith ag laghdú le linn na tréimhse céanna a tháinig méadú ar an sciar den mhargadh in 2018 d’ainneoin go raibh méid na ndíolachán cobhsaí go leor. Cé gur éirigh leis an tionscal de chuid an Aontais méid na ndíolachán aige agus a sciar den mhargadh a choinneáil ar bun den chuid is mó, bhí a bhrabúsacht agus táscairí airgeadais eile thíos leis, mar a mhínítear san aithris a leanas.

(140)

Cé gur tháinig méadú 7 % ar mheánphraghas díola aonaid na dtáirgeoirí de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a bhí ní b’airde ná an méadú 5 % ar an gcostas táirgthe, níor éirigh leis an tionscal de chuid an Aontais corrlaigh bhrabúis inbhuanaithe a bhaint amach fós. Mar thoradh ar an mbrú praghsanna a bhain leis na hallmhairí ón India, níorbh fhéidir leis an tionscal de chuid an Aontais a phraghsanna díola a mhéadú chun an meánchostas táirgthe a chumhdach agus dá bhrí sin, rinne sé caillteanas ar feadh na tréimhse ar fad faoi bhreathnú (cé is moite de 2018 nuair ba bheag nár bhris sé cothrom). Dá réir sin, chuir na hallmhairí ón India brú suntasach praghsanna ar dhíolacháin na dtáirgeoirí de chuid an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin freisin. Bhí treocht chomhchosúil i gceist le táscairí airgeadais eile (sreabhadh airgid, toradh ar infheistíocht) agus a bhí leis an mbrabúsacht, agus taispeánadh luachanna diúltacha nó ísle leo le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Maidir le hinfheistíochtaí, cé gur tháinig méadú éigin orthu in 2017 agus 2018, b’íseal i gcoitinne na leibhéil a bhí i gceist leo freisin.

(141)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur bhain díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais.

(142)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Tata Metaliks Limited gur i ngeall ar thosca eile seachas na hallmhairí dumpáilte líomhnaithe a tharla an laghdú ar fheidhmíocht airgeadais an tionscail de chuid an Aontais.

(143)

Luaigh an Coimisiún nár thug an páirtí gnéithe nua ar aghaidh lena bhféadfaí a chonclúid a aisiompú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(144)

D’áitigh Tata Metaliks Limited freisin nárbh ann d’aon chomhghaol idir treocht na n-allmhairí agus an leibhéal caillteanas a thuairiscigh an tionscal de chuid an Aontais, agus nach raibh aon nasc cúisíoch ann dá bhrí sin idir na hallmhairí agus feidhmíocht airgeadais an tionscail de chuid an Aontais.

(145)

Mar a luaitear in aithris (93), shuigh an Coimisiún gur ghearr na praghsanna allmhairiúcháin ón India faoi phraghsanna an tionscail de chuid an Aontais go suntasach. Thairis sin, luaigh an Coimisiún nár thug an páirtí aon fhianaise ar aghaidh lenar léiríodh go raibh tionchar ag tosca eile ar an tionscal de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(146)

Thairis sin, mhaígh Tata Metaliks Limited nach raibh sé in ann scrúdú a dhéanamh ar an gcomhghaol idir an sladghearradh praghais agus feidhmíocht eacnamaíoch an tionscail de chuid an Aontais toisc nár nocht an Coimisiún ríomhanna maidir leis an sladghearradh praghais le haghaidh na tréimhse faoi bhreathnú.

(147)

Thug an Coimisiún dá aire gur soláthraíodh an fhaisnéis don pháirtí ar faisnéis í ba ghá chun a shuíomh gurbh ann don sladghearradh praghais. Maidir le tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, leagadh na torthaí maidir leis an sladghearradh praghais amach in aithris (92) agus aithris (93) thuas. I gcás na mblianta 2017, 2018 agus 2019, soláthraíodh in aithris (91) na praghsanna in aghaidh an aonaid le haghaidh allmhairí na hIndia agus soláthraíodh in aithris (121) meánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le custaiméirí neamhghaolmhara. Dá bhrí sin, bhí an fhaisnéis uile ag an bpáirtí, ar ar a bonn sin a tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurbh ann don sladghearradh. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(148)

Ar deireadh, mhaígh an páirtí gur tháinig laghdú ar mhéid na ndíolachán idir 2019 agus tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Dá bhrí sin, tháinig an páirtí ar an gconclúid nárbh ann d’aon éifeacht maidir le méid.

(149)

Luaigh an Coimisiún go ndeachaigh na hallmhairí ón India ar ais go leibhéal 2017 i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Thairis sin, suíodh gur ar leibhéal na bpraghsanna ísle a bhí príomhthionchar na n-allmhairí ón India, rud as ar eascair brú suntasach ar phraghsanna mhargadh an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

5.   CÚISÍOCHT

(150)

I gcomhréir le hAirteagal 3(6) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún cé acu a bhain díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ón India nó nár bhain. I gcomhréir le hAirteagal 3(7) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún freisin an bhféadfadh sé gur bhain díobháil don tionscal de chuid an Aontais de dheasca tosca aitheanta eile san am céanna. D’áirithigh an Coimisiún nár cuireadh i leith na n-allmhairí dumpáilte aon díobháil fhéideartha ar tosca eile ba chúis léi seachas na hallmhairí dumpáilte ón India. Seo a leanas na tosca sin:

5.1.   Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte

(151)

Ar dtús, scrúdaigh an Coimisiún cé acu a raibh nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte ón India agus an díobháil a bhain don tionscal de chuid an Aontais.

(152)

Ba shubstaintiúil na hallmhairí píopaí insínte ón India agus bhí sciartha den mhargadh arbh fhiú níos mó ná 10 % iad acu le linn na tréimhse ar fad faoi bhreathnú agus bhí siad ag leibhéal praghsanna íseal le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, d’ainneoin na mbeart frithdhumpála a bhí i bhfeidhm. De dheasca an bhrú shubstaintiúil praghsanna a bhain leis na hallmhairí ón India, níorbh fhéidir leis an tionscal de chuid an Aontais an méadú ar a gcostais táirgthe a chur ar aghaidh chuig a gcliaint, rud a d’fhág go ndearna sé caillteanais le linn na tréimhse ar fad faoi bhreathnú na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin go bhfuil méid agus leibhéal praghsanna na n-allmhairí a bhí faoi imscrúdú ina gcúis le díobháil ábhartha.

5.2.   Éifeachtaí tosca eile

(153)

Ní raibh ach idir [2-4] % den sciar den mhargadh i gceist leis na méideanna a allmhairíodh ó thríú tíortha eile linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Mar a thaispeántar i dtábla 4, le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, bhí meánphraghas na n-allmhairí ó thríú tíortha eile 50 % ní b’airde ná meánphraghas na n-allmhairí ón India.

(154)

Mar a léirítear in aithris (40), mhaígh páirtí amháin gur cheart saincheisteanna ginearálta ó thaobh na hiomaíochta de a bheith ina n-údar le cinneadh nár leanadh de dhíobháil nó nár tharla an díobháil arís. Liostaigh an páirtí tosca éagsúla amhail an laghdú ar thomhaltas píopaí insínte an Aontais a tharla ón ngéarchéim sa Limistéar euro, rud as ar eascair laghdú ar an gcaiteachas poiblí, deacrachtaí le foireann a mhealladh, leis an staid cheannasach a choinneáil ar bun, agus an brú ó allmhairí ón tSín atá níos saoire ar an bpróiseas tairisceana le haghaidh soláthar poiblí. Thairis sin, mhaígh an páirtí gurbh iad na píopaí plaisteacha an chéad iomaitheoir don tionscal de chuid an Aontais toisc nach bhfuil siad chomh costasach agus go mealltar cuid shuntasach de thairiscintí poiblí chucu dá bhrí sin.

(155)

I gcodarsnacht le maíomh an pháirtí, tháinig méadú ar thomhaltas an Aontais agus ar an sciar den mhargadh a bhí ag an tionscal de chuid an Aontais, agus d’fhan an fhostaíocht réasúnta cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Thairis sin, níl aon fhianaise ann gur ghnóthaigh na píopaí plaisteacha sciartha den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú in aghaidh píopaí insínte. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil píopaí plaisteacha san iomaíocht le haghaidh na bpíopaí ar trastomhas mór. Dá thoradh sin, níor chuir na tosca sin leis an díobháil a suíodh. Ina theannta sin, rinneadh na hallmhairí ón tSín ar phraghsanna a bhí cuid mhaith ní b’airde ná allmhairí ón India, agus bhí méideanna i bhfad ní b’ísle i gceist leo. Ar deireadh, mhainnigh an páirtí an bealach a shonrú lena bhféadfadh an staid cheannasach, dá mba ann di, a bheith ina cúis le díobháil. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin.

(156)

Maidir le feidhmíocht onnmhairiúcháin an tionscail de chuid an Aontais, is mar a leanas mar a tháinig forbairt ar mhéid na n-onnmhairí le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 12

Feidhmíocht onnmhairiúcháin an tionscail de chuid an Aontais

 

2017

2018

2019

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

Méid na n-allmhairí (i 1 000 tona)

[119 - 140 ]

[147 - 172 ]

[102 - 119 ]

[66 - 77 ]

Innéacs (2017=100)

100

122

85

55

Meánphraghas (EUR/tona)

[760 - 890 ]

[750 - 880 ]

[840 - 980 ]

[890 - 1 040 ]

Innéacs (2017=100)

100

99

110

117

Foinse: an t-iarratasóir maidir le méid agus freagraí fíoraithe ar an gceistneoir maidir le luachanna

(157)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 50 % ar na méideanna. Cé gur tháinig méadú 17 % ar phraghsanna na n-onnmhairí, níor leordhóthanach é sin chun na costais táirgthe ar feadh na tréimhse uile faoi bhreathnú a chumhdach mar a léirítear i dTábla 8 thuas. Dá bhrí sin, níor maolaíodh an nasc cúisíoch leis na hallmhairí idir na hallmhairí dumpáilte ón India agus an díobháil a suíodh.

(158)

Scrúdaíodh tosca féideartha eile freisin, amhail géarchéim COVID-19, ach ní fhéadfadh aon toisc acu an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil ábhartha a bhain don tionscal de chuid an Aontais a mhaolú. Dhealaigh agus scar an Coimisiún éifeachtaí na dtosca aitheanta uile ar staid an tionscail de chuid an Aontais ó éifeachtaí díobhála na n-allmhairí dumpáilte.

(159)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Tata Metaliks Limited go raibh tionchar diúltach ag géarchéim COVID-19 ar staid eacnamaíoch an tionscail de chuid an Aontais sa chéad seimeastar de 2020. Shonraigh an páirtí gurbh éigean do go leor tionscadail foirgníochta stopadh i ngeall ar na tréimhsí dianghlasála tosaigh a forchuireadh ar mhaithe le bearta sláinte poiblí.

(160)

Mar a thuairiscítear thuas, ní dhearna na tréimhsí dianghlasála i ngeall ar ghéarchéim COVID-19 dochar suntasach do mhargadh an Aontais le haghaidh píopaí insínte le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Ba chomhchosúil tomhaltas iomlán an Aontais sa bhliain sin le bliain 2018. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(161)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh na hallmhairí dumpáilte ón India ina gcúis le díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais agus maidir leis na tosca eile, a breithníodh leo féin nó le chéile, nár mhaolaigh siad an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil ábhartha. Is léir an díobháil go háirithe maidir le treocht na táirgeachta, úsáid na hacmhainneachta, méid na ndíolachán i margadh an Aontais, an sciar den mhargadh, an táirgiúlacht, an bhrabúsacht agus an toradh ar infheistíochtaí.

6.   AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN DÍOBHÁIL DÁ nDÉANFAÍ NA BEARTA A AISGHAIRM

(162)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (141) gur bhain díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais le linn tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ar cé acu a bheadh dóchúlacht ann go leanfaí den díobháil arbh iad na hallmhairí dumpáilte ón India ba chúis léi dá ligfí do na bearta dul as feidhm.

(163)

Maidir leis sin, rinne an Coimisiún anailís ar na gnéithe a leanas: an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht spártha san India, an gaol idir praghsanna san Aontas agus praghsanna na hIndia; tarraingteacht mhargadh an Aontais agus tionchar allmhairí féideartha ón India ar staid an tionscail de chuid an Aontais dá rachadh na bearta as feidhm;

6.1.   An acmhainneacht táirgeachta, an acmhainneacht spártha san India, agus tarraingteacht mhargadh an Aontais

(164)

Mar a thuairiscítear cheana féin in aithrisí (66) go (71), is é thart faoi 500 000 tona in aghaidh na bliana an acmhainneacht spártha atá ar fáil san India, acmhainneacht is mó ná tomhaltas an táirge lena mbaineann ar mhargadh an Aontais, ar [388 000 go 454 000] tona a bhí i gceist leis i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Thairis sin, bhí sé beartaithe ag táirgeoirí de chuid na hIndia infheistiú in acmhainneacht táirgeachta nua. Dá bhrí sin, ar feadh na mblianta atá amach romhainn, is mó an soláthar ná an t-éileamh a bheidh ann ar mhargadh na hIndia. Dá thoradh sin, beidh sé sin ina spreagadh breise do tháirgeoirí na hIndia chun díriú ar mhargaí onnmhairiúcháin níos mó agus níos mó.

(165)

An acmhainneacht spártha atá ar fáil ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin san India agus a bheidh ann amach anseo, d’fhéadfaí an acmhainneacht sin a úsáid chun an táirge lena mbaineann a tháirgeadh lena onnmhairiú chuig margadh an Aontais dá ligfí do na bearta dul as feidhm.

(166)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Tata Metaliks Limited nárbh ann d’aon fhianaise gur gá go n-úsáidfear an acmhainneacht táirgeachta spártha líomhnaithe san India chun píopaí insínte a tháirgeadh agus go n-onnmhaireofar iad de thoradh soláthar iomarcach i gcomparáid leis an éileamh san India. Thairis sin, níor scrúdaigh an Coimisiún tarraingteacht na margaí onnmhairiúcháin eile ná ní dhearna sé anailís ar aon sonraí iarthréimhse imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Ar deireadh, mhaígh an páirtí i dtaca le haon chinneadh maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil agus den díobháil, nach mór dó a bheith bunaithe ar fhianaise dhearfach (22). Dá bhrí sin, tháinig an páirtí ar an gconclúid go raibh an chonclúid maidir leis an dóchúlacht mícheart.

(167)

Luaigh an Coimisiún gur dheimhnigh an páirtí gurbh ann d’acmhainneacht spártha san India. Ina theannta sin, mar a mhínítear in aithrisí (66) go (70) thuas, leag an Coimisiún amach an acmhainneacht spártha atá i gceist go sonrach le haghaidh an táirge lena mbaineann. Chomh maith leis sin, mar a mhínítear sna haithrisí céanna, shuigh an Coimisiún go síothlóidh an t-éileamh ar mhargadh na hIndia go fadtéarmach agus d’admháil an páirtí féin go raibh pleananna aige a dhíolacháin a leathnú chuig margadh an Aontais. Thairis sin, mar a thuairiscítear thíos i Roinn 6.2, measadh go raibh margadh an Aontais tarraingteach do tháirgeoirí de chuid na hIndia, agus go bhféadfaí teacht ar an gconclúid, dá bhrí sin, go ndéanfaí acmhainneachtaí spártha atá ar fáil san India, go páirteach ar a laghad, a úsáid chun onnmhairí chuig margadh an Aontais a mhéadú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(168)

Maidir leis an bhfianaise dhearfach a cheanglaítear faoin gcás-dlí a luadh, mheas an Coimisiún gur chomhlíon sé ceanglais uile na dlí-eolaíochta atá ann cheana agus go raibh a mheasúnú ar an dóchúlacht go leanfar den dumpáil agus den díobháil agus a chonclúid ina leith bunaithe ar fhianaise dhearfach, a bailíodh le linn an imscrúdaithe. Dá dheasca sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(169)

I bhfianaise a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh gurb é is dóichí a tharlódh go dtiocfadh méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte ón India ar phraghsanna lena ngearrfaí faoi phraghsanna an tionscail de chuid an Aontais dá rachadh na bearta in éag, rud a chuirfeadh leis an díobháil a bhainfeadh don tionscal de chuid an Aontais a thuilleadh. Dá thoradh sin, bheadh inmharthanacht an tionscail de chuid an Aontais i mbaol mór.

6.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(170)

Tá margadh an Aontais tarraingteach ó thaobh a mhéide agus a phraghsanna de. Mar a thuairiscítear in aithris (71), is é go mór fada an margadh onnmhairiúcháin is tábhachtaí é do tháirgeoirí píopaí insínte san India agus is é a thógann 40 % dá n-onnmhairí ar an iomlán. Tá onnmhairí chuig an Aontas 25 huaire níos airde ná onnmhairí chuig an dara margadh onnmhairiúcháin is mó dá bhfuil ag an India, eadhon Catar, a thógann 2 % de na hallmhairí píopaí insínte ón India. Chomh maith leis sin, bhí praghsanna allmhairiúcháin na hIndia chuig margadh an Aontais beagán ní b’airde ná na praghsanna sin chuig tíortha eile le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, rud a d’fhág go raibh margadh an Aontais beagán ní ba bhrabúsaí ná margaí eile.

(171)

D’ainneoin na mbeart atá ann faoi láthair, tá méid mór píopaí insínte díolta ag táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na hIndia leis an Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus bhí sciar nach beag den mhargadh acu le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin fós (gar do [10-14] %). An praghas ar ar díoladh iad, fiú agus na dleachtanna frithdhumpála i bhfeidhm, ba phraghas é lenar gearradh faoi phraghsanna díola an tionscail de chuid an Aontais ar mhargadh an Aontais go suntasach.

(172)

Dá bhrí sin, meastar go bhfuil margadh an Aontais tarraingteach do tháirgeoirí de chuid na hIndia, agus is féidir teacht ar an gconclúid go ndéanfaí acmhainneachtaí spártha atá ar fáil san India a úsáid, go páirteach ar a laghad, chun allmhairí chuig margadh an Aontais a mhéadú. Maidir leis sin, meabhraítear go raibh an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí na hIndia ar leibhéil arda [17-19] % le linn thréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh, i.e. sula ndearnadh na dleachtanna frithdhumpála a fhorchur.

6.3.   Conclúid maidir leis an dóchúlacht go leanfar den díobháil agus/nó go dtarlóidh sí arís

(173)

Ar an mbonn sin, agus staid dhíobhálach an tionscail de chuid an Aontais san am atá thart agus san am i láthair á tabhairt faoi deara, is é is dóichí go mbeadh méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte ón India ar phraghsanna díobhálacha in éagmais na mbeart, rud as a n-eascródh caillteanais níos airde fós le haghaidh na dtáirgeoirí de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurbh é is dóichí go n-eascródh as sin méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte ón India ar phraghsanna díobhálacha dá ligfí do na bearta dul as feidhm, agus gur dócha go leanfar den díobháil ábhartha.

7.   LEAS AN AONTAIS

(174)

I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais iomláin nó nach mbeadh dá gcoinneofaí na bearta frithdhumpála reatha ar bun. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe leasmhara éagsúla uile a bhí i gceist, lena n-áirítear leasanna an tionscail de chuid an Aontais, leasanna na n-allmhaireoirí, na n-úsáideoirí agus leasanna an bheartais phoiblí maidir leis an táirge lena mbaineann mar a chorpraítear i dTreoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) (“An Treoir maidir leis an Éicidhearthóireacht”) agus a Rialacháin a bhaineann le táirgí sonracha. I gcomhréir le hAirteagal 21(1), an tríú habairt, den bhun-Rialachán, tugadh aird ar leith ar an ngá atá leis an tionscal a chosaint ar na héifeachtaí diúltacha a bhaineann le dumpáil dhíobhálach.

(175)

Tugadh an deis do gach páirtí leasmhar a gcuid tuairimí a chur in iúl de bhun hAirteagal 21(2) den bhun-Rialachán.

7.1.   Leas an tionscail de chuid an Aontais

(176)

Tá an tionscal de chuid an Aontais lonnaithe i dtrí Bhallstát (an Fhrainc, an Ghearmáin, agus an Spáinn), agus fostaítear díreach os cionn 2 200 fostaí ann i ndáil leis an táirge lena mbaineann.

(177)

Níor chuir na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm cosc ar na hallmhairí dumpáilte ón India teacht isteach i margadh an Aontais agus bhain díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(178)

Ar bhonn a bhfuil thuas, shuigh an Coimisiún go bhfuil dóchúlacht láidir ann go leanfar den díobháil arbh iad allmhairí ón tír sin ba chúis léi dá rachadh na bearta in éag. Bheadh rabharta de mhéideanna substaintiúla d’allmhairí dumpáilte ón India ina chúis le tuilleadh díobhála don tionscal de chuid an Aontais.

(179)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Tata Metaliks Limited gur cosnaíodh an tionscal de chuid an Aontais le breis agus 6 bliana agus sciar den mhargadh de 85 % aige. Dá bhrí sin, ní dócha go mbeadh tionchar ar an tionscal de chuid an Aontais má aisghairtear na bearta atá ann faoi láthair. I gcás inarb amhlaidh go mbeidh an tAontas faoi thionchar, féadfaidh sé iarraidh ar an gCoimisiún tús a chur le himscrúdú nua.

(180)

I gcodarsnacht leis an maíomh a rinne an páirtí leasmhar, shuigh an Coimisiún go bhfuil an tionscal de chuid an Aontais fós thíos le díobháil ábhartha arbh iad na hallmhairí dumpáilte ón India ba chúis léi, bunaithe ar an anailís ar na táscairí díobhála ábhartha uile lena n-áirítear forbairt an sciar den mhargadh ag an Tionscal de chuid an Aontais. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dócha go leanfar den díobháil agus go rachaidh an díobháil in olcas má ligtear do na bearta dul in éag. Dá dheasca sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(181)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin go mbeadh sé chun leas an tionscail de chuid an Aontais na bearta frithdhumpála in aghaidh na hIndia a choinneáil ar bun.

7.2.   Leas allmhaireoirí neamhghaolmhara, trádálaithe neamhghaolmhara agus úsáideoirí neamhghaolmhara

(182)

Chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis na hallmhaireoirí neamhghaolmhara, na trádálaithe neamhghaolmhara agus na húsáideoirí neamhghaolmhara aitheanta uile. Níor fhreagair duine ar bith díobh ceistneoir an Choimisiúin.

(183)

Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil lenar léiríodh go mbeadh tionchar diúltach suntasach ag na bearta dá gcoinneofaí ar bun iad ar na hallmhaireoirí ná ar na húsáideoirí, ar mhó é ná tionchar dearfach na mbeart ar an tionscal de chuid an Aontais.

7.3.   An chonclúid ar leas an Aontais

(184)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon chúis an-mhaith ann lena rá nach raibh sé chun leasa an Aontais na bearta atá ann cheana ar allmhairí an táirge lena mbaineann, ar de thionscnamh na hIndia iad, a choinneáil ar bun.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA

(185)

Ar bhonn na gconclúidí ar ar tháinig an Coimisiún maidir le leanúnachas na dumpála, leanúnachas na díobhála agus le leas an Aontais, ba cheart na bearta frithdhumpála ar allmhairí feadán agus píopaí d’iarann teilgthe insínte ón India a choinneáil ar bun.

(186)

Tar éis an nochta d’áitigh Tata Metaliks Limited gur cheart leanúint de na bearta a mheas mar eisceacht seachas mar an gnáthnós. Rinne sé tagairt go háirithe d’Airteagal 11(1) den bhun-Rialachán frithdhumpála lena sonraítear nach bhfanfaidh beart frithdhumpála i bhfeidhm ach fad a mbeidh gá leis agus go rachaidh sé in éag 5 bliana tar éis a fhorchurtha. Ós rud é gur leathnaíodh na dleachtanna ar feithimh an athbhreithnithe sin, d’áitigh sé, faoin am ar dócha go mbeadh an t-athbhreithniú sin tugtha i gcrích, go mbeadh na dleachtanna i bhfeidhm ar feadh breis agus 7 mbliana cheana féin. Ar an ábhar sin, d’iarr sé ar an gCoimisiún an t-imscrúdú a fhoirceannadh.

(187)

Mheabhraigh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, go “Rachaidh beart frithdhumpála cinntitheach in éag 5 bliana ón dáta a fhorchuirfear é nó 5 bliana ón dáta a dhéanfar cinneadh maidir leis an athbhreithniú is déanaí a cumhdóidh dumpáil agus díobháil, ach amháin má chinntear in athbhreithniú gur dhócha go leanfaí le dumpáil agus díobháil nó go gcuirfí tús leo arís mar thoradh ar dhul in éag an bhirt”. I dtaca leis an gcinneadh leanúint de na bearta, tá an cinneadh sin bunaithe ar mheasúnú cuimsitheach ar na fíorais uile a suíodh le linn an imscrúdaithe den athbhreithniú éaga i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, níorbh uathoibríoch ná níor “ghnáthrud” é an leanúint de na bearta. Dhiúltaigh an Coimisiún dá bhrí sin don mhaíomh gur cheart na bearta a fhoirceannadh.

(188)

Chun na rioscaí imchéimniúcháin de bharr na difríochta i rátaí dleachta a íoslaghdú, tá gá le bearta speisialta chun a áirithiú go gcuirfear na dleachtanna aonair frithdhumpála i bhfeidhm. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór don sonrasc a bheith i gcomhréir leis na riachtanais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn an sonrasc sin ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”.

(189)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc seo a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair dleachta frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc dóibh a chomhlíonann na ceanglais uile atá leagtha amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ní mór d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar is amhlaidh i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(190)

Má thagann méadú suntasach ar mhéid na n-onnmhairí ag ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na rátaí dleachta aonair níos ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gur athrú ann féin é méadú den sórt sin ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur beart de réir bhrí Airteagal 13(1) den Bhun-rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar leis an imscrúdú sin, inter alia, scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá leis an ráta nó na rátaí dleachta aonair a bhaint agus ar an ngá le dleacht ar fud na tíre a fhorchur dá bharr sin.

(191)

Maidir leis na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, is infheidhme go heisiach iad maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann de thionscnamh na hIndia arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis a bhaineann leo sin a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na rátaí aonair maidir le dleacht frithdhumpála.

(192)

Tar éis an nochta, d’iarr Tata Metaliks Limited ar an gCoimisiún corrlach dumpála aonair a shannadh dó. Ina mhalairt de chás, mheas sé gur cheart don Choimisiún, ar a laghad, breithniú ar na rátaí frithdhumpála aonair a leathnú air, ar rátaí iad a shanntar ar tháirgeoirí comhoibríocha eile an táirge lena mbaineann ón India san imscrúdú bunaidh, i bhfianaise a chomhair leis an gCoimisiún san imscrúdú seo den athbhreithniú éaga.

(193)

Mheabhraigh an Coimisiún maidir le cuspóir imscrúdaithe d’athbhreithniú éaga faoi Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán, gur chun a chinneadh cé acu is gá na bearta atá ann cheana fós nó nach gá, é an cuspóir sin agus é sin amháin. Leis an gcineál imscrúdaithe athbhreithniúcháin sin, ní féidir rátaí dleachta aonair a leagan síos le haghaidh cuideachtaí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú bunaidh. Ní féidir ráta dleachta frithdhumpála aonair a chinneadh ach amháin tar éis imscrúdú athbhreithniúcháin de bhun Airteagal 11(3) nó (4) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, diúltaíodh don iarraidh.

(194)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin maidir le dleacht frithdhumpála i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (24). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(195)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuirfeadh an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(196)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bhunaítear le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo, forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí feadán agus píopaí d’iarann teilgthe insínte (ar a dtugtar iarann teilgthe graifíte sféaróideach freisin), gan feadáin ná píopaí d’iarann teilgthe insínte nach bhfuil bratú inmheánach ná seachtrach orthu (“píopaí loma”) a áireamh, atá faoi láthair faoi chóid AN ex 7303 00 10 (Cód TARIC 7303001010) agus ex 7303 00 90 (Cód TARIC 7303009010) agus ar de thionscnamh na hIndia iad.

2.   Is mar a leanas a bheidh na rátaí cinntitheacha maidir le dleacht frithdhumpála is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, a bhí ag an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach

Cód breise TARIC

Jindal Saw Limited

3  %

C054

Electrosteel Castings Ltd

0  %

C055

Gach cuideachta eile

14,1  %

C999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta frithdhumpála aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach den eintiteas ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: “Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) (méid) na bhfeadán agus na bpíopaí d’iarann teilgthe graifíte (ar a dtugtar iarann teilgthe graifíte sféaróideach), a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach, rud a chumhdaítear leis an sonrasc seo, a mhonarú san India. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé sa sonrasc seo iomlán agus ceart.” Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/388 ón gCoimisiún an 17 Márta 2016 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí feadán agus píopaí d’iarann teilgthe insínte (ar a dtugtar iarann teilgthe graifíte sféaróideach freisin) ar de thionscnamh na hIndia iad (IO L 73, 18.3.2016, lch. 53).

(3)  Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2016/387 ón gCoimisiún an 17 Márta 2016 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí feadán agus píopaí d’iarann teilgthe insínte (ar a dtugtar iarann teilgthe graifíte sféaróideach freisin), ar de thionscnamh na hIndia iad (IO L 73, 18.3.2016, lch. 1).

(4)  Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Aibreán 2019, Jindal Saw agus Jindal Saw Italia SpA v an Coimisiún, T-301/16, ECLI:EU:T:2019:234 agus T-300/16, ECLI:EU:T:2019:235.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/526 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2020 lena n-athfhorchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí feadán agus píopaí d’iarann teilgthe insínte (ar a dtugtar iarann teilgthe graifíte sféaróideach freisin) ar de thionscnamh na hIndia iad maidir le Jindal Saw Limited tar éis bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta in T-300/16 (IO L 118, 16.4.2020, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/527 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2020 lena n-athfhorchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí feadán agus píopaí d’iarann teilgthe insínte (ar a dtugtar iarann teilgthe graifíte sféaróideach freisin) ar de thionscnamh na hIndia iad maidir le Jindal Saw Limited tar éis bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta in T-301/16 (IO L 118, 16.4.2020, lch. 14).

(7)  Fógra maidir le dul in éag beart frithdhumpála áirithe atá le tarlú (IO C 210, 24.6.2020, lch. 29).

(8)  Fógra Tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme maidir le hallmhairí feadán agus píopaí d’iarann teilgthe insínte de thionscnamh na hIndia (IO C 90, 17.3.2021, lch. 19).

(9)  Fógra Tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frith-fhóirdheontais is infheidhme maidir le hallmhairí feadán agus píopaí d’iarann teilgthe insínte de thionscnamh na hIndia (IO C 90, 17.3.2021, lch. 8).

(10)  https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?ref=ong&id=2521&sta=1&en=20&page=1&c_order=date&c_order_dir=Down

(11)  Fógra maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais (IO C 86, 16.3.2020, lch. 6).

(12)  IO C 210, 24.6.2020, lch. 29.

(13)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1336 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2020 lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí earraí áirithe d’alcóil pholaivinile ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 315, 29.9.2020, lch. 1), aithris (442) agus aithrisí (460-471).

(14)  An 1 Deireadh Fómhair 2013 go dtí an 30 Meán Fómhair 2014.

(15)  Taispeánadh na figiúirí san imscrúdú bunaidh i raonta nó in innéacsanna ar mhaithe le rúndacht.

(16)  Bhí méid níos lú ná [< 1 %] i dtéarmaí láimhdeachas an táirge lena mbaineann i gceist leis na cainníochtaí onnmhairithe a léiríodh i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(17)  ttps://www.tatametaliks.com/tata-metalik-ir-20-21/focus-on-downstream.html#:~:text=Tata%20Metaliks%20had%20foreseen%20the,in%20H1%20FY%202022%2 D23

(18)  Chuir mórtháirgeoirí an táirge lena mbaineann san India, amhail Vedanda, in iúl go poiblí go raibh sé ar intinn acu infheistiú i méadú ar an acmhainneacht.

(19)  Iarraidh ar athbhreithniú, Iarscríbhinn 17.

(20)  Iarraidh ar athbhreithniú, Iarscríbhinn 17.

(21)  Iarraidh ar athbhreithniú, Roinn 5.1.6.

(22)  United States – Sunset reviews of Anti-dumping Measures on Oil Country Tubular Goods From Argentina [Na Stáit Aontaithe — Athbhreithnithe éaga ar Bhearta Frithdhumpála ar Earraí Feadánacha Tíre Ola ón Airgintín] (WT/DS/268/AB/R).

(23)  Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais um Éicidhearthóireacht maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10). Cuirtear an Treoir maidir le hÉicidhearthóireacht chun feidhme trí Rialacháin a bhaineann le táirgí sonracha is infheidhme go díreach i ngach tír den Aontas. Cumhdaítear leis an Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht na ceanglais nua maidir le hÉicidhearthóireacht i dtaca le claochladáin chumhachta bheaga, mheánmhéide agus mhóra. Tháinig Leibhéal 1 den Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht i bhfeidhm an 1 Iúil 2015, agus tháinig Leibhéal 2 i bhfeidhm an 1 Iúil 2021. Tá na ceanglais maidir le Leibhéal 2 níos déine ná na ceanglais sin le haghaidh Leibhéal 1. Cé nach féidir measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí iomlána fós le linn tréimhse chomh gearr ó tháinig Leibhéal 2 i bhfeidhm, creidtear go ginearálta go gceanglófar leis na ceanglais sin ar Leibhéal 2 na cineálacha den chaighdeán is airde de na táirgí áirithe cothrom-rollta de chruach shileacain-leictreach dírithe ar ghráinní chun claochladáin a dhearadh agus a mhonarú ar bhealach cost-éifeachtúil agus laistigh de na teorainneacha spáis atá riachtanach.

(24)  Commission européenne, Direction générale du commerce, Direction H, Rue de la Loi/Wetstraat 170, 1040 Bruxelles/Brussel, BELGIQUE/BELGIË.

(25)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).


Top