Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0918

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/918 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2022 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla na gceanglas i ndáil le sonraí le haghaidh na topaice “Slabhraí Luacha Domhanda” de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/3736

IO L 159, 14.6.2022, p. 43–51 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 01/01/2025

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/918/oj

14.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 159/43


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/918 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Meitheamh 2022

lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla na gceanglas i ndáil le sonraí le haghaidh na topaice “Slabhraí Luacha Domhanda” de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le staidreamh gnó Eorpach, lena n-aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó (1), agus go háirithe Airteagal 7(1) agus Airteagal 17(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sonraí maidir leis an topaic “Slabhraí Luacha Domhand” a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152, ionas go bhféadfar na sonraí sin a chur ar fáil, uair amháin gach 3 bliana, de bhun Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, bunaithe ar shonraí inchomparáide agus comhchuibhithe, agus d’fhonn cur chun feidhme ceart na topaice “Slabhraí Luacha Domhanda” a dhéanfaidh na Ballstáit a áirithiú, is éard a dhéanfaidh an Coimisiún na hathróga, an t-aonad tomhais, an pobal staidrimh, na haicmiúcháin agus na miondealuithe, an sprioc-am le haghaidh tharchur na sonraí, an chéad tréimhse thagartha, agus an sprioc-am le haghaidh na tuarascála cáilíochta a shonrú.

(2)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an topaic “Slabhraí Luacha Domhanda” dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/2152, tarchuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat) na sonraí le haghaidh na tréimhse tagartha i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tarchuirfear an tuarascáil cháilíochta thríbhliantúil le haghaidh na topaice “Slabhraí Luacha Domhanda” laistigh de 24 mhí tar éis dheireadh na bliana deireanaí den tréimhse tagartha.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 17.12.2019, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Sonraíochtaí teicniúla na gceanglas sonraí maidir leis an topaic “Slabhraí Luacha Domhanda”

Raon feidhme (sonraí maidir leis an topaic slabhraí luacha domhanda)

Athróg

(i)

Feidhmeanna gnó

(1)

An líon fostaithe agus daoine féinfhostaithe

(ii)

Slabhraí Luacha Domhanda

(2)

An líon fiontar a bhíonn ag ceannach earraí ón gcoigríoch

(3)

An líon fiontar a bhíonn ag soláthar earraí ar an gcoigríoch

(4)

An líon fiontar a bhíonn ag ceannach seirbhísí ón gcoigríoch

(5)

An líon fiontar a bhíonn ag soláthar earraí ar an gcoigríoch

(iii)

Foinsiú idirnáisiúnta

(6)

An líon fiontar a bhíonn ag déanamh foinsiú idirnáisiúnta

(7)

An líon post a cruthaíodh san fhiontar mar thoradh ar fhoinsiú idirnáisiúnta

(8)

An líon post a cailleadh (nó a athlonnaíodh chuig an gcoigríoch) mar thoradh ar fhoinsiú idirnáisiúnta

(9)

An líon fiontar a bhfuil foinsiú idirnáisiúnta déanta acu nó a bhfuil sé beartaithe acu sin a dhéanamh

(iv)

Imeachtaí a bhfuil tionchar acu ar shocruithe slabhraí luacha domhanda

(10)

An líon fiontar gníomhach

Ní thagraíonn na hathróga (2), (3), (4) agus (5) ach d’fhiontair a thuairiscíonn luach atá níos airde ná EUR 100 000 le haghaidh ar a laghad cineál amháin earraí nó seirbhísí a ceannaíodh ón gcoigríoch (athróga (2) agus (4)) nó a soláthraíodh ar an gcoigríoch (athróga (3) agus (5)) i mbliain deiridh na tréimhse tagartha. Níor cheart na sonraí a bhailiú i gcás na bhfiontar sin a bhfuil an luach réamhluaite níos lú ná EUR 100 000 dóibh le haghaidh na hathróige comhfhreagraí.

Aonad tomhais

Luach absalóideach

An pobal staidrimh

Le haghaidh gach athróige: Táirgeoirí margaidh Ranna B go N de NACE ina bhfuil 50 fostaí nó duine féinfhostaithe nó níos mó i mbliain deiridh na tréimhse tagartha.

Miondealuithe

Athróg (1) An líon fostaithe agus daoine féinfhostaithe:

Ní mór na sonraí a sholáthar mar theaglaim de na miondealuithe uile a liostaítear thíos.

1.

Miondealú de réir na gníomhaíochta

Comhiomláin ranna NACE:

Méid Iomlán: B+C+D+E+F+G+H+I+J+K+L+M+N (Tionscal, tógáil agus seirbhísí gnó)

B+C+D+E+F (Tionscal agus tógáil)

G+H+I+J+K+L+M+N (Seirbhísí gnó)

2.

Miondealú de réir na feidhme gnó

Iomlán - Aon fheidhm ghnó

Príomhfheidhmeanna gnó

Tacú le feidhmeanna gnó

Táirgeadh earraí

Iompar, lóistíocht agus stóráil

Margaíocht, díolachán agus seirbhís iardhíolacháin

Teicneolaíocht faisnéise

Bainistíocht agus riarachán

Innealtóireacht agus seirbhísí teicniúla gaolmhara

Taighde agus forbairt

Feidhmeanna eile gnó

3.

Miondealú de réir aicme mhéide an líon fostaithe agus daoine féinfhostaithe:

Le cur ar fáil sna cásanna seo a leanas amháin: Méid Iomlán: B+C+D+E+F+G+H+I+J+K+L+M+N (Tionscal, tógáil agus seirbhísí gnó), agus le haghaidh an mhéid seo a leanas amháin: Iomlán - Aon fheidhm ghnó, príomhfheidhmeanna gnó agus feidhmeanna tacaíochta gnó.

Iomlán - 50 fostaí nó duine féinfhostaithe nó níos mó.

Fiontair mheánmhéide – 50-249 fostaí agus duine féinfhostaithe

Fiontair mhóra - 250 fostaí agus duine féinfhostaithe nó níos mó.

Athróg (2) An líon fiontar a bhíonn ag ceannach earraí ón gcoigríoch

Ní mór na sonraí a sholáthar mar theaglaim de na miondealuithe uile a liostaítear thíos.

1.

Miondealú de réir na gníomhaíochta

Mar an gcéanna le hathróg (1)

2.

Miondealú de réir an chineáil earraí a ceannaíodh

Amhábhair a úsáidtear i do phróiseas táirgthe féin

Comhpháirteanna atá mar chuid de do tháirge féin

Innealra agus trealamh teicniúil eile a úsáideann do chuideachta féin

Earraí a dhearann do chuideachta féin lena n-athdhíol ar mhargaí intíre nó ar mhargaí eachtracha

Earraí a dhearann do chuideachta eile lena n-athdhíol ar mhargaí intíre nó ar mhargaí eachtracha

Earraí eile

Iomlán

3.

Miondealú de réir an limistéir gheografaigh

Ballstáit an Aontais Eorpaigh

Tíortha Eorpacha nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad

Tíortha neamh-Eorpacha

Tíortha lasmuigh den Aontas (tíortha nach Ballstáit den Aontas iad)

Iomlán

Athróg (3) An líon fiontar a bhíonn ag soláthar earraí ar an gcoigríoch

Ní mór na sonraí a sholáthar mar theaglaim de na miondealuithe uile a liostaítear thíos.

1.

Miondealú de réir na gníomhaíochta

Mar an gcéanna le hathróg (1)

2.

Miondealú de réir an chineáil earraí arna soláthar

Amhábhair a úsáideann do chustaiméirí ar an gcoigríoch mar chuid dá bpróiseas táirgthe féin

Comhpháirteanna a úsáideann custaiméirí ar an gcoigríoch mar chuid dá dtáirge féin

Innealra agus trealamh teicniúil eile a úsáideann do chustaiméirí ar an gcoigríoch

Earraí deiridh a dhearann do chuideachta féin lena n-athdhíol

Earraí deiridh a dhearann do chuideachta eile lena n-athdhíol

Earraí eile

Iomlán

3.

Miondealú de réir an limistéir gheografaigh

Mar an gcéanna le hathróg (2)

Athróg (4) An líon fiontar a bhíonn ag ceannach seirbhísí ón gcoigríoch agus athróg (5) An líon fiontar a bhíonn ag soláthar earraí ar an gcoigríoch:

Ní mór na sonraí a sholáthar mar theaglaim de na miondealuithe uile a liostaítear thíos.

1.

Miondealú de réir na gníomhaíochta

Mar an gcéanna le hathróg (1)

2.

Miondealú de réir an chineáil seirbhísí

Iompar, lóistíocht agus stóráil

Margaíocht, díolachán agus iardhíolachán

Seirbhísí teicneolaíochta faisnéise

Bainistíocht agus riarachán

Innealtóireacht agus seirbhísí teicniúla gaolmhara

Taighde agus forbairt

Cineálacha eile seirbhísí

Iomlán

3.

Miondealú de réir an limistéir gheografaigh

Mar an gcéanna le hathróg (2)

Athróg (6) An líon fiontar a bhíonn ag déanamh foinsiú idirnáisiúnta:

A.

Miondealú de réir na gníomhaíochta agus na haicme méide

Ní mór na sonraí a sholáthar mar theaglaim de na miondealuithe uile a liostaítear thíos.

1.

Miondealú de réir na gníomhaíochta

Mar an gcéanna le hathróg (1)

Le soláthar le haghaidh na haicme méide iomláine amháin (Iomlán – 50 fostaí agus duine féinfhostaithe agus níos mó):

ranna NACE: B, C, D, E, F, G, H, I, J, K, L, M, N

2.

Miondealú de réir aicme mhéide an líon fostaithe agus daoine féinfhostaithe:

Mar an gcéanna le hathróg (1)

B.

Miondealú de réir na feidhme gnó agus de réir an chineáil comhpháirtí gnó

Ní mór na sonraí a sholáthar mar theaglaim de na miondealuithe uile a liostaítear thíos.

1.

Miondealú de réir na feidhme gnó

Mar an gcéanna le hathróg (1)

2.

Miondealú de réir an chineáil comhpháirtí gnó

Iomlán - Aon chomhpháirtí gnó

Eisfhoinsiú - comhpháirtí gnó lasmuigh den ghrúpa fiontair

Foinsiú inmheánach - Comhpháirtí gnó laistigh den ghrúpa fiontair féin

C.

Miondealú de réir na feidhme gnó agus an limistéir gheografaigh

Ní mór na sonraí a sholáthar mar theaglaim de na miondealuithe uile a liostaítear thíos.

1.

Miondealú de réir na feidhme gnó

Mar an gcéanna le hathróg (1)

2.

Miondealú de réir an limistéir gheografaigh

Ballstáit an Aontais Eorpaigh

Tíortha lasmuigh den Aontas (tíortha nach Ballstáit den Aontas iad)

An Ríocht Aontaithe

Tíortha Eorpacha nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad

An tSín

An India

Tíortha eile na hÁise agus na hAigéine

Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ceanada

Meiriceá Láir agus Theas

An Afraic

Iomlán

Athróg (7) an líon post a cruthaíodh san fhiontar mar thoradh ar fhoinsiú idirnáisiúnta:

A.

Miondealú de réir na gníomhaíochta

Mar an gcéanna le hathróg (1)

B.

Miondealú de réir na feidhme gnó

Mar an gcéanna le hathróg (1)

C.

Briseadh síos de réir stádas poist ardscileanna

Iomlán

Poist ardoilte

Poist nach bhfuil ardoilte

Athróg (8) an líon post a cailleadh (nó a athlonnaíodh chuig an gcoigríoch) mar thoradh ar fhoinsiú idirnáisiúnta:

A.

Miondealú de réir na gníomhaíochta

Mar an gcéanna le hathróg (1)

B.

Miondealú de réir na feidhme gnó

Mar an gcéanna le hathróg (1)

C.

Miondealú de réir stádas poist ardscileanna

Mar an gcéanna le hathróg (7)

Athróg (9) An líon fiontar a bhfuil foinsiú idirnáisiúnta déanta acu nó a bhfuil sé beartaithe acu sin a dhéanamh:

A.

Miondealú de réir spreagadh foinsithe idirnáisiúnta agus thábhacht na bhfachtóirí

Ní mór na sonraí a sholáthar mar theaglaim de na miondealuithe uile a liostaítear thíos.

1.

Miondealú de réir spreagadh foinsithe idirnáisiúnta

Costais saothair a laghdú

Laghdú ar chostais seachas costais saothair

Rochtain ar mhargaí nua

Easpa saothair cháilithe sa tír chónaithe

Rochtain ar shaineolas/teicneolaíochtaí speisialaithe

Cáilíocht fheabhsaithe nó táirgí nua a thabhairt isteach

Fócas ar an bpríomhghnó

Laghdú ar amanna seachadta

Cinntí straitéiseacha a rinne ceann an ghrúpa

Rialáil fhabhrach ar an gcoigríoch a dhéanann difear don fhiontar, e.g. níos lú rialáil chomhshaoil, córas cánach fabhrach

Na heachtraí a tharla le déanaí agus fachtóirí tráthúla eile (trí mhír ar a mhéad) a chur san áireamh.

2.

Miondealú de réir thábhacht na bhfachtóirí

Tábhacht mhór

Measartha tábhachtach

Gan tábhacht

Ní bhaineann le hábhar/Níl a fhios agam

B.

Miondealú de réir bacainní foinsithe idirnáisiúnta agus thábhacht na bhfachtóirí

Ní mór na sonraí a sholáthar mar theaglaim de na miondealuithe uile a liostaítear thíos.

1.

Miondealú de réir bacainní ar fhoinsiú idirnáisiúnta

Bacainní dlí nó riaracháin

Saincheisteanna cánachais

Taraifí agus bacainní trádála

Rochtain ar mhaoiniú nó srianta airgeadais eile

Bacainní teanga nó cultúrtha

Ní mór a bheith gar do chliaint atá ann faoi láthair i [tír chónaithe]

Deacrachtaí maidir le soláthraithe féideartha/oiriúnacha a shainaithint thar lear

Neamhchinnteacht maidir le cáilíocht na dtáirgí/seirbhísí atá le soláthar ar an gcoigríoch

Easpa lucht saothair cháilithe ar an gcoigríoch

An imní atá ar na fostaithe (lena n-áirítear na ceardchumainn)

An imní fhoriomlán atá ann go sáróidh an oibríocht foinsithe na sochair a bhfuil coinne leo

Bacainní agus fachtóirí, ag cur san áireamh imeachtaí a tharla le déanaí agus bacainní agus fachtóirí tráthúla eile (trí mhír ar a mhéad).

2.

Miondealú de réir thábhacht na bhfachtóirí

Mar an gcéanna le hathróg (9), miondealú (A)

Athróg (10) An líon fiontar gníomhach

Ní mór na sonraí a sholáthar mar theaglaim de na miondealuithe uile a liostaítear thíos.

1.

Miondealú de réir imeachtaí nó saincheisteanna a bhfuil tionchar acu ar shocruithe slabhraí luacha domhanda le haghaidh an fhiontair:

Imeachtaí nó saincheisteanna tráthúla a dhéanann difear d’fháil earraí nó do rochtain ar sheirbhísí

Imeachtaí nó saincheisteanna tráthúla a bhaineann le gluaiseacht earraí agus pearsanra chuig an gcoigríoch

Imeachtaí nó saincheisteanna tráthúla a dhéanann difear do na gníomhaíochtaí foinsithe idirnáisiúnta agus do na gníomhaíochtaí cúlfhoinsithe idirnáisiúnta

Imeachtaí nó saincheisteanna reatha eile a dhéanann difear do shocruithe maidir le slabhraí luacha domhanda

Díríonn an miondealú seo ar theagmhais nó saincheisteanna tráthúla a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar shocruithe maidir le slabhraí luacha domhanda, agus ní féidir níos mó ná 15 mhír a bheith ann.

2.

Miondealú de réir thábhacht na bhfachtóirí

Mar an gcéanna le hathróg (9), miondealú (A)

An spriocdháta le haghaidh sonraí a tharchur

Am + 21 mí

An chéad tréimhse thagartha

2021-2023

Simplithe agus

sonraíochtaí breise

An riail maidir le 1 %

Féadfar an riail maidir le 1 % a chur i bhfeidhm. Ní gá athróga a thiomsú faoin ngníomh cur chun feidhme seo más lú ná 1 % d’iomlán an Aontais ranníocaíocht an Bhallstáit i gcás líon na bhfiontar ina bhfuil 50 fostaí agus duine féinfhostaithe nó níos mó, ar leibhéal comhiomlánaithe NACE B-N, le haghaidh na bliana tagartha is déanaí a bhfuil na sonraí ar fáil ina leith faoin dáta T-18 mí.

Sonraí a bhailiú

Baileofar nó gheofar na sonraí fiontair seo a leanas ó chláir nó ó fhoinsí sonraí staidrimh nó riaracháin eile:

príomhghníomhaíocht eacnamaíoch an fhiontair, ag deireadh bhliain deiridh na tréimhse tagartha, bliain T,

an líon fostaithe agus daoine féinfhostaithe, i mbliain deiridh na treoirthréimhse, bliain T, agus

faisnéis maidir le rannpháirtíocht do ghrúpa fiontair.

Féadfar sonraí eile (amhail príomhfheidhm ghnó an fhiontair) a bhailiú nó a fháil ó chláir nó ó fhoinsí sonraí staidrimh nó riaracháin eile, in ionad an tsuirbhé.

Cuirfear sainmhínithe breise ar athróga, ar mhiondealuithe agus ar mholtaí modheolaíochta ar fáil i lámhleabhar tiomsaitheoirí na slabhraí luacha domhanda. Foilseoidh Eurostat an chéad eagrán de lámhleabhar tiomsaitheoirí na slabhraí luacha domhanda faoi Mheitheamh 2023.


Top