EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0613

Rialachán (AE) 2022/613 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le réamh-mhaoiniú méadaithe ó acmhainní REACT EU agus le costas aonaid a bhunú

PE/14/2022/REV/1

OJ L 115, 13.4.2022, p. 38–41 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/613/oj

13.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 115/38


RIALACHÁN (AE) 2022/613 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Aibreán 2022

lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le réamh-mhaoiniú méadaithe ó acmhainní REACT EU agus le costas aonaid a bhunú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 175, an tríú mír, agus Airteagal 177 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá athrú ó bhonn tagtha ar staid slándála na hEorpa mar gheall ar fhogha míleata arna thabhairt ag Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin le déanaí agus mar gheall ar an gcoinbhleacht armtha atá ar siúl faoi láthair. Mar thoradh ar an bhfogha míleata sin, tá rabharta mór daoine ag teacht isteach san Aontas, agus go háirithe sna réigiúin in oirthear an Aontais. Is dúshlán breise é sin tráth a bhfuil geilleagair na mBallstát fós ag téarnamh ó thionchar phaindéim COVID-19, agus tá baol ann go ndéanfaí dochar d’ullmhú théarnamh glas, digiteach agus athléimneach an gheilleagair.

(2)

Is féidir leis na Ballstáit raon leathan infheistíochtaí a mhaoiniú cheana féin chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirce faoina gcláir oibríochtúla le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ó Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus ón gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD), lena n-áirítear ó na hacmhainní breise a sholáthraítear mar chuid de Chúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (REACT-EU), chun cúnamh a sholáthar chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar.

(3)

Thairis sin, le Rialachán (AE) 2022/562 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) rinneadh roinnt leasuithe spriocdhírithe ar Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 (3) agus (AE) Uimh. 223/2014 (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun é a dhéanamh níos éasca do na Ballstáit úsáid a bhaint as leithdháiltí CFRE, CSE agus FEAD atá fágtha acu faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020, chomh maith le húsáid a bhaint as acmhainní REACT-AE, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin imirce a éifeachtaí agus a luaithe is féidir.

(4)

D’ainneoin na solúbthachtaí a tháirgtear le Rialachán (AE) 2022/562, tá brú mór fós ar bhuiséid phoiblí na mBallstát mar gheall ar na dúshláin a eascraíonn as an líon mór daoine atá ag teacht isteach agus iad ag teitheadh ón Úcráin. Tá riosca ann, mar gheall ar an mbrú sin, go mbainfi an bonn ó chumas na mBallstát téarnamh athléimneach an gheilleagair ó phaindéim COVID-19 a bhaint amach. Chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na dúshláin imirce, ba cheart tacaíocht ó CFRE, CSE agus FEAD a shlógadh go tapa trí ráta an réamh-mhaoinithe tosaigh a íoctar ó acmhainní REACT-EU a mhéadú le haghaidh na mBallstát uile. An tráth céanna, tá líon suntasach daoine ón Úcráin ag teacht isteach i roinnt Ballstát, rud a fhágann nach mór tacaíocht láithreach a sholáthar. Dá réir sin, ba cheart do na Ballstáit sin tairbhiú de mhéadú i bhfad níos airde ar ráta an réamh-mhaoinithe tosaigh chun na costais bhuiséadacha láithreacha a fhritháireamh agus tacú lena gcuid iarrachtaí chun téarnamh a ngeilleagar a ullmhú.

(5)

Chun faireachán a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as an réamh-mhaoiniú breise sin, ba cheart a áireamh sna tuarascálacha críochnaitheacha maidir le cur chun feidhme chláir CFRE agus CSE a fhaigheann réamh-mhaoiniú breise, faisnéis faoin úsáid a bhaintear as na méideanna breise a fhaightear chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin imirce atá ann mar thoradh ar an bhfogha míleata arna thabhairt ag Cónaidhm na Rúise, agus ar an gcaoi inar rannchuidigh na méideanna breise sin le téarnamh an gheilleagair.

(6)

Chun úsáid Chistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa a shimpliú agus an t-ualach riaracháin ar thairbhithe agus ar údaráis riaracháin na mBallstát a laghdú i gcomhthéacs aghaidh a thabhairt ar na dúshláin imirce arb é fogha míleata Chónaidhm na Rúise is cúis leo, ba cheart costas aonaid a bhunú. I ngach Ballstát, ba cheart a eascú leis an gcostas aonaid sin, maoiniú bunriachtanais agus tacaíocht na ndaoine a dtugtar cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach eile dóibh faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 (5) agus Treoir 2001/55/CE ón gComhairle (6) ar feadh tréimhse 13 seachtaine ón am a tháinig an duine sin isteach san Aontas. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/562 , d’fhéadfadh na Ballstáit costas aonaid a chur i bhfeidhm agus úsáid á baint acu as an bhféidearthacht dá bhforáiltear in Airteagal 98(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 chun oibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin imirce a mhaoiniú le CFRE nó CSE ar bhonn na rialacha is infheidhme maidir leis an gCiste eile, lena n-áirítear nuair a bhíonn baint aige sin le hacmhainní REACT-EU. Agus leas á bhaint acu as an gcostas aonaid, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na socruithe is gá i bhfeidhm chun maoiniú dúbailte na gcostas céanna a sheachaint.

(7)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon cuidiú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as an líon ard daoine atá ag teacht iseach agus iad ag teitheadh ón bhfogha míleata arna thabhairt ag Cónaidhm na faoin Úcráin agus tacú leis na Ballstáit téarnamh athléimneach an gheilleagair ó phaindéim COVID-19 a bhaint amach, agus ós rud é, mar gheall ar fhairsinge agus éifeachtaí an ghnímh atá beartaithe, gur fearr is féidir na cuspóirí a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a leasú dá réir.

(9)

I bhfianaise a phráinní atá sé faoiseamh tapa a sholáthar do bhuiséid phoiblí d’fhonn acmhainn na mBallstát tacú le téarnamh na ngeilleagar ó phaindéim COVID-19 a chaomhnú agus chun íocaíochtaí breise ar chláir oibríochtúla a chumasú gan mhoill, meastar gurb iomchuí an eisceacht a agairt maidir leis an tréimhse ocht seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

(10)

I bhfianaise gur gá faoiseamh tapa a sholáthar do bhuiséid phoiblí d’fhonn acmhainn na mBallstát próiseas an téarnaimh eacnamaíoch a chaomhnú agus chun íocaíochtaí breise ar chláir oibríochtúla a chumasú gan mhoill, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar a leanas:

(1)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Article 68c

Costas aonaid le haghaidh oibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce arb é fogha míleata Chónaidhm na Rúise is cúis leo

Chun oibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce arb é fogha míleata Chónaidhm na Rúise is cúis leo a chur chun feidhme, féadfaidh na Ballstáit a áireamh sa chaiteachas arna dhearbhú in iarratais ar íocaíocht costas aonaid atá nasctha le bunriachtanais agus tacaíocht na ndaoine a dtugtar cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach eile dóibh faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle (*1) agus Treoir 2001/55/CE ón gComhairle (*2). EUR 40 in aghaidh na seachtaine a bheidh sa chostas aonaid sin le haghaidh gach seachtain iomlán nó seachtain pháirteach a chaithfidh an duine sin sa Bhallstát lena mbaineann. Féadfar an costas aonaid a úsáid ar feadh 13 seachtaine ar a mhéad san iomlán, ag tosú ón dáta a thagann an duine isteach san Aontas.

Measfar i leith na méideanna arna ríomh ar an mbonn sin gur tacaíocht phoiblí arna híoc leis na tairbhithe iad agus gur caiteachas incháilithe chun críocha an Rialachán seo a chur i bhfeidhm iad.

(*1)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1)"

(*2)  Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).”;"

(2)

in Airteagal 92b, leasaítear mír 7, mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach na fomhíreanna seo a leanas i ndiaidh na chéad fhomhíre:

“I dteannta an réamh-mhaoinithe tosaigh a leagtar amach sa chéad fhomhír, íocfaidh an Coimisiún 4 % d’acmhainní REACT-EU arna leithdháileadh ar chláir le haghaidh na bliana 2021 mar réamh-mhaoiniú tosaigh breise in 2022. I gcás cláir sna Ballstáit ina bhfuil líon na ndaoine a tháinig ón Úcráin idir an 24 Feabhra 2022 agus an 23 Márta 2022 níos airde ná 1 % den daonra náisiúnta, méadófar an céatadán sin go 34 %.

Agus an tuarascáil chríochnaitheach ar chur chun feidhme a cheanglaítear faoi Airteagal 50(1) agus Airteagal 111 á cur isteach ag na Ballstáit, tuairisceoidh siad ar an úsáid a bhaintear as an réamh-mhaoiniú tosaigh breise dá bhforáiltear sa dara fomhír den mhír seo chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin imirce atá ann mar thoradh ar an bhfogha míleata arna thabhairt ag Cónaidhm na Rúise agus ar rannchuidiú an réamh-mhaoinithe le téarnamh an gheilleagair.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“I gcás inar glacadh an cinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár oibríochtúil nó an leasú ar an gclár oibríochtúil lena leithdháiltear acmhainní REACT-EU le haghaidh 2021 tar éis an 31 Nollaig 2021 agus i gcás nár íocadh an réamh-mhaoiniú gaolmhar, íocfar méid an réamh-mhaoinithe tosaigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo in 2022.

Déanfar an méid arna íoc mar réamh-mhaoiniú tosaigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo a imréiteach go hiomlán as cuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an dáta a dhúnfar an clár oibríochtúil.”;

(3)

in Airteagal 131, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   An caiteachas incháilithe a áireofar in iarratas ar íocaíocht, cuirfear sonraisc admhaithe nó doiciméid chuntasaíochta de luach coibhéiseach cruthúnais leis mar thacaíocht, cé is moite de chineálacha tacaíochta dá dtagraítear i bpointí (b) go (e) den chéad fhomhír d’Airteagal 67(1), Airteagail 68, 68a, 68b agus 68c, Airteagal 69(1) agus Airteagal 109 den Rialachán seo, agus in Airteagal 14 de Rialachán CSE. I gcás na gcineálacha tacaíochta sin, is ionann na méideanna a áireofar san iarratas ar íocaíocht agus na costais arna ríomh ar an mbonn is infheidhme.”

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 223/2014

Leasaítear Airteagal 6a, mír 4 de Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 mar a leanas:

(1)

cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas i ndiaidh na chéad fhomhíre:

“I dteannta an réamh-mhaoinithe tosaigh a leagtar amach sa chéad fhomhír, íocfaidh an Coimisiún 4 % d’acmhainní REACT-EU arna leithdháileadh ar chláir le haghaidh na bliana 2021 mar réamh-mhaoiniú tosaigh breise in 2022. I gcás cláir sna Ballstáit ina bhfuil líon na ndaoine a tháinig ón Úcráin idir an 24 Feabhra 2022 agus an 23 Márta 2022 níos airde ná 1 % den daonra náisiúnta, méadófar an céatadán sin go 34 %.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Déanfar an méid arna íoc mar réamh-mhaoiniú tosaigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a imréiteach go hiomlán as cuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an dáta a dhúnfar an clár oibríochtúil.”.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Aibreán 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. BEAUNE


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Aibreán 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Aibreán 2022.

(2)  Rialachán (AE) 2022/562 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE) (IO L 109, 8.4.2022, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (IO L 72, 12.3.2014, lch. 1).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1)

(6)  Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).


Top