Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0562

Rialachán (AE) 2022/562 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE)

PE/12/2022/REV/1

IO L 109, 8.4.2022, p. 1–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/562/oj

8.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 109/1


RIALACHÁN (AE) 2022/562 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Aibreán 2022

lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 175, an tríú mír, agus Airteagal 177 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá athrú ó bhonn tagtha ar staid slándála na hEorpa mar gheall ar an bhfogha míleata a thug Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin le déanaí agus mar gheall ar an gcoinbhleacht armtha atá ar siúl faoi láthair. Mar thoradh ar an bhfogha míleata sin, tá rabharta mór daoine ag teacht isteach san Aontas, agus go háirithe sna réigiúin in oirthear an Aontais. Is dúshlán breise é sin tráth a bhfuil geilleagair na mBallstát fós ag téarnamh ó thionchar phaindéim COVID-19.

(2)

Tá na Ballstáit in ann raon leathan infheistíochtaí a mhaoiniú cheana féin faoina gcláir beartais chomhtháthaithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirce faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus faoi Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE), lena n-áirítear faoi na hacmhainní breise a sholáthraítear mar chuid de Chúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (REACT-EU) chun cúnamh a chur ar fáil chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar. Is féidir leis na gníomhaíochtaí infheistíochtaí a chumhdach i réimsí an chuimsithe shóisialta, na sláinte, an oideachais, na fostaíochta, na tithíochta agus an chúraim leanaí, lena n-áirítear trí infheistíochtaí a dhéanamh i mbonneagar, trí limistéir dhíothacha uirbeacha a athghiniúint, agus trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh chun leithlisiú spásúil agus oideachais imirceach a laghdú, agus gnólachtaí nuathionscanta. Féadfaidh na Ballstáit na hacmhainní atá fágtha a atreorú laistigh dá gcláir chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirce den sórt sin. Ina theannta sin, is féidir an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (“FEAD”) a úsáid freisin chun bia agus cúnamh ábhartha bunúsach a sholáthar do dhaoine, lena n-áirítear náisiúnaigh tríú tír, a ndearna foghamíleata Chónaidhm na Rúise difear dóibh.

(3)

Cé go dtairbhíonn na hacmhainní breise a sholáthraítear faoi REACT-EU de roinnt solúbthachtaí ina socruithe cur chun feidhme cheana féin, is gá úsáid níos solúbtha a bhaint as acmhainní CFRE, CSE agus FEAD ó chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020. Agus a phráinní atá sé aghaidh a thabhairt ar na dúshláin imirce atá ann mar thoradh ar an bhfogha míleata a thug Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin„ ba cheart caiteachas le haghaidh oibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin sin a bheith incháilithe ón dáta a tosaíodh an fogha míleata sin. Thairis sin, ba cheart solúbthacht maidir leis an gcaoi ar féidir CFRE agus CSE a úsáid a mhéadú le haghaidh oibríochtaí den sórt sin ionas gur féidir an cistiú atá ar fáil sna cláir a úsáid go tapa, ar choinníoll go bhfuil an oibríocht lena mbaineann i gcomhréir leis an gclár oibríochtúil arna leasú i gcás inar gá. Ba cheart an tsolúbthacht sin a bheith sa bhreis ar na féidearthachtaí maidir le maoiniú comhlántach na n-oibríochtaí dá bhforáiltear cheana. Ba cheart socruithe tuairiscithe simplithe maidir leis na sonraí ar rannpháirtithe sna hoibríochtaí sin a thabhairt isteach freisin.

(4)

Chun a áirithiú go bhféadfaidh daoine a ndéantar difear dóibh tairbhiú den chúnamh faoi FEAD gan mhoill, is iomchuí cead a thabhairt do na Ballstáit gnéithe áirithe de na cláir oibríochtúla a fhaigheann tacaíocht ó FEAD a leasú, gan a cheangal orthu cinneadh ón gCoimisiún a ghlacadh.

(5)

Ba cheart an tacaíocht a sholáthraítear faoin mbeartas comhtháthaithe a bheith comhlántach, go háirithe le gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht chun tionchar an chistithe atá ar fáil a uasmhéadú.

(6)

Tá iarmhairtí phaindéim COVID-19tar éis dul i bhfeidhm ar na Ballstáit ar bhealach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Chuir tionchar foriomlán na paindéime sin brú an-ard ar bhuiséid na mBallstát i ngeall ar an ardú tobann agus suntasach ar na hinfheistíochtaí poiblí a bhí de dhíth i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagair. Chuir sé an tacaíocht a sholáthraítear do na daoine is díothaí i mbaol freisin. Chruthaigh sé sin staid eisceachtúil nár mhór aghaidh a thabhairt uirthi le bearta sonracha.

(7)

Chun freagairt a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19, rinneadh Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013 (3) agus (AE) Uimh. 1303/2013 (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú le Rialachán (AE) 2020/460 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) chun níos mó solúbthachta a thabhairt maidir le cur chun feidhme na gclár oibríochtúil a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE agus ón gCiste Comhtháthaithe (“na Cistí”) agus ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh. Mar sin féin, de réir mar a chuaighéifeachtaí tromchúiseacha diúltacha na géarchéime sin ar gheilleagair agus ar shochaithe an Aontais in olcas, leasaíodh an dá Rialachán sin arís, le Rialachán (AE) 2020/558 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

Ina theannta sin, chun freagairt a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID-19 ar na daoine is díothaí, rinneadh Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a leasú le Rialachán (AE) 2020/559 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) chun bearta sonracha le haghaidh FEAD a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar ráig COVID-19. Leis na leasuithe sin, soláthraíodh solúbthacht bhreise eisceachtúil chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit díriú ar an bhfreagairt is gá ar an ngéarchéim nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo trí fheabhas a chur ar an bhféidearthacht tacaíocht as na Cistí nach bhfuiltear á húsáid a shlógadh agus trí cheanglais nós imeachta a shimpliú, ar ceanglais iad atá nasctha le cur chun feidhme na gclár chun aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le freagairt thapa a thabhairt ar an ngéarchéim sin. Le leasú ina dhiaidh sin ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2020/2221 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), soláthraíodh acmhainní breise suntasacha mar chuid de REACT-EU chun cúnamh a chur ar fáil chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar.

Mar chuid den phacáiste céanna, rinneadh Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a leasú freisin le Rialachán (AE) 2021/177 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), chun go bhféadfaidh na Ballstáit na hacmhainní breise a shlógadh chuig na daoine is díothaí i gcomhthéacs chur chun feidhme FEAD.

(8)

Cé gur chuidigh na solúbthachtaí agus na hacmhainní breise dá bhforáiltear i leith na clárthréimhse 2014-2020 leis na Ballstáit ina gcuid iarrachtaí freagairt ar an ngéarchéim agus téarnamh ón ngéarchéim, d’imir teacht chun cinn athraitheach nua den choróinvíreas, go háirithe athraitheach Omicron, agus an géarú forleathan ar shrianta sa ráithe dheiridh de 2021 éifeachtaí tromchúiseacha diúltacha ar gheilleagair agus ar shochaithe na mBallstát agus chuir siad isteach ar ghnáthchur chun feidhme na gclár beartais chomhtháthaithe agus na gclár a fhaigheann tacaíocht ó FEAD. Tá na héifeachtaí sin níos measa mar gheall ar fhogha míleata Chónaidhm na Rúise le déanaí agus mar gheall ar na sreabha imirce a d’eascair as an bhfogha, agus d’fhéadfaidís tuilleadh dochair a dhéanamh do théarnamh gheilleagar an Aontais. I gcomhréir leis an bhféidearthacht dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2020/558, is gá, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le síneadh eisceachtúil a chur le ceann de na bearta a tugadh isteach leis an Rialachán sin, eadhon an rogha i dtaca le cur i bhfeidhm ráta cómhaoinithe 100 % le haghaidh na bliana cuntasaíochta 2020-/2021 a shíneadh go dtí an bhliain chuntasaíochta ina dhiaidh sin.

(9)

D’fhonn an t-ualach ar bhuiséid phoiblí atá ag eascairt ón ngá atá le freagairt ar an ngéarchéim a mhaolú, d’fhonn dlús a chur le cur chun feidhme na gclár agus d’fhonn na hinfheistíochtaí is gá a chumasú le haghaidh théarnamh na réigiún, ba cheart an deis eisceachtúil a thabhairt do na Ballstáit ráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm i gclár a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE, ón gCiste Comhtháthaithe nó ó FEAD le haghaidh na bliana cuntasaíochta 2021/2022 freisin.

(10)

Chun uasteorainneacha íocaíochta an chreata airgeadais ilbhliantúil le haghaidh 2022 agus 2023 a chomhlíonadh, ba cheart uasteorainn a bhunú le haghaidh na mblianta sin i gcás íocaíochtaí a eascraíonn as cur i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe 100 % faoi CFRE, faoin gCiste Comhtháthaithe nó faoi CSE. Íocaíochtaí nach féidir a dhéanamh mar thoradh ar chur i bhfeidhm na n-uasteorainneacha sin, ba cheart don Choimisiún iad a íoc a luaithe is féidir faoi réir infhaighteacht an chistithe, trí na cuntais a ghlacadh nó trí íocaíochtaí a dhéanamh ina dhiaidh sin. Níor cheart d’íocaíochtaí iarchurtha den sórt sin difear a dhéanamh do ghlacadh na gcuntas ná níor cheart aon éifeacht eile a bheith acu.

(11)

Agus é á chur san áireamh nach ndéanfaidh cur i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe 100 % difear suntasach d’ábhar na gclár oibríochtúil féin, is iomchuí cur chun feidhme tapa an ráta a cheadú gan gá le cinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar leasú na mBallstát ar tháblaí airgeadais an chláir oibríochtúil. Mar sin féin, ba cheart don Bhallstát fógra a thabhairt maidir leis na táblaí airgeadais athbhreithnithe sula gcuirfear isteach an t-iarratas deiridh ar íocaíocht le haghaidh na bliana cuntasaíochta. Is féidir leasuithe iarmhartacha féideartha, lena n-áirítear luachanna na dtáscairí, a dhéanamh mar chuid de leasú ar chlár tar éis dheireadh na bliana cuntasaíochta.

(12)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon bearta solúbthachta a thabhairt isteach sa réimse a bhaineann le tacaíocht ó na Cistí a sholáthar, agus, de bharr fairsinge agus éifeachtaí an ghnímh atá beartaithe, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(13)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a leasú dá réir.

(14)

I bhfianaise a phráinní atá sé aghaidh a thabhairt ar na dúshláin imirce mar thoradh ar fhogha míleata Chónaidhm na Rúise le déanaí agus mar thoradh ar an ngéarchéim leanúnach sláinte phoiblí a eascraíonn as paindéim COVID-19, meastar gurb iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(15)

I bhfianaise an ghá cead a thabhairt do na Ballstáit a gcláir a leasú in am chun tairbhiú de chur i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe 100 % le haghaidh na bliana cuntasaíochta 2021-2022, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 25a, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   De mhaolú ar Airteagal 60(1) agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an gceathrú fomhír d’Airteagal 120(3), féadfar ráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm maidir le caiteachas a dhearbhófar in iarratais ar íocaíocht le haghaidh na bliana cuntasaíochta dar tús an 1 Iúil 2021 agus dar críoch an 30 Meitheamh 2022 le haghaidh ais tosaíochta amháin nó níos mó i gclár a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE nó ón gCiste Comhtháthaithe.

De mhaolú ar Airteagal 30(1) agus Airteagal 30(2) agus Airteagal 96(10), ní bheidh gá le cinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar leasú ar chlár chun an ráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún maidir leis na táblaí airgeadais athbhreithnithe tar éis don choiste faireacháin iad a fhormheas. Ní bheidh feidhm ag an ráta cómhaoinithe 100 % ach amháin má thugtar fógra don Choimisiún maidir leis na táblaí airgeadais sula gcuirfear isteach an t-iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach le haghaidh na bliana cuntasaíochta dar tús an 1 Iúil 2021 agus dar críoch an 30 Meitheamh 2022 i gcomhréir le hAirteagal 135(2).

Ní rachaidh na híocaíochtaí breise iomlána a eascraíonn as cur i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe 100 % thar EUR 5 bhilliún in 2022 agus EUR 1 bhilliún in 2023.

Déanfaidh an Coimisiún íocaíochtaí eatramhacha tríd an ráta cómhaoinithe is infheidhme a chur i bhfeidhm maidir leis na haiseanna tosaíochta lena mbaineann roimh an bhfógra dá dtagraítear sa dara fomhír. De mhaolú ar Airteagal 135(5), íocfaidh an Coimisiún na méideanna breise a eascraíonn as cur i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe 100 % tar éis gach iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach le haghaidh na bliana cuntasaíochta 2021-2022 a fháil, i gcás inar gá ar bhonn pro-rata chun na huasteorainneacha a leagtar amach sa tríú fomhír a urramú.

De mhaolú ar Airteagal 139(7), chun na huasteorainneacha a leagtar amach sa tríú fomhír a urramú, na méideanna eile a eascraíonn as cur i bhfeidhm an ráta chómhaoinithe 100 %, nach féidir a íoc tar éis na cuntais a ghlacadh, déanfar iad a íoc in 2024 nó ina dhiaidh sin.”;

(2)

cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 65(10):

“De mhaolú ar mhír 9, beidh caiteachas le haghaidh oibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce mar thoradh ar fhogha míleata Chónaidhm na Rúise incháilithe ón 24 Feabhra 2022 ar aghaidh.”;

(3)

cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 98:

“4.   Féadfaidh CFRE nó CSE oibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce mar thoradh ar fhogha míleata Chónaidhm na Rúise a mhaoiniú ar bhonn na rialacha is infheidhme maidir leis an gCiste eile.

I gcásanna den sórt sin, déanfar na hoibríochtaí sin a chlársceidealú faoi ais tosaíochta thiomnaithe den Chiste eile sin lena rannchuideofar leis na tosaíochtaí infheistíochta comhfhreagracha.

I gcás ina bhfuil gá le sonraí maidir leis na rannpháirtithe a thuairisciú le haghaidh oibríochtaí faoin ais tosaíochta thiomnaithe dá dtagraítear sa dara fomhír, beidh na sonraí sin bunaithe ar mheastacháin fheasacha agus beidh siad teoranta do líon iomlán na ndaoine a fhaigheann tacaíocht agus do líon na leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois.

Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh.”.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 223/2014

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 mar a leanas:

(1)

cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 9(4):

“Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír agus ag an dara fomhír freisin chun gnéithe de chlár oibríochtúil lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce mar thoradh ar fhogha míleata Chónaidhm na Rúise a mhodhnú.”

(2)

in Airteagal 20, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1b.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar ráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm maidir leis an gcaiteachas arna dhearbhú in iarratais ar íocaíocht le linn na bliana cuntasaíochta dar tús an 1 Iúil 2021 agus dar críoch an 30 Meitheamh 2022.

De mhaolú ar Airteagal 9(1), (2) agus (3), ní bheidh gá le cinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar leasú ar chlár chun an ráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún maidir leis na táblaí airgeadais athbhreithnithe, dá dtagraítear i Roinn 5.1 de na teimpléid do chláir oibríochtúla a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Ní bheidh feidhm ag an ráta cómhaoinithe 100 % ach amháin má thugtar fógra don Choimisiún maidir leis na táblaí airgeadais sula gcuirfear isteach an t-iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach le haghaidh na bliana cuntasaíochta dar tús an 1 Iúil 2021 agus dar críoch an 30 Meitheamh 2022, i gcomhréir le hAirteagal 45(2).”;

(3)

cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 22(4):

“De mhaolú ar an gcéad fhomhír, beidh caiteachas le haghaidh oibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce mar thoradh ar fhogha míleata Chónaidhm na Rúise incháilithe ón 24 Feabhra 2022 ar aghaidh.”.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 6 Aibreán 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. BEAUNE


(1)  Tuairim an 23 Márta 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Márta 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Aibreán 2022.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 289).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Coiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíocha um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(5)  Rialachán (AE) 2020/460 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun infheistíochtaí a shlógadh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagar mar fhreagairt ar ráig COVID-19 (An Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas) (IO L 99, 31.3.2020, lch. 5).

(6)  Rialachán (AE) 2020/558 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013 agus (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le bearta sonracha lena soláthraítear solúbthacht eisceachtúil chun leas a bhaint as Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa mar fhreagairt ar ráig COVID-19 (IO L 130, 24.4.2020, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (IO L 72, 12.3.2014, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2020/559 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha a thabhairt isteach chun dul i ngleic le ráig COVID-19 (IO L 130, 24.4.2020, lch. 7).

(9)  Rialachán (AE) 2020/2221 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní breise agus socruithe cur chun feidhme chun cúnamh a chur ar fáil chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagair (REACT-EU) (IO L 437, 28.12.2020, lch. 30).

(10)  Rialachán (AE) 2021/177 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim a bhaineann le ráig COVID-19 (IO L 53, 16.2.2021, lch. 1).


Top