EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0555

Rialachán (AE) 2022/555 ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha

ST/9827/2021/INIT

OJ L 108, 7.4.2022, p. 1–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/555/oj

7.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 108/1


RIALACHÁN (AE) 2022/555 ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Aibreán 2022

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 352 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bunaíodh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (“an Ghníomhaireacht”) le Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle (2) chun cúnamh agus saineolas a bhaineann le cearta bunúsacha a chur ar fáil d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus do na Ballstáit.

(2)

Chun raon feidhme na Gníomhaireachta a oiriúnú agus chun cur le rialachas agus éifeachtúlacht oibriú na Gníomhaireachta, ní mór forálacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 a leasú agus a nuashonrú gan cuspóir ná cúraimí na Gníomhaireachta a athrú.

(3)

I bhfianaise theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ba cheart, le raon feidhme na Gníomhaireachta, go gcumhdófar comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, réimsí atá an-íogair maidir le cearta bunúsacha.

(4)

Ba cheart réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a eisiamh ó raon feidhme na Gníomhaireachta. Ba cheart é sin a bheith gan dochar do sholáthar cúnaimh agus saineolais arna dhéanamh ag an nGníomhaireacht, mar shampla gníomhaíochtaí oiliúna maidir le saincheisteanna i leith cearta bunúsacha, d’institiúidí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, lena n-áirítear dóibh siúd a oibríonn i réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála.

(5)

Thairis sin, ní mór roinnt leasuithe teicniúla spriocdhírithe a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ionas go bhféadfaí an Ghníomhaireacht a rialú agus a fheidhmiú i gcomhréir le prionsabail an Chur Chuige Choitinn atá i gceangal leis an Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an AE agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an 19 Iúil 2012 (‘an Cur Chuige Coiteann’). Tá ailíniú Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 leis na prionsabail a leagtar amach sa Chur Chuige Coiteann in oiriúint d’obair shonrach agus do nádúr na Gníomhaireachta agus tá mar aidhm leis simpliú, rialachas feabhsaithe agus gnóthachain éifeachtúlachta a thabhairt chuig oibriú na Gníomhaireachta.

(6)

Ba cheart sainiú réimsí ghníomhaíochta na Gníomhaireachta a bheith bunaithe ar dhoiciméad clársceidealaithe na Gníomhaireachta, agus ar an doiciméad sin amháin. Le bheith i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún (3), ar tháinig Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún (4) i gcomharbas air, ba cheart deireadh a chur leis an gcur chuige atá ann faoi láthair ina leagtar síos go comhthreomhar Creat Ilbhliantúil leathantéamach gach 5 bliana, óir tá sé iomarcach de bharr an doiciméid chlársceidealaithe a bhí á ghlacadh ag an nGníomhaireacht go bliantúil ó bhí 2017 ann. Bunaithe ar chlár oibre beartais an Aontais agus ar riachtanais na ngeallsealbhóirí, leagtar amach go soiléir sa doiciméad clársceidealaithe, na réimsí agus na tionscadail shonracha a mbeidh an Ghníomhaireacht ag obair orthu. Ba cheart go gcuirfeadh sé sin ar a cumas don Ghníomhaireacht a cuid oibre agus a fócas téamach thar am a phleanáil agus é a chur in oiriúint go bliantúil do thosaíochtaí a thiocfaidh chun cinn.

(7)

Ba cheart don Ghníomhaireacht a dréachtdoiciméad clársceidealaithe a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún agus chuig na hoifigigh náisiúnta idirchaidrimh agus chuig an gCoiste Eolaíoch faoin 31 Eanáir gach bliain. Is é an cuspóir atá ann go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht, agus a cúraimí á gcur i gcrích aici ar bhealach atá go hiomlán neamhspleách, inspioráid a bhaint as pléití nó as tuairimí maidir leis an dréachtdoiciméad clársceidealaithe sin chun an clár oibre is ábhartha a cheapadh chun tacú leis an Aontas agus leis na Ballstáit trí chúnamh agus saineolas a chur ar fáil maidir le cearta bunúsacha.

(8)

Chun cumarsáid rianúil a áirithiú idir an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit, ba cheart don Ghníomhaireacht agus do na hoifigigh idirchaidrimh náisiúnta oibriú le chéile de mheon an dlúthchomhair fhrithpháirtigh. Ba cheart an comhar sin a bheith gan dochar do neamhspleáchas na Gníomhaireachta.

(9)

Chun rialachas agus feidhmiú feabhsaithe Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta a áirithiú, ba cheart roinnt forálacha i Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 a leasú.

(10)

I bhfianaise an róil thábhachtaigh a bheidh ag an mBord Bainistíochta, ba cheart a chuid comhaltaí a bheith neamhspleách agus eolas maith a bheith acu ar réimse na gceart bunúsach mar aon le taithí iomchuí bhainistíochta, lena n-áirítear scileanna riaracháin agus buiséadacha.

(11)

Ba cheart a shoiléiriú freisin, cé nach féidir téarmaí chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta ná a chomhaltaí malartacha a athnuachan go leantach, gur cheart é a bheith indéanta iarchomhalta nó iarchomhalta malartach a athcheapadh le haghaidh téarma amháin eile nach dtagann díreach i ndiaidh téarma roimhe sin. Má tá bonn cirt leis, de pháirt amháin, gan athnuachaintí leantacha a cheadú ar mhaithe lena neamhspleáchas a áirithiú, dhéanfadh sé níos éasca é ar na Ballstáit comhaltaí oiriúnacha a cheapadh a chomhlíonfadh na ceanglais ar fad, den pháirt eile, dá gceadófaí athcheapadh le haghaidh téarma amháin eile nach dtagann díreach i ndiaidh téarma roimhe sin.

(12)

Maidir le comhaltaí a chur in ionad chomhaltaí nó chomhaltaí malartacha an Bhoird Bainistíochta, ba cheart a shoiléiriú go gcuirfidh téarma an chomhalta nua nó an chomhalta malartaigh deireadh le téarma 5 bliana a réamhtheachtaí i ngach cás ina gcuirfear deireadh leis an téarma oifige roimh dhul in éag na tréimhse 5 bliana, agus ní hamháin i gcás inar cailleadh neamhspleáchas ach i gcásanna eile freisin amhail éirí as oifig nó bás, ach amháin i gcás inar lú ná 2 bhliain an téarma atá fágtha, agus sa chás sin is féidir tús a chur le téarma nua 5 bliana as an nua.

(13)

Chun ailíniú leis an staid laistigh d’institiúidí an Aontais, ba cheart cumhachtaí an údaráis ceapacháin a thabhairt do Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta. Cé is moite den Stiúrthóir a cheapadh, ba cheart na cumhachtaí sin a tharmligean chuig an Stiúrthóir. Is in imthosca eisceachtúla amháin gur cheart don Bhord Bainistíochta cumhachtaí an údaráis ceapacháin a fheidhmiú maidir le foireann na Gníomhaireachta.

(14)

Chun sáinneacha a sheachaint agus chun imeachtaí vótála a shimpliú maidir le comhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin a thoghadh, ba cheart foráil a dhéanamh go dtoghfaidh an Bord Bainistíochta iad trí thromlach chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bhfuil cearta vótála acu.

(15)

Chun Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 a ailíniú a thuilleadh leis an gCur Chuige Coiteann agus chun inniúlacht an Bhoird Bainistíochta a neartú maidir le maoirsiú a dhéanamh ar bhainistiú riaracháin, oibríochtúil agus buiséadach na Gníomhaireachta, is gá cúraimí breise a shannadh don Bhord Bainistíochta agus na cúraimí a sannadh don Bhord Feidhmiúcháin a shonrú a thuilleadh. I measc chúraimí breise an Bhoird Bainistíochta, ba cheart an méid seo a leanas a chur san áireamh: straitéis slándála a ghlacadh, lena n-áirítear rialacha maidir le faisnéis rúnaicmithe AE a mhalartú, straitéis cumarsáide a ghlacadh, agus rialacha a ghlacadh maidir le cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa i ndáil lena gcomhaltaí féin agus le comhaltaí an Choiste Eolaíoch. Is é cúram an Bhoird Feidhmiúcháin maoirsiú a dhéanamh ar an obair ullmhúcháin le haghaidh na gcinntí a bheidh le glacadh ag an mBord Bainistíochta agus ba cheart a shoiléiriú go mbeidh grinnscrúdú ar ábhair a bhaineann leis an mbuiséad nó le hacmhainní daonna ina chuid den chúram sin. Ina theannta sin, ba cheart é a chur de chúram ar an mBord Feidhmiúcháin an straitéis frithchalaoise a ullmhaíonn an Stiúrthóir a ghlacadh agus a áirithiú go ndéanfar obair leantach leordhóthanach maidir le torthaí iniúchta agus imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) nó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE). Thairis sin, ba cheart, i gcás inar gá, i gcásanna práinne, a fhoráil go bhféadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí sealadacha a ghlacadh thar ceann an Bhoird Bainistíochta.

(16)

Chun an nós imeachta atá ann faoi láthair a shimpliú, an nós imeachta lena gcuirtear comhaltaí eile in ionad chomhaltaí an Choiste Eolaíoch, ba cheart ligean don Bhord Bainistíochta an chéad duine eile ar an liosta ionadaithe a cheapadh ar feadh na tréimhse atá fágtha sa téarma oifige i gcás inar gá comhalta eile a chur in ionad comhalta roimh dheireadh a théarma.

(17)

I bhfianaise nós imeachta ceapacháin atá an-iomaíoch agus toisc gur minic líon na n-iarrthóirí a d’fhéadfadh sé a bheith ar a gcumas na critéir roghnúcháin a chomhlíonadh a bheith íseal, ba cheart a bheith in ann, aon uair amháin, síneadh suas le 5 bliana a chur le téarma oifige Stiúrthóir na Gníomhaireachta, agus feidhmíocht an duine sin mar aon le dualgais agus riachtanais na Gníomhaireachta sna blianta atá amach romhainn á gcur san áireamh. Thairis sin, de bharr thábhacht an phoist agus an nós imeachta chuimsithigh a mbíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún páirteach ann, ba cheart tús a chur leis an nós imeachta sin le linn an 12 mhí roimh dheireadh théarma an Stiúrthóra.

(18)

Thairis sin, chun cur le cobhsaíocht shainordú an Stiúrthóra agus, dá bhrí sin, le cobhsaíocht oibriú na Gníomhaireachta, ba cheart an tromlach atá ag teastáil chun dífhostú an duine sin a mholadh a ardú ó thromlach aon trian mar atá faoi láthair go tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta. Ar deireadh, chun freagracht fhoriomlán an Stiúrthóra as bainistiú riaracháin na Gníomhaireachta a shonrú, ba cheart a fhoráil gur ar an Stiúrthóir atá an fhreagracht na cinntí a ghlacann an Bord Bainistíochta a chur chun feidhme, straitéis frithchalaoise a ullmhú le haghaidh na Gníomhaireachta, agus plean gníomhaíochta a ullmhú chun obair leantach a dhéanamh ar thuarascálacha iniúchta inmheánacha nó seachtracha agus ar imscrúduithe OLAF agus OIPE.

(19)

Chun Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 a ailíniú leis an gCur Chuige Coiteann, ní mór a fhoráil gur cheart don Choimisiún an mheastóireacht ar an Gníomhaireacht a choimisiúnú gach 5 bliana.

(20)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

“Airteagal 2

Cuspóir

Beidh mar chuspóir leis an nGníomhaireacht cúnamh agus saineolas a bhaineann le cearta bunúsacha a chur ar fáil d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit agus dlí an Aontais á chur chun feidhme, chun tacaíocht a thabhairt dóibh agus bearta á ndéanamh nó gníomhaíochtaí á gceapadh acu faoina raonta inniúlachta faoi seach chun cearta bunúsacha a urramú go hiomlán.”;

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“Airteagal 3

Raon feidhme

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht a cúraimí chun an cuspóir a leagtar amach in Airteagal 2 a chomhlíonadh laistigh d’inniúlachtaí an Aontais.

2.   Agus a cúraimí á ndéanamh aici, tagróidh an Ghníomhaireacht do na cearta bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

3.   Pléifidh an Ghníomhaireacht le saincheisteanna a bhaineann le cearta bunúsacha san Aontas agus sna Ballstáit agus dlí an Aontais á chur chun feidhme, cé is moite de ghníomhartha nó de ghníomhaíochtaí an Aontais nó na mBallstát a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála nó a dhéantar faoi chuimsiú an chomhbheartais sin.”;

(3)

Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

faisnéis agus sonraí ábhartha, oibiachtúla, iontaofa agus inchomparáide a bhailiú, a thaifeadadh, a anailísiú agus a scaipeadh, lena n-áirítear torthaí ó thaighde agus faireachán arna gcur in iúl di ag na Ballstáit, ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, ag lárionaid taighde, comhlachtaí náisiúnta, eagraíochtaí neamhrialtasacha, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe ag comhlachtaí inniúla Chomhairle na hEorpa;”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (c) agus (d):

“(c)

taighde eolaíoch agus suirbhéanna eolaíocha, staidéir ullmhúcháin agus staidéir indéantachta a dhéanamh, dul i gcomhar maidir leis na gníomhaíochtaí sin nó na gníomhaíochtaí sin a spreagadh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí agus inar comhoiriúnach lena cuid tosaíochtaí agus lena cláir oibre bhliantúla agus ilbhliantúla, ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle nó ón gCoimisiún;

(d)

conclúidí agus tuairimí ar thopaicí téamacha sonracha a fhoirmliú agus a fhoilsiú, d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit agus dlí an Aontais á chur chun feidhme acu, ar a tionscnamh féin nó ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle nó ón gCoimisiún;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Ní fhéadfaidh na conclúidí, na tuairimí agus na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 a bheith bainteach le tograí ón gCoimisiún faoi Airteagal 293 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) ná le seasaimh a ghlacann na hinstitiúidí le linn nósanna imeachta reachtacha ach amháin i gcás ina ndearnadh iarraidh ón institiúid faoi seach i gcomhréir le mír 1, pointe (d). Ní dhéileálfaidh siad le dlíthiúlacht gníomhartha de réir bhrí Airteagal 263 CFAE ná leis an gceist ar mhainnigh Ballstát oibleagáid a chomhlíonadh faoi na Conarthaí de réir bhrí Airteagal 258 CFAE.”;

(c)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“3.   Rachfar i gcomhairle leis an gCoiste Eolaíoch sula nglacfar leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, pointe (e);

4.   Tráth nach déanaí ná an 15 Meitheamh gach bliain, tíolacfaidh an Ghníomhaireacht na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (e) agus (g) chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún.”;

(4)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

Réimsí gníomhaíochta

Déanfaidh an Ghníomhaireacht a cúraimí ar bhonn a clár oibre bliantúil agus ilbhliantúil, cláir a bheidh i gcomhréir leis na hacmhainní airgeadais agus daonna atá ar fáil. Beidh an méid sin gan dochar d’fhreagairtí na Gníomhaireachta ar iarrataí ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle nó ón gCoimisiún faoi Airteagal 4(1), pointí (c) agus (d) nach dtagann faoi na réimsí a shocraítear leis na cláir oibre bhliantúla agus ilbhliantúla, ar choinníoll go gceadófar sin lena hacmhainní airgeadais agus daonna.”;

(5)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 5a

Clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil

1.   Gach bliain, dréachtóidh an Stiúrthóir dréachtdoiciméad clársceidealaithe, ina mbeidh na cláir oibre bhliantúla agus ilbhliantúla go háirithe, i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún (*1).

2.   Tíolacfaidh an Stiúrthóir an dréachtdoiciméad clársceidealaithe chuig an mBord Bainistíochta. Tíolacfaidh an Stiúrthóir an dréachtdoiciméad clársceidealaithe, arna fhormhuiniú ag an mBord Bainistíochta, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir gach bliain. Sa Chomhairle, pléifidh an comhlacht inniúil ullmhúcháin an dréachtchlár oibre ilbhliantúil agus d’fhéadfadh an comhlacht sin iarraidh ar an nGníomhaireacht an dréacht sin a chur i láthair.

3.   Ina theannta sin, tíolacfaidh an Stiúrthóir an dréachtdoiciméad clársceidealaithe chuig na hoifigigh náisiúnta idirchaidrimh dá dtagraítear in Airteagal 8(1) agus chuig an gCoiste Eolaíoch tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir gach bliain d’fhonn deis a thabhairt do na Ballstáit ábhartha agus don Choiste Eolaíoch a dtuairimí maidir leis an dréacht a thabhairt.

4.   I bhfianaise thoradh an phlé laistigh de chomhlacht inniúil ullmhúcháin na Comhairle agus i bhfianaise na dtuairimí arna bhfáil ón gCoimisiún, ó na Ballstáit agus ón gCoiste Eolaíoch, tíolacfaidh an Stiúrthóir an dréachtdoiciméad clársceidealaithe chuig an mBhord Bainistíochta lena ghlacadh. Cuirfidh an Stiúrthóir an doiciméad clársceidealaithe a glacadh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na hoifigigh náisiúnta idirchaidrimh dá dtagraítear in Airteagal 8(1).

(*1)  Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) Uimh. 2019/715 an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do chomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1).”;"

(6)

in Airteagal 6(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, chomh maith le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí na mBallstát;”;

(7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

“Airteagal 7

An caidreamh le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais

Áiritheoidh an Ghníomhaireacht comhordú iomchuí le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais. Leagfar téarmaí an chomhair síos i meabhráin tuisceana i gcás inarb iomchuí.”;

(8)

Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Ainmneoidh gach Ballstát oifigeach rialtais mar oifigeach náisiúnta idirchaidrimh.

Is é an t-oifigeach náisiúnta idirchaidrimh príomhphointe teagmhála na Gníomhaireachta sa Bhallstát.

Oibreoidh an Ghníomhaireacht agus na hoifigigh náisiúnta idirchaidrimh le chéile de mheon an chomhair fhrithpháirtigh agus an dlúthchomhair.

Cuirfidh an Ghníomhaireacht gach doiciméad arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 4(1) in iúl do na hoifigigh náisiúnta idirchaidrimh.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Na socruithe riaracháin le haghaidh comhar de bhun mhír 2, comhlíonfaidh siad dlí an Aontais agus glacfaidh an Bord Bainistíochta iad ar bhonn an dréachta a thíolacfaidh an Stiúrthóir tar éis don Choimisiún tuairim a thabhairt uaidh. I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún in iúl nach n-aontaíonn sé leis na socruithe sin, déanfaidh an Bord Bainistíochta iad a athscrúdú agus a ghlacadh, maille le leasuithe i gcás inar gá sin, trí thromlach dhá thrian de na comhaltaí uile.”;

(9)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

Comhar le Comhairle na hEorpa

Chun dúbláil a sheachaint agus chun comhlántacht agus breisluach a áirithiú, déanfaidh an Ghníomhaireacht a gníomhaíochtaí a chomhordú le gníomhaíochtaí Chomhairle na hEorpa, go háirithe maidir lena cláir oibre bhliantúla agus ilbhliantúla, agus comhar leis an tsochaí shibhialta i gcomhréir le hAirteagal 10.

Chun na críche sin, déanfaidh an tAontas, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 218 CFAE, comhaontú le Comhairle na hEorpa chun dlúthchomhar idir an Chomhairle agus an Ghníomhaireacht a bhunú. Áireofar sa chomhaontú sin go gceapfaidh Comhairle na hEorpa duine neamhspleách le suí ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta agus ar a Bord Feidhmiúcháin, i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 13.”;

(10)

in Airteagal 10(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

moltaí a chur chuig an mBord Bainistíochta maidir leis na cláir oibre bhliantúla agus ilbhliantúla a ghlacfar de bhun Airteagal 5a;”;

(11)

Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

“1.   Beidh an Bord Bainistíochta comhdhéanta de dhaoine a bhfuil eolas maith acu ar réimse na gceart bunúsach agus beidh taithí iomchuí acu ar eagraíochtaí san earnáil phoiblí nó san earnáil phríobháideach a bhainistiú, lena n-áirítear scileanna riaracháin agus buiséadacha, mar a leanas:”;

(ii)

cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

“Féachfaidh na Ballstáit, an Coimisiún agus Comhairle na hEorpa le hionadaíocht chomhionann ban agus fear ar an mBord Bainistíochta a bhaint amach.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3, 4 agus 5:

“3.   5 bliana a mhairfidh téarma oifige chomhaltaí agus chomhaltaí malartacha an Bhoird Bainistíochta. Féadfar iarchomhalta nó iarchomhalta malartach a athcheapadh le haghaidh téarma amháin eile nach dtagann díreach i ndiaidh téarma roimhe sin.

4.   Cé is moite de ghnáthionadú comhalta nó bás comhalta, ní thiocfaidh deireadh le téarma oifige an chomhalta nó an chomhalta mhalartaigh go dtí go n-éireoidh sé as oifig. I gcás nach gcomhlíonfaidh comhalta nó comhalta malartach critéir an neamhspleáchais a thuilleadh áfach, éireoidh sé as oifig láithreach agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún agus don Stiúrthóir. Sna cásanna sin nach gnáthionadú comhalta iad, ceapfaidh an páirtí lena mbaineann comhalta nua nó comhalta malartach nua ar feadh a mbeidh fágtha den téarma oifige. Má shuíonn an Bord Bainistíochta, de bharr moladh ó thrian dá chomhaltaí nó ón gCoimisiún, nach gcomhlíonann comhalta nó comhalta malartach ar leith critéir an neamhspleáchais a thuilleadh, ceapfaidh an páirtí lena mbaineann comhalta nua nó comhalta malartach nua ar feadh a mbeidh fágtha den téarma oifige freisin. I gcás inar lú ná 2 bhliain an téarma oifige atá fágtha, féadfar síneadh ama a chur le téarma oifige an chomhalta nua nó an chomhalta mhalartaigh nua ionas gur téarma iomlán 5 bliana a bheidh i dtéarma an tsainordaithe sin.

5.   Toghfaidh an Bord Bainistíochta a Chathaoirleach, a Leas-Chathaoirleach agus an dá chomhalta eile den Bhord Feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(1) as measc na gcomhaltaí dá chuid a ceapadh de bhun mhír 1, pointe (a) den Airteagal seo ar feadh téarma 2 bhliain go leith, ar féidir síneadh a chur leis uair amháin.

Toghfar Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta tríd an tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta dá dtagraítear i mír 1, (a) agus (c) den Airteagal seo. Toghfar an dá chomhalta eile den Bhord Feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(1) tríd an tromlach de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta dá dtagraítear i mír 1,(a) agus (c) den Airteagal seo.”;

(c)

leasaítear mír 6 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

“(a)

cláir oibre bhliantúla agus ilbhliantúla na Gníomhaireachta a ghlacadh;

(b)

na tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointí (e) agus (g) a ghlacadh, agus na torthaí a bhaintear amach i gcuid (g) go háirithe a chur i gcomparáid le cuspóirí na gclár oibre bliantúil agus ilbhliantúil;”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

i gcomhréir le míreanna 7a agus 7b den Airteagal seo, i ndáil le foireann na Gníomhaireachta, go bhfeidhmeofar na cumhachtaí arna dtabhairt ag Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (‘na Rialacháin Foirne’) agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais (‘na Coinníollacha Fostaíochta’), ar an údarás ceapacháin mar a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (*2) ón gComhairle agus ar an údarás ar tugadh an chumhacht dó conradh fostaíochta a thabhairt i gcrích, faoi seach (‘cumhachtaí an údaráis ceapacháin’);

(*2)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.”;"

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“(i)

na rialacha cur chun feidhme a ghlacadh chun éifeacht a thabhairt do Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne;”;

(iv)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“(m)

straitéis slándála a ghlacadh, lena n-áirítear rialacha maidir le faisnéis rúnaicmithe an Aontais a mhalartú;

(n)

rialacha a ghlacadh maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i ndáil lena chuid comhaltaí chomh maith le comhaltaí an Choiste Eolaíoch;

(o)

an straitéis cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (h) a ghlacadh agus a nuashonrú go tráthrialta.”;

(d)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach :

“7a   Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de na Coinníollacha Fostaíochta, lena ndéanfar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir agus lena saineofar na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Beidh údarás ag an Stiúrthóir na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

7b   Más rud é gur gá sin de dheasca imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta, trí bhíthin cinnidh, tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir, chomh maith leis na cumhachtaí arna bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir, a chur ar fionraí go sealadach agus na cumhachtaí sin a fheidhmiú é féin, nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó chuig ball foirne eile seachas an Stiúrthóir.”;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 8, 9 agus 10:

“8.   Mar riail ghinearálta, is le tromlach na gcomhaltaí ar fad a ghlacfar cinntí an Bhoird Bainistíochta.

Is le tromlach dhá thrian de na comhaltaí ar fad a ghlacfar na cinntí dá dtagraítear i mír 6, pointí (a) go (e), (g), (k) agus (l).

Is d’aon toil a ghlacfar na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

Beidh vóta amháin ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta, nó ag comhalta malartach an chomhalta sin má bhíonn sé as láthair. Beidh an vóta réitigh ag an gCathaoirleach.

Féadfaidh an duine a cheapfaidh Comhairle na hEorpa vótáil ar na cinntí dá dtagraítear i mír 6, pointí (a), (b) agus (k), agus ar na cinntí sin amháin.

9.   Tionólfaidh an Cathaoirleach an Bord Bainistíochta 2 uair sa bhliain, gan dochar do chruinnithe urghnácha. Tionólfaidh an Cathaoirleach cruinnithe urghnácha ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ón gCoimisiún nó ó thrian ar a laghad de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta.

10.   Féadfaidh Cathaoirleach nó Leas-Chathaoirleach an Choiste Eolaíoch agus Stiúrthóir na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta mar bhreathnóirí. Féadfaidh Stiúrthóirí gníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais chomh maith le stiúrthóirí comhlachtaí idirnáisiúnta eile a luaitear in Airteagail 8 agus 9 a bheith i láthair mar bhreathnóirí freisin i gcás ina bhfaighidh siad cuireadh ón mBord Feidhmiúcháin déanamh amhlaidh.”;

(12)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

“Airteagal 13

An Bord Feidhmiúcháin

1.   Tabharfaidh Bord Feidhmiúcháin cúnamh don Bhord Bainistíochta. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin maoirsiú ar an obair ullmhúcháin is gá le haghaidh na gcinntí a bheidh le glacadh ag an mBord Bainistíochta. Déanfaidh sé grinnscrúdú go háirithe ar ábhair a bhaineann leis an mbuiséad nó le hacmhainní daonna.

2.   Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin an méid seo a leanas freisin:

(a)

doiciméad clársceidealaithe na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 5a a athbhreithniú, bunaithe ar dhréacht a ullmhóidh an Stiúrthóir, agus é a thíolacadh chuig an mBord Bainistíochta lena ghlacadh;

(b)

dréachtbhuiséad bliantúil na Gníomhaireachta a athbhreithniú agus é a thíolacadh chuig an mBord Bainistíochta lena ghlacadh;

(c)

an dréacht-tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a athbhreithniú agus í a thíolacadh chuig an mBord Bainistíochta lena ghlacadh;

(d)

straitéis frithchalaoise a ghlacadh le haghaidh na Gníomhaireachta a bheidh comhréireach leis na rioscaí calaoise, a chuirfidh costais agus tairbhí na mbeart atá le cur chun feidhme san áireamh agus a bhunófar ar dhréacht arna ullmhú ag an Stiúrthóir;

(e)

obair leantach leordhóthanach a áirithiú maidir leis na torthaí agus na moltaí a eascróidh as na tuarascálacha iniúchta agus na meastóireachtaí inmheánacha nó seachtracha, agus as imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) nó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE);

(f)

cúnamh a thabhairt don Stiúrthóir, gan dochar dá fhreagrachtaí a leagtar amach iad in Airteagal 15(4), agus comhairle a chur air nó uirthi maidir le cinntí an Bhoird Bainistíochta a chur chun feidhme d’fhonn an mhaoirseacht ar bhainistiú riaracháin agus buiséadach a atreisiú.

3.   I gcás inar gá, ar chúiseanna práinne, féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí sealadacha a dhéanamh thar ceann an Bhoird Bainistíochta, lena n-áirítear cinntí maidir le tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin a chur ar fionraí i gcomhréir leis na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 12(7a) agus (7b) agus maidir le cúrsaí buiséadacha.

4.   Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta de Chathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, dhá chomhalta eile den Bhord Bainistíochta a thoghfaidh an Bord Bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 12(5) agus duine d’ionadaithe an Choimisiúin ar an mBord Bainistíochta.

Féadfaidh an duine a cheapfaidh Comhairle na hEorpa ar an mBord Bainistíochta a bheith rannpháirteach i gcruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin.

5.   Reáchtálfaidh an Cathaoirleach an Bord Feidhmiúcháin. Féadfar é a reáchtáil ar iarraidh ó chomhalta dá chuid freisin. Glacfaidh sé a chuid cinntí trí thromlach na gcomhaltaí atá i láthair. Féadfaidh an duine a cheapfaidh Comhairle na hEorpa vótáil ar ítimí a bhaineann leis na cinntí a bhfuil cead vótála ag an duine sin ina dtaobh sa Bhord Bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 12(8).

6.   Glacfaidh an Stiúrthóir páirt i gcruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin ach ní bheidh cearta vótála aige.”;

(13)

Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Beidh an Coiste Eolaíoch comhdhéanta de 11 duine neamhspleácha atá ardcháilithe i réimse na gceart bunúsach, agus inniúlachtaí leordhóthanacha acu i modheolaíochtaí cáilíochta eolaíche agus taighde eolaíoch. Ceapfaidh an Bord Bainistíochta an 11 chomhalta agus déanfaidh sé liosta ionadaithe a fhormheas arna bhunú de réir ord fiúntais tar éis glao trédhearcach ar iarratais agus nós imeachta roghnúcháin trédhearcach agus tar éis dul i gcomhairle le coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa. Áiritheoidh an Bord Bainistíochta ionadaíocht chothrom gheografach agus féachfaidh sé le hionadaíocht chomhionann ban agus fear ar an gCoiste Eolaíoch a bhaint amach. Ní bheidh comhaltaí den Bhord Bainistíochta ina gcomhaltaí den Choiste Eolaíoch. Sna rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12(6), pointe (g) leagfar síos na coinníollacha mionsonraithe lena rialófar ceapadh an Choiste Eolaíoch.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Beidh comhaltaí an Choiste Eolaíoch neamhspleách. Ní fhéadfar iad a ionadú ach amháin ar iarraidh uathu féin nó i gcás nach féidir leo a gcuid dualgas a chomhlíonadh go buan. I gcás nach gcomhlíonann comhalta critéir an neamhspleáchais a thuilleadh, áfach, éireoidh sé as a oifig láithreach agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún agus don Stiúrthóir. De rogha air sin, féadfaidh an Bord Bainistíochta, de bharr moladh ó thrian de na comhaltaí nó ón gCoimisiún, easpa neamhspleáchais a dhearbhú agus ceapadh an duine lena mbaineann a chúlghairm. Ceapfaidh an Bord Bainistíochta an chéad duine eile atá ar fáil ar an liosta ionadaithe ar feadh a mbeidh fágtha den téarma oifige. I gcás inar lú ná 2 bhliain an téarma oifige atá fágtha, féadfar síneadh ama a chur le téarma oifige an chomhalta nua, ionas gur téarma iomlán 5 bliana a bheidh sa téarma sin. Cuirfear liosta chomhaltaí an Choiste Eolaíoch ar fáil don phobal agus déanfaidh an Ghníomhaireacht é a nuashonrú ar a suíomh gréasáin.’;

(c)

i mír 5, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

‘Cuirfidh an Coiste Eolaíoch an Stiúrthóir agus an Ghníomhaireacht ar an eolas go háirithe faoin modheolaíocht taighde eolaíoch a chuirtear i bhfeidhm in obair na Gníomhaireachta.”;

(14)

Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

“3.   Mairfidh téarma oifige an Stiúrthóra 5 bliana.

I gcaitheamh an 12 mhí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana sin déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chun an méid seo a leanas, go háirithe, a mheasúnú:

(a)

feidhmíocht an Stiúrthóra;

(b)

dualgais agus riachtanais na Gníomhaireachta sna blianta atá le teacht.

Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún, agus an mheastóireacht á cur san áireamh aige, síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra uair amháin go ceann tréimhse nach mó ná 5 bliana.

Cuirfidh an Bord Bainistíochta Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir lena rún síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra. Laistigh de thréimhse nach faide ná mí amháin sula ndéanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh foirmiúil síneadh a chur leis an tréimhse oifige sin, féadfar iarraidh ar an Stiúrthóir dearbhú a dhéanamh os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó na comhaltaí a fhreagairt.

I gcás nach gcuirfear síneadh lena théarma oifige nó lena téarma oifige, fanfaidh an Stiúrthóir in oifig go dtí go gceapfar a chomharba.

4.   Beidh an Stiúrthóir freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 4 a dhéanamh agus, go háirithe, na doiciméid a tharraingeofar suas i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointí (a) go (h) i gcomhar leis an gCoiste Eolaíoch a ullmhú agus a fhoilsiú;

(b)

doiciméad clársceidealaithe na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 5a a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(c)

gnóthaí riaracháin ó lá go lá;

(d)

cur chun feidhme na gcinntí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta;

(e)

buiséad na Gníomhaireachta a chur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 21;

(f)

nósanna imeachta éifeachtacha faireacháin agus meastóireachta a chur chun feidhme a bhaineann le feidhmiú na Gníomhaireachta i bhfianaise a cuspóirí i gcomhréir le caighdeáin agus táscairí feidhmíochta a aithnítear go proifisiúnta;

(g)

plean gníomhaíochta a ullmhú chun obair leantach a dhéanamh ar chonclúidí na meastóireachtaí siarghabhálacha lena ndéanfar measúnú ar fheidhmiú na gclár agus na ngníomhaíochtaí lena ngabhann caiteachas suntasach, i gcomhréir le hAirteagal 29 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715;

(h)

tuairisc a thabhairt go bliantúil don Bhord Bainistíochta maidir le torthaí an chórais faireacháin agus meastóireachta;

(i)

straitéis frithchalaoise don Ghníomhaireacht a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Feidhmiúcháin lena formheas;

(j)

plean gníomhaíochta a ullmhú chun obair leantach a dhéanamh ar chonclúidí na dtuarascálacha iniúchta agus na meastóireachtaí inmheánacha nó seachtracha, mar aon le himscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF agus tuairisc a thabhairt don Choimisiún agus don Bhord Bainistíochta maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh;

(k)

an comhar le hoifigigh náisiúnta idirchaidrimh;

(l)

an comhar leis an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear comhordú an Chláir Oibre um Chearta Bunúsacha i gcomhréir le hAirteagal 10.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7.   I gcás mí-iompair, feidhmíocht mhíshásúil nó neamhrialtachtaí athfhillteacha nó tromchúiseacha, féadfar an Stiúrthóir a dhífhostú roimh dhul in éag a théarma le cinneadh ón mBord Bainistíochta, ar bhonn moladh ó thromlach dhá thrian dá chomhaltaí nó ón gCoimisiún.”;

(15)

In Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   I gcás ina ndéanfaidh an Ghníomhaireacht cinntí faoi Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, féadfar gearán a thaisceadh leis an Ombudsman nó féadfar caingean a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (An Chúirt Bhreithiúnais), dá bhforáiltear in Airteagail 228 agus 263 CFAE, faoi seach.”;

(16)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

“Airteagal 19

Athbhreithniú ag an Ombudsman

Beidh oibríochtaí na Gníomhaireachta faoi réir mhaoirseacht an Ombudsman i gcomhréir le hAirteagal 228 CFAE.”;

(17)

leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:

(a)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“3.   Is é a bheidh in ioncam na Gníomhaireachta, gan dochar d’acmhainní eile, fóirdheontas ón Aontas, a iontrálfar i mbuiséad ginearálta an Aontais (roinn an Choimisiúin).”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7   Ar bhonn an mheastacháin, cuirfidh an Coimisiún i réamh-dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais na meastacháin sin a mheasfaidh sé a bheith riachtanach don phlean bunaíochta agus méid an fhóirdheontais a mhuirearófar ar an mbuiséad ginearálta, a chuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh i gcomhréir le hAirteagal 314 CFAE.”;

(18)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24:

“Airteagal 24

An fhoireann

1.   Beidh feidhm maidir le foireann na Gníomhaireachta agus maidir lena Stiúrthóir ag Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta agus ag na rialacha arna nglacadh go comhpháirteach ag institiúidí an Aontais chun na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta a chur i bhfeidhm.

2.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta forálacha a ghlacadh chun go bhféadfar saineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit a fhostú ar iasacht chuig an nGníomhaireacht.”;

(19)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26:

“Airteagal 26

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CAE agus CFAE, maidir leis an nGníomhaireacht.”;

(20)

in Airteagal 27, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3   Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais i gcaingne arna dtionscnamh i gcoinne na Gníomhaireachta faoi na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagail 263 agus 265 CFAE.”:

(21)

in Airteagal 28, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

“2.   Is le cinneadh ón gComhairle Comhlachais ábhartha a chinnfear an rannpháirtíocht dá dtagraítear i mír 1 agus na módúlachtaí ábhartha, agus stádas sonrach gach tíre á chur san áireamh. Léireoidh an cinneadh, go háirithe, cineál, méid agus modh na rannpháirtíochta a bheidh ag na tíortha sin in obair na Gníomhaireachta, laistigh den chreat a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5, lena n-áirítear forálacha a bhaineann le rannpháirtíocht i dtionscnaimh a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht, leis an ranníocaíocht agus leis an bhfoireann. Leis an gCinneadh, comhlíonfar an Rialachán seo agus na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta. Forálfar leis an gcinneadh go bhféadfaidh an tír rannpháirteach duine neamhspleách a chomhlíonfaidh na cáilíochtaí le haghaidh daoine dá dtagraítear in Airteagal 12(1), pointe (a) a cheapadh ina bhreathnóir ar an mBord Bainistíochta gan ceart vótála a bheith ag an duine sin. Ar chinneadh ón gComhairle Comhlachais, féadfaidh an Ghníomhaireacht plé le saincheisteanna a bhaineann le cearta bunúsacha faoi raon feidhme Airteagal 3(1) sa tír ábhartha, a mhéid is gá chun an tír sin a ailíniú de réir a chéile le dlí an Aontais.

3.   Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, a chinneadh cuireadh a thabhairt do thír lena bhfuil Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais tugtha i gcrích ag an Aontas a bheith rannpháirteach sa Ghníomhaireacht mar bhreathnóir. Má dhéanann sí amhlaidh, beidh feidhm dá réir sin ag mír 2.”;

(22)

Scriostar Airteagal 29;

(23)

Leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

Meastóireachtaí agus athbhreithniú”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

‘3.   Tráth nach déanaí ná 28 Aibreán 2027, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht a choimisiúnú chun measúnú a dhéanamh go háirithe ar thionchar, ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht na Gníomhaireachta agus a cleachtas oibre. Cuirfear tuairimí an Bhoird Bainistíochta agus geallsealbhóirí eile san áireamh sa mheastóireacht ar leibhéal an Aontais agus náisiúnta araon.

4.   Tráth gach dara meastóireacht dá dtagraítear i mír 3, déanfar measúnú freisin ar na torthaí a bhain an Ghníomhaireacht amach ag féachaint dá cuspóirí, dá sainordú agus dá tascanna. Féadfar aghaidh a thabhairt sa mheastóireacht go háirithe ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann sainordú na Gníomhaireachta a mhodhnú agus ar impleachtaí airgeadais aon mhodhnuithe den sórt sin.

5.   Tíolacfaidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachta dá dtagraítear i mír 3 chuig an mBhord Bainistíochta. Scrúdóidh an Bord Bainistíochta conclúidí na meastóireachta agus eiseoidh sé pé moltaí a mbeidh gá leo chuig an gCoimisiún i dtaca le hathruithe sa Ghníomhaireacht, lena cleachtais oibre agus le raon feidhme a misin.

6.   Tabharfaidh an Coimisiún tuairisc do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le torthaí na meastóireachta dá dtagraítear i mír 3 agus na moltaí ón mBord Bainistíochta dá dtagraítear i mír 5. Poibleofar torthaí na meastóireachta sin agus na moltaí sin.’;

(24)

Scriostar Airteagal 31.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 5 Aibreán 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE


(1)  Toiliú an 6 Iúil 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 an 15 Feabhra 2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (IO L 53, 22.2.2007, lch. 1).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 7.12.2013, lch. 42).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1).


Top