EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0537

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/537 ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2022 maidir le hullmhóid d’eastóscán liomóide a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/2006

OJ L 106, 5.4.2022, p. 4–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/537/oj

5.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 106/4


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/537 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Aibreán 2022

maidir le hullmhóid d’eastóscán liomóide a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear d’údarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus don fhoras agus do na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú. Le hAirteagal 10(2) den Rialachán sin foráiltear d’athmheastóireacht ar bhreiseáin a údaraítear de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2).

(2)

I gcomhréir le Treoir 70/524/CEE údaraíodh an t-eastóscán liomóide gan teorainn ama, mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhithe. Ina dhiaidh sin cuireadh an breiseán sin i gClár na mbreiseán beathaithe mar tháirge a bhí ann cheana, i gcomhréir le hAirteagal 10(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 i gcomhar le hAirteagal 7 de, cuireadh isteach iarratas chun athmheastóireacht a dhéanamh ar ullmhóid d’eastóscán liomóide mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhithe.

(4)

D’iarr an t-iarratasóir go n-aicmeofaí na breiseáin i gcatagóir na mbreiseán “breiseáin chéadfacha” agus san fheidhmghrúpa “comhdhúile blaistithe”. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin.

(5)

D’iarr an t-iarratasóir go ndéanfaí an ullmhóid d’eastóscán liomóide a údarú freisin lena húsáid in uisce óil. Mar sin féin, le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ní cheadaítear comhdhúile blaistithe a údarú lena n-úsáid in uisce óil. Dá bhrí sin, níor cheart úsáid na hullmhóide d’eastóscán liomóide in uisce óil a cheadú.

(6)

Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ina thuairim an 29 Meán Fómhair 2021 (3) nach bhfuil tionchar díobhálach ag an ullmhóid d’eastóscán liomóide ar shláinte ainmhithe, ar shláinte tomhaltóirí ná ar an gcomhshaol, faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Chinn an tÚdarás freisin gur cheart an ullmhóid d’eastóscán liomóide a mheas mar ghreannaitheoir don chraiceann agus do na súile, agus go bhféadfadh sé a bheith creimneach. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí an bhreiseáin.

(7)

Chinn an tÚdarás go bhfuil an ullmhóid d’eastóscán liomóide aitheanta mar bhlastán i mbia agus go mbeadh an fheidhm chéanna aige i mbeatha, go bunúsach, is atá aige i mbia, mar sin meastar nach gá le héifeachtúlacht a léiriú a thuilleadh. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(8)

Léirítear leis an measúnú ar an ullmhóid d’eastóscán liomóide go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú, dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú faoi mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(9)

Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha áirithe chun rialú níos fearr a cheadú. Go háirithe, ba cheart cion molta a shonrú ar lipéad an bhreiseáin beathaithe. I gcás ina sárófar an cion sin, ba cheart faisnéis áirithe a shonrú ar lipéad na réamh-mheascán.

(10)

Cé nach n-údaraítear an ullmhóid d’eastóscán liomóide lena húsáid mar bhlastán in uisce óil, ní chuirtear bac ar a húsáid i mbeatha cumaisc a thugtar trí uisce.

(11)

Ós rud é nach bhfuil gá leis na modhnuithe ar na coinníollacha maidir le húdarú de chuid na substainte lena mbaineann a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí idirthréimhse a cheadú do pháirtithe leasmhara chun gur féidir leo iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as an údarú a chomhlíonadh.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údarú

An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn a bhaineann le catagóir na mbreiseán “breiseáin chéadfacha” agus leis an bhfeidhmghrúpa “comhdhúile blaistithe”, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Bearta idirthréimhseacha

1.   An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn agus na réamh-mheascáin a bhfuil an tsubstaint seo iontu, a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 25 Deireadh Fómhair 2022, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 25 Aibreán 2022, féadfar leanúint ar aghaidh dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

2.   Beatha cumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an ullmhóid iontu mar a shonraítear san Iarscríbhinn agus a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 25 Aibreán 2023 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 25 Aibreán 2022 féadfar leanúint ar aghaidh dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.

3.   Beatha cumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an ullmhóid iontu mar a shonraítear san Iarscríbhinn agus a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 25 Aibreán 2024 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 25 Aibreán 2022 féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  (IO L 268, 18.10.2003, lch. 29).

(2)  Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha

(IO L 270, 14.12.1970, lch. 1).

(3)  EFSA Journal [Iris EFSA], 2021;19(11):6893.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse.

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe

2b139a-ex

Eastóscán liomóide

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid d’eastóscán liomóide a dhíorthaítear ón toradh de Citrus limon (L.) Osbeck (1) ina bhfuil cion aigéid próipianaigh ≤ 1 %.

Foirm leachtach

Gach speiceas ainmhí

 

-

-

1.

Ionchorprófar an breiseán sa bheatha i bhfoirm réamh-mheascáin.

2.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

3.

Ar lipéad an bhreiseáin, déanfar an méid seo a leanas a shonrú:

“Uaschion molta na substainte gníomhaí in aghaidh an chileagraim d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %: 1 000 mg”.

4.

I gcás ina sárófaí an leibhéal dá dtagraítear i bpointe 3 mar thoradh ar an leibhéal úsáide atá ar lipéad an réamh-mheascáin, sonrófar ar an lipéad sin na nithe seo a leanas: an feidhmghrúpa, an uimhir aitheantais, an t-ainm agus cion na substainte gníomhaí a cuireadh leis.

5.

Ní cheadófar eastóscán liomóide a mheascadh le breiseáin údaraithe eile a fhaightear ó Citrus limon (L.) Osbeck in ábhair bheatha.

6.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beathaithe nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as ionanálú, as teagmháil dheirmeach nó as teagmháil leis na súile. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú a oiread agus is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta, lena n-áirítear cosaint don chraiceann agus do na súile.

25 Aibreán 2032

Tréithriú na substainte gníomhaí

Eastóscán uiscí den ábhar atá fágtha tar éis sú a eastóscadh ón toradh de Citrus limon (L.) Osbeck mar atá sainithe ag An Chomhairle Eorpach (2).

Ábhar tirim: 51-53 %

Iomlán na bpolaifeanól (arna sloinneadh mar

choibhéisí de phireagallól): ≥ 1 %

Eiriaicitrin: ≥ 4 000 mg/kg

Heispéiridin: ≥ 2 000 mg/kg

Líomainin: 36-92 mg/kg

Nómailin: 14-113 mg/kg

Aigéad citreach: 4-7 %

Comhdhúile óisídeacha: ≥ 42 %

Uimhir CAS: 84929-31-7

Uimhir Einecs: 284-515-8

Uimhir FEMA: 2623

Uimhir Chomhairle na hEorpa: 139a

Modh anailíse  (3)

Maidir leis an marcóir fíticheimiceach (iomlán na bpolaifeanól) sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:

speictreafótaiméadracht ag 760 nm lena sloinntear cion iomlán na bpolaifeanól mar choibhéisí de phireagallól (monagraf 2.8.14 de chuid Pharmacopoeia Eorpach)


(1)  Comhchiallach Citrus Limon (L.) Burm. f.

(2)  Natural sources of flavourings - Report No 2 (2007) [Foinsí nádúrtha blastán – Tuarascáil Uimh. 2 (2007)]

(3)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports


Top