EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0398

Rialachán (AE) 2022/398 ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

ST/6838/2022/INIT

OJ L 82, 9.3.2022, p. 1–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/398/oj

9.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 82/1


RIALACHÁN (AE) 2022/398 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Márta 2022

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Bealtaine 2006, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 (2).

(2)

Tugtar éifeacht le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 do bhearta áirithe dá bhforáiltear i gCinneadh 2012/642/CBES.

(3)

Le Cinneadh (CBES) 2022/399 ón gComhairle (3), leathnaítear raon feidhme na smachtbhannaí chun na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 24 Feabhra 2022 a chur chun feidhme a thuilleadh tar éis rannpháirtíocht na Bealarúise i bhfogha míleata doghlactha neamhdhleathach arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráine, arb é atá ann gníomh ionsaithe faoin dlí idirnáisiúnta.

(4)

I bhfianaise thromchúis na staide, is cosúil gur gá bearta breise a dhéanamh. Dá bhrí sin, le Cinneadh (CBES) 2022/399, leathnaítear a thuilleadh na srianta airgeadais atá ann cheana. Cuirtear toirmeasc leis an gCinneadh sin, go háirithe, ar liostú agus ar sholáthar seirbhísí i ndáil le scaireanna eintiteas de chuid na Bealarúise atá faoi úinéireacht stáit ar ionaid trádála an Aontais. Ina dteannta sin, leis an gCinneadh tugtar isteach bearta nua lena teorannaítear go mór insreafaí airgeadais ón mBealarúis chuig an Aontas, trí thoirmeasc a chur ar thaiscí ar mó iad ná luachanna áirithe a ghlacadh ó náisiúnaigh nó ó chónaitheoirí de chuid na Bealarúise, toirmeasc a chur ar chuntais cliant de chuid na Bealarúise a choinneáil ag taisclanna lárnacha urrús an Aontais agus toirmeasc a chur ar urrúis arna n-ainmniú in euro a dhíol le cliaint de chuid na Bealarúise. Toirmisctear leis freisin idirbhearta le Banc Ceannais na Bealarúise a bhaineann le bainistiú cúlchistí nó sócmhainní, maoiniú poiblí a chur ar fáil le haghaidh trádála leis an mBealarúis agus le haghaidh infheistíochta sa Bhealarúis, le heisceachtaí teoranta, agus soláthar nótaí bainc atá ainmnithe in euro chuig an mBealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.

(5)

Le Cinneadh (CBES) 2022/399 forchuirtear bearta sriantacha breise maidir le seirbhísí speisialaithe teachtaireachtaí airgeadais a sholáthar d’institiúidí creidmheasa áirithe ón mBealarúis agus dá bhfochuideachtaí Bealarúiseacha, atá ábhartha do chóras airgeadais na Bealarúise agus atá faoi réir bearta sriantacha atá forchurtha ag an Aontas cheana féin.

(6)

Chun cur chun feidhme ceart na mbeart a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a áirithiú, is gá freisin oibleagáidí a chur ar an mBainisteoir Líonra le haghaidh feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta an aerspáis Eorpaigh aonair i dtaca le toirmisc traseitilte agus na forálacha maidir le neamh-imchéimniú a leasú. Cé go dtuigtear go coitianta go n-áirítear criptea-sócmhainní freisin leis an gcoincheap “sócmhainní” agus “acmhainní eacnamaíocha” atá faoi réir reo, agus gur féidir iasachtaí agus creidmheasanna a sholáthar trí criptea-shócmhainní, is iomchuí tuilleadh sonraithe a dhéanamh ar choincheap “urrús inaistrithe” i ndáil leis na sócmhainní sin i bhfianaise a gcineáil shonraigh.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 9:

“9.

ciallaíonn ‘urrúis inaistrithe’ na haicmí urrús seo a leanas, lena n-áirítear i bhfoirm criptea-shócmhainní, atá soshannta ar an margadh caipitil, cé is moite d’ionstraimí íocaíochta:

(i)

scaireanna i gcuideachtaí agus in urrúis eile atá coibhéiseach le scaireanna i gcuideachtaí, i gcomhpháirtíochtaí nó in eintitis eile, agus admhálacha taisclainne i leith scaireanna;

(ii)

bannaí nó cineálacha eile fiachais urrúsaithe, lena n-áirítear admhálacha taisclainne i leith urrús den sórt sin;

(iii)

aon urrús eile lena dtugtar an ceart aon urrús inaistrithe den sórt sin a fháil nó a dhíol nó as a dtagann socraíocht airgid arna cinneadh trí thagairt d’urrúis inaistrithe.”;

(2)

in Airteagal 1, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“20.

ciallaíonn ‘taisclann lárnach urrús’ duine dlítheanach mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

21.

ciallaíonn ‘taisce’ iarmhéid sochair atá mar thoradh ar chistí a fágadh i gcuntas nó mar thoradh ar staideanna sealadacha a eascraíonn as gnáth-idirbhearta baincéireachta agus a bhfuil ceanglas ar institiúid creidmheasa maidir lena aisíoc faoi na coinníollacha dlíthiúla agus conarthacha is infheidhme, lena n-áirítear taisce téarma shocraithe agus taisce choigiltis, ach cé is moite d’iarmhéid sochair sna cásanna seo a leanas:

(i)

ní féidir a chruthú gurb ann dó ach amháin le hionstraim airgeadais mar a shainmhínítear í in Airteagal 4(1)(15) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), seachas más táirge coigiltis é a léirítear le deimhniú taisce atá déanta amach do dhuine ainmnithe agus arbh ann dó i mBallstát an 2 Iúil 2014;

(ii)

ní chaitear a phríomhshuim a aisíoc ar par;

(iii)

ní chaitear a phríomhshuim a aisíoc ar par ach amháin faoi ráthaíocht nó comhaontú áirithe a cuireadh ar fáil ag an institiúid creidmheasa nó ag tríú páirtí;

22.

ciallaíonn ‘scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí’ (nó ‘pasanna órga’) na nósanna imeachta arna gcur ar bun ag Ballstát, lena gceadaítear do náisiúnaigh tríú tíortha a náisiúntacht a fháil mar mhalairt ar íocaíochtaí agus infheistíochtaí réamhchinntithe;

23.

ciallaíonn ‘scéimeanna cónaithe d’infheisteoirí’ (nó ‘víosaí órga’) na nósanna imeachta arna gcur ar bun ag Ballstát, lena gceadaítear do náisiúnaigh tríú tíortha cead cónaithe a fháil i mBallstát mar mhalairt ar íocaíochtaí agus infheistíochtaí réamhchinntithe;

24.

ciallaíonn ‘ionad trádála’, mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(24) de Threoir 2014/65/AE, margadh rialáilte, saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe.

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1)."

(*2)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).”;"

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1m:

“Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon turas, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh, go díreach nó go hindíreach, dul timpeall ar na toirmisc sin a leagtar amach sa Rialachán seo.”;

(4)

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 1ja

1.   Toirmeasctar idirbhearta a bhaineann le cúlchistí a bhainistiú chomh maith le sócmhainní Bhanc Ceannais na Bealarúise, lena n-áirítear idirbhearta le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann Bhanc Ceannais na Bealarúise nó ar threoir uaidh.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla idirbheart a údarú ar choinníoll go bhfuil géarghá leis sin chun cobhsaíocht airgeadais an Aontais ina iomláine nó an Bhallstáit lena mbaineann a áirithiú.

3.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas láithreach maidir leis an rún atá aige údarú a dheonú faoi mhír 2.

Airteagal 1jb

I gcás urrúis inaistrithe aon duine dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta atá bunaithe sa Bhealarúis agus a bhfuil níos mó ná 50 % di faoi úinéireacht phoiblí, ón 12 Aibreán 2022, toirmeascfar seirbhísí a liostú agus a sholáthar ar ionaid trádála a bheidh cláraithe nó aitheanta san Aontas.

Airteagal 1t

1.   Toirmeascfar maoiniú poiblí nó cúnamh airgeadais a sholáthar le haghaidh trádáil leis an mBealarúis nó le haghaidh infheistíocht sa Bhealarúis.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

ceangaltais cheangailteacha i dtaca le maoiniú nó ceangaltais maidir le cúnamh airgeadais, ar ceangaltais iad a bunaíodh roimh an 10 Márta 2022;

(b)

maoiniú poiblí nó cúnamh airgeadais dar luach suas le EUR 10 000 000 ina iomláine in aghaidh an tionscadail a sholáthar ar théann chun tairbhe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá bunaithe san Aontas; nó

(c)

maoiniú poiblí nó cúnamh airgeadais a sholáthar le haghaidh trádáil i mbia agus chun críoch talmhaíochta, leighis nó daonnúil.

Airteagal 1u

1.   Toirmeascfar glacadh le haon taisce ó náisiúnaigh na Bealarúise nó ó dhaoine nádúrtha a chónaíonn sa Bhealarúis, nó ó dhaoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá bunaithe sa Bhealarúis, más mó ná EUR 100 000 luach iomlán na dtaiscí ón duine nádúrtha nó dlítheanach, ón eintiteas nó ón gcomhlacht in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le náisiúnaigh Ballstáit, le náisiúnaigh tíre sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ná le náisiúnaigh na hEilvéise, ná le daoine nádúrtha ag a bhfuil cead cónaithe sealadach nó buan acu i mBallstáit, i dtír is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó san Eilvéis.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le taiscí atá riachtanach le haghaidh trádála trasteorann neamhchoiscthe in earraí agus i seirbhísí idir an tAontas agus an Bhealarúis.

Airteagal 1v

1.   De mhaolú ar Airteagal 1u(1), féadfaidh na húdaráis inniúla a údarú go nglacfar le taisce den sórt sin, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur fíor an méid seo a leanas i dtaca le glacadh le taisce den sórt sin:

(a)

tá gá leis chun bunriachtanais daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 1u(1) a chomhlíonadh, agus chun bunriachtanais a mball teaghlaigh chleithiúnacha a chomhlíonadh, lena n-áirítear íocaíochtaí as bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;

(b)

tá sé ceaptha chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc nó costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

(c)

tá gá leis i gcás costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil ábhartha d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais a mheasann sé ar ar cheart údarú sonrach a dheonú, dhá sheachtain ar a laghad roimh an údarú; nó

(d)

tá gá leis chun críocha oifigiúla misin taidhleoireachta nó poist chonsalachta nó eagraíochta idirnáisiúnta.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1, phointe (a), phointe (b) agus phointe (d), laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

Airteagal 1w

1.   De mhaolú ar Airteagal 1u(1), féadfaidh na húdaráis inniúla a údarú go nglacfar le taisce den sórt sin, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur fíor an méid seo a leanas i dtaca le glacadh le taisce den sórt sin:

(a)

tá gá leis chun críoch daonnúil, amhail seachadadh cúnaimh nó seachadadh cúnaimh a éascú, lena n-áirítear soláthairtí liachta, bia, nó oibrithe daonnúla agus cúnamh gaolmhar a aistriú nó le haghaidh aslonnaithe; nó

(b)

tá gá leis le haghaidh ghníomhaíochtaí na sochaí sibhialta lena ndéantar an daonlathas, cearta an duine nó an smacht reachta a chur chun cinn go díreach sa Bhealarúis.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 laistigh de dhá sheachtain ón údarú.

Airteagal 1x

1.   Toirmeascfar taisclanna lárnacha urrús an Aontais aon seirbhís a sholáthar mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 i gcás urrúis inaistrithe a eiseofar tar éis an 12 Aibreán 2022 d’aon náisiúnach de chuid na Bealarúise nó d’aon duine nádúrtha a bhfuil cónaí air sa Bhealarúis nó d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Bhealarúis.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le náisiúnaigh Ballstáit ná le daoine nádúrtha a bhfuil cead cónaithe sealadach nó buan acu i mBallstát.

Airteagal 1y

1.   Beidh toirmeasc ar urrúis inaistrithe atá ainmnithe in euro agus a eisítear tar éis an 12 Aibreán 2022, nó aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta a chuireann neamhchosaint ar na hurrúis sin ar fáil, a dhíol le haon náisiúnach de chuid na Bealarúise nó le haon duine nádúrtha a chónaíonn sa Bhealarúis nó le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dlíthiúil atá bunaithe sa Bhealarúis.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le náisiúnaigh Ballstáit ná le daoine nádúrtha a bhfuil cead cónaithe sealadach nó buan acu i mBallstát.

Airteagal 1z

Gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le tuairisciú, rúndacht agus rúndacht ghairmiúil, déanfaidh institiúidí creidmheasa an méid seo a leanas:

(a)

maidir le taiscí is mó ná EUR 100 000 atá i seilbh náisiúnaigh na Bealarúise nó daoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu sa Bhealarúis, nó daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá bunaithe sa Bhealarúis, liosta díobh a sholáthar d’údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil siad lonnaithe nó don Choimisiún tráth nach déanaí ná an 27 Bealtaine 2022. Déanfaidh siad nuashonruithe maidir le méideanna na dtaiscí sin a sholáthar gach 12 mhí.

(b)

maidir le taiscí is mó ná EUR 100 000 atá i seilbh náisiúnaigh na Bealarúise nó daoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu sa Bhealarúis agus a bhfuil saoránacht Ballstáit nó cearta cónaithe faighte acu i mBallstát trí scéim saoránachta d’infheisteoirí nó scéim cónaithe infheisteoirí, faisnéis a sholáthar fúthu d’údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil siad lonnaithe.

Airteagal 1za

1.   Toirmeascfar nótaí bainc atá ainmnithe in euro a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú chuig an mBealarúis nó chuig aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis, lena n-áirítear an Rialtas agus Banc Ceannais na Bealarúise, nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú nótaí bainc atá ainmnithe in euro ar choinníoll go bhfuil gá iad a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú le haghaidh an méid seo a leanas:

(a)

úsáid phearsanta daoine nádúrtha a thaistealaíonn go dtí an Bhealarúis nó baill dá ngartheaghlaigh atá ag taisteal leo; nó

(b)

críocha oifigiúla misin taidhleoireachta, post consalachta nó eagraíochtaí idirnáisiúnta sa Bhealarúis a thairbhíonn de dhíolúintí i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.

Airteagal 1zb

Toirmeascfar an méid seo a leanas ón 20 Márta 2022: seirbhísí speisialaithe teachtaireachta airgeadais, ar seirbhísí iad a úsáidtear chun sonraí airgeadais a mhalartú, a sholáthar do na daoine dlítheanacha, do na heintitis nó do na comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn XV nó d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Bhealarúis a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn XV.

Airteagal 8ca

1.   An Bainisteoir Líonra le haghaidh feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta an aerspáis Eorpaigh aonair, tacóidh sé leis an gCoimisiún agus lena Bhallstáit maidir le cur chun feidhme agus comhlíonadh Airteagal 2(2) agus Airteagal 8b den Rialachán seo a áirithiú. Diúltóidh an Bainisteoir Líonra, go háirithe, do na pleananna eitilte uile arna gcomhdú ag oibreoirí aerárthaí, ar pleananna iad ina bhfuil sé léirithe go bhfuil sé beartaithe gníomhaíochtaí a dhéanamh ar chríoch an Aontais nó ar chríoch na Bealarúise, arb ionann iad agus sárú ar fhorálacha an Chinnidh seo, sa chaoi nach gceadaítear don phíolóta eitilt.

2.   Cuirfidh an Bainisteoir Líonra tuarascálacha ar chur chun feidhme Airteagal 8b ar fáil go rialta don Choimisiún agus do na Ballstáit, bunaithe ar anailís ar phleananna eitilte.”;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

“1.   Cuirfidh na Ballstáit agus an Coimisiún a chéile ar an eolas faoi na bearta a dhéantar faoin Rialachán seo agus roinnfidh siad aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh i ndáil leis an Rialachán seo, go háirithe faisnéis faoin méid seo a leanas:

(a)

údaruithe a deonaíodh faoin Rialachán seo;

(b)

faisnéis a fuarthas faoi Airteagal 1z;

(c)

sárú agus fadhbanna forfheidhmiúcháin agus breithiúnais a tugadh ag cúirteanna náisiúnta.

2.   Cuirfidh na Ballstáit a chéile agus an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo.

3.   Aon fhaisnéis a sholáthrófar nó a gheofar i gcomhréir leis an Airteagal seo, úsáidfear í chun na gcríoch ar chucu a soláthraíodh nó a fuarthas í, lena n-áirítear éifeachtacht na mbeart a leagtar amach sa Rialachán seo a áirithiú.”;

(6)

in Airteagal 8d, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe b:

“(b)

eintitis dá dtagraítear in Airteagail 1j, 1k, 1l agus 1zb nó a liostaítear in Iarscríbhinn V, in Iarscríbhinn IX agus in Iarscríbhinn XV;”;

(7)

in Airteagal 8e, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, phointe (c)(ii):

“(ii)

próiseáil faisnéise faoi thionchar na mbearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo amhail fiúntas na gcistí reoite, próiseáil faisnéis faoi thaiscí, agus próiseáil faisnéise faoi údaruithe arna ndeonú ag na húdaráis inniúla.”;

(8)

cuirtear Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo isteach mar Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006;

(9)

leasaítear Iarscríbhinn Va a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Márta 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  IO L 285, 17.10.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO L 134, 20.5.2006, lch. 1).

(3)  Féach leathanach 9 den Iris Oifigiúil seo.


ARSCRÍBHINN I

“IARSCRÍBHINN XV

LIOSTA NA nDAOINE DLÍTHEANACHA, NA nEINTITEAS NÓ NA gCOMHLACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1zb

Belagroprombank

Bank Dabrabyt

Development Bank of the Republic of Belarus


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinn Va a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 mar a leanas:

(1)

sa téacs réamhráiteach, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú habairt:

“Gan dochar d’Airteagal 1m den Rialachán seo, maidir le hítimí neamhrialaithe ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na comhpháirteanna a liostaítear san Iarscríbhinn seo, ní bheidh na hítimí sin faoi réir rialú faoi Airteagal 1f agus Airteagal 1fa den Rialachán seo.”;

(2)

i bpointe i d’fhochatagóir X.B.I.001 de Chatagóir I – Leictreonaic, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

“1.

Trealamh ‘deascadh gaile ceimiceach’ a oibríonn faoi bhun 105 Pa; nó”;

(3)

i bhfochatagóir X.A.VII.001 de Chatagóir VII – Aeraspás agus Tiomáint, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

“X.A.VII.001

Innill díosail, agus tarracóirí agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821:”;

(4)

i bhfochatagóir X.A.VII.002 de Chatagóir VII – Aeraspás agus Tiomáint, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe c:

“c.

Aerinnill ghástuirbín, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh.”.


Top