EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0357
Commission Regulation (EU) 2022/357 of 2 March 2022 amending Regulation (EC) No 1126/2008 adopting certain international accounting standards in accordance with Regulation (EC) No 1606/2002 of the European Parliament and of the Council as regards International Accounting Standards 1 and 8 (Text with EEA relevance)
Rialachán (AE) 2022/357 ón gCoimisiún an 2 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le Caighdeáin Chuntasaíochta Idirnáisiúnta 1 agus 8 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán (AE) 2022/357 ón gCoimisiún an 2 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le Caighdeáin Chuntasaíochta Idirnáisiúnta 1 agus 8 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/1173
OJ L 68, 3.3.2022, p. 1–8
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 15/10/2023; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32023R1803
3.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 68/1 |
RIALACHÁN (AE) 2022/357 ÓN gCOIMISIÚN
an 2 Márta 2022
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le Caighdeáin Chuntasaíochta Idirnáisiúnta 1 agus 8
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le cur i bhfeidhm caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta (1), agus go háirithe Airteagal 3(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún (2) glacadh caighdeáin agus léirmhíniúcháin idirnáisiúnta chuntasaíochta áirithe a bhí ann cheana an 15 Deireadh Fómhair 2008. |
(2) |
An 12 Feabhra 2021, d’fhoilsigh an Bord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta leasuithe ar Chaighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta (IAS) 1 Cur i Láthair Ráiteas Airgeadais agus IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta. Leis na leasuithe sin, déantar na difríochtaí idir beartais chuntasaíochta agus meastacháin chuntasaíochta a shoiléiriú chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na gcaighdeán cuntasaíochta agus inchomparáideacht na ráiteas airgeadais a áirithiú. |
(3) |
Tar éis dul i gcomhairle leis an nGrúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais, cinneann an Coimisiún go gcomhlíonann na leasuithe ar IAS 1 agus IAS 8 na critéir maidir leis an nglacadh a leagtar amach in Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002. |
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 a leasú dá réir sin. |
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste Rialála Cuntasaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 mar a leanas:
(a) |
Leasaítear Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta (IAS) 1 Cur i Láthair Ráiteas Airgeadais mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo; |
(b) |
Leasaítear IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Cuirfidh gach cuideachta na leasuithe dá dtagraítear in Airteagal 1 i bhfeidhm ó dháta tosaithe a céad bhliain airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2023, nó dá éis, ar a dhéanaí.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Márta 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 243, 11.9.2002, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 320, 29.11.2008, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Leasuithe ar IAS 1
Cur i láthair Ráiteas Airgeadais
Leasaítear míreanna 7, 10, 114, 117 agus 122. Cuirtear míreanna 117A–117E agus 139V leis. Scriostar míreanna 118, 119 agus 121.
SAINMHÍNITHE
7 |
Úsáidtear na téarmaí seo a leanas sa Chaighdeán seo in éineacht leis na bríonna shonraítear:
Sainmhínítear beartais chuntasaíochta i mír 5 de IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin agus Earráidí Cuntasaíochta, agus úsáidtear an téarma sa Chaighdeán seo leis an mbrí chéanna. … |
RÁITIS AIRGEADAIS
...
Tacar iomlán de ráitis airgeadais
10 |
Cuimsítear an méid seo a leanas i dtacar iomlán de ráitis airgeadais:
…
… |
STRUCHTÚR AGUS ÁBHAR
...
Nótaí
Struchtúr
...
114 |
Áirítear an méid seo a leanas ar shamplaí d’ordú nó grúpáil chórasach na nótaí:
…
|
Faisnéis a nochtadh maidir le beartas cuntasaíochta
117 |
Déanfaidh eintiteas faisnéis ábhartha maidir le beartas cuntasaíochta (féach mír 7) a nochtadh. Tá faisnéis maidir le beartas cuntasaíochta ábhartha más féidir coinne a bheith leis go réasúnta, nuair a bhreithnítear an fhaisnéis in éineacht le faisnéis eile atá san áireamh i ráitis airgeadais eintitis, go bhféadfaidh sí tionchar a imirt ar chinntí a dhéanann príomhúsáideoirí ráiteas airgeadais ilchuspóireach ar bhonn na ráiteas airgeadais sin. |
117A |
Is faisnéis neamhábhartha faisnéis maidir le beartas cuntasaíochta a bhaineann le hidirbhearta neamhábhartha nó le himeachtaí nó coinníollacha eile agus ní gá an fhaisnéis sin a nochtadh. D’fhéadfadh faisnéis maidir le beartas cuntasaíochta a bheith ábhartha mar sin féin i ngeall ar chineál na n-idirbheart gaolmhar nó ar imeachtaí nó coinníollacha eile, fiú más méideanna neamhábhartha iad na méideanna. Ní faisnéis ábhartha í an fhaisnéis uile maidir le beartas cuntasaíochta a bhaineann le hidirbhearta ábhartha le himeachtaí nó coinníollacha eile, áfach. |
117B |
Meastar gur faisnéis ábhartha atá san fhaisnéis maidir le beartas cuntasaíochta más rud é go mbeadh gá ag úsáideoirí ráiteas airgeadais de chuid eintitis léi chun faisnéis ábhartha eile sna ráitis airgeadais a thuiscint. Mar shampla, is dócha go mbreithneoidh eintiteas go bhfuil faisnéis maidir le beartas cuntasaíochta ábhartha dá ráitis airgeadais má bhaineann an fhaisnéis sin le hidirbhearta ábhartha nó le himeachtaí nó coinníollacha eile agus sna cásanna seo a leanas:
|
117C |
Le faisnéis maidir le beartas cuntasaíochta lena ndírítear ar an gcaoi ar chuir eintiteas ceanglais IFRSanna i bhfeidhm ar a chúinsí féin, soláthraítear faisnéis eintiteas-shonrach atá níos úsáidí d’úsáideoirí ráiteas airgeadais ná faisnéis chaighdeánaithe, nó faisnéis nach ndéanann ach ceanglais IFRSanna a dhúbailt nó a achoimriú. |
117D |
Má nochtann eintiteas faisnéis neamhábhartha maidir le beartas cuntasaíochta, ní dhéanfar faisnéis ábhartha maidir le beartas cuntasaíochta a theimhliú leis an bhfaisnéis sin. |
117E |
Le conclúid ó eintiteas gur faisnéis neamhábhartha atá i bhfaisnéis maidir le beartas cuntasaíochta ní dhéanfar difear do na ceanglais ghaolmhara maidir le nochtadh a leagtar amach in IFRSanna eile. |
118 |
[Scriosta] |
119 |
[Scriosta] |
120 |
[Scriosta] |
121 |
[Scriosta] |
122 |
Nochtfaidh eintiteas, in éineacht le faisnéis ábhartha maidir le beartas cuntasaíochta nó nótaí eile, na breithiúnais, seachas iad sin a mbaineann meastacháin leo (féach mír 125), atá déanta ag an lucht bainistíochta agus beartais chuntasaíochta an eintitis á gcur i bhfeidhm acu, agus a bhfuil an tionchar is suntasaí acu ar na méideanna a aithnítear sna ráitis airgeadais.
... |
DÁTA TRASDULA AGUS DÁTA ÉIFEACHTACH
...
139V |
Le Nochtadh Beartas Cuntasaíochta, a eisíodh i mí Feabhra 2021, leasaíodh míreanna 7, 10, 114, 117 agus 122, cuireadh míreanna 117A-117E isteach agus scriosadh míreanna 118, 119 agus 121. Leasaíodh Ráiteas Cleachtais 2 de chuid IFRS Breithiúnais Ábharthachta a Thabhairt freisin. Cuirfidh eintiteas na leasuithe ar IAS 1 i bhfeidhm le haghaidh na dtréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2023 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin. |
Leasuithe ar chaighdeáin agus ar fhoilseacháin eile IFRS
Leasuithe ar IFRS 7 Ionstraimí Airgeadais: Nochtaí
Leasaítear míreanna 21 agus B5. Cuirtear mír 44II isteach.
SUNTASACHT IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS MAIDIR LE STAID AGUS FEIDHMÍOCHT AIRGEADAIS
...
Nochtaí eile
Beartais chuntasaíochta
21 |
I gcomhréir le mír 117 de IAS 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais (arna athbhreithniú in 2007), nochtann eintiteas faisnéis ábhartha maidir le beartas cuntasaíochta. An fhaisnéis maidir leis an mbonn (nó na boinn) tomhais le haghaidh ionstraimí airgeadais a úsáidtear chun na ráitis airgeadais a ullmhú, meastar gur faisnéis ábhartha maidir le beartas cuntasaíochta a bheidh inti.
... |
DÁTA ÉIFEACHTACH AGUS AISTRIÚ
...
44II |
Le Nochtadh Beartas Cuntasaíochta, lena leasaítear IAS 1 agus Ráiteas Cleachtais 2 de chuid IFRS Breithiúnais Ábharthachta a Thabhairt, agus a eisíodh i mí Feabhra 2021, leasaíodh míreanna 21 agus B5. Cuirfidh an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2023 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.
... |
Foscríbhinn B
Treoir maidir le cur i bhfeidhm
...
AICMÍ IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS AGUS LEIBHÉAL NOCHTA (MÍR 6)
...
Nochtadh eile—beartais chuntasaíochta (mír 21)
B5 |
Le mír 21, ceanglaítear faisnéis ábhartha maidir le beartas cuntasaíochta a nochtadh, a meastar go mbeidh faisnéis inti maidir leis an mbonn (nó na boinn) tomhais le haghaidh ionstraimí airgeadais a úsáidtear chun na ráitis airgeadais a ullmhú. Maidir le hionstraimí airgeadais, d’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh i nochtadh den sórt sin:
… Le mír 122 de IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) ceanglaítear ar eintitis na breithiúnais a nochtadh freisin, in éineacht le faisnéis ábhartha maidir le beartas cuntasaíochta nó nótaí eile, seachas na breithiúnais sin a mbaineann meastacháin leo, agus atá déanta ag an lucht bainistíochta agus beartais chuntasaíochta an eintitis á gcur i bhfeidhm acu, agus a bhfuil an tionchar is suntasaí acu ar na méideanna a aithnítear sna ráitis airgeadais. |
Leasuithe ar IAS 26 Cuntasaíocht agus Tuairisciú na bPleananna Sochair Scoir
Leasaítear mír 34 agus cuirtear mír 38 leis.
NA PLEANANNA UILE
Nochtadh
34 |
Beidh an fhaisnéis seo a leanas i ráitis airgeadais de chuid plean maidir le sochar scoir freisin, cibé acu plean sochair shainithe nó plean ranníocaíochtaí sainithe atá ann:
…
… |
AN DÁTA ÉIFEACHTACH
...
38. |
Le Nochtadh Beartas Cuntasaíochta, lena leasaítear IAS 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais agus Ráiteas Cleachtais 2 de chuid IFRS Breithiúnais Ábharthachta a Thabhairt, agus a eisíodh i mí Feabhra 2021, leasaíodh mír 34. Cuirfidh an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2023 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin. |
Leasuithe ar IAS 34 Tuairisciú Airgeadais Eatramhach
Leasaítear mír 5 agus cuirtear mír 60 leis.
INNEACHAR TUARASCÁLA AIRGEADAIS EATRAMHAÍ
5 |
Le IAS 1 sainítear tacar iomlán de ráitis airgeadais mar thacar a bhfuil na comhpháirteanna seo a leanas san áireamh ann:
…
… |
AN DÁTA ÉIFEACHTACH
...
60. |
Le Nochtadh Beartas Cuntasaíochta, lena leasaítear IAS 1 agus Ráiteas Cleachtais 2 de chuid IFRS Breithiúnais Ábharthachta a Thabhairt, agus a eisíodh i mí Feabhra 2021, leasaíodh mír 5. Cuirfidh an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2023 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin. |
Leasuithe ar IAS 8
Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin agus Earráidí Cuntasaíochta
Leasaítear míreanna 5, 32, 34, 38 agus 48 agus an ceannteideal os cionn mhír 32. Cuirtear míreanna 32A–32B, 34A agus 54I agus na ceannteidil os cionn mhíreanna 34 agus 36 leis. Leasaítear an ceannteideal os cionn mhír 39 le bheith ina fho-cheannteideal faoin gceannteideal a chuirtear isteach os cionn mhír 34.
SAINMHÍNITHE
5 |
Úsáidtear na téarmaí seo a leanas sa Chaighdeán seo in éineacht leis na bríonna shonraítear:
… Is é atá i meastacháin chuntasaíochta méideanna airgeadaíochta i ráitis airgeadais atá faoi réir neamhchinnteacht tomhais. … |
MEASTACHÁIN CHUNTASAÍOCHTA
32 |
D’fhéadfaí a cheangal le beartas cuntasaíochta míreanna i ráitis airgeadais a thomhas ar bhealach lena mbaineann neamhchinnteacht tomhais—is é sin, d’fhéadfaí a cheangal leis an mbeartas cuntasaíochta míreanna den sórt sin a thomhas ag méideanna airgeadaíochta nach féidir a bhreathnú go díreach agus nach mór meastachán a dhéanamh ina leith ina ionad sin. I gcás den sórt sin, forbraíonn eintiteas meastachán cuntasaíochta chun an cuspóir a leagadh amach leis an mbeartas cuntasaíochta a bhaint amach. Úsáidtear breithiúnais nó toimhdí atá bunaithe ar an bhfaisnéis iontaofa is déanaí atá ar fáil chun meastacháin chuntasaíochta a fhorbairt. Is samplaí de mheastacháin chuntasaíochta iad na nithe seo a leanas:
|
32A |
Úsáideann eintiteas teicnící tomhais agus ionchuir chun meastachán cuntasaíochta a fhorbairt. Áirítear ar theicnící tomhais teicnící meastacháin (mar shampla, teicnící a úsáidtear chun lamháltas caillteanais le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha a thomhas trína gcuirtear IFRS 9 i bhfeidhm) agus teicnící luachála (mar shampla, teicnící a úsáidtear chun luach cóir sócmhainne nó dliteanais a thomhas trína gcuirtear IFRS 13 i bhfeidhm). |
32B |
Uaireanta, tagraíonn an téarma ‘meastachán’ in IFRSanna do mheastachán nach bhfuil ina mheastachán cuntasaíochta mar a shainmhínítear sa Chaighdeán seo. Mar shampla, tagraíonn sé uaireanta d’ionchur a úsáidtear chun meastacháin chuntasaíochta a fhorbairt.
… |
Athruithe ar mheastacháin chuntasaíochta
34 |
D’fhéadfadh sé go mbeadh ar eintiteas meastachán cuntasaíochta a athrú má thagann athruithe ar na cúinsí a raibh an meastachán cuntasaíochta bunaithe orthu nó mar thoradh ar fhaisnéis nua, forbairtí nua nó níos mó taithí. De bharr a chineáil, níl baint ag athrú ar mheastachán cuntasaíochta le tréimhsí roimhe ná ní ceartú earráide atá ann. |
34A |
Mura n-eascraíonn siad as ceartú earráidí réamhthréimhse, athruithe ar mheastacháin chuntasaíochta atá sna héifeachtaí ar mheastachán cuntasaíochta a bhíonn ag athrú ionchuir nó athrú teicníce tomhais.
… |
Athruithe ar mheastacháin chuntasaíochta a chur i bhfeidhm
…
38 |
Ciallaíonn aitheantas ionchasach ar an éifeacht a bhíonn ag athrú ar mheastachán cuntasaíochta go gcuirtear an t-athrú i bhfeidhm ar idirbhearta agus ar imeachtaí agus coinníollacha eile ó dháta an athraithe sin. D’fhéadfadh athrú ar mheastachán cuntasaíochta difear a dhéanamh do bhrabús nó caillteanas na tréimhse reatha amháin, nó do bhrabús nó caillteanas na tréimhse reatha agus na dtréimhsí amach anseo araon. Mar shampla, ní dhéanann athrú ar lamháltas caillteanais le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha difear ach do bhrabús nó caillteanas na tréimhse reatha agus dá bhrí sin ní aithnítear é sa tréimhse reatha. Mar sin féin, athrú ar shaolré ionchais úsáide, nó ar phatrún ionchasach tomhaltais na leasanna eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo atá cuimsithe i sócmhainn in-dímheasa, déanann sé difear don chostas dímheasa le haghaidh na tréimhse reatha agus le haghaidh gach tréimhse a bheidh ann amach anseo le linn shaolré úsáide na sócmhainne atá fágtha. Sa dá chás, aithnítear mar ioncam nó mar chostas le linn na tréimhse reatha an difear a dhéanann an t-athrú a bhaineann leis an tréimhse reatha. Aithnítear an difear a dhéanfar do thréimhsí a bheidh ann amach anseo, má dhéanfar aon difear dóibh, mar ioncam nó costas sna tréimhsí sin a bheidh ann amach anseo. |
Nochtadh
…
EARRÁIDÍ
…
48. |
Déantar ceartú earráidí a idirdhealú ó athruithe ar mheastacháin chuntasaíochta. Neastacháin atá i meastacháin chuntasaíochta, de bharr a gcineáil, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh gá iad a athrú de réir mar a bhíonn faisnéis bhreise ar eolas. Mar shampla, an gnóthachan nó an caillteanas a aithnítear ar thoradh teagmhais, ní ceartú earráide é sin.
… |
DÁTA ÉIFEACHTACH AGUS AISTRIÚ
…
54I |
Le Sainmhíniú Meastachán Cuntasaíochta, a eisíodh i mí Feabhra 2021, leasaíodh míreanna 5, 32, 34, 38 agus 48 agus cuireadh isteach míreanna 32A, 32B agus 34A. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí tuairiscithe bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2023 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Cuirfidh eintiteas na leasuithe i bhfeidhm ar athruithe ar mheastacháin chuntasaíochta agus ar athruithe ar bheartais chuntasaíochta a dhéanfar ag tús na chéad tréimhse tuairiscithe bliantúla ina gcuirfidh sé na leasuithe i bhfeidhm nó ina dhiaidh sin. |