EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0259

Rialachán (AE) 2022/259 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

ST/6478/2022/INIT

OJ L 42I, 23.2.2022, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/259/oj

23.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 42/1


RIALACHÁN (AE) 2022/259 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Feabhra 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i leith gníomhaíochtaí lena ndéantar dochar nó lena gcruthaítear baol d’iomláine chríochach, do cheannasacht agus do neamhspleáchas na hÚcráine (2), tugtar éifeacht do bhearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES.

(2)

An 23 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2022/265 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES agus lena dtugtar isteach sásra maolaithe le haghaidh oibreoirí áirithe a thagann faoin reo sócmhainní agus faoin toirmeasc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh.

(3)

Tagann na leasuithe sin faoi réim raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle mar a leanas:

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas i ndiaidh Airteagal 6a:

‘Airteagal 6b

1.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit a údarú go ndéanfar cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, cistí nó acmhainní ar leis an eintiteas iad agus a liostaítear faoi na huimhreacha iontrála 53, 54 agus 55 in Iarscríbhinn I, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil do na heintitis sin, faoi choinníollacha a mheasfaidh na húdaráis inniúla is iomchuí agus tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil cistí nó acmhainní eacnamaíocha den sórt sin riachtanach chun foirceannadh a dhéanamh, faoin 24 Lúnasa 2022 a ghlacadh), ar oibríochtaí, conarthaí, nó comhaontuithe eile, lena n-áirítear caidrimh bhaincéireachta comhfhreagraí, a cuireadh i gcrích leis na heintitis sin roimh 23 Feabhra 2022. ’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh Bhruiséil sa 23 Feabhra 2022

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  IO L 078, 17.3.2014, lch. 16.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 6).


Top