EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0214

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/214 ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 maidir le formheas nó aistarraingt an stádais saor ó ghalair atá ag Ballstáit áirithe nó criosanna nó deighleoga díobh a mhéid a bhaineann le galair liostaithe áirithe agus formheas clár díothaithe le haghaidh galair liostaithe áirithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/886

OJ L 37, 18.2.2022, p. 16–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/214/oj

18.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 37/16


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/214 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Feabhra 2022

lena leasaítear Iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 maidir le formheas nó aistarraingt an stádais saor ó ghalair atá ag Ballstáit áirithe nó criosanna nó deighleoga díobh a mhéid a bhaineann le galair liostaithe áirithe agus formheas clár díothaithe le haghaidh galair liostaithe áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 31(3) agus Airteagal 36(4), Airteagal 37(4), pointe (a) agus Airteagal 42(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2016/429 rialacha sonracha ó thaobh galair de maidir leis na galair a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de agus leagtar síos an chaoi a gcuirfear na rialacha sin i bhfeidhm maidir le catagóirí éagsúla galar liostaithe. Déantar foráil i Rialachán (AE) 2016/429 go mbunóidh na Ballstáit cláir dhíothaithe éigeantacha le haghaidh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (b) de, agus déantar foráil ann maidir le cláir dhíothaithe roghnacha le haghaidh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (c) de agus maidir le formheas na gclár sin ag an gCoimisiún. Foráiltear leis an Rialachán freisin maidir leis an bhformheas nó an tarraingt siar a dhéanfaidh an Coimisiún ar stádas saor ó ghalar Ballstát nó criosanna nó deighleoga díobh maidir le galair liostaithe áirithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (b) agus (c) de.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún (2), déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos na critéir maidir le stádas saor ó ghalair a dheonú, a choinneáil, a chur ar fionraí agus a tharraingt siar i gcás Ballstát nó criosanna nó deighleoga díobh, agus na ceanglais maidir le formheas clár díothaithe éigeantach nó roghnach le haghaidh Ballstát nó criosanna nó deighleog díobh.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún (3), leagtar síos rialacha cur chun feidhme do na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, maidir le hainmhithe, a mhéid a bhaineann le stádas saor ó ghalair agus neamh-vacsaínithe Ballstát áirithe nó criosanna nó deighleoga díobh, agus formheas na gclár díothaithe le haghaidh na ngalar liostaithe sin. Go háirithe, liostaítear ann sna hIarscríbhinní a ghabhann leis, na Ballstáit nó na criosanna nó deighleoga díobh a bhfuil stádas saor ó ghalair acu agus liostaítear ann freisin na cláir dhíothaithe éigeantacha nó roghnacha atá ann cheana. Mar gheall ar an athrú atá ag teacht ar an staid eipidéimeolaíoch i gcás galair áirithe, is gá Ballstáit nua atá saor ó ghalair nó criosanna díobh a liostú, na limistéir sin inar dearbhaíodh ráigeanna galair a scriosadh ón liosta nó nach bhfuil na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a choinneáil á gcomhlíonadh a thuilleadh, agus cláir dhíothaithe éigeantacha nó roghnacha áirithe arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin a fhormheas.

(4)

I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/429, agus gníomhartha de chuid an Choimisiúin atá bunaithe air, amhail Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann tar éis dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar.

(5)

I gcás ionfhabhtú Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis, ionfhabhtú coimpléasc Mycobacterium tuberculosis (Mycobacterium bovis, M. caprae agus M. tuberculosis) (MTBC), ionfhabhtú víreas an chonfaidh (RABV), ionfhabhtú na buinní víreasaí bólachta (BVB) agus ionfhabhtú an víris ghormtheanga (séiritíopaí 1-24) (BTV), tá roinnt Ballstát tar éis iarratas a dhéanamh don Choimisiún stádas saor ó ghalair nó cláir dhíothaithe a fhormheas le haghaidh a gcríche iomláine nó le haghaidh cuid dá gcríoch.

(6)

Tá sé tráthúil bó-ainmhithe, agus ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair a liostú go leithleach le haghaidh na ngalar sin. Dá réir sin, beidh Caibidlí éagsúla i gCuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, arna leasú leis an Rialachán seo, maidir le bó-ainmhithe agus ainmhithe den chineál gabhair agus ainmhithe den chineál caorach, agus is gá freisin Airteagal 2 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin ina dtagraítear don Iarscríbhinn sin a leasú.

(7)

Maidir le hionfhabhtú Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis i mbó-ainmhithe, chuir an Spáinn faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a aithint a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 i gCúige Cáceres i gComhphobal Uathrialach Extremadura. Dá bhrí sin, ba cheart an crios sin a liostú mar chrios saor ó Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis i mbó-ainmhithe i gCuid I, Caibidil 1, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620.

(8)

Maidir le hionfhabhtú Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis i mbó-ainmhithe, tá iarratais curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an mBulgáir, ag an nGréig, ag an Ungáir, ag an Iodáil agus ag an bPortaingéil chun a gcláir dhíothaithe éigeantacha a fhormheas, agus maidir le hionfhabhtú Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis i mbó-ainmhithe, tá iarratais curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an mBulgáir, ag an gCróit, ag an nGréig, ag an Iodáil agus ag an bPortaingéil chun a gcláir dhíothaithe éigeantacha a fhormheas. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann na hiarratais sin na critéir a leagtar síos i gCaibidil 2 de Chuid II de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le cláir dhíothaithe a fhormheas. Dá bhrí sin, na Ballstáit nó criosanna díobh a chumhdaítear faoi na cláir dhíothaithe sin, ba cheart iad a liostú in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar Bhallstáit nó criosanna díobh ag a bhfuil clár díothaithe formheasta le haghaidh na ngalar sin sna daonraí ainmhithe sin.

(9)

Maidir le hionfhabhtú MTBC, tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an Spáinn lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a aithint ó ionfhabhtú MTBC a leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 i gComhphobal Uathrialach País Vasco. Dá bhrí sin, ba cheart an Comhphobal Uathrialach sin a liostú mar chrios saor ó MTBC in Iarscríbhinn II, Cuid I, a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620.

(10)

Maidir le hionfhabhtú MTBC, tá iarratais curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an mBulgáir, ag an gCróit, ag an gCipir, ag an nGréig, ag Éirinn, ag an Iodáil, ag Málta, ag an bPortaingéil, ag an Rómáin, ag an Spáinn agus ag an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann chun a gcláir dhíothaithe éigeantacha a fhormheas. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann na hiarratais sin na critéir a leagtar síos i gCaibidil 2 de Chuid II de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le cláir dhíothaithe a fhormheas. Dá bhrí sin, na Ballstáit nó criosanna díobh a chumhdaítear faoi na cláir dhíothaithe sin, chomha maith leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann, ba cheart iad a liostú in Iarscríbhinn II, Cuid II, a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar Bhallstáit nó criosanna díobh ag a bhfuil clár díothaithe formheasta le haghaidh ionfhabhtú MTBC.

(11)

A mhéid a bhaineann le hionfhabhtú RABV, tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an bhFrainc lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a aithint a leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 i nGuáin na Fraince. Dá bhrí sin, ba cheart Guáin na Fraince a chur le críoch na Fraince, críoch a liostaítear cheana féin mar chríoch atá saor ó RABV in Iarscríbhinn III, Cuid I, a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620.

(12)

Tá fógra tugtha ag an bPolainn don Choimisiún maidir le ráigeanna d’ionfhabhtú RABV i roinnt réigiún de Voivodship Mazowieckie agus Voivodship Świętokrzyskie, réigiúin a liostaítear faoi láthair mar chriosanna stádais saor ó ghalair i gCuid I d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620. Dá bhrí sin, ba cheart na réigiúin a ndéantar difear dóibh a scriosadh ón liosta sin agus ba cheart iontráil an Bhallstáit sa liosta sin a leasú dá réir.

(13)

Maidir le hionfhabhtú RABV, tá iarratais curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an bPolainn agus an Rómáin chun formheas a fháil ar a gcláir dhíothaithe. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann na hiarratais sin na critéir a leagtar síos i gCaibidil 2 de Chuid II de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le cláir dhíothaithe a fhormheas. Dá bhrí sin, na Ballstáit nó criosanna díobh a chumhdaítear faoi na cláir dhíothaithe sin, ba cheart iad a liostú i gCuid II d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar Bhallstáit nó criosanna díobh ag a bhfuil clár díothaithe formheasta le haghaidh ionfhabhtú RABV.

(14)

Maidir le hionfhabhtú BVB, tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an Ostair, ag an bhFionlainn agus ag an tSualainn lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó BVB a aithint a leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ina gcríocha ina n-iomláine. Ina theannta sin, tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an nGearmáin lena léirítear go bhfuil na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a aithint comhlíonta i gcás criosanna áirithe dá críoch. Chuir an Ghearmáin iarratais chuig an gCoimisiún freisin ar chláir dhíothaithe a bheith formheasta le haghaidh criosanna eile dá críoch. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann na hiarratais sin na critéir a leagtar síos i gCaibidil 2 de Chuid II de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalair a dheonú nó cláir dhíothaithe a fhormheas le haghaidh BVB, faoi seach. Dá bhrí sin, ba cheart na Ballstáit sin nó criosanna díobh a liostú dá réir sin in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar Bhallstát a bhfuil stádas saor ó ghalair acu i leith BVD nó clár díothaithe formheasta le haghaidh BVB faoi seach.

(15)

Chuir an Spáinn in iúl don Choimisiún ráigeanna d’ionfhabhtú BTV séiritíopa 4 i gComhphobal Uathrialach Castilla-La Mancha, ráigeanna a rinne difear do réigiúin Peñarroya-Pueblonuevo, Hinojosa del Duque (Pedroches II), Pozoblanco (Pedroches I), Villanueva de Córdoba (Pedroches III), Montoro (Alto del Guadalquivir), Andújar agus Linares i gComhphobal Uathrialach Andalucia. Tá difear déanta ag na ráigeanna do réigiúin Almadén, Almodóvar del Campo agus Piedrabuena i gComhphobal Uathrialach Castilla-La Mancha, agus do Chúige Badajoz agus réigiúin Coria, Valencia de Alcántara, Cáceres agus Trujillo y Logrosán (Zorita) i gComhphobal Uathrialach Extremadura. Na réigiúin sin a bhfuil difear déanta dóibh, réigiúin atá lonnaithe i gComhphobal Uathrialach Andalucia, i gComhphobal Uathrialach Extremadura, agus i gComhphobal Uathrialach Castilla-La Mancha faoi seach, liostaítear iad go léir faoi láthair mar réigiúin a bhfuil stádas saor ó ghalair acu i leith ionfhabhtú BTV, i gCuid I d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620. Ba cheart stádas saor ó ghalair na réigiún sin i leith ionfhabhtú BTV a tharraingt siar, agus ba cheart iontráil na Spáinne ar an liosta sin a leasú dá réir.

(16)

Ina theannta sin, chuir an Phortaingéil in iúl don Choimisiún maidir le ráigeanna d’ionfhabhtú BTV séiritíopa 4 i gceantair Castelo Branco agus Setubal. Ós rud é go bhfuil ceantair Castelo Branco agus Setubal, mar chuid den Phortaingéil, lonnaithe sna limistéir stádais saor ó ghalair a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, ba cheart a stádas saor ó ghalair i leith ionfhabhtú BTV a tharraingt siar, agus ba cheart iontráil na Portaingéile sa liosta sin a leasú dá réir.

(17)

Ina theannta sin, maidir le hionfhabhtú BTV, tá iarratas curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an Spáinn chun clár díothaithe roghnach a fhormheas. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann an t-iarratas sin na critéir a leagtar síos i gCaibidil 2 de Chuid II de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689. Dá bhrí sin, na criosanna a chumhdaítear faoin gclár díothaithe sin, ba cheart iad a liostú i gCuid II d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar Bhallstáit nó criosanna díobh ag a bhfuil clár díothaithe formheasta i leith ionfhabhtú BTV.

(18)

A mhéid a bhaineann le hionfhabhtú uisceach víreas na neacróise fuilghinte ionfhabhtaíche (IHN), chuir an Danmhairg in iúl don Choimisiún nach gcomhlíontar na coinníollacha a thuilleadh maidir leis an stádas saor ó ghalair a choinneáil le haghaidh a críche iomláine. Liostaítear an Danmhairg i gCuid I d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620. Ba cheart, dá bhrí sin, an iontráil a bhaineann leis an Danmhairg a scriosadh ón liosta sin.

(19)

Chuir an Fhionlainn in iúl don Choimisiún roinnt ráigeanna de IHN in Oileáin Åland, i limistéar a liostaítear mar limistéar a bhfuil stádas saor ó ghalair acu in Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620. Ba cheart, dá bhrí sin, stádas saor ó ghalair an limistéir ionfhabhtaithe a tharraingt siar agus ba cheart an crios a scriosadh ó Chuid I den Iarscríbhinn sin, agus ba cheart an iontráil an Bhallstáit sin sa liosta sin a leasú dá réir.

(20)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinní I, II, III, VII, VIII agus XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a leasú dá réir.

(21)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2(3):

“3.   Déanfar na Ballstáit nó criosanna díobh ag a bhfuil clár díothaithe éigeantach formheasta maidir le hionfhabhtú Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis i ndaonraí d’ainmhithe buaibheacha a liostú i gCaibidil 1 de Chuid II d’Iarscríbhinn I.

4.   Déanfar na Ballstáit nó criosanna díobh ag a bhfuil clár díothaithe éigeantach formheasta maidir le hionfhabhtú Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis i ndaonraí d’ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair a liostú i gCaibidil 2 de Chuid II d’Iarscríbhinn I.”

2.

Leasaítear Iarscríbhinní I, II, III, VII, VIII agus XIII i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalair do ghalair áirithe atá liostaithe agus ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formheas an stádais saor ó ghalair agus an stádais neamh-vacsaínithe atá ag Ballstát áirithe nó ag criosanna nó deighleoga díobh i ndáil le galair áirithe liostaithe agus formheas na gclár díothaithe le haghaidh na ngalar liostaithe sin (IO L 131, 16.4.2021, lch. 78).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní I, II, III, VII, VIII agus XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

i gCuid I, Caibidil 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil na Spáinne:

Ballstát

Críoch

“An Spáinn

Críoch iomlán”

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid II:

“CUID II

Ballstáit nó criosanna díobh ag a bhfuil clár díothaithe formheasta maidir le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis

CAIBIDIL 1

Ballstáit nó criosanna díobh ag a bhfuil clár díothaithe formheasta maidir le Brucella abortus, B. melitensis agus B. Suis i ndaonraí d’ainmhithe buaibheacha

Ballstát

Críoch

An Bhulgáir

Críoch iomlán

An Ghréig

Críoch iomlán

An Ungáir

Críoch iomlán

An Iodáil

Regione Abruzzo: Provincia di L’Aquila, Teramo, Chieti

Regione Basilicata

Regione Calabria

Regione Campania: Provincia di Caserta, Salerno

Regione Molise: Provincia di Isernia

Regione Puglia: Provincia di Foggia, Taranto

Regione Sicilia

An Phortaingéil

Região Autónoma dos Açores: Ilha de São Miguel

Região Madeira

Distritos Beja, Braga, Braganca, Evora, Lisboa, Portalegre, Porto, Santarem, Setubal, Viana do Castelo, Vila Real”

CAIBIDIL 2

Ballstáit nó criosanna díobh ag a bhfuil clár díothaithe formheasta maidir le Brucella abortus, B. melitensis agus B. Suis i ndaonraí d’ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair

Ballstát

Críoch

An Bhulgáir

Críoch iomlán

An Chróit

Críoch iomlán

An Ghréig

Críoch iomlán

An Iodáil

Regione Basilicata

Regione Calabria: Provincia di Crotone, Reggio Calabria, Vibo Valentina

Regione Campania: Provincia di Caserta, Salerno, Avellino, Napoli

Regione Puglia: Provincia di Foggia, Lecce

Regione Sicilia

An Phortaingéil

Região Madeira

Distritos Aveiro, Beja, Braga, Braganca, Castelo Branco, Coimbra, Evora, Faro, Guarda, Leiria, Lisboa, Portalegre, Porto, Santarem, Setubal, Viana do Castelo, Vila Real, Viseu

(2)

leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

i gCuid I cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil na Spáinne:

Ballstát

Críoch

“An Spáinn

Comunidad Autónoma de Canarias

Comunidad Autónoma de Galicia

Comunidad Autónoma del País Vasco

Comunidad Autónoma del Principado de Asturias”

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid II:

“CUID II

Ballstáit nó criosanna díobh ag a bhfuil clár díothaithe formheasta maidir le hionfhabhtú le MTBC

Ballstát (*1)

Críoch

An Bhulgáir

Críoch iomlán

An Chróit

Críoch iomlán

An Chipir

Críoch iomlán

An Ghréig

Críoch iomlán

Éire

Críoch iomlán

An Iodáil

Regione Abruzzo: Provincia di L’Aquila, Teramo, Chieti

Regione Basilicata: Provincia di Potenza

Regione Calabria

Regione Campania

Regione Lazio: Provincia di Latina, Roma

Regione Marche: Provincia di Macerata

Regione Puglia

Regione Sardegna: Provincia di Sassari, Nuoro

Regione Sicilia

Málta

Críoch iomlán

An Phortaingéil

Região Autónoma dos Açores: Ilha de São Miguel

Região Autónoma da Madeira

Distritos Aveiro, Beja, Braga, Bragança, Castelo Branco, Coimbra, Evora, Guarda, Leiria, Lisboa, Portalegre, Porto, Santarem, Setubal, Viana do Castelo, Vila Real, Viseu

An Rómáin

Críoch iomlán

An Spáinn

Comunidad Autónoma de Andalucía

Comunidad Autónoma de Aragón

Comunidad Autónoma de Islas Baleares

Comunidad Autónoma de Cantabria

Comunidad Autónoma de Castilla-La Mancha

Comunidad Autónoma de Castilla y León

Comunidad Autónoma de Cataluña

Comunidad Autónoma de Extremadura

Comunidad Autónoma de La Rioja

Comunidad Autónoma de Madrid

Comunidad Autónoma de Murcia

Comunidad Autónoma de Navarra,

Comunidad Autónoma de Valencia

An Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann)

Tuaisceart Éireann

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:

(a)

Leasaítear Cuid I mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil na Fraince:

Ballstát

Críoch

“An Fhrainc

Críoch iomlán”

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil na Polainne:

Ballstát

Críoch

“An Pholainn

Voivodship Dolnośląskie: gach powiaty

Voivodship Kujawsko-pomorskie: gach powiaty

Voivodship Podlaskie, na powiaty seo a leanas: m. Lublin, Łęczyński, Parczewski, Radzyński, Świdnicki

Voivodship Lubuskie: gach powiaty

Voivodship Łódzkie, na powiaty seo a leanas: Bełchatowski, Brzeziński, Kutnowski, Łaski, Łęczycki, Łowicki, Łódzki Wschodni, m. Łódź, Pabianicki, Pajęczański, Piotrkowski, m. Piotrków Trybunalski, Poddębicki, Radomszczański, Rawski, Sieradzki, Skierniewicki, m. Skierniewice, Tomaszowski, Wieluński, Wieruszowski, Zduńskowolski, Zgierski

Voivodship Małopolskie: gach powiaty

Voivodship Mazowieckie the following powiaty: Ciechanowski, Gostyniński, Makowski, Mławski, Ostrołęcki, m. Ostrołęka, Płocki, m. Płock, Przasnyski, Sierpecki, Żuromiński

Voivodship Opolskie: gach powiaty

Voivodship Podlaskie: gach powiaty

Voivodship Pomorskie: gach powiaty

Voivodship Śląskie: gach powiaty

Voivodship Świętokrzyskie the following powiaty: Buski, Kazimierski, Pińczowski, Włoszczowski

Voivodship Warmińsko-mazurskie: gach powiaty

Voivodship Wielkopolskie: gach powiaty

Voivodship Zachodniopomorskie: all powiaty’

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil na Spáinne:

Ballstát

Críoch

“An Spáinn

Críoch iomlán”

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid II:

“CUID II

Ballstáit nó criosanna díobh ag a bhfuil clár díothaithe formheasta maidir le hionfhabhtú le RABV

Ballstát

Críoch

An Pholainn

Voivodship Podlaskie, na powiaty seo a leanas: Bialski, m. Biała Podlaska, Biłgorajski, Chełmski, m. Chełm, Hrubieszowski, Janowski, Krasnostawski, Kraśnicki, Lubartowski, Lubelski, Łukowski, Opolski, Puławski, Rycki, Tomaszowski, Włodawski, Zamojski, m. Zamość

Voivodship Łódzkie, na powiaty seo a leanas: Opoczyński

Voivodship Podlaskie, na powiaty seo a leanas: Białobrzeski, Garwoliński, Grodziski, Grójecki, Kozienicki, Legionowski, Lipski, Łosicki, Miński, Nowodworski, Ostrowski, Otwocki, Piaseczyński, Płoński, Pruszkowski, Przysuski, Pułtuski, Radomski, m. Radom, Siedlecki, m. Siedlce, Sochaczewski, Sokołowski, Szydłowiecki, m.st. Warszawa, Warszawski Zachodni, Węgrowski, Wołomiński, Wyszkowski, Zwoleński, Żyrardowski

Voivodship Podkarpackie

Voivodship Świętokrzyskie the following powiaty: Jędrzejowski, Kielecki, m. Kielce, Konecki, Opatowski, Ostrowiecki, Sandomierski, Skarżyski, Starachowicki, Staszowski

An Rómáin

Críoch iomlán”

(4)

In Iarscríbhinn VII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Codanna I agus II:

“CUID I

Ballstáit nó criosanna díobh ag a bhfuil stádas saor ó ghalair maidir le BVB

Ballstát

Críoch

An Ostair

Críoch iomlán

An Fhionlainn

Críoch iomlán

An Ghearmáin

Bundesland Baden-Württemberg:

Regierungsbezirk Stuttgart, Karlsruhe, Freiburg

Na Landkreis seo a leanas in Regierungsbezirk Tübingen: Alb-Donau-Kreis, Biberach, Bodenseekreis, Reutlingen, Sigmaringen, Tübingen, Zollernalbkreis, Stadtkreis Ulm.

Bundesland Bayern:

Na cathracha seo a leanas agus Landkreis in Regierungsbezirk Oberpfalz: Ingolstadt, Stadt München, Stadt Rosenheim, Altötting, Berchtesgadener Land, Bad Tölz-Wolfratshausen, Ebersberg, Eichstätt, Freising, Fürstenfeldbruck, Garmisch-Partenkirchen, Landsberg am Lech, Miesbach, Mühldorf am Inn, Lkr. München, Neuburg-Schrobenhausen, Pfaffenhofen an der Ilm, Lkr. Rosenheim, Starnberg, Traunstein

Na cathracha seo a leanas agus Landkreis in Regierungsbezirk Oberpfalz: Stadt Landshut, Stadt Passau, Stadt Straubing, Freyung-Grafenau, Kelheim, Lkr. Landshut, Lkr. Passau, Regen, Rottal-Inn

Na cathracha seo a leanas agus Landkreis in Regierungsbezirk Oberpfalz: Stadt Amberg, Stadt Regensburg, Weiden in der Oberpfalz, Lkr. Amberg-Sulzbach, Cham, Neumarkt in der Oberpfalz, Neustadt an der Waldnaab, Lkr. Regensburg, Schwandorf, Tirschenreuth

Na cathracha seo a leanas agus Landkreis in Regierungsbezirk Oberfranken: Stadt Bamberg, Stadt Bayreuth, Stadt Coburg, Stadt Hof, Lkr. Bamberg, Lkr. Bayreuth, Lkr. Coburg, Forchheim, Lkr. Hof, Kronach, Kulmbach, Lichtenfels, Wunsiedel im Fichtelgebirge

Na cathracha seo a leanas agus Landkreis in Regierungsbezirk Mittelfranken: Stadt Ansbach, Stadt Erlangen, Stadt Fürth, Nürnberg, Schwabach, Lkr. Ansbach, Lkr. Erlangen-Höchstadt, Lkr. Fürth, Nürnberger Land, Neustadt an der Aisch-Bad Windsheim, Roth, Weißenburg-Gunzenhausen

Na cathracha seo a leanas agus Landkreis in Regierungsbezirk Unterfranken: Stadt Aschaffenburg, Stadt Schweinfurt, Stadt Würzburg, Lkr. Aschaffenburg, Bad Kissingen, Röhn-Grabfeld, Haßberge, Kitzingen, Miltenberg, Main-Spessart, Lkr. Schweinfurt, Lkr. Würzburg

Na cathracha seo a leanas agus Landkreis in Regierungsbezirk Schwaben: Stadt Augsburg, Kaufbeuren, Kempten im Allgäu, Memmingen, Aichach-Friedberg, Dillingen an der Donau, Neu-Ulm, Lindau, Unterallgäu, Donau-Ries

Bundesland Brandenburg

Bundesland Bremen

Bundesland Hamburg

Bundesland Hessen:

Na cathracha seo a leanas agus Landkreis in Regierungsbezirk Kassel: Werra-Meißner, Lkr. Kassel, Stadt Kassel, Waldeck-Frankenberg, Schwalm-Eder-Kreis, Hersfeld-Rotenburg

Regierungsbezirk Darmstadt

Regierungsbezirk Gießen

Bundesland Mecklenburg-Vorpommern

Bundesland Rheinland-Pfalz

Bundesland Saarland

Bundesland Sachsen

Bundesland Sachsen-Anhalt

Bundesland Thüringen

An tSualainn

Críoch iomlán

CUID II

Ballstáit nó criosanna díobh ag a bhfuil clár díothaithe formheasta maidir le BVB

Ballstát

Críoch

Dáta an fhormheasa tosaigh dá dtagraítear i bpointe 2 d’Airteagal 15 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689

An Ghearmáin

Bundesland Baden-Württemberg:

Landkreis Ravensburg in Regierungsbezirk Tübingen

Bundesland Bayern:

Na cathracha seo a leanas agus Landkreis in Regierungsbezirk Oberbayern: Dachau, Erding, Weilheim-Schongau

Na cathracha seo a leanas agus Landkreis in Regierungsbezirk Niederbayern: Deggendorf, Lkr. Straubing-Bogen, Dingolfing-Landau

Na cathracha seo a leanas agus Landkreis in Regierungsbezirk Schwaben: Lkr. Augsburg, Günzburg, Ostallgäu, Oberallgäu

Bundesland Berlin

Bundesland Hessen:

Landkreis Fulda in Regierungsbezirk Kassel

Bundesland Niedersachsen

Bundesland Nordrhein-Westfalen

Bundesland Schleswig-Holstein

21 Feabhra 2022”

(5)

leasaítear Iarscríbhinn VIII mar a leanas:

(a)

i gCuid I leasaítear iontráil na Spáinne mar a leanas:

(i)

scriostar iontrálacha Chúige Córdoba agus Chúige Jaén in Comunidad Autónoma de Andalucía;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil Comunidad Autónoma de Castilla-La Mancha:

 

“Comunidad Autónoma de Castilla-La Mancha, ach amháin na réigiúin seo a leanas i gCúige Ciudad Real: Almadén, Almodóvar del Campo agusPiedrabuena”;

(iii)

scriostar iontrála Comunidad Autónoma de Extremadura;

(b)

i gCuid I cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil na Portaingéile:

Ballstát

Críoch

“An Phortaingéil

Críoch iomlán, ach amháin distritos Beja, Castelo Branco, Evora, Faro, Portalegre, Santarem, Setubal”

(c)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid II:

“CUID II

Ballstáit nó criosanna díobh ag a bhfuil clár díothaithe formheasta maidir le hionfhabhtú le BTV

Ballstát

Críoch

Dáta an fhormheasa tosaigh dá dtagraítear i bpointe 2 d’Airteagal 15 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689

An Spáinn

Comunidad Autónoma de Andalucía:

Cúige Cádiz, Córdoba, Huelva, Jaén, Málaga, Sevilla

Cúige Granada: Motril (Costa de Granada)

Comunidad Autónoma de Aragón:

Cúige Huesca: réigiún Boltaña, Jaca, Sabiñánigo

an bhardasacht seo a leanas i réigiún Ayerbe: Las Peñas de Riglos

na bardasachtaí seo a leanas i réigiún Graus: Arguis, Casbas de Huesca, Ibieca, Igriés, Loporzano, Nueno agus Siétamo;

na bardasachtaí seo a leanas i réigiún Barbastro: Abiego, Adahuesca, Alquézar, Bierge, Colungo agus Naval

na bardasachtaí seo a leanas i réigiún Castejón de Sos: Castejón de Sos, Chía, Sahún, Seira, Sesué, Villanova

na bardasachtaí seo a leanas i réigiún Graus: Campo, Foradada, Valle de Bardají

Cúige Zaragoza: réigiún Jaca

Comunidad Autónoma de Castilla-La Mancha:

Cúige Ciudad Real, na réigiúin seo a leanas: Almadén, Almodóvar del Campo agus Piedrabuena

Comunidad Autónoma de Extremadura

Comunidad Autónoma de Islas Baleares

Comunidad Autónoma de Navarra:

réigiún Elizondo, Izurzun, Ochagavia, Pamplona, Santesteban

na bardasachtaí seo a leanas i réigiún Estella: Guesálaz, Lezaun, Valle de Yerri, Cirauqui, Mañeru, Artazu, Guirguillano, Salinas de Oro, Abárzuza, Allín, Améscoa Baja, Larraona, Aranarache, Eulate

na bardasachtaí seo a leanas i réigiún Sangüesa: Oroz-Betelu, Izagaondoa, Lumbier, Urraul Alto, Urraul Bajo, Romanzado, Lónguida, Aoiz, Erro, Arce, Esteribar, Luzaide- Valcarlos, Auritz Burguete, Orreaga-Roncesvalles

Comunidad Autónoma del País Vasco:

Cúige Guipúzcoa

Cúige Bizkaia/Vizcaya

Cúige Araba/Álava: bardasacht Aramaio

21 Feabhra 2022”

(6)

In Iarscríbhinn XIII, leasaítear Cuid I mar a leanas:

(a)

scriostar iontráil na Danmhairge;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil na Fionlainne:

Ballstát

Críoch

“An Fhionlainn

An chríoch iomlán, seachas an deighleog chósta arb éard atá inti na codanna sin de bhardasachtaí Föglö, Lumparland, Lemland, Vårdö atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 19,331 chiliméadar dar lár na gcomhordanáidí WGS84 domhanleithead 59,975253701°, domhanfhad 20,454027317 °”


(*1)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, baineann tagairtí do Bhallstáit leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.”


Top