Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0156

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/156 ón gComhairle an 4 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2017/1770 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

ST/5707/2022/INIT

IO L 25I, 4.2.2022, p. 1–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/156/oj

4.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 25/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/156 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Feabhra 2022

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2017/1770 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1770 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise a bhfuil ag tarlú i Mailí (1), agus go háirithe Airteagal 12(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 28 Meán Fómhair 2017, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2017/1770.

(2)

An 13 Nollaig 2021, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2021/2201 chun éifeacht a thabhairt do Chinneadh (CBES) 2021/2208 (2), lenar bunaíodh creat nua lena gcumasaítear bearta sriantacha i gcoinne daoine aonair agus na n-eintiteas atá freagrach as síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhailí a chur i mbaol, nó as bac a chur ar aistriú polaitiúil Mhailí a thabhairt chun críche go rathúil nó an bonn a bhaint uaidh.

(3)

Mar a cinneadh le linn chruinniú an 15 Meán Fómhair 2020 de Chomhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS) agus de réir mar a fhoráiltear sa Chairt Idirthréimhseach, bhí ar Údaráis Idirthréimhseacha Mhailí an t-aistriú polaitiúil a thabhairt chun críche agus an chumhacht a thabhairt d’údaráis shibhialta thofa laistigh d’idirthréimhse 18 mí. Laistigh den tréimhse sin, bhí ar na hÚdaráis toghcháin uachtaránachta agus reachtacha shaora agus chothroma a eagrú freisin, atá beartaithe don 27 Feabhra 2022, mar aon le toghcháin réigiúnacha agus áitiúla agus reifreann bunreachtúil, de réir mar is iomchuí.

(4)

An 8 Eanáir 2022, chuir Údaráis Idirthréimhseacha Mhailí sceideal nua faoi bhráid an Údaráis ECOWAS, sceideal maidir le reáchtáil na dtoghchán uachtaránachta do dheireadh mhí na Nollag 2025, agus ar an gcaoi sin, déanfar tréimhse an aistrithe a shíneadh go ceann 5 bliana go leith ar an iomlán, contrártha leis an gcomhaontú ar thángthas air le ECOWAS an 15 Meán Fómhair 2020 agus leis an ngealltanas sa Chairt Idirthréimhseach. Bhreathnaigh an tÚdarás ECOWAS go haiféalach ar theip na n-Údarás Idirthréimhseach i Mailí chun na céimeanna riachtanacha a ghlacadh, d'fhonn na toghcháin Uachtaránachta a eagrú roimh an 27 Feabhra 2022, contrártha leis an gcomhaontú ar thángthas air leis an Údarás ECOWAS an 15 Meán Fómhair 2020 agus leis an ngealltanas sa Chairt Idirthréimhseach. Ba mhór an trua d'Údarás ECOWAS an easpa toil pholaitiúil soiléir agus follasach ó na hÚdaráis Idirthréimhseacha, a bhí mar bhun leis an easpa dul chun cinn suntasach sna hullmhúcháin do na toghcháin, in ainneoin toil ECOWAS agus na comhpháirtithe réigiúnacha agus idirnáisiúnta uile chun tacú le Mailí leis an bpróiseas sin. A mhéid a bhaineann le conclúidí “Assizes National de la refondation” (ANR) an 13 Nollaig 2021, a bhí mar bhun le féilire athbhreithnithe maidir leis na toghcháin a ghlacadh, thug an tÚdarás ECOWAS dá aire nach raibh geallsealbhóirí tábhachtacha rannpháirteach san ANR sin, rud a léirigh easpa comhthola ag geallsealbhóirí náisiúnta i ndáil leis an bhféilire beartaithe. I bhfianaise a bhfuil thuas, an 9 Eanáir 2022, chinn an tÚdarás ECOWAS seasamh leis na smachtbhannaí tosaigh a forchuireadh cheana féin ar Mhailí agus ar na hÚdaráis Idirthréimhseacha an 7 Samhain 2021 agus d’fhorchuir sé smachtbhannaí breise eacnamaíocha agus airgeadais.

(5)

I bhfianaise na staide tromchúisí leanúnaí i Mailí, ba cheart cúigear a áireamh i liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1770.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1770 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1770 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Feabhra 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)   IO L 251, 29.9.2017, lch. 1.

(2)  Cinneadh (CBES) 2021/2208 ón gComhairle an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1775 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 446, 14.12.2021, lch. 44).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1770, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas faoin gceannteideal “Liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2b”:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“1.

DIAW, Malick

Áit bhreithe: Ségou

Dáta breithe: 2 Nollaig 1979

Náisiúntacht: Mailíoch

Pasuimhir: B0722922 bailí go dtí an 13/08/2018

Inscne: fireann

Seasamh: Uachtarán an National Transition Council (orgán reachtach an aistrithe), Coirnéal

Seoladh: Koulouba – Présidence de la République. 00223 BAMAKO

Tá Malick Diaw ina bhall lárnach de chiorcal inmheánach an Choirnéil Assimi Goïta. Agus é ina cheann foirne ar an tríú réigiún míleata, is é sin Kati, bhí sé ar dhuine de ghríosóirí an coup a rinneadh an 18 Lúnasa, 2020 in éineacht leis an Maor-Choirnéal Ismaël Wagué, an Cornéal Assimi Goïta, Sadio Camara agus Coirnéal Modibo Koné.

Tá Malick Diaw freagrach dá bhrí sin as gníomhaíochtaí nó beartais a chuireann an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht i Mailí i mbaol.

Is príomhghníomhaí i gcomhthéacs an Aistrithe é Malick Diaw freisin agus é ina Uachtarán ar an National Transitional Council (CNT), comhlacht reachtach an Aistrithe, ó mhí na Nollag 2020.

Ní dhearna CNT aon dul chun cinn suntasach ar na ‘misin’ a comhaontaíodh sa Chairt Idirthréimhseach dar dáta an 1 Deireadh Fómhair 2020 agus a bhí le críochnú laistigh de 18 mí, mar is léir le mainneachtain CNT an dréachtbhille toghcháin a fhormhuiniú. Cuireann sé sin le moill ar eagrú na dtoghchán agus, ar an gcaoi sin, moill ar aistriú polaitiúil Mhailí a thabhairt chun críche go rathúil.

Ghlac ECOWAS smachtbhannaí aonair i gcoinne na nÚdarás Idirthréimhseach (lena n-áirítear Malick Diaw) i mí na Samhna 2021 de bharr an mhoill a chuir siad ar eagrú na dtoghchán agus, ar an gcaoi sin, ar thabhairt chun críche an Aistrithe.

Tá Malick Diaw ag cur bac, dá bhrí sin, ar aistriú polaitiúil Mhailí a thabhairt chun críche go rathúil agus as an mbonn a bhaint den tabhairt chun críche sin.

4.2.2022

2.

WAGUÉ, Ismaël

Áit bhreithe: Bamako

Dáta breithe: 2. 3. 1975

Náisiúntacht: Mailíoch

Pasuimhir: pas taidhleoireachta AA0193660 bailí go dtí an 15.2.2023

Inscne: fireann

Seasamh: An tAire Athmhuintearais, Coirnéal-Mhaor

Seoladh: Koulouba – Présidence de la République. 00223 BAMAKO

Tá an Coirnéal Ismaël Wagué ina chomhalta lárnach de chiorcal inmheánach an Choirnéil Assimi Goïta agus bhí sé ar dhuine de ghríosóirí an coup i mí Lúnasa 2020 – in éineacht le Coirnéal Goïta, Coirnéal Sadio Camara agus Coirnéal Modibo Koné agus Malick Diaw.

An 19 Lúnasa 2020, d’fhógair sé go raibh an t-arm tagtha i gcumhacht, agus bhí sé ansin ina urlabhraí don National Committee for the Salvation of the People (CNSP).

Tá Ismaël Wagué freagrach, dá bhrí sin, as gníomhaíochtaí a chuireann an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht i Mailí i mbaol.

Agus é mar Aire Athmhuintearais ar an Rialtas Idirthréimhseach ó mhí Dheireadh Fómhair 2020, tá Ismaël Wagué i gceannas ar Chomhaontú um Shíocháin agus Athmhuintearas i Mailí a chur i bhfeidhm. Trína ráiteas i mí Dheireadh Fómhair 2021, chuidigh sé le bac a chur ar an Monitoring Committee of the Agreement for Peace and Reconciliation in Mali (Comité de suivi de l’accord, CSA), agus dá bhrí sin, ar cur chun feidhme an Chomhaontaithe dá bhforáiltear in Airteagal 2 den Chairt Idirthréimhseach.

Ghlac ECOWAS smachtbhannaí aonair i gcoinne na nÚdarás Idirthréimhseach (lena n-áirítear Ismaël Wagué) i mí na Samhna 2021 de bharr an mhoill a chuir siad ar eagrú na dtoghchán agus, ar an gcaoi sin, ar thabhairt chun críche an Aistrithe.

Tá Ismaël Wagué freagrach, dá bhrí sin, as gníomhaíochtaí a chuireann an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht i Mailí i mbaol, agus tá sé freagrach freisin as bac a chur ar aistriú polaitiúil Mhailí a thabhairt chun críche go rathúil agus as an mbonn a bhaint den tabhairt chun críche sin.

4.2.2022

3.

MAÏGA, Choguel

Áit bhreithe: Tabango, Gao, Mailí

Dáta breithe: 31 Nollaig 1958

Náisiúntacht: Mailíoch

Pasuimhir: Pas taidhleoireachta Uimh. DA0004473, a d’eisigh Mailí, víosa Schengen a eisíodh

Inscne: fireann

Seasamh: An Príomh-Aire

Seoladh: Koulouba – Présidence de la République. 00223 BAMAKO

Agus é ina Phríomh-Aire ó mhí an Mheithimh 2021, is é Choguel Maïga atá i gceannas ar Rialtas Idirthréimhseach Mhailí a bunaíodh tar éis an coup a tharla an 24 Bealtaine 2021.

Contrártha le hamchlár an athchóirithe agus na dtoghchán a comhaontaíodh roimhe seo le ECOWAS agus i gcomhréir leis an gCairt Idirthréimhseach, d’fhógair sé i mí an Mheithimh 2021 atheagrú na ‘Assises nationales de la Refondation’ (ANR) mar phróiseas réamh-athchóiriúcháin agus mar réamhchoinníoll d’eagrú na dtoghchán atá sceidealaithe don 27 Feabhra 2022.

Cuireadh na ANRanna siar roinnt uaireanta, mar a d’fhógair Choguel Maïga é féin, agus cuireadh moill ar na toghcháin ansin. Tionóladh na ANRanna ar deireadh i mí na Nollag 2021, a rinne iliomad páirtithe leasmhara iad a bhaghcatáil. Ar bhonn moltaí deiridh na ANRanna, thíolaic an Rialtas Idirthréimhseach amchlár nua ina bhforáiltear do thoghcháin uachtaránachta a thionól i mí na Nollag 2025, agus lena gceadaítear do na hÚdaráis Idirthréimhseacha fanacht i gcumhacht ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana.

Ghlac ECOWAS smachtbhannaí aonair i gcoinne na nÚdarás Idirthréimhseach (lena n-áirítear an Príomh-Aire Maïga) i mí na Samhna 2021 mar gheall ar an moill a chuir siad ar eagrú na dtoghchán agus, ar an gcaoi sin, ar thabhairt chun críche an Aistrithe. Chuir ECOWAS i dtreis gur bhain na hÚdaráis Idirthréimhseacha úsáid as an ngá le hathchóirithe a chur chun feidhme mar chur i gcéill chun údar a thabhairt don síneadh leis an Idirthréimhse agus chun iad féin a choimeád i gcumhacht gan aon toghcháin dhaonlathacha.

Ina phost mar Phríomh-Aire, tá Choguel Maïga freagrach go díreach as na toghcháin dá bhforáiltear sa Chairt Idirthréimhseach a chur siar, agus dá bhrí sin, tá bac á chur aige ar thabhairt chun críche rathúil aistriú polaitiúil Mhailí agus an bonn á bhaint aige den tabhairt chun críche sin, go háirithe trí bhac a chur ar thoghcháin a reáchtáil agus an chumhacht a aistriú chuig údaráis thofa agus tríd an mbonn a bhaint de sin.

4.2.2022

4.

MAÏGA, Ibrahim Ikassa

Áit bhreithe: Tondibi, réigiún Gao, Mailí

Dáta breithe: 05. 2. 1971

Náisiúntacht: Mailíoch

Pasuimhir: Pas taidhleoireachta a d’eisigh Mailí

Inscne: fireann

Seasamh: Aire an Athbhunaithe

Seoladh: Koulouba – Présidence de la République. 00223 BAMAKO

Tá Ibrahim Ikassa Maïga ina chomhalta de choiste straitéiseach M5-RFP (Mouvement du 5 juin-Rassemblement des forces patriotiques), a raibh ról lárnach aige i dtreascairt an Uachtaráin Keita.

Ina cháil mar Aire an Athbhunaithe ó mhí an Mheithimh 2021, cuireadh de chúram air na ‘Assises nationales de la refondation’ (ANRanna) a phleanáil, a d’fhógair an Príomh-Aire Choguel Maiga.

Contrártha le hamchlár an athchóirithe agus na dtoghchán a comhaontaíodh le ECOWAS roimhe seo i gcomhréir leis an gCairt Idirthréimhseach, d’fhógair an Rialtas Idirthréimhseach na ANRanna seo, mar phróiseas réamh athchóiriúcháin agus mar réamhchoinníoll d’eagrú na dtoghchán atá sceidealaithe don 27 Feabhra 2022.

Mar a d’fhógair Choguel Maïga, cuireadh na ANRanna siar roinnt uaireanta agus cuireadh moill ar na toghcháin. Rinne an iliomad páirtithe leasmhara na ANRanna, a tionóladh ar deireadh i mí na Nollag 2021, a bhaghcatáil. Ar bhonn mholtaí deiridh na ANRanna, thíolaic an Rialtas Idirthréimhseach amchlár nua ina bhforáiltear do thoghcháin Uachtaránachta a reáchtáil i mí na Nollag 2025, rud a cheadaíonn don Rialtas Idirthréimhseach fanacht i gcumhacht ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana.

Ghlac ECOWAS smachtbhannaí aonair i gcoinne na nÚdarás Idirthréimhseach (lena n-áirítear Ibrahim Ikassa Maïga) i mí na Samhna 2021, mar gheall ar an moill a chuir siad ar eagrú na dtoghchán agus, ar an gcaoi sin, ar thabhairt chun críche an Aistrithe. Chuir ECOWAS i dtreis gur bhain na hÚdaráis Idirthréimhseacha úsáid as an ngá le hathchóirithe a chur chun feidhme mar chur i gcéill chun údar a thabhairt don síneadh leis an Idirthréimhse agus chun iad féin a choimeád i gcumhacht gan aon toghcháin dhaonlathacha.

Ina phost mar Aire an Athbhunaithe tá bac á chur ag Ibrahim Ikassa Maïga ar thabhairt chun críche rathúil aistriú polaitiúil Mhailí agus an bonn á bhaint aige den tabhairt chun críche sin, go háirithe trí bhac a chur ar thoghcháin a reáchtáil agus an chumhacht a aistriú chuig údaráis thofa agus tríd an mbonn a bhaint de sin.

4.2.2022

5.

DIARRA, Adama Ben

Aka Ben Le Cerveau

Áit bhreithe: Kati, Mailí

Náisiúntacht: Mailíoch

Pasuimhir: Pas taidhleoireachta a d’eisigh Mailí, víosa Schengen a eisíodh

Inscne: fireann

Seasamh: Comhalta den National Transition Council (orgán reachtach an Aistrithe)

Seoladh: Koulouba – Présidence de la République. 00223 BAMAKO

Tá Adama Ben Diarra, dá ngairtear Camarade Ben Le Cerveau, ar cheann de cheannairí óga M5-RFP (Mouvement du 5 juin-Rassemblement des Forces Patriotiques), a raibh ról lárnach aige i dtreascairt an Uachtaráin Keita. Tá Adama Ben Diarra ina cheannaire ar Yéréwolo freisin, an phríomheagraíocht atá ag tacú leis na hÚdaráis Idirthréimhseacha, agus ina chomhalta den National Transitional Council (CNT) ón 3 Nollaig 2021.

Ní dhearna CNT aon dul chun cinn suntasach ar na ‘misin’ atá cumhdaithe sa Chairt Idirthréimhseach dar dáta an 1 Deireadh Fómhair 2020 agus a bhí le críochnú laistigh de 18 mí, mar is léir le mainneachtain CNT an dréachtbhille toghcháin dá bhforáiltear sa Chairt Idirthréimhse a fhormhuiniú. Cuireann sé sin le moill ar eagrú na dtoghchán agus, ar an gcaoi sin, moill ar aistriú polaitiúil Mhailí a thabhairt chun críche go rathúil.

Bíonn Adama Ben Diarra go gníomhach ag moladh agus ag tacú le síneadh a chur leis an Idirthréimhse i rith slógaí polaitiúla agus ar ghréasáin shóisialta, agus é ag rá gurbh aidhm dhomhain ag muintir Mhailí an idirthréimhse 5 bliana a mhol na hÚdaráis Idirthréimhseacha tar éis na ‘Assises nationales de la Refondation’ (ANRanna).

Contrártha le hamchlár an athchóirithe agus na dtoghchán a comhaontaíodh le ECOWAS roimhe seo i gcomhréir leis an gCairt Idirthréimhseach, d’fhógair an Rialtas Idirthréimhseach na ANRanna seo, mar phróiseas réamh athchóiriúcháin agus mar réamhchoinníoll d’eagrú na dtoghchán atá sceidealaithe don 27 Feabhra 2022.

4.2.2022”

 

 

 

Mar a d’fhógair Choguel Maïga, cuireadh na ANRanna siar roinnt uaireanta agus cuireadh moill ar na toghcháin. Tionóladh na ANRanna ar deireadh i mí na Nollag 2021, a rinne iliomad páirtithe leasmhara iad a bhaghcatáil. Ar bhonn mholtaí deiridh na ANRanna, thíolaic an Rialtas Idirthréimhseach amchlár nua ina bhforáiltear do thoghcháin Uachtaránachta a thionóil i mí na Nollag 2025, agus lena gceadaítear don Rialtas Idirthréimhseach fanacht i gcumhacht ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana.

Ghlac ECOWAS smachtbhannaí aonair i gcoinne na nÚdarás Idirthréimhseach (lena n-áirítear Adama Ben Diarra) i mí na Samhna 2021 de bharr an mhoill a chuir siad ar eagrú na dtoghchán agus, ar an gcaoi sin, ar thabhairt chun críche an Aistrithe. Chuir ECOWAS i dtreis gur bhain na hÚdaráis Idirthréimhseacha úsáid as an ngá le hathchóirithe a chur chun feidhme mar chur i gcéill chun údar a thabhairt don síneadh leis an Idirthréimhse agus chun iad féin a choimeád i gcumhacht gan aon toghcháin dhaonlathacha.

Dá bhrí sin tá bac á chur ag Adama Ben Diarra ar thabhairt chun críche rathúil aistriú polaitiúil Mhailí agus an bonn á bhaint aige den tabhairt chun críche sin, go háirithe trí bhac a chur ar thoghcháin a reáchtáil agus an chumhacht a aistriú chuig údaráis thofa, agus tríd an mbonn a bhaint de sin.

 


Top