EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0111

Rialachán (AE) 2022/111 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Eanáir 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/216 a mhéid a bhaineann le cuóta ráta taraife an Aontais maidir le mairteoil ardcháilíochta ó Pharagua

PE/75/2021/REV/1

OJ L 19, 28.1.2022, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/111/oj

28.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 19/1


RIALACHÁN (AE) 2022/111 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Eanáir 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/216 a mhéid a bhaineann le cuóta ráta taraife an Aontais maidir le mairteoil ardcháilíochta ó Pharagua

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tar éis do Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) tarraingt siar as an Aontas, chuir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe in iúl do Chomhaltaí eile na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) go gcoinneofar a leibhéil reatha rochtana ar an margadh trí chuótaí rátaí taraife an Aontais a chionroinnt idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Leagtar síos an mhodheolaíocht don chionroinnt sin, chomh maith le méideanna AE-27, i Rialachán (AE) 2019/216 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(2)

Níor cheart cuótaí rátaí taraife an Aontais nach cuid de sceideal lamháltas agus ceangaltas an Aontais a chionroinnt.

(3)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1149/2002 ón gComhairle (3), osclaíodh cuóta taraife ar allmhairí arb ionann é agus 1 000 tona, arna shloinneadh mar mheáchan táirge, de mhairteoil ardcháilíochta atá úr, fuaraithe nó reoite. In ainneoin nach cuid de sceideal EDT an Aontais é an cuóta taraife sin, rinneadh é sin a chionroinnt go mícheart le Rialachán (AE) 2019/216, rud a laghdódh méid an chuóta taraife sin agus feidhm aige sin amhail ón 1 Eanáir 2021. Ba cheart, dá bhrí sin, méid bunaidh an chuóta taraife sin a athbhunú.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/216 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/216, scriostar an ró seo a leanas:

“Feoil ardcháilíochta bó-ainmhithe, úr, fuaraithe nó reoite

t

 

PAR

094455

71,1  %

711”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Eanáir 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. BEAUNE


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Eanáir 2022.

(2)  Rialachán (AE) 2019/216 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Eanáir 2019 maidir le cuótaí rátaí taraife a áirítear i sceideal EDT an Aontais a chionroinnt tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 ón gComhairle (IO L 38, 8.2.2019, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1149/2002 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena n-osclaítear cuóta uathrialach d’allmhairí mairteola ardcháilíochta (IO L 170, 29.6.2002, lch. 13).


Top