Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0084

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/84 ón gCoimisiún an 19 Eanáir 2022 lena leasaítear den 327ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIS (Da’esh) agus Al-Qaida

C/2022/419

IO L 14, 21.1.2022, p. 4–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/84/oj

21.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 14/4


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/84 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Eanáir 2022

lena leasaítear den 327ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIS (Da’esh) agus Al-Qaida

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIS (Da’esh) agus Al-Qaida (1), agus go háirithe Airteagal 7(1)(a) agus Airteagal 7a(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002, liostaítear na daoine, na grúpaí agus na heintitis arna gcumhdach ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha faoin Rialachán sin.

(2)

An 17 Eanáir 2022, chinn Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe trí iontráil a bhaint de liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Eanáir 2022.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

An tArd-Stiúrthóir

An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil


(1)   IO L 139, 29.5.2002, lch. 9.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002, faoin gceannteideal “Daoine dlítheanacha, grúpaí agus eintitis”, scriostar na hiontrálacha seo a leanas:

(1)

“Fondúireacht Ioslamach Al-Haramain (dá ngairtear freisin (a) Vazir, (b) Vezir). Seoladh: (a) 64 Poturmahala, Travnik, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin; (b) Sarajevo, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 13.3.2002.”

(2)

“Fondúireacht Ioslamach Al-Haramain (an tSomáil). Seoladh: An tSomáil. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2a (4) (b): 13.3.2002.”

(3)

“Fondúireacht Al-Haramain (an Indinéis) (dá ngairtear freisin Yayasan Al-Manahil-Indonesia). Seoladh: Jalan Laut Sulawesi Block DII/4, Kavling Angkatan Laut Duren Sawit, Jakarta Timur 13440, an Indinéis (tráth a liostaithe). Faisnéis eile: (a) Teileafón 021-86611265 agus 021-86611266; (b) Facs: 021-8620174. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2a (4) (b): 26.1.2004.”


Top