EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022L2557

Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/51/2022/REV/1

OJ L 333, 27.12.2022, p. 164–198 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2557/oj

27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 333/164


TREOIR (AE) 2022/2557 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Nollaig 2022

maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá ról riachtanach ag na heintitis chriticiúla, ina gcáil mar sholáthraithe seirbhísí fíor-riachtanacha, i gcothabháil feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha sa mhargadh inmheánach i ngeilleagar an Aontais atá ag éirí níos idirspleáiche i gcónaí. Tá sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, creat Aontais a leagan amach a mbeidh sé d’aidhm aige feabhas a chur ar athléimneacht na n-eintiteas criticiúil sa mhargadh inmheánach trí rialacha íosta a leagan síos agus cúnamh a thabhairt dóibh trí bhíthin beart tacaíochta agus maoirseachta comhleanúnacha, tiomnaithe.

(2)

Foráiltear le Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (4) do nós imeachta chun bonneagar criticiúil Eorpach a ainmniú in earnálacha an fhuinnimh agus an iompair, bonneagair a mbeadh tionchar suntasach trasteorann ag a shuaitheadh nó a scriosadh ar dhá Bhallstát ar a laghad. Is ar chosaint bhonneagair den sórt sin amháin atá an Treoir sin dírithe. Mar sin féin, fuarthas amach sa mheastóireacht a rinneadh ar Threoir 2008/114/CE in 2019 nach leor bearta cosanta a bhaineann le sócmhainní aonair amháin chun gach suaitheadh a chosc, mar gheall ar chineál na n-oibríochtaí ina n-úsáidtear bonneagar criticiúil a bheith ag éirí níos idirnasctha agus níos trasteorainní. Dá bhrí sin, ní mór an cur chuige a athrú lena áirithiú go ndéanfar cuntas níos fearr ar rioscaí, go ndéanfar ról agus dualgais na n-eintiteas aonair mar sholáthraithe seirbhísí atá riachtanach d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a shainiú níos fearr agus go nglacfar rialacha comhleanúnacha Aontais chun athléimneacht na n-eintiteas criticiúil a fheabhsú. Ba cheart do na heintitis chriticiúla a bheith in ann a gcumas a atreisiú maidir le teagmhais a chosc, cosaint ina gcoinne, freagairt dóibh, iad a chomhrac, a mhaolú, a sheasamh, mar aon le freastal orthu agus teacht aniar uathu, ar teagmhais iad a d’fhéadfadh soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha a shuaitheadh.

(3)

Cé gurb é is aidhm do roinnt bearta ag leibhéal an Aontais, amhail an Clár Eorpach um Chosaint an Phríomhbhonneagair, agus ag an leibhéal náisiúnta tacaíocht a thabhairt do bhonneagar criticiúil san Aontas a chosaint, ba cheart tuilleadh a dhéanamh chun na heintitis a fheidhmíonn bonneagair den sórt sin a fheistiú níos fearr chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí dá n-oibríochtaí, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha a shuaitheadh. Ba cheart tuilleadh a dhéanamh chun eintitis den sórt sin a fheistiú níos fearr toisc go bhfuil timpeallacht bagairtí dhinimiciúil ann, lena n-áirítear bagairtí shíorathraitheacha hibrideacha agus sceimhlitheoireachta agus idirspleáchais mhéadaitheacha idir bonneagair agus earnálacha. Thairis sin, tá riosca fisiceach méadaithe ann i ngeall ar thubaistí nádúrtha agus ar an athrú aeráide, rud a threisíonn minicíocht agus méid na n-eachtraí adhaimsire agus a chruthaíonn athruithe fadtéarmacha ar mheándálaí aeráide a d’fhéadfadh acmhainn, éifeachtúlacht agus saolré cineálacha áirithe bonneagair a laghdú mura bhfuil bearta oiriúnaithe aeráide i bhfeidhm. Ina theannta sin, is de phríomhthréith an mhargaidh inmheánaigh an ilroinnt i ndáil le heintitis chriticiúla a shainaithint, toisc nach n-aithnítear earnálacha agus catagóirí eintiteas ábhartha go comhsheasmhach mar earnálacha agus cineálacha eintiteas criticiúil i ngach Ballstát. Dá bhrí sin, ba cheart don Treoir seo ardleibhéal comhchuibhithe a bhaint amach i dtéarmaí na n-earnálacha agus na gcatagóirí eintiteas a thagann faoina raon feidhme.

(4)

Cé go bhfuil earnálacha áirithe den gheilleagar, amhail earnálacha an fhuinnimh agus an iompair, á rialáil cheana féin le gníomhartha dlí earnáilsonracha de chuid an Aontais, tá forálacha sna gníomhartha sin nach mbaineann ach amháin le gnéithe áirithe d’athléimneacht eintiteas atá ag feidhmiú sna hearnálacha sin. Chun aghaidh a thabhairt, ar bhealach cuimsitheach, ar athléimneacht na n-eintiteas sin atá criticiúil d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, leis an Treoir seo, cruthaítear creat uileghabhálach lena dtugtar aghaidh ar athléimneacht eintiteas criticiúil i ndáil le gach cineál guaise, bíodh sé guaiseacha nádúrtha nó de dhéantús an duine, guaiseacha taismeacha nó d’aon ghnó.

(5)

Is toradh iad na hidirspleáchais mhéadaitheacha idir bonneagar agus earnálacha ar ghréasán soláthair seirbhísí atá ag éirí níos trasteorainní agus níos idirspleáiche agus a úsáideann príomhbhonneagar ar fud an Aontais in earnálacha an fhuinnimh, an iompair, na baincéireachta, an uisce óil, an fhuíolluisce, an táirgthe bia, na próiseála bia agus an dáilte bia, na sláinte, an spáis, bhonneagar an mhargaidh airgeadais agus an bhonneagair dhigitigh, agus i ngnéithe áirithe d’earnáil an riaracháin phoiblí. Tagann earnáil an spáis faoi raon feidhme na Treorach seo i ndáil le seirbhísí áirithe a sholáthar a bhraitheann ar bhonneagar ar talamh ar le Ballstáit nó le páirtithe príobháideacha nó a bhainistíonn agus a oibríonn Ballstáit nó páirtithe príobháideacha iad, agus dá bharr sin, bonneagar ar leis an Aontas é nó a bhainistíonn agus a oibríonn an tAontas nó a bhainistítear nó a oibrítear ar a shon mar chuid dá chlár spáis, ní thagann sé faoi raon feidhme na Treorach seo.

I dtéarmaí na hearnála fuinnimh agus go háirithe modhanna giniúna agus tarchuir leictreachais (i ndáil le soláthar leictreachais), tuigtear, i gcás ina meastar gurb iomchuí sin, go bhféadfar codanna tarchurtha leictreachais de stáisiúin chumhachta núicléiche a áireamh i nginiúint leictreachais, ach na gnéithe, ar gnéithe núicléacha go sonrach iad a chumhdaítear le conarthaí agus le dlí an Aontais, lena n-áirítear reachtaíocht núicléach ábhartha, a eisiamh. Ba cheart go léireofaí go leordhóthanach leis an bpróiseas chun eintitis chriticiúla in earnáil an bhia a shainaithint cineál margadh inmheánach san earnáil sin agus rialacha fairsinge an Aontais a bhaineann le prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia agus na sábháilteachta bia. Dá bhrí sin, chun cur chuige comhréireach a áirithiú agus chun ról agus tábhacht na n-eintiteas sin ar an leibhéal náisiúnta a léiriú go leordhóthanach, níor cheart eintitis chriticiúla a shainaithint ach amháin i measc gnólachtaí bia, bíodh sin ar mhaithe le brabús a dhéanamh nó ná bíodh agus cibé acu poiblí nó príobháideach, atá ag gabháil go heisiach do lóistíocht agus dáileachán mórdhíola agus do tháirgeadh agus próiseáil thionsclaíoch ar mhórscála a bhfuil sciar suntasach den mhargadh acu mar a fheictear ar an leibhéal náisiúnta. Ciallaíonn na hidirspleáchais sin go bhféadfadh éifeachtaí cascáideacha a bheith ag aon suaitheadh ar sheirbhísí fíor-riachtanacha, go fiú suaitheadh a bhaineann le heintiteas nó earnáil amháin, éifeachtaí a d’fhéadfadh drochthionchar forleathan fadtéarma a imirt ar sheachadadh seirbhísí ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Léirigh géarchéimeanna móra, amhail paindéim COVID-19, a leochailí atá ár sochaithe i leith rioscaí a bhfuil ardtionchar agus dóchúlacht íseal ag baint leo, sochaithe atá ag éirí níos idirspleáiche de réir a chéile.

(6)

Tá na heintitis a bhfuil baint acu le soláthar seirbhísí riachtanacha faoi réir ceanglais a fhorchuirtear faoin dlí náisiúnta agus a bhfuil difríochtaí eatarthu, agus is ag dul in olcas de réir a chéile atá an fhadhb sin. De bharr go bhfuil ceanglais slándála níos solúbtha ag roinnt Ballstát ar na heintitis sin, ní hamháin go mbíonn leibhéil éagsúla athléimneachta de thoradh air ach go bhfuil baol ann freisin go n-imreofaí tionchar diúltach ar choinneáil ar bun feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha ar fud an Aontais, ach cuirtear bac ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. Is féidir le hinfheisteoirí agus le cuideachtaí brath ar eintitis chriticiúla atá athléimneach, agus muinín a bheith acu astu, toisc go bhfuil an iontaofacht agus an mhuinín ina gclocha coirnéil de mhargadh inmheánach dea-fheidhmiúil. Meastar gur eintitis chriticiúla iad cineálacha comhchosúla eintiteas i roinnt Ballstát ach ní amhlaidh atá i mBallstáit eile, agus tá na heintitis sin a shainaithnítear gur eintitis chriticiúla iad faoi réir ceanglais éagsúla i mBallstáit éagsúla. Mar thoradh air sin, cuirtear ualach breise riaracháin ar chuideachtaí a fheidhmíonn thar theorainneacha, go háirithe ar chuideachtaí atá gníomhach i mBallstáit a bhfuil ceanglais níos déine acu. Dá bhrí sin, bheadh sé mar thoradh ar chreat de chuid an Aontais go mbainfear cothrom na Féinne amach d’eintitis chriticiúla ar fud an Aontais.

(7)

Is gá rialacha íosta comhchuibhithe a leagan síos chun soláthar seirbhísí riachtanacha sa mhargadh inmheánach a áirithiú chun athléimneacht eintiteas criticiúil a fheabhsú agus chun feabhas a chur ar an gcomhar trasteorann idir údaráis inniúla. Tá sé tábhachtach go seasfaidh na rialacha sin an aimsir ó thaobh a ndeartha agus a gcur chun feidhme de, rud a fhágfaidh go mbeidh solúbthacht is gá ann. Tá sé ríthábhachtach freisin feabhas a chur ar acmhainneacht eintiteas criticiúil seirbhísí riachtanacha a sholáthar i bhfianaise sraith éagsúil rioscaí.

(8)

Chun ardleibhéal athléimneachta a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit eintitis chriticiúla a shainaithint a bheidh faoi réir ceanglais shonracha agus maoirseachta, ach freisin dá soláthrófar tacaíocht agus treoir shonrach i bhfianaise na rioscaí ábhartha uile.

(9)

I bhfianaise a thábhachtaí is atá an chibearshlándáil le haghaidh athléimneacht eintiteas criticiúil agus ar mhaithe le comhsheasmhacht, ba cheart, i gcás inar féidir, cur chuige comhleanúnach a áirithiú idir an Treoir seo agus Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). I bhfianaise a mhinice is atá cibir-rioscaí agus i bhfianaise na saintréithe ar leith a bhaineann leo, forchuirtear le Treoir (AE) 2022/2555 ceanglais chuimsitheacha ar thacar mór eintiteas chun a gcibearshlándáil a áirithiú. Ós rud é go dtugtar aghaidh go leordhóthanach ar an gcibearshlándáil i dTreoir (AE) 2022/2555, ba cheart na hábhair a chumhdaítear leis an Treoir sin a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo, gan dochar don chóras sainiúil le haghaidh eintitis in earnáil an bhonneagair dhigitigh.

(10)

I gcás ina gceanglófar le forálacha gníomhartha dlí earnáilsonracha de chuid an Aontais ar eintitis chriticiúla bearta a dhéanamh chun a n-athléimneacht a fheabhsú, agus i gcás ina mbeidh na ceanglais sainaitheanta ag Ballstáit a bheith coibhéiseach, ar a laghad, leis na hoibleagáidí comhfhreagracha a leagtar síos sa Treoir seo, níor cheart feidhm a bheith ag forálacha ábhartha na Treorach seo, chun dúbailt agus ualach nach gá leis a sheachaint. Sa chás sin, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha ábhartha na ngníomhartha dlí sin de chuid an Aontais. I gcás nach mbeidh feidhm ag forálacha ábhartha na Treorach seo, níor cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú a leagtar síos sa Treoir seo ach oiread.

(11)

Ní dhéanann an Treoir seo difear d’inniúlacht na mBallstát agus a n-údarás ó thaobh neamhspleáchas riaracháin de, ná difear dá bhfreagracht slándáil agus cosaint náisiúnta a choimiriciú ná dá gcumhacht feidhmeanna riachtanacha Stáit eile a choimiriciú, go háirithe maidir leis an tslándáil phoiblí, sláine chríochach agus an smacht reachta a chaomhnú. Ba cheart feidhm a bheith ag eisiamh eintiteas riaracháin phoiblí ó raon feidhme na Treorach seo maidir le heintitis ar i réimsí na slándála náisiúnta, na slándála poiblí, na cosanta nó fhorfheidhmiú an dlí, lena n-áirítear cionta coiriúla a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, is mó a dhéantar a gcuid gníomhaíochtaí. Mar sin féin, ba cheart eintitis riaracháin phoiblí nach mbaineann a ngníomhaíochtaí ach go himeallach leis na réimsí sin a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo. Chun chríoch na Treorach seo, ní mheasfar gur gníomhaíochtaí i réimse fhorfheidhmiú an dlí a bhíonn á ndéanamh ag eintitis ag a mbíonn inniúlachtaí rialála, agus, dá bhrí sin, ní eisiatar iad ar na forais sin ó raon feidhme na Treorach seo. Eintitis riaracháin phoiblí a bhunaítear go comhpháirteach le tríú tír i gcomhréir le comhaontú idirnáisiúnta, eisiatar iad ó raon feidhme na Treorach seo. Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le misin taidhleoireachta agus chonsalacha na mBallstát i dtríú tíortha.

Déanann eintitis chriticiúla áirithe gníomhaíochtaí i réimsí na slándála náisiúnta, na slándála poiblí, na cosanta, nó fhorfheidhmiú an dlí, lena n-áirítear cionta coiriúla a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, nó soláthraíonn siad seirbhísí go heisiach d’eintitis riaracháin phoiblí a dhéanann gníomhaíochtaí go príomha sna réimsí sin. I bhfianaise fhreagracht na mBallstát slándáil agus cosaint náisiúnta a choimiriciú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh nach mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí ar eintitis chriticiúla a leagtar síos sa Treoir seo maidir leis na heintitis chriticiúla sin, go hiomlán nó go páirteach, más rud é go mbaineann na seirbhísí a sholáthraíonn siad nó na gníomhaíochtaí a dhéanann siad den chuid is mó le réimsí na slándála náisiúnta, na slándála poiblí, na cosanta nó fhorfheidhmiú an dlí, lena n-áirítear cionta coiriúla a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh. Ba cheart eintitis chriticiúla nach mbaineann a gcuid seirbhísí nó gníomhaíochtaí ach go himeallach leis na réimsí sin a theacht faoi raon na Treorach seo. Níor cheart a chur de cheangal ar aon Bhallstát faisnéis a sholáthar a mbeadh a nochtadh contrártha do leasanna fíor-riachtanacha a shlándála náisiúnta. Is ábhartha iad rialacha de nó rialacha náisiúnta chuid an Aontais maidir le cosaint a dhéanamh ar fhaisnéis rúnaicmithe, agus ar chomhaontuithe neamhnochta.

(12)

Ionas nach gcuirfear an tslándáil náisiúnta ná slándáil ná leasanna tráchtála na n-eintiteas criticiúil i mbaol, ba cheart faisnéis íogair a rochtain, a mhalartú agus a láimhseáil go stuama, agus tabharfar aird ar leith ar na bealaí tarchurtha agus ar an toilleadh stórála a úsáidfear.

(13)

D’fhonn cur chuige cuimsitheach a áirithiú i leith athléimneacht eintiteas criticiúil, ba cheart straitéis chun athléimneacht eintiteas criticiúil a fheabhsú (“an straitéis”) a bheith i bhfeidhm ag gach Ballstát. Ba cheart don straitéis na cuspóirí straitéiseacha agus bearta beartais atá le cur chun feidhme a leagan amach. Ar mhaithe le comhleanúnachas agus éifeachtúlacht, ba cheart an straitéis a cheapadh chun beartais atá ann cheana a chomhtháthú gan uaim, agus chun tógáil, nuair is féidir, ar straitéisí náisiúnta agus earnálacha, pleananna nó doiciméid chomhchosúla ábhartha atá ann cheana. Chun cur chuige cuimsitheach a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar foráil lena straitéisí maidir le creat beartais le haghaidh comhordú feabhsaithe idir na húdaráis inniúla faoin Treoir seo agus na húdaráis inniúla Threoir (AE) 2022/2555 i gcomhthéacs comhroinnt faisnéise maidir le rioscaí cibearshlándála, cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais, agus le rioscaí, bagairtí agus teagmhais nach bhfuil cibirghné ag baint leo, agus i gcomhthéacs cúraimí maoirseachta a fheidhmiú. Agus a straitéisí á gcur i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit aird chuí a thabhairt ar chineál hibrideach na mbagairtí ar eintitis chriticiúla.

(14)

Ba cheart do na Ballstáit a straitéisí agus nuashonruithe substaintiúla a chur in iúl don Choimisiún, go háirithe chun a chur ar chumas an Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na Treorach seo a mhéid a bhaineann le cineálacha cur chuige beartais i leith athléimneacht eintiteas criticiúil ar an leibhéal náisiúnta. I gcás inar gá, d’fhéadfaí na straitéisí a chur in iúl mar fhaisnéis rúnaicmithe. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil achomair a tharraingt suas ar na straitéisí arna gcur in iúl ag na Ballstáit le bheith mar bhonn do mhalartuithe chun dea-chleachtais agus saincheisteanna comhleasa a shainaithint faoi chuimsiú Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil. Mar gheall ar chineál íogair na faisnéise comhiomlánaithe a bheidh áirithe sa tuarascáil achomair, bíodh sí rúnaicmithe nó ná bíodh, ba cheart don Choimisiún an tuarascáil achomair a láimhseáil leis an leibhéal iomchuí feasachta maidir le slándáil na n-eintiteas criticiúil, na mBallstát agus an Aontais. Ba cheart an tuarascáil achomair agus straitéisí a chosaint i gcoinne gníomhaíocht neamhdhleathach nó mhailíseach agus níor cheart rochtain a bheith orthu ach ag daoine údaraithe chun cuspóirí na Treorach seo a chomhlíonadh. Ba cheart cumarsáid na straitéisí, agus nuashonruithe substaintiúla uirthi, a bheith mar chuidiú freisin don Choimisiún chun forbairtí i gcur chuige i leith athléimneacht eintiteas criticiúil a thuiscint agus ba cheart dóibh cur leis an bhfaireachán ar thionchar agus ar bhreisluach na Treorach seo, a bhfuil an Coimisiún le hathbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh uirthi.

(15)

Ba cheart cur chuige rioscabhunaithe a leanúint i ndáil le gníomhaíochtaí na mBallstát chun eintitis chriticiúla a shainaithint agus chun an athléimneacht atá acu áirithiú, cur chuige lena ndírítear ar na heintitis is ábhartha maidir le feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a fheidhmiú. Chun cur chuige spriocdhírithe den sórt sin a áirithiú, ba cheart do gach Ballstát measúnú a dhéanamh, laistigh de chreat comhchuibhithe, ar na rioscaí ábhartha, lena n-áirítear iad siúd de chineál trasearnála agus trasteorann, idir rioscaí nádúrtha agus de dhéantús an duine, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do sholáthar seirbhísí riachtanacha, lena n-áirítear timpistí, tubaistí nádúrtha, éigeandálaí sláinte poiblí amhail paindéimí agus bagairtí hibrideacha nó bagairtí eascairdiúla eile, lena n-áirítear cionta sceimhlitheoireachta, insíothlú coiriúil agus sabaitéireacht (“measúnú riosca Ballstáit”). Agus measúnuithe riosca Ballstáit á ndéanamh acu, ba cheart do na Ballstáit measúnuithe riosca ginearálta nó earnáilsonracha eile a chur san áireamh, ar measúnaithe riosca iad a dhéantar de bhun gníomhartha dlí de chuid an Aontais, agus ba cheart go ndéanfaí iontu a mhéid a bhraitheann earnálacha ar a chéile a mheas, lena n-áirítear ar earnálacha i Ballstáit eile agus i dtríú tíortha. Ba cheart torthaí measúnuithe riosca Ballstáit a úsáid chun eintitis chriticiúla a shainaithint agus chun cabhrú leis na heintitis sin a gcuid ceanglas athléimneachta a chomhlíonadh. Níl feidhm ag an Treoir seo ach amháin maidir leis na Ballstáit agus eintitis chriticiúla a oibríonn laistigh den Aontas. Mar sin féin, d’fhéadfaí an saineolas agus an t-eolas a ghineann údaráis inniúla, go háirithe trí mheasúnuithe riosca, agus a ghineann an Coimisiún, go háirithe trí chineálacha éagsúla tacaíochta agus comhair, a úsáid, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir leis na hionstraimí dlí is infheidhme, ar mhaithe le tríú tíortha, go háirithe na tíortha sin i gcomharsanacht dhíreach an Aontais, trí chur leis an gcomhar atá ann cheana maidir le hathléimneacht.

(16)

Chun a áirithiú go mbeidh na heintitis ábhartha uile faoi réir cheanglais athléimneachta na Treorach seo agus chun difríochtaí ina leith sin a laghdú, tá sé tábhachtach rialacha comhchuibhithe a leagan síos lenar féidir eintitis chriticiúla a shainaithint go comhsheasmhach ar fud an Aontais, ach lena ligtear do na Ballstáit ról agus tábhacht na n-eintiteas sin ar an leibhéal náisiúnta a léiriú go leordhóthanach freisin. Agus na critéir a leagtar síos sa Treoir seo á gcur i bhfeidhm, ba cheart do gach Ballstáit eintitis a shainaithint a sholáthraíonn seirbhís fhíor-riachtanach amháin nó níos mó agus a oibríonn agus a bhfuil bonneagar criticiúil lonnaithe ar a chríoch acu. Ba cheart a mheas go n-oibríonn eintiteas ar chríoch Ballstáit ina ndéanann sé na gníomhaíochtaí is gá don tseirbhís riachtanach nó do na seirbhísí riachtanacha i dtrácht, agus i gcás ina bhfuil bonneagar criticiúil an eintitis sin, a úsáidtear chun an tseirbhís nó na seirbhísí sin a sholáthar, lonnaithe. I gcás nach bhfuil aon eintiteas a chomhlíonann na critéir sin i mBallstát, níor cheart go mbeadh aon oibleagáid ar an mBallstát sin eintiteas criticiúil a shainaithint san earnáil nó san fho-earnáil chomhfhreagrach. Ar mhaithe le héifeachtacht, éifeachtúlacht, comhsheasmhacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart rialacha iomchuí a leagan síos maidir le fógra a thabhairt d’eintitis gur sainaithníodh iad mar eintitis chriticiúla.

(17)

Ba cheart do na Ballstáit a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ar bhealach a chomhlíonann cuspóirí na Treorach seo, liosta de na seirbhísí riachtanacha, líon na n-eintiteas criticiúil a shainaithnítear le haghaidh gach earnála agus fo-earnála a leagtar amach san Iarscríbhinn agus le haghaidh na seirbhíse nó na seirbhísí riachtanacha a sholáthraíonn gach eintiteas agus, dá gcuirfí i bhfeidhm iad, tairseacha. Ba cheart an deis a bheith ann tairseacha a chur i láthair ar an mbealach sin nó i bhfoirm chomhiomlánaithe, is é sin le rá, gur féidir an fhaisnéis a mheánú de réir an limistéir gheografaigh nó de réir na bliana, na hearnála, na fo-earnála nó ar dhóigh eile, agus gur féidir faisnéis ar raon na dtáscairí arna soláthair a áireamh.

(18)

Ba cheart critéir a bhunú chun a chinneadh cé chomh mór atá éifeacht shuaiteach a thagann as teagmhais den sórt sin. Ba cheart do na critéir sin cur leis na critéir a leagtar amach i dTreoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) chun leas a bhaint as na hiarrachtaí atá déanta ag na Ballstáit chun oibreoirí seirbhísí riachtanacha mar a shainmhínítear iad sa Treoir sin a shainaithint mar aon leis an taithí a fuarthas ina leith sin. Léirigh géarchéimeanna móra, amhail paindéim COVID-19, a thábhachtaí atá sé slándáil an tslabhra soláthair a áirithiú agus léirigh siad conas a d’fhéadfadh tionchar diúltach eacnamaíoch agus sochaíoch a bheith mar thoradh ar shuaitheadh air thar líon mór earnálacha agus thar theorainneacha. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit éifeachtaí ar an slabhra soláthair a mheas, a mhéid is féidir, agus cinneadh á dhéanamh maidir lena mhéid a bhraitheann earnálacha agus fo-earnálacha eile ar an tseirbhís riachtanach a sholáthraíonn eintiteas criticiúil.

(19)

I gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), lena mbunaítear creat chun infheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh, tá an bhagairt a d’fhéadfadh a bheith ag úinéireacht eachtrach ar bhonneagar criticiúil laistigh den Aontas le haithint toisc go mbraitheann seirbhísí, an geilleagar agus saorghluaiseacht agus sábháilteacht shaoránaigh an Aontais ar fheidhmiú ceart an bhonneagair chriticiúil.

(20)

Le Treoir (AE) 2022/2555 ceanglaítear ar eintitis a bhaineann le hearnáil an bhonneagair dhigitigh, a d’fhéadfaí a aithint mar eintitis chriticiúla faoin Treoir seo, bearta teicniúla, oibríochtúla agus eagraíochtúla atá iomchuí agus comhréireach a dhéanamh chun bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí do shlándáil na gcóras gréasán agus faisnéise agus chun fógra a thabhairt faoi theagmhais shuntasacha agus faoi chibearbhagairtí. Ós rud é go bhféadfadh tionscnaimh éagsúla a bheith ag bagairtí ar shlándáil gréasán agus faisnéise, cuirtear i bhfeidhm le Treoir (AE) 2022/2555 cur chuige “uile-ghuaise” lena n-áirítear athléimneacht na gcóras gréasán agus faisnéise, chomh maith le comhpháirteanna agus timpeallacht fhisiciúil na gcóras sin.

Ós rud é gur coibhéiseach ar a laghad iad na ceanglais a leagtar síos i dTreoir(AE) 2022/2555 i dtaca leis seo, leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo, níor cheart feidhm a bheith ag oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 11 agus Caibidlí III, IV agus VI den Treoir seo maidir leis na heintitis ar le hearnáil an bhonneagair dhigitigh iad, chun dúbailt agus ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a sheachaint. Mar sin féin, i bhfianaise a thábhachtaí is atá na seirbhísí a sholáthraíonn eintitis in earnáil an bhonneagair dhigitigh d'eintitis chriticiúla sna hearnálacha eile go léir, ba cheart do na Ballstáit, bunaithe ar na critéir, agus trí úsáid a bhaint as an nós imeachta dá bhforáiltear sa Treoir seo, eintitis in earnáil an bhonneagair dhigitigh a shainaithint mar eintitis chriticiúla. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na straitéisí, na measúnuithe riosca Ballstáit agus na bearta tacaíochta mar a leagtar amach iad i gCaibidil II den Treoir seo. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann forálacha an dlí náisiúnta a ghlacadh nó a choinneáil chun leibhéal níos airde athléimneachta a bhaint amach le haghaidh na n-eintiteas criticiúil sin, ar choinníoll go bhfuil na forálacha sin comhsheasmhach le dlí an Aontais is infheidhme.

(21)

Le dlí seirbhísí airgeadais an Aontais, bunaítear ceanglais chuimsitheacha ar eintitis airgeadais chun bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí go léir a mbíonn ar na heintitis aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear rioscaí oibríochtúla, agus chun leanúnachas gnó a áirithiú. Áirítear le dlí den sórt sin gnéithe de Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012 (8), (AE) Uimh. 575/2013 (9) agus (AE) Uimh. 600/2014 (10) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoracha 2013/36/AE (11) agus 2014/65/AE (12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Comhlánófar an creat dlíthiúil sin le Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), lena leagtar síos ceanglais is infheidhme ar eintitis airgeadais chun rioscaí teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) a bhainistiú, lena n-áirítear maidir le bonneagar fisiceach TFC a chosaint. Ós rud é, dá bhrí sin, go gcumhdaítear athléimneacht na n-eintiteas sin go cuimsitheach, níor cheart feidhm a bheith ag Airteagal 11 agus ag Caibidlí III, IV agus VI den Treoir seo maidir leis na heintitis sin, chun dúbailt agus ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a sheachaint.

Mar sin féin, i bhfianaise a thábhachtaí is atá na seirbhísí a sholáthraíonn eintitis san earnáil airgeadais d’eintitis chriticiúla sna hearnálacha eile go léir, ba cheart do na Ballstáit, bunaithe ar na critéir, agus úsáid á baint acu as an nós imeachta dá bhforáiltear sa Treoir seo, eintitis san earnáil airgeadais a shainaithint mar eintitis chriticiúla. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na straitéisí, na measúnuithe riosca na mBallstát agus na bearta tacaíochta mar a leagtar amach iad i gCaibidil II den Treoir seo. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann forálacha dlí náisiúnta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun chun leibhéal níos airde athléimneachta a bhaint amach do na heintitis chriticiúla sin ar choinníoll go mbeidh na forálacha sin comhsheasmhach le dlí infheidhme an Aontais.

(22)

Ba cheart do na Ballstáit údaráis a ainmniú nó a bhunú a bheidh inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm rialacha na Treorach seo agus, i gcás inar gá, na rialacha sin a fhorfheidhmiú, agus chun a áirithiú go bhfuil an chumhacht agus na hacmhainní leordhóthanacha ag na húdaráis sin. I bhfianaise na ndifríochtaí atá ann idir struchtúir rialachais náisiúnta éagsúla, chun socruithe earnála nó comhlachtaí maoirseachta agus rialála de chuid an Aontais a chosaint, agus chun dúbailt a sheachaint, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann níos mó ná údarás inniúil amháin a ainmniú nó a bhunú. I gcás ina n-ainmníonn nó ina mbunaíonn na Ballstáit níos mó ná údarás inniúil amháin ba cheart dóibh cúraimí sonracha na n-údarás lena mbaineann a shonrú go soiléir agus a áirithiú go n-oibreoidh siad i gcomhar go rianúil agus go héifeachtach. Ba cheart do na húdaráis inniúla uile oibriú i gcomhar le húdaráis ábhartha eile ar bhonn níos ginearálta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon.

(23)

Chun comhar agus cumarsáid trasteorann a éascú agus chun cur chun feidhme éifeachtach na Treorach seo a éascú, ba cheart do gach Ballstát, gan dochar do cheanglais dhlíthiúla earnáilsonracha dhlí an Aontais, aon phointe teagmhála aonair a ainmniú, laistigh d’údarás inniúil i gcás inarb ábhartha, ar pointe teagmhála é a bheidh freagrach as comhordú a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus comhar trasteorann ar leibhéal an Aontais (“pointe teagmhála aonair”) ina leith sin. Ba cheart do gach pointe teagmhála aonair idirchaidreamh a dhéanamh agus cumarsáid a chomhordú, i gcás inarb ábhartha, le húdaráis inniúla a Bhallstáit, le pointí teagmhála aonair na mBallstát eile agus leis an nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil.

(24)

Rachaidh na húdaráis inniúla faoin Treoir seo agus na húdaráis inniúla faoi Threoir (AE) 2022/2555 i gcomhar le chéile agus malartóidh siad faisnéis, maidir le rioscaí cibearshlándála, cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais agus rioscaí, bagairtí agus teagmhais nach bhfuil cibirghné ag baint leo a mbíonn tionchar acu ar eintitis chriticiúla, agus i ndáil le bearta ábhartha a dhéanann na húdaráis inniúla faoin Treoir seo agus na húdaráis inniúla faoi Threoir (AE) 2022/2555. Tá sé tábhachtach go n-áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ceanglais dá bhforáiltear sa Treoir seo agus i dTreoir (AE) 2022/2555 chun feidhme ar bhealach comhlántach agus nach mbeidh eintitis chriticiúla faoi réir ualach riaracháin thar an ualach is gá chun cuspóirí na Treorach seo agus na Treorach sin a bhaint amach.

(25)

Ba cheart do na Ballstáit tacú le heintitis chriticiúla, lena n-áirítear iad siúd a cháilíonn mar fhiontair bheaga nó mheánmhéide, chun a n-athléimneacht a neartú, i gcomhréir leis na hoibleagáidí Ballstáit a leagtar síos sa Treoir seo, gan dochar d’fhreagracht dhlíthiúil na n-eintiteas criticiúil féin maidir leis an gcomhlíontacht sin a áirithiú agus, tríd an méid sin a dhéanamh, ualaí riaracháin iomarcacha a chosc. Go háirithe, d’fhéadfadh na Ballstáit ábhair threoracha agus modheolaíochtaí treoracha a cheapadh, tacú le cleachtaí a eagrú chun athléimneacht na n-eintiteas criticiúil a thástáil, chomh maith le comhairle agus oiliúint a chur ar fáil do bhaill foirne eintiteas criticiúil. I gcás inar gá sin agus ina mbeidh bonn cirt leis de bharr cuspóirí leasa phoiblí, d’fhéadfadh na Ballstáit acmhainní airgeadais a sholáthar agus ba cheart dóibh comhroinnt faisnéise dheonach agus malartú dea-chleachtas a éascú idir eintitis chriticiúla, gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha iomaíochta a leagtar síos sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(26)

D’fhonn athléimneacht na n-eintiteas criticiúil arna sainaithint ag na Ballstáit a fheabhsú agus chun an t-ualach riaracháin ar na heintitis criticiúla sin a laghdú, ba cheart d’údaráis inniúla dul i mbun comhairliúcháin lena chéile nuair is iomchuí sin chun críche cur i bhfeidhm comhsheasmhach a áirithiú go gcuirtear an Treoir seo i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach. Ba cheart dul i mbun na gcomhairliúchán sin arna iarraidh sin d’aon údarás inniúil leasmhar, agus ba cheart díriú leo ar chur chuige cóineasaithe a áirithiú maidir le heintitis chriticiúla idirnasctha a úsáideann bonneagar criticiúil atá nasctha go fisiceach idir dhá Bhallstát nó níos mó, a bhaineann leis na grúpaí céanna nó na struchtúir chorparáideacha chéanna, nó a sainaithníodh i mBallstát amháin agus a sholáthraíonn seirbhísí fíor-riachtanacha do Bhallstáit eile nó i mBallstáit eile.

(27)

I gcás ina gceanglófar, le forálacha de dhlí an Aontais nó den dlí náisiúnta, ar eintitis chriticiúla measúnú a dhéanamh ar rioscaí ábhartha chun críocha na Treorach seo agus bearta a dhéanamh chun a n-athléimneacht féin a áirithiú, ba cheart na ceanglais sin a bhreith go leordhóthanach chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht eintiteas criticiúil leis an Treoir seo.

(28)

Ba cheart tuiscint chuimsitheach a bheith ag eintitis chriticiúla ar na rioscaí ábhartha ar a mbíonn siad neamhchosanta agus dualgas a bheith orthu anailís a dhéanamh ar na rioscaí sin. Chuige sin, ba cheart dóibh measúnuithe riosca a dhéanamh nuair is gá sin i bhfianaise a gcuid dálaí sonracha féin agus i bhfianaise fhorbairt na rioscaí sin, agus, in aon chás, ba cheart dóibh measúnú riosca a dhéanamh gach ceithre bliana chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí ábhartha uile a d’fhéadfadh cur isteach ar sholáthar a seirbhísí riachtanacha (“measúnú riosca eintitis chriticiúil”). I gcás ina bhfuil measúnuithe ar riosca déanta eile déanta ag eintitis chriticiúla nó ina bhfuil doiciméid tarraingthe suas acu de bhun oibleagáidí a leagtar síos i ngníomhartha dlí eile atá ábhartha dá mheasúnú riosca eintitis chriticiúil, ba cheart dóibh a bheith in ann na measúnuithe agus na doiciméid sin a úsáid chun na ceanglais a leagtar amach sa Treoir seo maidir le measúnuithe riosca eintitis chriticiúil a chomhlíonadh. Ba cheart d’údarás inniúil a bheith in ann a dhearbhú go gcomhlíontar, le measúnú riosca arna dhéanamh ag eintiteas criticiúil a thugann aghaidh ar na rioscaí ábhartha agus na spleáchais sin, ceanglais na Treorach seo ina n-iomláine nó i bpáirt.

(29)

Ba cheart d’eintitis chriticiúla bearta teicniúla, slándála agus eagraíochtúla a dhéanamh atá iomchuí agus comhréireach leis na rioscaí a mbíonn ar na heintitis aghaidh a thabhairt orthu chun teagmhas a chosc, cosaint a dhéanamh ina choinne, freagairt air, é a chomhrac, a mhaolú, a sheasamh, freastal air agus teacht aniar uaidh. Cé gur cheart d’eintitis chriticiúla na bearta sin a dhéanamh i gcomhréir leis an Treoir seo, ba cheart a léiriú le mionsonraí agus méid na mbeart den sórt sin na rioscaí éagsúla atá sainaitheanta ag gach eintiteas criticiúil mar chuid dá mheasúnú riosca eintitis chriticiúil, chomh maith le sainiúlachtaí an eintitis sin, ar bhealach atá iomchuí agus comhréireach. Chun cur chuige comhleanúnach an Aontais a chur chun cinn, ba cheart don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil, treoirlínte neamhcheangailteacha a ghlacadh chun na bearta teicniúla, slándála agus eagraíochtúla sin a shonrú a thuilleadh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanann gach eintiteas criticiúil oifigeach idirchaidrimh nó a choibhéis a ainmniú mar phointe teagmhála leis na húdaráis inniúla.

(30)

Ar mhaithe le héifeachtacht agus le cuntasacht, ba cheart d’eintitis chriticiúla tuairisc a thabhairt ar na bearta a dhéanann siad, agus leibhéal mionsonraí ann lena mbaintear aidhmeanna na héifeachtachta agus na cuntasachta amach go leordhóthanach, ag féachaint do na rioscaí a sainaithníodh, agus é sin a dhéanamh i bplean athléimneachta nó i ndoiciméad nó doiciméid atá coibhéiseach le plean athléimneachta, agus an plean sin a chur i bhfeidhm sa chleachtas. I gcás go bhfuil bearta teicniúla, slándála agus eagraíochtúla déanta ag eintiteas criticiúil cheana agus go bhfuil doiciméid tarraingthe suas acu de bhun gníomhartha dlí eile atá ábhartha maidir le bearta feabhsaithe athléimneachta faoin Treoir seo, ba cheart dóibh a bheith in ann, chun dúbláil a sheachaint, na bearta agus na doiciméid sin a úsáid chun na ceanglais maidir le bearta athléimneachta faoin Treoir seo a chomhlíonadh. Chun dúbláil a sheachaint, ba cheart d’údarás inniúil a bheith in ann a dhearbhú go bhfuil na bearta athléimneachta atá ann cheana arna ndéanamh ag eintiteas criticiúil a thugann aghaidh ar a oibleagáidí, bearta teicniúla, slándála agus eagraíochtúla a dhéanamh de bhun na Treorach seo comhlíontach, le ceanglais na Treorach seo.

(31)

Le Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 (14) agus Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 (15) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2005/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), bunaítear ceanglais is infheidhme maidir le heintitis in earnálacha na heitlíochta agus an iompair mhuirí chun teagmhais de bharr gníomhartha neamhdhleathacha a chosc agus chun iarmhairtí teagmhas den sórt sin a chomhrac agus a mhaolú. Cé go bhfuil na bearta a cheanglaítear faoin Treoir seo níos leithne ó thaobh na rioscaí a dtugtar aghaidh orthu agus ó thaobh cineálacha beart atá le déanamh, ba cheart d’eintitis chriticiúla sna hearnálacha sin na bearta a rinneadh de bhun na ngníomhartha eile sin de chuid dlí an Aontais a léiriú ina bplean athléimneachta nó ina ndoiciméid choibhéiseacha. Tá na heintitis chriticiúla le cur san áireamh freisin, Treoir 2008/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), lena dtugtar isteach measúnú bóthair ar fud an ghréasáin chun riosca tionóiscí agus iniúchadh spriocdhírithe ar shábháilteacht ar bhóithre a mhapáil chun dálaí guaiseacha, lochtanna agus fadhbanna a shainaithint a mhéadaíonn an riosca tionóiscí agus gortuithe, bunaithe ar chuairteanna ar an láthair ar bhóithre atá ann cheana nó ar chodanna de bhóithre. Tá sé thar a bheith tábhachtach don earnáil iarnróid go ndéanfaí cosaint agus athléimneacht eintiteas criticiúil a áirithiú agus, nuair a bheidh bearta athléimneachta á gcur chun feidhme acu faoin Treoir seo, moltar d’eintitis chriticiúla tagairt a dhéanamh do threoirlínte neamhcheangailteacha agus do dhoiciméid maidir le dea-chleachtais a forbraíodh faoi shruthanna oibre earnálacha, amhail Ardán an Aontais Eorpaigh maidir le Slándáil Paisinéirí Iarnróid arna bhunú le Cinneadh 2018/C 232/03 ón gCoimisiún (18).

(32)

Maidir leis an mbaol go mbainfeadh fostaithe eintiteas criticiúil nó a gconraitheoirí mí-úsáid as, cuir i gcás, a gcearta rochtana laistigh d’eagraíocht an eintitis chriticiúil chun díobháil agus damáiste a dhéanamh, is ábhar imní é atá ag dul i méid. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, na coinníollacha a shonrú faoina gceadaítear d’eintitis chriticiúla, i gcásanna cuí-réasúnaithe agus measúnuithe riosca Ballstáit á gcur san áireamh, iarrataí ar sheiceálacha cúlra a chur isteach maidir le daoine laistigh de chatagóirí sonracha pearsanra. Ba cheart a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis ábhartha iarrataí den sórt sin a mheasúnú laistigh de thréimhse ama réasúnta agus go ndéanfar iad a phróiseáil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis na nósanna imeachta náisiúnta, agus le dlí ábhartha agus infheidhme an Aontais, lena n-áirítear maidir le cosaint sonraí pearsanta. Chun comhthacú le céannacht duine atá faoi réir seiceáil chúlra, is iomchuí do na Ballstáit cruthúnas céannachta a éileamh, amhail pas, cárta aitheantais náisiúnta nó foirm dhigiteach sainaitheantais, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.

Ba cheart taifid choiriúla an duine lena mbaineann a áireamh sna seiceálacha cúlra. Ba cheart do na Ballstáit leas a bhaint as an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i gCinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle (19) agus, i gcás inarb ábhartha agus inarb infheidhme, Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) chun faisnéis a fháil ó thaifid choiriúla atá i seilbh Ballstát eile. Ina theannta sin, i gcás inarb ábhartha agus inarb infheidhme, féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as an Dara Glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), as faisnéis agus as aon eolas oibiachtúil eile atá ar fáil a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun oiriúnacht an duine lena mbaineann, chun obair sa phost ar ina leith a d’iarr an t-eintiteas criticiúil seiceáil chúlra, a chinneadh.

(33)

Ba cheart sásra a bhunú chun fógra a thabhairt faoi theagmhais áirithe chun go mbeidh na húdaráis inniúla in ann freagairt go tapa agus go leormhaith do theagmhais agus forléargas cuimsitheach a bheith acu ar an tionchar, ar chineál agus ar iarmhairtí féideartha teagmhais a ndéileálann na heintitis chriticiúla leis. Ba cheart d’eintitis chriticiúla fógra a thabhairt, gan moill mhíchuí, do na húdaráis inniúla maidir le teagmhais a shuaitheann go mór soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha nó a d’fhéadfadh soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha a shuaitheadh go mór. Mura rud é nach bhfuil siad in ann déanamh amhlaidh go hoibríochtúil, ba cheart d’eintitis chriticiúla fógra tosaigh a chur isteach tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis dóibh a bheith feasach faoi theagmhas. Níor cheart a áireamh san fhógra tosaigh ach an fhaisnéis a bhfuil fíorghá léi chun an t-údarás inniúil a chur ar an eolas faoin teagmhas agus chun a cheadú don eintiteas criticiúil cúnamh a iarraidh, más gá. Ba cheart a léiriú san fhógra sin, i gcás inar féidir, cúis thoimhdithe an teagmhais. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach ndéantar, leis an gceanglas maidir leis an bhfógra tosaigh sin a chur isteach, acmhainní an eintitis chriticiúil a atreorú ó ghníomhaíochtaí a bhaineann le láimhseáil teagmhas ar cheart tosaíocht a thabhairt dóibh. Ba cheart, i gcás inarb ábhartha, tuarascáil mhionsonraithe a chur leis an bhfógra tosaigh tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an teagmhais. Ba cheart, leis an tuarascáil mhionsonraithe, an fógra tosaigh a chomhlánú agus forléargas níos iomláine a thabhairt ar an teagmhas.

(34)

Ba cheart an caighdeánú fanacht go príomha ina phróiseas atá faoi thionchar an mhargaidh. D’fhéadfadh cásanna a bheith ann go fóill, áfach, inarb iomchuí a cheangal go gcomhlíonfaí caighdeáin shonracha. Ba cheart do na Ballstáit, i gcás inarb úsáideach, úsáid caighdeán Eorpach agus caighdeán idirnáisiúnta agus sonraíochtaí teicniúla a bhaineann leis na bearta slándála agus athléimneachta is infheidhme maidir le heintitis chriticiúla a spreagadh freisin.

(35)

Cé go bhfeidhmíonn eintitis chriticiúla i gcoitinne mar chuid de ghréasán bonneagar agus soláthair seirbhísí atá ag éirí níos idirnasctha agus gur minic a sholáthraíonn siad seirbhísí riachtanacha i níos mó ná Ballstát amháin, tá tábhacht ar leith ag baint le cuid de na heintitis chriticiúla sin don Aontas agus dá mhargadh inmheánach toisc go soláthraíonn siad seirbhísí riachtanacha do 6 Bhallstát nó i 6 Bhallstát nó níos mó, agus dá bhrí sin, d’fhéadfaidís tairbhe a bhaint as tacaíocht shonrach ar leibhéal an Aontais. Ba cheart, dá bhrí sin, rialacha a bhunú maidir le misin chomhairleacha i ndáil le heintitis chriticiúla den sórt sin a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leo. Tá na rialacha sin gan dochar do na rialacha maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú a leagtar amach sa Treoir seo.

(36)

Ar iarraidh réasúnaithe ón gCoimisiún nó ó Bhallstát amháin nó níos mó a soláthraítear an tseirbhís fhíor-riachtanach dó/dóibh, nó ann/iontu, i gcás ina bhfuil gá le faisnéis bhreise chun a bheith in ann comhairle a chur ar eintiteas criticiúil maidir lena chuid oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh, nó chun measúnú a dhéanamh ar eintiteas criticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis maidir lena chomhlíontacht leis na hoibleagáidí sin, ba cheart don Bhallstát a shainaithin eintiteas criticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis mar eintiteas criticiúil faisnéis áirithe mar a leagtar síos sa Treoir seo a chur ar fáil don Choimisiún. I gcomhaontú leis an mBallstát a rinne an t-eintiteas criticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach áirithe ag baint leis a shainaithint mar eintiteas criticiúil, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann misean comhairleach a eagrú chun measúnú a dhéanamh ar na bearta a chuir an t-eintiteas sin i bhfeidhm. Chun a áirithiú go gcuirfear misin chomhairleacha den sórt sin i gcrích i gceart, ba cheart rialacha comhlántacha a leagan amach, go háirithe maidir le heagrú agus le reáchtáil na misean comhairleach, maidir leis na gníomhartha leantacha a bheidh le tabhairt agus maidir leis na hoibleagáidí ar na heintitis chriticiúla a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leo. Gan dochar don ghá atá ann go ndéanfaidh an Ballstát ina seoltar an misean comhairleach agus an t-eintiteas criticiúil lena mbaineann rialacha a leagtar síos sa Treoir a chomhlíonadh, ba cheart an misean comhairleach a reáchtáil faoi réir rialacha mionsonraithe dhlí an Bhallstáit sin, mar shampla rialacha maidir leis na coinníollacha beachta atá le comhlíonadh chun rochtain a fháil ar áitreabh nó doiciméid ábhartha agus maidir le sásamh breithiúnach. D’fhéadfaí saineolas sonrach a theastaíonn le haghaidh na misean comhairleach sin a iarraidh, i gcás inarb ábhartha, tríd an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha arna bhunú le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22).

(37)

Chun tacú leis an gCoimisiún agus chun éascú a dhéanamh ar chomhar i measc na mBallstát agus ar an malartú faisnéise, lena n-áirítear dea-chleachtais, i ndáil le saincheisteanna a bhaineann leis an Treoir seo, ba cheart Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil a bhunú, mar ghrúpa saineolaithe de chuid an Choimisiúin. Ba cheart do na Ballstáit iarracht a dhéanamh a áirithiú go gcomhoibríonn na hionadaithe ainmnithe dá n-údarás inniúil sa Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil go héifeachtach agus go héifeachtúil, lena n-áirítear trí chomhaltaí a bhfuil imréiteach slándála acu a ainmniú, nuair is iomchuí. Ba cheart don Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil tús a chur lena chúraimí a chomhlíonadh chomh luaithe agus is féidir, chun modhanna breise a chur ar fáil i ndáil le comhar iomchuí le linn thréimhse thrasuí na Treorach seo. Ba cheart don Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil idirghníomhú le meithleacha saineolaithe ábhartha eile a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith.

(38)

Ba cheart don Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil comhoibriú leis an nGrúpa Comhair arna bhunú faoi Threoir (AE) 2022/2555 chun tacú le creat cuimsitheach le haghaidh cibir-athléimneacht agus neamh-chibir-athléimneacht eintiteas criticiúil. Ba cheart don Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil agus don Ghrúpa Comhair arna bhunú faoi Threoir (AE) 2022/2555 dul i mbun idirphlé rialta chun comhar a chur chun cinn idir na húdaráis inniúla faoin Treoir seo agus na húdaráis inniúla faoi Threoir (AE) 2022/2555 agus chun an malartú faisnéise a éascú go háirithe maidir le hábhair atá ábhartha don dá ghrúpa.

(39)

Chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach agus gan dochar d’fhreagracht dhlíthiúil na mBallstát agus eintiteas criticiúil a áirithiú go gcomhlíonfar a gcuid oibleagáidí faoi seach a leagtar síos inti, ba cheart don Choimisiún tacaíocht a thabhairt d’údaráis inniúla agus d’eintitis chriticiúla agus é d’aidhm aige a gcomhlíontacht lena h-oibleagáidí faoi seach a éascú, i gcás ina measann sé gurb iomchuí sin. Agus tacaíocht á tabhairt do na Ballstáit agus d’eintitis chriticiúla maidir le cur chun feidhme na n-oibleagáidí faoin Treoir seo, ba cheart don Choimisiún cur leis na struchtúir agus na huirlisí atá ann cheana, amhail iad siúd atá faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, arna bhunú faoi Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, agus faoin Líonra Tagartha Eorpach um Bonneagar Criticiúil a Chosaint. Ina theannta sin, ba cheart dó na Ballstáit a chur ar an eolas faoi acmhainní atá ar fáil ar leibhéal an Aontais, amhail laistigh den Chiste Slándála Inmheánaí, arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), Fís Eorpach, arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), nó ionstraimí eile atá ábhartha maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil.

(40)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh cumhachtaí sonracha áirithe ag a n-údaráis inniúla chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú go cuí i ndáil le heintitis chriticiúla, i gcás ina dtiocfaidh na heintitis sin faoina ndlínse mar a shonraítear sa Treoir seo. Ba cheart a áireamh ar na cumhachtaí sin, go háirithe, an chumhacht chun cigireachtaí, agus iniúchtaí a dhéanamh, an chumhacht chun maoirseacht a dhéanamh, agus an chumhacht chun a cheangal ar eintitis chriticiúla faisnéis agus fianaise a sholáthar maidir leis na bearta atá déanta acu chun a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh agus, i gcás inar gá, an chumhacht chun orduithe a eisiúint le sáruithe arna sainaithint a leigheas. Agus orduithe den sórt sin á n-eisiúint acu, níor cheart do na Ballstáit bearta a éileamh a théann thar a bhfuil riachtanach agus comhréireach chun comhlíontacht an eintitis chriticiúil lena mbaineann a áirithiú, agus aird ar leith á tabhairt ar a thromchúisí is atá an sárú agus ar acmhainn eacnamaíoch an eintitis chriticiúil lena mbaineann. Ar bhonn níos ginearálta, ba cheart coimircí iomchuí éifeachtacha a bheith ag gabháil leis na cumhachtaí sin, ar coimircí iad atá le sonrú sa dlí náisiúnta i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht eintitis chriticiúil lena chuid oibleagáidí mar a leagtar síos sa Treoir seo, ba cheart do na húdaráis inniúla faoin Treoir seo a bheith in ann a iarraidh ar na húdaráis inniúla faoi Threoir (AE) 2022/2555 a gcuid cumhachtaí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a fheidhmiú i dtaca le heintiteas faoin Treoir sin+ a aithnítear freisin mar eintiteas criticiúil faoin Treoir seo. Ba cheart do na húdaráis inniúla faoin Treoir seo agus do na húdaráis inniúla faoi Threoir (AE) 2022/2555 oibriú i gcomhar agus faisnéis a mhalartú chun na críche sin.

(41)

Chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach comhsheasmhach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí liosta seirbhísí fíor-riachtanacha a tharraingt suas. Ba cheart d’údaráis inniúla an liosta sin a úsáid chun measúnuithe riosca Ballstáit a dhéanamh agus chun eintitis chriticiúla a shainaithint de bhun na Treorach seo. I bhfianaise chur chuige an chomhchuibhithe íosta atá sa Treoir seo, tá an liosta sin neamh-uileghabhálach, agus d’fhéadfadh na Ballstáit é a chomhlánú le seirbhísí fíor-riachtanacha breise ar an leibhéal náisiúnta chun sainiúlachtaí náisiúnta a chur san áireamh agus seirbhísí fíor-riachtanacha á soláthar. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (25). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(42)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26).

(43)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon a áirithiú go soláthrófar seirbhísí atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a choinneáil ar bun ar bhealach gan bhac sa mhargadh inmheánach, agus athléimneacht eintiteas criticiúil a sholáthraíonn na seirbhísí sin a fheabhsú, agus, de bharr éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(44)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27) agus thug an Maoirseoir tuairim an 11 Lúnasa 2021.

(45)

Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2008/114/CE a aisghairm,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Treoir seo déantar an méid seo a leanas:

(a)

oibleagáidí a leagan síos ar Bhallstáit maidir le bearta sonracha a dhéanamh, arb é is aidhm dóibh a áirithiú go ndéanfar seirbhísí atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a choinneáil ar bun faoi raon feidhme Airteagal 114 CFAE a sholáthar ar bhealach gan bhac sa mhargadh inmheánach, go háirithe oibleagáidí maidir le heintitis chriticiúla a shainaithint agus maidir le tacú le heintitis chriticiúla chun na hoibleagáidí a fhorchuirtear orthu a chomhlíonadh;

(b)

oibleagáidí eintiteas criticiúil a leagan síos, arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar athléimneacht na n-eintiteas sin agus ar an gcumas atá acu na seirbhísí dá dtagraítear i bpointe (a) a sholáthar sa mhargadh inmheánach;

(c)

rialacha a leagan amach:

(i)

maidir leis an maoirseacht ar eintitis chriticiúla;

(ii)

maidir le forfheidhmiú;

(iii)

maidir le heintitis chriticiúla a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leo a shainaithint agus maidir le misin chomhairleacha chun measúnú a dhéanamh ar na bearta a chuir eintitis den sórt sin i bhfeidhm chun a n-oibleagáidí faoi Chaibidil III a chomhlíonadh;

(d)

nósanna imeachta coiteanna a bhunú le haghaidh comhair agus tuairisciú maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo;

(e)

bearta a leagan síos d’fhonn ardleibhéal athléimneachta eintiteas criticiúil a bhaint amach chun a áirithiú go soláthrófar seirbhísí riachtanacha laistigh den Aontas agus chun feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le hábhair a chumhdaítear le Treoir (AE) 2022/2555 gan dochar d’Airteagal 8 den Treoir seo. I bhfianaise an chaidrimh idir slándáil fhisiciúil eintiteas criticiúil agus cibearshlándáil eintiteas criticiúil, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an Treoir seo agus Treoir (AE) 2022/2555 a chur chun feidhme ar bhonn comhordaithe.

3.   I gcás ina gceanglófar le forálacha gníomhartha earnáilsonracha dhlí an Aontais ar eintitis chriticiúla bearta a dhéanamh chun a n-athléimneacht a fheabhsú agus i gcás ina n-aithníonn na Ballstáit na ceanglais sin a bheith coibhéiseach ar a laghad leis na hoibleagáidí comhfhreagracha a leagtar síos sa Treoir seo, ní bheidh feidhm ag forálacha ábhartha na Treorach seo, lena n-áirítear na forálacha maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú a leagtar síos i gCaibidil VI.

4.   Gan dochar d’Airteagal 346 de CFAE, maidir le faisnéis atá rúnda de bhun rialacha an Aontais nó rialacha náisiúnta, amhail rialacha maidir le rúndacht gnó, ní dhéanfar an fhaisnéis sin a mhalartú leis an gCoimisiún agus le húdaráis ábhartha eile i gcomhréir leis an Treoir seo ach i gcás ina mbeidh gá leis an malartú sin le haghaidh chur i bhfeidhm na Treorach seo, agus sa chás sin amháin. Ní bheidh san fhaisnéis a mhalartófar ach an méid is ábhartha maidir le cuspóir an mhalartaithe agus is comhréireach leis. Leis an malartú faisnéise, caomhnófar rúndacht na faisnéise sin, slándáil agus leasanna tráchtála eintiteas criticiúil, agus slándáil na mBallstát á hurramú ag an am céanna.

5.   Tá an Treoir seo gan dochar do fhreagracht na mBallstát an tslándáil agus an chosaint náisiúnta a choimirciú agus a gcumhacht feidhmeanna riachtanacha eile Stáit a choimirciú, lena n-áirítear iomláine chríochach an Stáit a áirithiú agus an dlí agus ord poiblí a chaomhnú.

6.   Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le heintitis riaracháin phoiblí a dhéanann a ngníomhaíochtaí i réimsí na slándála náisiúnta, na slándála poiblí, na cosanta nó fhorfheidhmiú an dlí, lena n-áirítear cionta coiriúla a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh.

7.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh feidhm ag Airteagal 11 agus ag Caibidlí III, IV agus VI, ina n-iomláine nó i bpáirt, maidir le heintitis chriticiúla shonracha a dhéanann gníomhaíochtaí i réimsí na slándála náisiúnta, na slándála poiblí, na cosanta nó fhorfheidhmiú an dlí, lena n-áirítear cionta coiriúla a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, nó a sholáthraíonn seirbhísí go heisiach do na heintitis riaracháin phoiblí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo.

8.   Ní bheidh sé i gceist leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo faisnéis a sholáthar, a mbeadh ag teacht salach ar leasanna riachtanacha maidir le slándáil náisiúnta, slándáil phoiblí nó cosaint na mBallstát dá nochtfaí í.

9.   Tá an Treoir seo gan dochar do dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28)agus Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29).

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “eintiteas criticiúil” eintiteas poiblí nó príobháideach arna shainaithint ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 6 mar eintiteas a bhaineann le ceann de na catagóirí a leagtar amach sa tríú colún den tábla san Iarscríbhinn;

(2)

ciallaíonn “athléimneacht” an cumas atá ag eintiteas criticiúil teagmhas a chosc, cosaint ina choinne, freagairt air, comhrac ina choinne, é a mhaolú, a sheasamh, freastal air agus teacht uaidh;

(3)

ciallaíonn “teagmhas” eachtra a shuaitheann soláthar seirbhíse fíor-riachtanaí nó a d’fhéadfadh é a shuaitheadh go suntasach, lena n-áirítear nuair a dhéanann sé difear do na córais náisiúnta lena gcosnaítear an smacht reachta;

(4)

ciallaíonn “bonneagar criticiúil” sócmhainn, saoráid, trealamh, líonra, nó córas, nó cuid de shócmhainn, saoráid, trealamh, líonra, nó córas, atá riachtanach chun seirbhís fhíor-riachtanach a sholáthar;

(5)

ciallaíonn “seirbhís fhíor-riachtanach” seirbhís atá ríthábhachtach chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha, gníomhaíochtaí eacnamaíocha, an tsláinte agus an tsábháilteacht phoiblí, nó an comhshaol a choinneáil ar bun;

(6)

ciallaíonn “riosca” an poitéinseal atá ann go mbeadh teagmhas ina chúis le caillteanas nó le suaitheadh agus tá sé le sloinneadh mar theaglaim de mhéid an chaillteanais nó an tsuaite sin agus an dóchúlacht go dtarlódh an teagmhas;

(7)

ciallaíonn “measúnú riosca” an próiseas foriomlán chun cineál agus méid riosca a chinneadh trí bhagairtí, leochaileachtaí agus guaiseacha ábhartha féideartha, a bhféadfadh teagmhas a bheith mar thoradh orthu, a shainaithint agus a anailísiú, agus trí chaillteanas nó suaitheadh féideartha soláthair seirbhíse fíor-riachtanaí a d’fhéadfadh tarlú mar gheall ar an teagmhas sin a mheasúnú;

(8)

ciallaíonn “caighdeán” caighdeán mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30);

(9)

ciallaíonn “sonraíocht theicniúil” sonraíocht theicniúil mar a shainmhínítear í in Airteagal 2, pointe (4), de Rialachán (CE) Uimh. 1025/2012;

(10)

ciallaíonn “eintiteas riaracháin phoiblí” eintiteas a aithnítear mar sin i mBallstát i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, gan breithiúna, parlaimintí ná na bainc cheannais a áireamh, a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

(a)

bunaítear é chun riachtanais leasa ghinearálta a chomhlíonadh agus níl carachtar tionscail ná tráchtála aige;

(b)

tá pearsantacht dhlítheanach aige nó tá sé i dteideal gníomhú de réir dlí thar ceann eintiteas eile ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach;

(c)

tá sé maoinithe, den chuid is mó, ag údaráis an Stáit nó ag comhlachtaí eile leibhéil lárnaigh arna rialú leis an dlí poiblí, tá sé faoi réir maoirseacht bainistíochta ag na húdaráis nó na comhlachtaí sin, nó tá bord riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta aige, a bhfuil níos mó ná leath a chomhaltaí ceaptha ag údaráis an Stáit nó ag comhlachtaí eile leibhéil lárnaigh a rialaítear leis an dlí poiblí;

(d)

tá an chumhacht aige cinntí riaracháin nó rialála a dhíriú chuig daoine nádúrtha lena ndéantar difear dá gcearta i ngluaisteacht trasteorann daoine, earraí, seirbhísí nó caipitil.

Airteagal 3

Comhchuibhiú íosta

Leis an Treoir seo, ní chuirfear cosc ar na Ballstáit forálacha den dlí náisiúnta a ghlacadh nó a choimeád d’fhonn leibhéal athléimneachta níos airde a bhaint amach i gcás eintitis chriticiúla, ar choinníoll go bhfuil forálacha den sórt sin comhsheasmhach le hoibleagáidí na mBallstát a leagtar síos i ndlí an Aontais.

CAIBIDIL II

CREATAÍ NÁISIÚNTA UM ATHLÉIMNEACHT EINTITEAS CRITICIÚIL

Airteagal 4

Straitéis um athléimneacht eintiteas criticiúil

1.   Tar éis comhairliúchán a bheidh ar oscailt do na geallsealbhóirí ábhartha a oiread agus is féidir go praiticiúil, glacfaidh gach Ballstát straitéis chun athléimneacht eintiteas criticiúil (“an straitéis”) a fheabhsú faoin 17 Eanáir 2026. Leagfar amach leis an straitéis cuspóirí straitéiseacha agus bearta beartais, lena dtógfar ar straitéisí náisiúnta agus earnála ábhartha agus ar phleananna nó doiciméid chosúla ábhartha, atá ann cheana féin, agus lena gcumhdófar ar a laghad na hearnálacha a leagtar amach san Iarscríbhinn, d’fhonn ardleibhéal athléimneachta ó thaobh na n-eintiteas criticiúil a bhaint amach agus a choinneáil ar bun.

2.   Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad san áireamh i ngach straitéis:

(a)

cuspóirí straitéiseacha agus tosaíochtaí chun athléimneacht fhoriomlán eintiteas criticiúil a fheabhsú agus spleáchais agus idirspleáchais trasteorann agus trasearnálacha á gcur san áireamh;

(b)

creat rialachais chun cuspóirí straitéiseacha agus tosaíochtaí a bhaint amach, lena n)áirítear tuairisc ar róil agus ar fhreagrachtaí na n-údarás éagsúil, na n-eintiteas criticiúil agus na bpáirtithe eile a bhfuil baint acu le cur chun feidhme na straitéise;

(c)

tuairisc ar na bearta is gá chun athléimneacht fhoriomlán eintiteas criticiúil a fheabhsú, lena n-áirítear tuairisc ar an measúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 5;

(d)

tuairisc ar an bpróiseas trína sainaithnítear eintitis chriticiúla;

(e)

tuairisc ar an bpróiseas lena dtacaítear le heintitis chriticiúla i gcomhréir leis an gCaibidil seo, lena n-áirítear bearta chun comhar a fheabhsú idir an earnáil phoiblí, ar thaobh amháin, agus an earnáil phríobháideach agus eintitis phoiblí agus phríobháideacha ar an taobh eile;

(f)

liosta de na príomhúdaráis agus de na geallsealbhóirí ábhartha, seachas eintitis chriticiúla, atá páirteach i gcur chun feidhme na straitéise;

(g)

creat beartais le haghaidh comhordú idir na húdaráis inniúla faoin Treoir seo (“údaráis inniúla”), agus na húdaráis inniúla faoi Threoir (AE) 2022/2555 chun críocha faisnéis a mhalartú maidir le rioscaí cibearshlándála, cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais, agus rioscaí, bagairtí agus teagmhais, nach bhfuil cibirghné ag baint leo, agus chun cúraimí maoirseachta a fheidhmiú;

(h)

tuairisc ar na bearta atá i bhfeidhm cheana arb é is aidhm dóibh cur chun feidhme na n-oibleagáidí faoi Chaibidil III den Treoir seo ag fiontair bheaga agus mheánmhéide de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (31) a éascú, ar bearta iad arna sainaithint mar eintitis chriticiúla ag an mBallstát i dtrácht.

Tar éis comhairliúcháin atá, a mhéid is féidir go praiticiúil, ar oscailt do gheallsealbhóirí ábhartha, tabharfaidh na Ballstáit a gcuid straitéisí cothrom le dáta gach ceithre bliana ar a laghad.

3.   Déanfaidh na Ballstáit a gcuid straitéisí, agus nuashonruithe substaintiúla orthu, a chur in iúl don Choimisiún laistigh de 3 mhí tar éis dháta a nglactha.

Airteagal 5

Measúnú riosca a dhéanfaidh na Ballstáit

1.   Tugtar de cumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 23, faoin 17 Samhain 2023 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí liosta neamh-uileghabhálacha seirbhísí riachtanacha sna hearnálacha agus sna fo-earnálacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a bhunú. Úsáidfidh na húdaráis inniúla liosta na seirbhísí fíor-riachtanacha sin chun measúnú riosca (“measúnú riosca Ballstáit”) a dhéanamh faoin 17 Eanáir 2026, agus i gcás inar gá dá éis sin, agus gach 4 bliana ar a laghad. Bainfidh na húdaráis inniúla úsáid as measúnuithe riosca Ballstáit chun críocha eintitis chriticiúla a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 6 agus chun cabhrú leis na heintitis chriticiúla sin bearta a dhéanamh de bhun Airteagal 13.

Tabharfar cuntas i measúnuithe riosca Ballstáit ar na rioscaí nádúrtha ábhartha agus na rioscaí de dhéantús an duine ábhartha, lena n-áirítear rioscaí de chineál trasearnála nó trasteorann, timpistí, tubaistí nádúrtha, éigeandálaí sláinte poiblí, agus bagairtí hibrideacha nó bagairtí eascairdiúla eile, lena n-áirítear cionta sceimhlitheoireachta dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32).

2.   Agus na measúnuithe riosca Ballstáit á ndéanamh acu, tabharfaidh na Ballstáit cuntas ar an méid seo a leanas, ar a laghad:

(a)

an measúnú riosca ginearálta a dhéanfar de bhun Airteagal 6(1) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE;

(b)

measúnuithe riosca ábhartha eile, a dhéanfar i gcomhréir le ceanglais na ngníomhartha dlí ábhartha earnáilsonracha de chuid an Aontais, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2017/1938 (33) agus (AE) 2019/941 (34) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2007/60/CE (35) agus 2012/18/AE (36) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(c)

na rioscaí ábhartha a eascraíonn as a mhéid a bhraitheann na hearnálacha dá dtagraítear san Iarscríbhinn ar a chéile, lena n-áirítear a mhéid a bhraitheann siad ar eintitis atá suite i mBallstáit eile agus i dtríú tíortha, agus an tionchar a d’fhéadfadh suaitheadh suntasach in earnáil amháin a imirt ar earnálacha eile, lena n-áirítear aon rioscaí suntasacha do shaoránaigh agus don mhargadh inmheánach;

(d)

aon fhaisnéis maidir le teagmhais a dtugtar fógra fúthu i gcomhréir le hAirteagal 15.

Chun críocha na chéad fomhíre, pointe (c), oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le húdaráis inniúla Ballstáit eile agus le húdaráis inniúla tríú tíortha, de réir mar is iomchuí.

3.   Cuirfidh na Ballstáit na heilimintí ábhartha de mheasúnuithe riosca Ballstáit ar fáil, i gcás inarb ábhartha trína bpointí teagmhála aonair, do na heintitis chriticiúla a shainaithin siad i gcomhréir le hAirteagal 6. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuideofar leis an bhfaisnéis a chuirfear ar fáil do na heintitis chriticiúla, lena measúnuithe riosca a dhéanamh, de bhun Airteagal 12 agus le bearta a dhéanamh chun a n-athléimneacht a dheimhniú de bhun Airteagal 13.

4.   Laistigh de 3 mhí tar éis do Bhallstát measúnú riosca Ballstáit a dhéanamh, cuirfidh sé faisnéis ábhartha ar fáil don Choimisiún maidir leis na cineálacha rioscaí a sainaithníodh i ndiaidh dó an measúnú riosca Ballstáit sin a dhéanamh agus maidir leis na torthaí air, in aghaidh na hearnála agus in aghaidh na fo-earnála a leagtar amach san Iarscríbhinn.

5.   Forbróidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, teimpléad tuairiscithe coiteann deonach chun mír 4 a chomhlíonadh.

Airteagal 6

Eintitis chriticiúla a shainaithint

1.   Faoin 17 Iúil 2026, sainaithneoidh gach Ballstát na heintitis chriticiúla do na hearnálacha agus do na fo-earnálacha a leagtar amach san Iarscríbhinn.

2.   Nuair a shainaithníonn Ballstát eintitis chriticiúla de bhun mhír 1, cuirfidh sé torthaí a mheasúnaithe riosca Ballstáit agus a straitéise san áireamh agus cuirfidh siad na critéir seo a leanas go léir i bhfeidhm:

(a)

soláthraíonn an t-eintiteas seirbhís fhíor-riachtanach amháin nó níos mó;

(b)

oibríonn an t-eintiteas ar chríoch an Bhallstáit sin agus tá a bhonneagar criticiúil suite ann; agus

(c)

bheadh éifeachtaí suaiteacha suntasacha ag teagmhas, arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 7(1), maidir le soláthar ceann amháin nó níos mó de na seirbhísí fíor-riachtanacha ag an eintiteas nó maidir le soláthar ag an eintiteas seirbhísí fíor-riachtanacha sna hearnálacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a bhíonn ag brath air sin nó ar na seirbhísí fíor-riachtanacha sin.

3.   Déanfaidh gach Ballstát liosta de na heintitis chriticiúla a shainaithneofar de bhun mhír 2 a bhunú agus áiritheoidh siad go dtabharfar fógra do na heintitis chriticiúla sin faoina sainaithint mar eintitis chriticiúla laistigh d’aon mhí amháin tar éis an tsainaitheantais sin. Cuirfidh na Ballstáit in iúl do na heintitis chriticiúla sin a n-oibleagáidí faoi Chaibidlí III agus IV agus faoin dáta óna mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí sin maidir leo, gan dochar d’Airteagal 8. Cuirfidh na Ballstáit eintitis chriticiúla sna hearnálacha a leagtar amach i bpointí 3, 4 agus 8 den tábla san Iarscríbhinn ar an eolas nach bhfuil aon oibleagáidí orthu faoi Chaibidil III agus Chaibidil IV, mura bhforáiltear a mhalairt le bearta náisiúnta.

Maidir leis na heintitis chriticiúla lena mbaineann, beidh feidhm ag Caibidil III ó 10 mí tar éis dháta a thabharfar an fhógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh a n-údaráis inniúla faoin Treoir seo fógra do na húdaráis inniúla faoi Threoir (AE) 2022/2555 faoi cé hiad na heintitis chriticiúla a shainaithin siad faoin Airteagal seo laistigh de mhí amháin tar éis an tsainaitheantais sin. Sonrófar san fhógra sin, i gcás inarb infheidhme, gur eintitis chriticiúla sna hearnálacha a leagtar amach i bpointí 3, 4 agus 8 den tábla san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo iad na heintitis chriticiúla lena mbaineann, agus nach bhfuil aon oibleagáidí orthu faoi Chaibidlí III agus IV di.

5.   I gcás inar gá agus ar aon chaoi gach 4 bliana ar a laghad, déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar an liosta de na heintitis chriticiúla dá dtagraítear i mír 3 a sainaithníodh agus, i gcás inarb iomchuí, nuashonróidh siad é. I gcás ina sainaithneofar eintitis chriticiúla bhreise de bharr na nuashonruithe sin, beidh feidhm ag míreanna 3 agus 4 maidir leis na heintitis chriticiúla sin. Ina theannta sin, aon eintiteas nach sainaithnítear a thuilleadh mar eintiteas criticiúil tar éis aon nuashonrú den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar fógra dó in am trátha faoin bhfíric sin agus faoin bhfíric nach bhfuil sé faoi réir na n-oibleagáidí faoi Chaibidil III a thuilleadh ón dáta a fhaightear an fógra sin.

6.   Forbróidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, moltaí agus treoirlínte neamhcheangailteacha chun tacú leis na Ballstáit eintitis chriticiúla a shainaithint.

Airteagal 7

Éifeacht shuaiteach shuntasach

1.   Agus an tábhacht a bhaineann le héifeacht shuaiteach dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (c), á déanamh amach ag na Ballstáit, cuirfidh siad na critéir seo a leanas san áireamh:

(a)

an líon úsáideoirí a bhíonn ag brath ar an tseirbhís fhíor-riachtanach a sholáthraíonn an t-eintiteas lena mbaineann;

(b)

a mhéid a bhraitheann earnálacha agus fo-earnálacha eile mar a leagtar amach san Iarscríbhinn iad ar an tseirbhís riachtanach atá i gceist;

(c)

an tionchar a d’fhéadfadh teagmhais a imirt, ó thaobh méide agus fad tréimhse de, ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus sochaíocha, ar an gcomhshaol, ar an tsábháilteacht agus ar an tslándáil phoiblí, nó ar shláinte an phobail;

(d)

an sciar den mhargadh atá ag an eintiteas sa mhargadh le haghaidh na seirbhíse riachtanaí nó na seirbhísí riachtanacha lena mbaineann;

(e)

an limistéar geografach a bhféadfadh teagmhas difear a dhéanamh dó, lena n-áirítear aon tionchar trasteorann, agus an leochaileacht a bhaineann leis an leibhéal leithlisithe de chineálacha áirithe ceantar geografach, amhail réigiúin oileánacha, réigiúin iargúlta nó ceantair shléibhe, á cur san áireamh;

(f)

an tábhacht a bhaineann leis an eintiteas maidir le leibhéal leordhóthanach na seirbhíse fíor-riachtanaí a choinneáil ar bun, agus an fháil a bheith ar mhodhanna malartacha chun an tseirbhís fhíor-riachtanach sin a sholáthar á cur san áireamh.

2.   Tar éis dóibh na heintitis chriticiúla a shainaithint faoi Airteagal 6 (1), cuirfidh gach Ballstát an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin gan moill mhíchuí:

(a)

liosta de sheirbhísí fíor-riachtanacha sa Bhallstát sin i gcás ina bhfuil aon seirbhísí fíor-riachtanacha breise ann i gcomparáid le liosta na seirbhísí fíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 5(1);

(b)

an líon eintiteas criticiúil a sainaithníodh i gcás gach earnála agus fo-earnála a leagtar amach san Iarscríbhinn, agus do gach seirbhís fhíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 5(1);

(c)

aon tairseacha a cuireadh i bhfeidhm chun ceann amháin nó níos mó de na critéir i mír 1 a shonrú.

Féadfar tairseacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), a chur i láthair sa cháil sin nó i bhfoirm chomhiomlánaithe.

Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin nuair is gá agus ar a laghad gach 4 bliana.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil dá dtagraítear in Airteagal 19, treoirlínte neamhcheangailteacha a ghlacadh chun cur i bhfeidhm na gcritéar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a éascú, agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo á cur san áireamh.

Airteagal 8

Eintitis chriticiúla in earnálacha na baincéireachta, an bhonneagair margaidh airgeadais agus an bhonneagair dhigitigh

Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag Airteagal 11 ná ag Caibidlí III, IV agus VI maidir le heintitis chriticiúla shainaitheanta sna hearnálacha a leagtar amach i bpointí 3, 4 agus 8 den tábla san Iarscríbhinn. Féadfaidh na Ballstáit forálacha an dlí náisiúnta a ghlacadh nó a choinneáil chun leibhéal níos airde athléimneachta a bhaint amach le haghaidh na n-eintiteas criticiúil sin ar choinníoll go bhfuil na forálacha sin comhsheasmhach le dlí an Aontais is infheidhme.

Airteagal 9

Údaráis inniúla agus pointí teagmhála aonair

1.   Ainmneoidh nó bunóidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as na rialacha a leagtar amach sa Treoir seo a chur i bhfeidhm i gceart agus, i gcás inar gá, a fhorfheidhmiú ar an leibhéal náisiúnta.

A mhéid a bhaineann leis na heintitis chriticiúla sna hearnálacha a leagtar amach i bpointí 3 agus 4 den tábla san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, is iad na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2022/2554 a bheidh ina n-údaráis inniúla, i bprionsabal. A mhéid a bhaineann leis na heintitis chriticiúla san earnáil a leagtar amach i bpointe 8 den tábla san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, is iad na húdaráis inniúla faoi Airteagal 8 de Threoir (AE) 2022/2555 a bheidh ina n-údaráis inniúla i bprionsabal. Féadfaidh na Ballstáit údarás inniúil éagsúil a ainmniú do na hearnálacha sin a leagtar amach i bpointí 3, 4 agus 8 den tábla san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo i gcomhréir leis na creataí náisiúnta atá ann cheana.

I gcás ina n-ainmneoidh nó ina mbunóidh na Ballstáit níos mó ná údarás inniúil amháin, leagfaidh siad amach go soiléir cúraimí sonracha gach -údaráis lena mbaineann, agus áiritheoidh siad go n-oibreoidh siad i gcomhar go héifeachtach chun a gcuid cúraimí faoin Treoir seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear cúraimí maidir le hainmniú agus gníomhaíochtaí an phointe teagmhála aonair dá dtagraítear i mír 2.

2.   Ainmneoidh nó bunóidh gach Ballstát aon phointe teagmhála aonair, chun feidhm idirchaidrimh a fheidhmiú chun críche comhar trasteorann a áirithiú le pointí teagmhála aonair na mBallstát eile agus leis an nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil dá dtagraítear in Airteagal 19 (“pointe teagmhála aonair”). I gcás inarb ábhartha, ainmneoidh Ballstát a phointe teagmhála aonair laistigh d’údarás inniúil. I gcás inarb ábhartha, féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh freisin go bhfeidhmeoidh a phointe teagmhála aonair feidhm idirchaidrimh leis an gCoimisiún agus go n-áiritheoidh sé comhar le tríú tíortha.

3.   Faoin 17 Iúil 2028, agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh na pointí teagmhála aonair tuarascáil achomair faoi bhráid an Choimisiúin agus an Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil dá dtagraítear in Airteagal 19 maidir leis na fógraí a fuarthas, lena n-áirítear an líon fógraí, cineál na dteagmhas ar tugadh fógra ina leith agus na bearta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 15(3).

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil, teimpléad tuairiscithe comhchoiteann a fhorbairt. Féadfaidh na húdaráis inniúla an teimpléad tuairiscithe sin a úsáid, ar bhonn deonach, chun tuarascálacha achoimre dá dtagraítear sa chéad fhomhír a thíolacadh.

4.   Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na cumhachtaí agus na hacmhainní leordhóthanacha airgeadais, daonna agus teicniúla ag a údarás inniúil agus ag an bpointe teagmhála aonair, chun na cúraimí a shannfar dóibh a chur i gcrích ar bhealach éifeachtach éifeachtúil.

5.   Áiritheoidh gach Ballstát go rachaidh a údarás inniúil, nuair is iomchuí agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, i gcomhairle le húdaráis náisiúnta ábhartha eile agus go n-oibreoidh siad i gcomhar leo, lena n-áirítear na húdaráis sin a bhfuil an chosaint shibhialta, forfheidhmiú an dlí agus cosaint sonraí pearsanta mar chúraimí orthu, agus le heintitis chriticiúla agus páirtithe leasmhara ábhartha.

6.   Áiritheoidh gach Ballstát go n-oibreoidh a údarás inniúil faoin Treoir seo i gcomhar le, húdaráis inniúla faoi Threoir (AE) 2022/2555, agus go ndéanann sé faisnéis a mhalartú leo i dtaca le rioscaí cibearshlándála, cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais agus rioscaí, bagairtí teagmhais, nach bhfuil cibirghné ag baint leo, a dhéanann difear d’eintitis chriticiúla, lena n-áirítear i dtaca le bearta ábhartha arna ndéanamh ag a údaráis inniúla arna n-ainmniú faoin Treoir seo agus faoi Threoir (AE) 2022/2555.

7.   Laistigh de 3 mhí ón údarás inniúil agus an pointe teagmhála aonair a ainmniú nó a bhunú, tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi chéannacht an údaráis inniúil agus an phointe theagmhála aonair sin mar aon faoina gcuid cúraimí agus freagrachtaí faoin Treoir seo, a gcuid sonraí teagmhála agus aon athrú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin. Cuirfidh na ballstáit an Choimisiún ar an eolas i gcás ina gcinnfidh na Ballstáit údaráis eile seachas na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, a ainmniú mar na húdaráis inniúla i ndáil leis na heintitis chriticiúla sna hearnálacha a leagtar amach i bpointí 3, 4 agus 8 den tábla san Iarscríbhinn. Déanfaidh gach Ballstát an t-údarás inniúil agus an pointe teagmhála aonair a d’ainmnigh siad a phoibliú.

8.   Cuirfidh an Coimisiún liosta de na pointí teagmhála aonair ar fáil go poiblí..

Airteagal 10

Tacaíocht ó na Ballstáit do na heintitis chriticiúla

1.   Tacóidh na Ballstáit le heintitis chriticiúla chun a n-athléimneachta a fheabhsú. D’fhéadfadh a bheith san áireamh sa tacaíocht sin ábhair threoracha agus modheolaíochtaí treoracha a fhorbairt, tacú le cleachtaí a eagrú chun an athléimneacht a thástáil, agus comhairle agus oiliúint a chur ar fáil do bhaill foirne eintiteas criticiúil. Gan dochar do na rialacha maidir le Státchabhair, féadfaidh na Ballstáit acmhainní airgeadais a sholáthar d’eintitis chriticiúla, i gcás inar gá sin agus ina bhfuil údar cuí leo de bharr cuspóirí a bhaineann le leas an phobail.

2.   Áiritheoidh gach Ballstát go n-oibreoidh a húdarás inniúil i gcomhar le heintitis chriticiúla na n-earnálacha a leagtar amach san Iarscríbhinn agus go malartóidh siad faisnéis agus dea-chleachtais leo.

3.   Éascóidh na Ballstáit malartú faisnéise deonach idir eintitis chriticiúla i ndáil le hábhair a chumhdaítear leis an Treoir seo, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta maidir le faisnéis íogair rúnaicmithe, iomaíochas agus cosaint sonraí pearsanta go háirithe.

Airteagal 11

Comhar idir na Ballstáit

1.   Nuair is iomchuí, rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le chéile maidir le heintitis chriticiúla chun an Treoir a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach. Beidh na comhairliúcháin sin ar siúl go háirithe maidir le heintitis chriticiúla:

(a)

a úsáideann bonneagar criticiúil atá nasctha go fisiceach idir dhá Bhallstát nó níos mó;

(b)

atá mar chuid de struchtúir chorparáideacha atá nasctha le heintitis chriticiúla i mBallstáit eile;

(c)

a sainaithníodh iad mar eintitis chriticiúla i mBallstát amháin agus chuireann seirbhísí fíor-riachtanacha ar fáil do Bhallstáit eile nó i mBallstáit eile.

2.   Beidh sé d’aidhm ag na comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 1 feabhas a chur ar athléimneacht na n-eintiteas criticiúil agus, i gcás inar féidir, an t-ualach riaracháin orthu a laghdú.

CAIBIDIL III

ATHLÉIMNEACHT EINTITEAS CRITICIÚIL

Airteagal 12

Measúnú riosca a dhéanfaidh eintitis chriticiúla

1.   D’ainneoin an spriocdháta a leagtar amach in Airteagal 6(3), an dara fomhír, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh eintitis chriticiúla measúnú riosca laistigh de 9 mí ón bhfógra dá dtagraítear in Airteagal 6(3) a fháil, agus i gcás inar gá dá éis sin, agus gach ceithre bliana ar a laghad, ar bhonn measúnuithe riosca na mBallstát agus foinsí faisnéise ábhartha eile, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar na rioscaí ábhartha uile a d’fhéadfadh soláthar a gcuid seirbhísí fíor-riachtanacha a shuaitheadh (“measúnú riosca eintitis chriticiúil”).

2.   Áireofar i measúnuithe riosca eintitis chriticiúil na rioscaí ábhartha nádúrtha agus de dhéantús an duine a d’fhéadfadh teagmhas a bheith ann dá dtoradh, lena n-áirítear iad siúd de chineál trasearnála nó trasteorann, tionóiscí, tubaistí nádúrtha, éigeandálaí sláinte poiblí agus bagairtí hibrideacha agus bagairtí eascairdiúla eile, lena n-áirítear cionta sceimhlitheoireachta dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/541. Cuirfear san áireamh i measúnú riosca eintitis chriticiúil a mhéid a bhraitheann earnálacha eile a leagtar amach san Iarscríbhinn ar an tseirbhís fhíor-riachtanach agus a mhéid a bhraitheann an t-eintiteas criticiúil ar sheirbhísí riachtanacha arna soláthar ag eintitis eile in earnálacha eile den sórt sin, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, i mBallstáit chomharsanachta agus i dtríú tíortha.

I gcás ina bhfuil measúnuithe riosca déanta ag eintiteas criticiúil nó ina bhfuil doiciméid tarraingthe suas aige de bhun oibleagáidí a leagtar amach i ngníomhartha dlí eile atá ábhartha dá mheasúnú riosca eintitis chriticiúil, féadfaidh sé na measúnuithe agus na doiciméid sin a úsáid chun na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo a chomhlíonadh. Agus a fheidhmeanna maoirseachta á bhfeidhmiú aige, féadfaidh an t-údarás inniúil a dhearbhú maidir le measúnú riosca atá ann cheana arna dhéanamh ag eintiteas criticiúil agus lena dtugtar aghaidh ar rioscaí agus méid na spleáchas dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, go gcomhlíonann sé na hoibleagáidí faoin Airteagal seo go hiomlán nó go páirteach.

Airteagal 13

Bearta athléimneachta de chuid eintiteas criticiúil

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na heintitis chriticiúla bearta teicniúla, slándála agus eagraíochtúla atá iomchuí agus comhréireach chun a n-athléimneacht a áirithiú, bunaithe ar an bhfaisnéis ábhartha arna soláthar ag na Ballstáit maidir leis an measúnú riosca Ballstáit agus maidir le torthaí an mheasúnuithe riosca eintitis chriticiúil, lena n-áirítear na bearta riachtanacha chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

teagmhais a chosc ó tharlú, agus aird chuí á tabhairt ar laghdú rioscaí tubaiste agus bearta oiriúnaithe don athrú aeráide;

(b)

cosaint fhisiceach leordhóthanach a áirithiú ar a n-áitreabh agus ar a mbonneagar criticiúil, agus aird chuí á tabhairt ar fhálú, bacainní, uirlisí agus gnáthaimh faireacháin imlíne, trealamh braite agus rialuithe rochtana;

(c)

iarmhairtí teagmhas a chomhrac agus a mhaolú agus freagairt orthu, agus aird chuí á tabhairt ar nósanna imeachta agus prótacail um rioscaí agus um bainistíocht géarchéime agus gnáthaimh foláirimh a chur chun feidhme;

(d)

téarnamh ó theagmhais, agus aird chuí á tabhairt ar bhearta leanúnachais gnó agus slabhraí soláthair malartacha a shainaithint, chun soláthar na seirbhíse fíor-riachtanaí a atosú;

(e)

bainistíocht leormhaith ar shlándáil i leith fostaithe a áirithiú, agus aird chuí á tabhairt ar bhearta amhail catagóirí pearsanra a leagan amach a fheidhmíonn feidhmeanna criticiúla, cearta rochtana ar áitreabh, ar bhonneagar criticiúil agus ar fhaisnéis íogair a bhunú, nósanna imeachta grinnfhiosrúcháin le haghaidh seiceálacha cúlra a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 14 agus catagóirí na ndaoine ar gá dóibh dul faoi sheiceálacha cúlra den sórt sin a ainmniú, agus ceanglais oiliúna agus cáilíochtaí iomchuí a leagan síos;

(f)

feasacht a mhúscailt maidir leis na bearta dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) i measc an phearsanra ábhartha, agus aird chuí á tabhairt ar chúrsaí oiliúna, ábhair faisnéise agus ar chleachtais.

Chun críocha na céad fhomhíre, pointe (e), áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh eintitis chriticiúla pearsanra na soláthraithe seirbhíse seachtracha san áireamh agus catagóirí pearsanra a fheidhmíonn feidhmeanna criticiúla á leagan amach acu.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh eintitis chriticiúla plean athléimneachta ar bun, nó doiciméad nó doiciméid atá coibhéiseach le plean athléimneachta, agus go gcuirfidh siad i bhfeidhm iad, ar plean nó doiciméad é ina dtabharfar tuairisc ar na bearta de bhun mhír 1. I gcás ina bhfuil doiciméid tarraingthe suas ag eintitis chriticiúla nó bearta déanta acu de bhun oibleagáidí a leagtar amach i ngníomhartha dlí eile atá ábhartha do na bearta dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh siad na doiciméid agus na bearta sin a úsáid chun na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo a chomhlíonadh. Agus a fheidhmeanna maoirseachta á bhfeidhmiú aige, féadfaidh an t-údarás inniúil a dhearbhú maidir le bearta feabhsaithe athléimneachta atá ann cheana de chuid eintitis chriticiúil agus lena dtugtar aghaidh ar na bearta teicniúla, slándála agus eagraíochtúla dá dtagraítear i mír 1, go gcomhlíonann siad oibleagáidí an Airteagail seo go páirteach nó go hiomlán.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gach eintiteas criticiúil oifigeach idirchaidrimh nó a choibhéis a ainmniú mar an phointe teagmhála leis na húdaráis inniúla.

4.   Arna iarraidh sin do Bhallstát a shainaithin an t-eintiteas criticiúil agus le comhaontú an eintitis chriticiúil lena mbaineann, eagróidh an Coimisiún misin chomhairleacha, i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 18(6), (8) agus (9), chun comhairle a chur ar fáil don eintiteas criticiúil lena mbaineann maidir lena gcuid oibleagáidí faoi Chaibidil III a chomhlíonadh. Déanfaidh an misean comhairleach na torthaí a thuairisciú don Choimisiún, don Bhallstát sin agus don eintiteas criticiúil lena mbaineann.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil dá dtagraítear in Airteagal 19, treoirlínte neamhcheangailteacha a ghlacadh chun sonrú breise a dhéanamh ar na bearta teicniúla, slándála agus eagraíochtúla gur féidir a dhéanamh de bhun mhír 1 den Airteagal seo.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na sonraíochtaí teicniúla agus modheolaíochta riachtanacha a leagan amach a bhaineann le cur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

Airteagal 14

Seiceálacha cúlra

1.   Sonróidh na Ballstáit na coinníollacha faoina gceadaítear d’eintiteas criticiúil, i gcásanna cuí-réasúnaithe agus an measúnú riosca Ballstáit á chur san áireamh, iarrataí ar sheiceálacha cúlra a chur isteach maidir le daoine:

(a)

a bhfuil róil íogaire acu san eintiteas criticiúil nó chun tairbhe an eintitis chriticiúil, go háirithe i ndáil le hathléimneacht an eintitis chriticiúil;

(b)

atá údaraithe rochtain dhíreach nó chianrochtain a bheith acu ar a áitreabh, ar fhaisnéis nó ar chórais rialaithe lena n-áirítear i dtaca le slándáil an eintitis chriticiúil;

(c)

atá á meas le haghaidh earcaíochta do phoist a thagann faoi na critéir a leagtar amach i bpointí (a) nó (b).

2.   Déanfar Iarrataí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a mheasúnú laistigh de thréimhse ama réasúnta agus próiseálfar iad i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis na nósanna imeachta náisiúnta, agus le dlí ábhartha agus infheidhme an Aontais, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37). Beidh na seiceálacha cúlra comhréireach agus teoranta go docht don mhéid is gá. Déanfar iad chun meastóireacht a dhéanamh ar riosca slándála a d’fhéadfadh a bheith ann don eintiteas criticiúil lena mbaineann agus chun na críche sin amháin.

3.   Leis an tseiceáil chúlra dá dtagraítear i mír 1, déanfar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

céannacht an duine is ábhar don tseiceáil chúlra a chomhthacú;

(b)

taifid choiriúla an duine sin a sheiceáil, a mhéid a bhaineann le ciontuithe a bheadh ábhartha do phost sonrach;

Agus seiceálacha cúlra á ndéanamh acu, úsáidfidh na Ballstáit an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i gCinneadh Réime 2009/315/CGB agus, i gcás inarb ábhartha agus inarb infheidhme, Rialachán (AE) 2019/816 chun faisnéis a fháil as taifid choiriúla atá i seilbh Ballstát eile. Na húdaráis láir dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Chinneadh Réime 2009/315/CGB agus in Airteagal 3, pointe (5), de Rialachán (AE) 2019/816, tabharfaidh siad freagraí ar iarrataí ar fhaisnéis den sórt sin laistigh de 10 lá oibre ón dáta a fuarthas an iarraidh, i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Chinneadh Réime 2009/315/CGB.

Airteagal 15

Fógra faoi theagmhais

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh eintitis chriticiúla fógra don údarás inniúil, gan moill mhíchuí, faoi theagmhais a shuaitheann go mór a n-oibríochtaí nó a d’fhéadfadh soláthar a gcuid seirbhísí fíor-riachtanacha a shuaitheadh go mór. Áiritheoidh na Ballstáit, mura rud é nach bhfuil siad in ann déanamh amhlaidh go hoibríochtúil, go tabharfaidh eintitis chriticiúla fógra tosaigh tráth nach deanaí ná 24 uair an chloig tar éis dóibh fáil amach faoi theagmhas, mar aon le tuairisc mhionsonraithe dá éis sin tráth nach déanaí ná aon mhí amháin ina dhiaidh sin, i gcás inarb ábhartha. Chun a shuntasaí atá an suaitheadh a chinneadh, cuirfear na paraiméadair seo a leanas, go háirithe, san áireamh:

(a)

líon agus sciar na n-úsáideoirí a ndearna an suaitheadh difear dóibh;

(b)

ré an tsuaite;

(c)

an limistéar geografach a ndearna an suaitheadh difear dó, agus á chur san áireamh cibé an bhfuil an ceantar sin iargúlta go geografach.

I gcás tionchar suntasach a bheith ag teagmhas, nó ina bhféadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar leanúnachas sholáthar na seirbhísí fíor-riachtanacha do sé Bhallstát nó níos mó nó in sé bhallstát nó níos mó, tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoin teagmhas sin.

2.   Áireofar sna fógraí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, aon fhaisnéis atá ar fáil atá riachtanach chun an t-údarás inniúil a chumasú chun tuiscint a bheith aige ar an gcineál teagmhais atá ann, ar an gcúis a bhí leis agus ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith leis, lena n-áirítear aon fhaisnéis atá ar fáil atá riachtanach chun aon tionchar trasteorann a bheidh ag an teagmhas a chinneadh. Le fógraí den sórt sin, ní bheidh an t-eintiteas criticiúil faoi réir dliteanas méadaithe.

3.   Ar bhonn na faisnéise a chuir eintiteas criticiúil ar fáil i bhfógra dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha, tríd an bpointe teagmhála aonair, pointe teagmhála aonair na mBallstát eile dá ndéantar difear a chur ar an eolas i gcás ina bhfuil tionchar suntasach ag an teagmhas nó ina bhféadfadh sé go mbeadh tionchar suntasach aige ar eintitis chriticiúla agus ar leanúnachas an tsoláthair seirbhísí fíor-riachtanacha i mBallstát amháin eile nó do Bhallstát amháin eile nó níos mó.

Pointí teagmhála aonair a mbíonn faisnéis á seoladh agus á fáil acu de bhun na chéad fhomhíre, déanfaidh siad, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, an fhaisnéis a láimhseáil ar mbhealach trína n-urramófar rúndacht na faisnéise sin agus trína gcosnófar slándáil agus leasanna tráchtála an eintitis chriticiúil lena mbaineann.

4.   A luaithe is féidir tar éis dó fógra a fháil dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an t-eintiteas inniúil lena mbaineann faisnéis ábhartha leantach don eintiteas criticiúil lena mbaineann, lena n-áirítear faisnéis a d’fhéadfadh tacú le freagairt éifeachtach an eintitis chriticiúil sin ar an teagmhas i dtrácht. Cuirfidh na Ballstáit an pobal ar an eolas i gcás ina gcinneann siad gurbh é leas an phobail é sin a dhéanamh.

Airteagal 16

Caighdeáin

Chun cur chun feidhme cóineasaithe na Treorach seo a chur chun cinn, déanfaidh na Ballstáit, i gcás ina mbeidh sé úsáideach agus gan forchur nó idirdhealú a dhéanamh i bhfabhar cineál áirithe teicneolaíochta a úsáid, úsáid caighdeán Eorpach agus caighdeán idirnáisiúnta agus sonraíochtaí teicniúla atá ábhartha do na bearta slándála agus athléimneachta is infheidhme maidir le heintitis chriticiúla a spreagadh.

CAIBIDIL IV

EINTITIS CHRITICIÚLA A BHFUIL TÁBHACHT EORPACH AR LEITH AG BAINT LEO

Airteagal 17

Na heintitis chriticiúla a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leo a shainaithint

1.   Measfar eintiteas a bheith ina eintiteas criticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis nuair is fíor an méid seo a leanas maidir leis:

(a)

sainaithníodh é mar eintiteas criticiúil de bhun Airteagal 6(1);

(b)

go soláthraíonn sé na seirbhísí fíor-riachtanacha céanna nó seirbhísí riachtanacha comhchosúla do shé Bhallstát nó níos mó nó i sé Bhallstát nó níos mó; agus

(c)

gur tugadh fógra dó de bhun mhír 3 den Airteagal seo.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh eintiteas criticiúil, tar éis an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 6(3), a údarás inniúil ar an eolas i gcás ina sholáthraíonn sé seirbhísí fíor-riachtanacha do shé Bhallstát nó níos mó ná sin nó i sé Bhallstát nó níos mó. Sa chás sin, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an t-eintiteas criticiúil a údarás inniúil ar an eolas faoi na seirbhísí fíor-riachtanacha a sholáthraíonn sé do na Ballstáit sin nó sna Ballstáit sin agus faoi na Ballstáit dá soláthraíonn sé nó ina soláthraíonn sé na seirbhísí fíor-riachtanacha sin. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, gan moill mhíchuí, faoi chéannacht eintiteas criticiúil den sórt sin agus faoin bhfaisnéis a sholáthraíonn siad faoin mír seo.

Rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le húdarás inniúil an Bhallstáit a shainaithin eintiteas criticiúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, údarás inniúil Ballstát eile lena mbaineann agus leis an eintiteas criticiúil i dtrácht. Le linn na gcomhairliúchán sin, cuirfidh gach Ballstát in iúl don Choimisiún i gcás ina measann sé gur seirbhísí fíor-riachtanacha iad na seirbhísí a sholáthraíonn an t-eintiteas criticiúil don Bhallstát sin.

3.   Má shuíonn an Coimisiún, ar bhonn na gcomhairliúchán dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, go soláthraíonn an t-eintiteas criticiúil lena mbaineann seirbhísí fíor-riachtanacha do shé Bhallstát nó níos mó nó in sé Bhallstát nó níos mó, tabharfaidh an Coimisiún fógra don eintiteas criticiúil sin, trína údarás inniúil, go meastar gur eintiteas criticiúil é a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith a bheith ag baint leis, agus cuirfidh sé an t-eintiteas criticiúil sin ar an eolas faoina oibleagáidí faoin gCaibidil seo agus faoin dáta óna mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí sin maidir leis. A luaithe a chuirfidh an Coimisiún an t-údarás inniúil ar an eolas faoina chinneadh eintiteas criticiúil a mheas mar eintiteas criticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis, cuirfidh an t-údarás inniúil an fógra sin ar aghaidh chuig an eintiteas criticiúil sin gan moill mhíchuí.

4.   Beidh feidhm ag an Caibidil seo maidir leis an eintiteas criticiúil lena mbaineann a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis ón dáta a fhaightear an fógra dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

Airteagal 18

Misin chomhairleacha

1.   Arna iarratas sin do Bhallstát a shainaithin eintiteas criticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis mar eintiteas criticiúil de bhun Airteagal 6(1), eagróidh an Coimisiún misean comhairleach chun measúnú a dhéanamh ar na bearta atá curtha i bhfeidhm ag an eintiteas criticiúil chun a oibleagáidí faoi Chaibidil III a chomhlíonadh.

2.   Ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát amháin nó níos mó dá soláthraítear an tseirbhís fhíor-riachtanach nó ina soláthraítear an tseirbhís fhíor-riachtanach, ar choinníoll go gcomhaontaíonn an Ballstát a shainaithin eintiteas criticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis mar eintiteas criticiúil de bhun Airteagal 6(1) amhlaidh, eagróidh an Coimisiún misean comhairleach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.   Ar iarraidh réasúnaithe a fháil ón gCoimisiún nó ó Bhallstát amháin nó níos mó dá soláthraítear an tseirbhís fhíor-riachtanach nó ina soláthraítear an tseirbhís fhíor-riachtanach, déanfaidh an Ballstát a shainaithin eintiteas criticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis mar eintiteas criticiúil de bhun Airteagal 6(1) an méid a leanas a chur ar fáil don Choimisiún:

(a)

codanna ábhartha an mheasúnaithe riosca eintitis chriticiúil;

(b)

liosta na mbeart ábhartha a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 13;

(c)

gníomhaíochtaí maoirseachta nó forfheidhmiúcháin, lena n-áirítear measúnuithe ar chomhlíonadh nó orduithe arna n-eisiúint, atá déanta ag a údarás inniúil de bhun Airteagail 21 agus 22 i dtaca leis an eintiteas criticiúil sin.

4.   Déanfaidh an misean comhairleach na torthaí a thuairisciú don Choimisiún, don Bhallstát a shainaithin an t-eintiteas criticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis mar eintiteas criticiúil de bhun Airteagal 6(1), do na Ballstáit dá soláthraítear an tseirbhís fhíor-riachtanach nó ina soláthraítear an tseirbhís fhíor-riachtanach agus don eintiteas criticiúil lena mbaineann laistigh de 3 mhí tar éis an misean comhairleach a thabhairt i gcrích.

Déanfaidh na Ballstáit dá soláthraítear an tseirbhís fhíor-riachtanach nó ina soláthraítear an tseirbhís fhíor-riachtanach anailís ar an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus, i gcás inar gá, cuirfidh siad comhairle ar an gCoimisiún i dtaobh an gcomhlíonann an t-eintiteas criticiúil lena mbaineann a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis a chuid oibleagáidí faoi Chaibidil III agus, i gcás inarb iomchuí, i dtaobh na mbeart a d’fhéadfaí a dhéanamh chun athléimneacht an eintitis chriticiúil sin a fheabhsú.

Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na comhairle dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo, a thuairim a chur in iúl don Bhallstát a shainaithin eintiteas criticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis mar eintiteas criticiúil de bhun Airteagal 6(1), do na Ballstáit dá soláthraítear an tseirbhís fhíor-riachtanach nó ina soláthraítear an tseirbhís fhíor-riachtanach agus don eintiteas criticiúil sin i dtaobh an gcomhlíonann an t-eintiteas criticiúil sin a chuid oibleagáidí faoi Chaibidil III agus, i gcás inarb iomchuí, i dtaobh na mbeart a d’fhéadfaí a dhéanamh chun athléimneacht an eintitis chriticiúil sin a fheabhsú.

Áiritheoidh an Ballstát a shainaithin eintiteas criticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis mar eintiteas criticiúil de bhun Airteagal 6(1) go dtabharfaidh a údarás inniúil agus an t-eintiteas criticiúil lena mbaineann aird chuí ar an tuairim dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo agus go soláthróidh siad faisnéis don Choimisiún agus do na Ballstáit dá soláthraítear an tseirbhís fhíor-riachtanach nó ina soláthraítear an tseirbhís fhíor-riachtanach faoi na bearta atá déanta aige de bhun na tuairime sin.

5.   Is iad saineolaithe ón Bhallstát ina bhfuil an t-eintiteas criticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis lonnaithe, saineolaithe ó na Ballstáit dá soláthraítear an tseirbhís fhíor-riachtanach nó ina soláthraítear an tseirbhís fhíor-riachtanach, agus ionadaithe ón gCoimisiún a bheidh ar gach misean comhairleach. Féadfaidh na Ballstáit sin iarrthóirí a mholadh le bheith ina gcuid de mhisean comhairleach. Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBallstát a shainaithin eintiteas criticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis mar eintiteas criticiúil de bhun Airteagal 6(1), comhaltaí gach misin chomhairligh a roghnú agus a cheapadh i gcomhréir lena n-acmhainneacht ghairmiúil agus áiritheoidh sé, a mhéid is féidir, ionadaíocht chothrom ó thaobh geografaíochta de ó na Ballstáit sin go léir. Beidh imréiteach slándála bailí iomchuí ag comhaltaí an mhisin chomhairligh nuair is gá sin. Is é an Coimisiún a sheasfaidh na costais a bhainfidh le rannpháirtíocht sa mhisean comhairleach.

Eagróidh an Coimisiún clár gach misin chomhairligh, i gcomhairle le comhaltaí an mhisin chomhairligh i dtrácht agus i gcomhaontú leis an mBallstát a shainaithin eintiteas criticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis mar eintiteas criticiúil de bhun Airteagal 6(1).

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha maidir leis na socruithe nós imeachta chun iarrataí ar mhisin chomhairleacha a eagrú, chun misin chomhairleacha a láimhseáil, chun misin chomhairleacha a sheoladh agus a thuairisciú agus chun an chumarsáid maidir leis an tuairim ón gCoimisiún dá dtagraítear sa ceathrú mír, an tríú fomhír, den Airteagal seo agus maidir leis na bearta arna ndéanamh, a láimhseáil, agus rúndacht agus íogaireacht tráchtála na faisnéise lena mbaineann á gcur san áireamh go cuí. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

7.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na heintitis chriticiúla a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leo rochtain do na misin chomhairleacha ar fhaisnéis, córais agus saoráidí a bhaineann le soláthar a sheirbhísí fíor-riachtanacha, nithe a bhfuil gá leo chun an misean comhairleach lena mbaineann a chur i gcrích.

8.   Cuirfear misin chomhairleacha i gcrích i gcomhréir le dlí náisiúnta is infheidhme an Bhallstáit ina dtarlaíonn siad, agus urraim á tabhairt d’fhreagracht an Bhallstáit sin as an tslándáil náisiúnta agus as a leasanna slándála a chosaint.

9.   Agus na misin chomhairleacha á n-eagrú ag an gCoimisiún, cuirfidh sé san áireamh na tuarascálacha ó aon chigireachtaí atá déanta aige faoi Rialacháin (CE) Uimh. 725/2004 agus (CE) Uimh. 300/2008 agus na tuarascálacha ó aon fhaireacháin atá déanta aige faoi Threoir 2005/65/CE i ndáil leis an eintiteas criticiúil lena mbaineann.

10.   Cuirfidh an Coimisiún an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil dá dtagraítear in Airteagal 19 ar an eolas aon uair a eagrófar misean comhairleach. Cuirfidh an Ballstát ina tharla an misean comhairleach agus an Coimisiún an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil ar an eolas freisin faoi phríomhthorthaí an mhisin chomhairligh agus faoi na ceachtanna a foghlaimíodh d’fhonn foghlaim fhrithpháirteach a chur chun cinn.

CAIBIDIL V

COMHAR AGUS TUAIRISCIÚ

Airteagal 19

An Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil

1.   Bunaítear leis seo Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil. Tacóidh an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil leis an gCoimisiún agus éascóidh sé comhar idir na Ballstáit agus malartú faisnéise maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an Treoir seo.

2.   Is ionadaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún a bhfuil imréiteach slándála acu, i gcás inarb iomchuí, a bheidh sa Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil. I gcás inarb ábhartha chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh, féadfaidh an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil a iarraidh ar gheallsealbhóirí ábhartha páirt a ghlacadh ina chuid oibre. Arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do shaineolaithe ó Pharlaimint na hEorpa freastal ar chruinnithe den Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil.

Is ionadaí ón gCoimisiún a bheidh ina chathaoirleach ar an nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil.

3.   Beidh na cúraimí seo a leanas ar an nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil:

(a)

tacú leis an gCoimisiún cúnamh a thabhairt do na Ballstáit an acmhainneacht atá acu a threisiú maidir le hathléimneacht na n-eintiteas criticiúil a áirithiú i gcomhréir leis an Treoir seo;

(b)

anailís a dhéanamh ar na straitéisí chun na dea-chleachtais i ndáil leis na straitéisí a shainaithint;

(c)

malartú dea-chleachtas maidir le heintitis chriticiúla a shainaithint ag na Ballstáit de bhun Airteagal 6(1) a éascú, lena n-áirítear maidir le spleáchais trasteorann agus trasearnála agus maidir le rioscaí agus teagmhais;

(d)

i gcás inarb iomchuí, rannchuidiú maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an Treoir seo le doiciméid a bhaineann le hathléimneacht ar leibhéal an Aontais;

(e)

rannchuidiú le hullmhú na dtreoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 7(3) agus in Airteagal 13(5) agus, arna iarraidh sin, le hullmhú aon ghníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a glacadh de bhun na Treorach seo;

(f)

anailís a dhéanamh ar na tuarascálacha achoimre dá dtagraítear in Airteagal 9(3) d’fhonn comhroinnt dea-chleachtas a chur chun cinn maidir leis an ngníomhaíocht a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 15(3);

(g)

dea-chleachtais a mhalartú a bhaineann le fógra a thabhairt faoi theagmhais dá dtagraítear in Airteagal 15;

(h)

na tuarascálacha achoimre ó mhisin chomhairleacha agus na ceachtanna a foghlaimíodh i gcomhréir le hAirteagal 18(10);

(i)

faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le nuálaíocht, taighde agus forbairt a bhaineann le hathléimneacht na n-eintiteas criticiúil i gcomhréir leis an Treoir seo;

(j)

i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir le hábhair a bhaineann le hathléimneacht eintiteas criticiúil, a mhalartú le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais.

4.   Faoin 17 Eanáir 2025 agus gach 2 bhliain dá éis sin, bunóidh an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil clár oibre i dtaca le gníomhaíochtaí atá le déanamh chun a chuspóirí agus a chúraimí a chur chun feidhme. Beidh an clár oibre sin comhsheasmhach le ceanglais agus le cuspóirí na Treorach seo.

5.   Tiocfaidh an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil le chéile ar bhonn rialta agus in aon chás uair sa bhliain ar a laghad leis an nGrúpa Comhair arna bhunú faoi Threoir (AE) 2022/2555 chun comhar straitéiseach agus malartú faisnéise a chur chun cinn agus a éascú.

6.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos na socruithe nós imeachta riachtanacha le haghaidh fheidhmiú an Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil agus Airteagal 1(4) á urramú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

7.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil achomair maidir leis an bhfaisnéis a chuireann na Ballstáit ar fáil de bhun Airteagal 4(3) agus Airteagal 5(4) a chur ar fáil don Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil faoi 17 Eanáir 2027 agus nuair is gá ina dhiaidh sin, agus gach 4 bliana ar a laghad.

Airteagal 20

Tacaíocht ón gCoimisiún d’údaráis inniúla agus d’eintitis chriticiúla

1.   Tacóidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, leis na Ballstáit agus le heintitis chriticiúla a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh. Ullmhóidh an Coimisiún forléargas ar leibhéal an Aontais ar rioscaí trasteorann trasearnála a bhaineann le soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha, eagróidh sé misin chomhairleacha dá dtagraítear in Airteagal 13(4) agus Airteagal 18 agus éascóidh sé malartú faisnéise idir na Ballstáit agus saineolaithe ar fud an Aontais.

2.   Comhlánóidh an Coimisiún gníomhaíochtaí na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 10 trí dhea-chleachtais, ábhair threoracha agus modheolaíochtaí a fhorbairt, agus trí ghníomhaíochtaí oiliúna agus cleachtaí trasteorann chun athléimneacht eintiteas criticiúil a thástáil.

3.   Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi acmhainní airgeadais ar leibhéal an Aontais atá ar fáil do na Ballstáit chun athléimneacht eintiteas criticiúil a fheabhsú.

CAIBIDIL VI

MAOIRSEACHT AGUS FORFHEIDHMIÚ

Airteagal 21

Maoirseacht agus forfheidhmiú

1.   Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach sa n Treoir seo ag na heintitis a shainaithin na Ballstáit gur eintitis chriticiúla iad de bhun Airteagal 6(1), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí agus na modhanna ag na húdaráis inniúla chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar an mbonneagar criticiúil agus ar an áitreabh a úsáideann an t-eintiteas criticiúil chun a sheirbhísí fíor-riachtanacha a sholáthar, agus maoirseacht lasmuigh den láthair ar bhearta arna ndéanamh ag na n-eintiteas criticiúil i gcomhréir le hAirteagal 13;

(b)

iniúchtaí a dhéanamh nó a ordú i leith na n-eintiteas criticiúil sin.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí agus na modhanna ag na húdaráis inniúla chun a éileamh, i gcás inar gá sin chun a gcúraimí faoin Treoir seo a chomhlíonadh, go ndéanfaidh na heintitis faoi Threoir (AE) 2022/2555 arna sainaithint ag na Ballstáit mar eintitis chriticiúla faoin Treoir seo na nithe seo a leanas a sholáthar, laistigh de theorainn ama réasúnach a leagfaidh na húdaráis sin síos:

(a)

an fhaisnéis is gá chun a mheasúnú cibé an gcomhlíonann na bearta a rinne na heintitis sin chun a n-athléimneacht a áirithiú na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 13;

(b)

fianaise ar chur chun feidhme éifeachtach na mbeart sin, lena n-áirítear torthaí iniúchóireachta a dhéanfaidh iniúchóir cáilithe ar chostas an eintitis sin, ar iniúchóir é a roghnóidh an t-eintiteas.

Agus an fhaisnéis sin á héileamh acu, luafaidh na húdaráis inniúla cuspóir an cheanglais agus sonróidh siad an fhaisnéis is gá.

3.   Gan dochar don fhéidearthacht pionóis a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 22, féadfaidh na húdaráis inniúla, tar éis na ngníomhaíochtaí maoirseachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó tar éis an mheasúnaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2 den mhír seo, a ordú do na heintitis chriticiúla lena mbaineann na bearta comhréireacha a dhéanamh is gá chun aon sárú ar an Treoir seo a leigheas, laistigh de theorainn ama réasúnta a leagfaidh na húdaráis sin síos, agus go soláthróidh siad faisnéis do na húdaráis sin maidir leis na bearta arna ndéanamh. Cuirfear san áireamh sna horduithe sin, go háirithe, a thromchúisí is atá an sárú.

4.   Áiritheoidh an Ballstát nach bhféadfar na cumhachtaí dá bhforáiltear i míreanna 1, 2 agus 3 a fheidhmiú ach amháin faoi réir coimircí iomchuí. Leis na coimircí sin, ráthófar, go háirithe, go ndéanfar an feidhmiú sin ar bhealach oibiachtúil trédhearcach comhréireach agus go ndéanfar cearta agus leasanna dlisteanacha na n-eintiteas criticiúil lena mbaineann, amhail cosaint rún trádála agus gnó, a choimirciú go hiomchuí, lena n-áirítear a gceart chun éisteacht a fháil, a gceart chun cosaint a fháil agus a gceart chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirt neamhspleách.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéanann údarás inniúil faoin Treoir seo measúnú ar chomhlíontacht eintitis chriticiúil de bhun an Airteagail seo, go gcuirfidh an t-údarás inniúil sin údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann aoi Threoir (AE) 2022/2555 ar an eolas. Chun na críche sin, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leis na húdaráis inniúla faoin Treoir seo a iarraidh ar na húdaráis inniúla faoi Threoir (AE) 2022/2555 a gcumhachtaí maoirseachta agus forfheidhmithe a fheidhmiú i ndáil le heintiteas faoi raon feidhme na Treorach sin a sainaithníodh mar eintiteas criticiúil faoin Treoir seo. Chun na críche sin áiritheoidh na Ballstáit go n-oibreoidh na húdaráis inniúla faoin Treoir seo i gcomhar leis na húdaráis inniúla sin agus go malartóidh siad faisnéis leis na húdaráis inniúla faoi Threoir (AE) 2022/2555.

Airteagal 22

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar na bearta náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha agus na bearta sin faoin 17 Deireadh Fómhair 2024, agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

CAIBIDIL VII

GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 23

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 16 Eanáir 2023.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 5(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 24

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 25

Tuairisciú agus athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún, faoin 17 Iúil 2027, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a rinne gach Ballstát na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh.

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú tréimhsiúil ar fheidhmiú na Treorach seo, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin méid sin. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin, go háirithe, ar bhreisluach na Treorach seo, ar a thionchar maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil a áirithiú agus déanfar measúnú i dtaobh ar cheart an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir a mhodhnú. Tíolacfaidh an Coimisiún an chéad tuarascáil faoin 17 Meitheamh 2029. Chun críche tuairiscithe faoin Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún doiciméid ábhartha an Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil a chur san áireamh.

Airteagal 26

Trasuí

1.   Na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 17 Deireadh Fómhair 2024. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 18 Deireadh Fómhair 2024.

2.   Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta dá dtagraítear i mír 1, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

Airteagal 27

Treoir 2008/114/CE a aisghairm

Aisghairtear Treoir 2008/114/CE le héifeacht ón 18 Deireadh Fómhair 2024.

Déanfar tagairtí do na Treoracha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo.

Airteagal 28

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 29

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Nollaig 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO C 286, 16.7.2021, lch. 170.

(2)  IO C 440, 29.10.2021, lch. 99.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Samhain 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022.

(4)  Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair chriticiúla Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 75).

(5)  Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS 2) (féach leathanach 80 den Iris Oifigiúil seo).

(6)  Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal coiteann slándála do chórais gréasán agus faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO L 79 I, 21.3.2019, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

(11)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(12)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(13)  Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014,(AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slándáil long agus saoráidí calafoirt a fheabhsú (IO L 129, 29.4.2004, lch. 6).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (IO L 97, 9.4.2008, lch. 72).

(16)  Treoir 2005/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le slándáil calafoirt a fheabhsú (IO L 310, 25.11.2005, lch. 28).

(17)  Treoir 2008/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le sábháilteacht an bhonneagair bóthair a bhainistiú (IO L 319, 29.11.2008, lch. 59).

(18)  Cinneadh ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2018 lena mbunaítear Ardán an Aontais Eorpaigh maidir le Slándáil Paisinéirí Iarnróid 2018/C 232/03 (IO C 232, 3.7.2018, lch. 10).

(19)  Cinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le heagrú agus le hábhar an mhalartaithe faisnéise a bhaintear as an taifead coiriúil idir na Ballstáit (IO L 93, 7.4. 2009, lch. 23).

(20)  Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch.56).

(22)  Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).

(23)  Rialachán (AE) 2021/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí (IO L 251, 15.7.2021, lch. 94).

(24)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(25)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(26)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(27)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(28)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(29)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(30)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

(31)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(32)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle, agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

(33)  Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (IO L 280, 28.10.2017, lch. 1).

(34)  Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/89/CE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 1).

(35)  Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le measúnú agus bainistiú baol tuilte (IO L 288, 6.11.2007, lch. 27).

(36)  Treoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le rialú guaiseacha mórthionóiscí a bhaineann le substaintí contúirteacha, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 96/82/CE ón gComhairle (IO L 197, 24.7.2012, lch. 1).

(37)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).


IARSCRÍBHINN

Earnálacha, fo-earnálacha agus catagóirí eintiteas

Earnálacha

Fo-earnálacha

Catagóirí eintiteas

1.

Fuinneamh

(a)

Leictreachas

Gnóthais leictreachais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (57), de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), a dhéanann an fheidhm “soláthar” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (12), den Treoir sin

Oibreoirí córais dáileacháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (29), de Threoir (AE) 2019/944

Oibreoirí córais tarchurtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (35), de Threoir (AE) 2019/944

Táirgeoirí mar a shainmhínítear mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (38), de Threoir (AE) 2019/944

Oibreoirí ainmnithe sa mhargadh leictreachais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2)

 

 

Rannpháirtithe sa mhargadh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (25), de Rialachán (AE) 2019/943 lena soláthraítear comhbhailiú, freagairt ar éileamh nó seirbhísí stórála fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí (18), (20) agus (59), de Threoir (AE) 2019/944

(b)

Téamh agus fuarú ceantair

Oibreoirí téimh ceantair nó fuaraithe ceantair mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (19), de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3)

(c)

Ola

Oibreoirí píblínte tarchuir ola

Oibreoirí saoráidí táirgthe, scagtha agus cóireála ola, agus stórála agus tarchuir ola

Eintitis stocshealbhaíochta lárnacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (f), de Threoir 2009/119/CE ón gComhairle (4)

 

(d)

Gás

Gnóthais soláthair mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5)

Oibreoirí córais dáileacháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (6), de Threoir 2009/73/CE

Oibreoirí córais tarchurtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir 2009/73/CE

Oibreoirí córais stórála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Threoir 2009/73/CE

Oibreoirí córais GNL mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (12), de Threoir 2009/73/CE

Gnóthais gáis nádúrtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2009/73/CE

Oibreoirí saoráidí scagtha agus cóireála gáis nádúrtha

(e)

Hidrigin

Oibreoirí táirgthe, stórála agus tarchuir hidrigine

2.

Iompar

(a)

Aer

Aeriompróirí mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (4), de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 a úsáidtear chun críoch tráchtála

Comhlachtaí bainistithe aerfoirt mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir 2009/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), aerfoirt mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), den Treoir sin, lena n-áirítear na croí-aerfoirt a liostaítear i Roinn 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus eintitis a oibríonn suiteálacha coimhdeacha laistigh d’aerfoirt

Oibreoirí rialaithe bainistíochta tráchta a sholáthraíonn seirbhísí rialaithe aerthráchta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8)

 

(b)

Iarnród

Bainisteoirí bonneagair mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (2), de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9)

Gnóthais iarnróid mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir 2012/34/AE agus oibreoirí saoráidí seirbhíse mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (12), den Treoir sin

 

(c)

Uisce

Cuideachtaí iompair paisinéirí agus lasta d’uiscebhealaí intíre, ar muir agus cois cósta, mar a shainmhínítear i dtaca le hiompar muirí in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh 725/2004, gan na hárthaí aonair arna n-oibriú ag na cuideachtaí sin a áireamh

 

 

Comhlachtaí bainistithe calafoirt mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir 2005/65/CE, lena n-áirítear a saoráidí calafoirt mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 agus eintitis a oibríonn oibreacha agus trealamh atá laistigh de chalafoirt

Oibreoirí seirbhísí um thrácht árthaí (VTS) mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (o), de Threoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10)

 

(d)

Bóthar

Údaráis bóithre mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (12), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/962 (11) ón gCoimisiún atá freagrach as rialú bainistíochta tráchta, cé is moite d’eintitis phoiblí a bhfuil bainistiú tráchta nó oibriú córas cliste iompair ina gcuid neamhriachtanach dá ngníomhaíocht ghinearálta

Oibreoirí córas cliste iompair mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Threoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12)

 

(e)

iompar poiblí

Oibreoirí seirbhíse poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (d), de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

3.

Baincéireacht

 

Institiúidí creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

4.

Bonneagair mhargaidh airgeadais

 

Oibreoirí ionad trádála mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (24), de Threoir 2014/65/AE

Contrapháirtithe lárnacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

5.

Sláinte

 

Soláthraithe cúraim sláinte mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (g), de Threoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14)

Saotharlanna tagartha an Aontais mar a shainmhínítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2022/271 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15)

Eintitis a dhéanann gníomhaíochtaí taighde agus forbartha ar tháirgí íocshláinte mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (2), de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16)

 

 

Eintitis a mhonaraíonn táirgí cógaisíochta bunúsacha agus ullmhóidí cógaisíochta mar a shainmhínítear i roinn C, rannán 21 de NACE Rev. 2

Eintitis a mhonaraíonn feistí leighis a mheastar a bheith criticiúil le linn éigeandáil sláinte poiblí (“liosta feistí criticiúla na héigeandála sláinte poiblí”) de réir bhrí Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2022/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17)

Eintitis a bhfuil údarú dáileacháin acu mar a shainmhínítear in Airteagal 79 de Threoir 2001/83/CE

6.

Uisce óil

 

Soláthróirí agus dáileoirí uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1)(a), de Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), gan dáileoirí a áireamh a bhfuil dáileadh uisce lena thomhailt ag an duine ina chuid neamhriachtanach dá ngníomhaíocht ghinearálta a bhaineann le dáileadh tráchtearraí agus earraí eile

7.

Fuíolluisce

 

Gnóthais a bhailíonn, a dhiúscraíonn, nó a chóireálann fuíolluisce uirbeach, tí nó fuíolluisce tionsclaíoch mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí (1),(2) agus (3), de Threoir 91/271/CEE (19) ón gComhairle, gan gnóthais a áireamh nach bhfuil an bailiú, an diúscairt nó an chóireáil fuíolluisce uirbigh, fuíolluisce tí agus fuíolluisce thionsclaíoch ach ina gcuid neamhriachtanach dá ngníomhaíocht ghinearálta

8.

Bonneagar digiteach

 

Soláthraithe pointe malartaithe idirlín mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (18) de Threoir (AE) 2022/2555

Soláthraithe seirbhíse DNS mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (20) de Threoir (AE) 2022/2555, gan oibreoirí freastalaithe fréamhainmneacha a áireamh

Ainmneacha fearainn barrleibhéil mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (21) de Threoir (AE) 2022/2555

Soláthraithe seirbhísí néalríomhaireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (30) de Threoir (AE) 2022/2555

Soláthraithe seirbhísí lárionad sonraí mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (31) de Threoir (AE) 2022/2555

 

 

Soláthraithe gréasán soláthair ábhair mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (32) de Threoir (AE) 2022/2555

Soláthraithe seirbhísí iontaoibhe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (19), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20)

Soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21)

Soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí de réir bhrí Airteagal 2, pointe (4) de Threoir (AE) 2018/1972 a mhéid atá a seirbhísí ar fáil go poiblí

9.

Eintitis riaracháin phoiblí

 

Eintitis riaracháin phoiblí rialtas láir mar a shainmhíníonn na Ballstáit i gcomhréir leis an dlí náisiúnta

10.

Spás

 

Oibreoirí bonneagair ar talamh atá faoi úinéireacht na mBallstát nó páirtithe príobháideacha, atá á bhainistiú acu agus á oibriú acu agus a thacaíonn le soláthar seirbhísí spásbhunaithe, seachas soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Threoir (AE) 2018/1972

11.

Táirgeadh bia, próiseáil bia agus dáileadh bia

 

Gnólachtaí bia mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (2), de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) atá ag gabháil go heisiach do lóistíocht agus do dháileadh mórdhíola agus do tháirgeadh agus próiseáil thionsclaíoch ar mórscála


(1)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).

(2)  Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54).

(3)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(4)  Treoir 2009/119/CE ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2009 lena bhforchuirtear oibleagáid ar na Ballstáit stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choimeád (IO L 265, 9.10.2009, lch. 9).

(5)  Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).

(6)  Treoir 2009/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le muirir aerfoirt (IO L 70, 14.3.2009, lch. 11).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos creat chun aerspás Eorpach aonair a chruthú (an creat-Rialachán) (IO L 96, 31.3.2004, lch. 1).

(9)  Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).

(10)  Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht árthaí de chuid an Chomhphobail agus lena n-aisghairtear Treoir 93/75/CEE ón gComhairle (IO L 208, 5.8.2002, lch. 10).

(11)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/962 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2014 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar seirbhísí faisnéise taistil fíor-ama ar fud an Aontais (IO L 157, 23.6.2015, lch. 21).

(12)  Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le creat chun Córais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadain le modhanna eile iompair (IO L 207, 6.8.2010, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 1191/69 agus (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle (IO L 315, 3.12.2007, lch. 1).

(14)  Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45).

(15)  Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (IO L 314, 6.12.2022. lch. 26).

(16)  Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).

(17)  Rialachán (AE) 2022/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Eanáir 2022 maidir le ról atreisithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach in ullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna do tháirgí íocshláinte agus d’fheistí leighis (IO L 20, 31.1.2022, lch. 1).

(18)  Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine) (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1).

(19)  Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40).

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(21)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(22)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).


Top