EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022L0211

Treoir (AE) 2022/211 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh Réime 2002/465/CGB ón gComhairle, a mhéid a bhaineann lena ailíniú le rialacha an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint

PE/77/2021/REV/1

OJ L 37, 18.2.2022, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/211/oj

18.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 37/1


TREOIR (AE) 2022/211 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Feabhra 2022

lena leasaítear Cinneadh Réime 2002/465/CGB ón gComhairle, a mhéid a bhaineann lena ailíniú le rialacha an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 62(6) de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá an Coimisiún le hathbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhartha dlí arna nglacadh ag an Aontas, seachas an Treoir sin, lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta ag na húdaráis inniúla chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 1(1) den Treoir sin. Is é is cuspóir an athbhreithnithe sin measúnú a dhéanamh ar an ngá atá leis na gníomhartha dlí sin a ailíniú leis an Treoir sin agus chun na tograí is gá a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, chun iad a leasú d’fhonn cur chuige comhsheasmhach a áirithiú maidir le sonraí pearsanta a chosaint faoi raon feidhme na Treorach sin. De thoradh an athbhreithnithe sin, rinneadh Cinneadh Réime 2002/465/CGB ón gComhairle (3) a shainaithint mar cheann de na gníomhartha dlí atá le leasú.

(2)

Is é atá i gceist le próiseáil sonraí pearsanta faoi Chinneadh Réime 2002/465/CBG faisnéis ábhartha a phróiseáil, a mhalartú agus a úsáid ina dhiaidh sin chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 82 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Ar mhaithe le comhsheasmhacht agus cosaint éifeachtach sonraí pearsanta, ba cheart Treoir (AE) 2016/680 a chomhlíonadh le próiseáil sonraí pearsanta faoi Chinneadh Réime 2002/465/CGB. Ba cheart é a bheith indéanta sonraí pearsanta atá san fhaisnéis a fhaigheann foireann chomhpháirteach um imscrúdú go dleathach a phróiseáil chun críoch eile seachas na críocha sin ar chucu a cuireadh an fhoireann ar bun, amhail nósanna imeachta coiriúla ina dhiaidh sin nó nósanna imeachta gaolmhara riaracháin nó sibhialta nó grinnscrúdú parlaiminteach, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i dTreoir (AE) 2016/680 agus ar an mbonn sin amháin. Níor cheart próiseáil sonraí pearsanta den sórt sin a dhéanamh ach amháin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i dTreoir (AE) 2016/680, lena n-áirítear go ndéanfar í i gcomhréir le dlí an Aontais nó dlí Ballstáit agus ba cheart an phróiseáil sin a bheith riachtanach agus comhréireach lena cuspóir.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 6a de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE, tá Éire faoi cheangal ag Cinneadh Réime 2002/465/CGB agus, dá bhrí sin, tá sí rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo.

(4)

I gcomhréir le hAirteagail 1, 2 agus 2a de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

(5)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus thug an Maoirseoir tuairim an 10 Márta 2021.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Réime 2002/465/CGB a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Chinneadh Réime 2002/465/CGB

In Airteagal 1(10) de Chinneadh Réime 2002/465/CGB, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“A mhéid atá sonraí pearsanta san áireamh san fhaisnéis a úsáidtear chun na gcríoch dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (b), (c) agus (d), ní dhéanfar í a phróiseáil ach amháin i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), agus go háirithe Airteagal 4(2) agus Airteagal 9(1) agus (3) de.

Airteagal 2

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 11 Márta 2023. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairt den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs bhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo, i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna déanamh in Strasbourg, 16 Feabhra 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. BEAUNE


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Eanáir 2022.

(2)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(3)  Cinneadh Réime 2002/465/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le foirne comhpháirteacha um imscrúdú (IO L 162, 20.6.2002, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


Top