EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022H1342

Moladh (AE) 2022/1342 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2022 maidir le faireachán a dhéanamh ar mhearcair in éisc, i gcrústaigh agus i moilisc

C/2022/5315

OJ L 201, 1.8.2022, p. 71–73 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2022/1342/oj

1.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 201/71


MOLADH (AE) 2022/1342 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Iúil 2022

maidir le faireachán a dhéanamh ar mhearcair in éisc, i gcrústaigh agus i moilisc

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 22 Samhain 2012, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim maidir le mearcair agus meitilmearcair i mbia (1). Sa tuairim sin, shuígh an tÚdarás iontógáil sheachtainiúil infhulaingthe (“TWI”) le haghaidh mearcair neamhorgánach arb é atá inti 4 μg/kg den mheáchan coirp (“b.w.”) agus le haghaidh meitilmearcair arb é atá inti 1,3 μg/kg den mheáchan coirp b.w. (an dá rud arna sloinneadh mar mhearcair) agus tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil an nochtadh cothúcháin ar an 95ú peircintíl gar don TWI nó os a chionn le haghaidh gach aoisghrúpa. Tomhaltóirí a itheann méideanna móra éisc, a bhféadfadh mná torracha a bheith san áireamh leo, d’fhéadfaidís suas le sé oiread an TWI a ithe. Is iad leanaí gan bhreith an grúpa is leochailí. Is é ba chonclúid don tuairim sin gur ábhar imní é nochtadh do mheitilmearcair os cionn an TWI, ach moladh inti na héifeachtaí tairbhiúla a bhaineann le tomhaltas éisc a chur san áireamh, i gcás ina mbeartófaí bearta chun nochtadh do mheitilmearcair a laghdú.

(2)

An 27 Meitheamh 2014, ghlac an tÚdarás tuairim maidir leis na tairbhí sláinte a bhaineann le tomhaltas an bhia mara i ndáil leis na rioscaí sláinte a bhaineann le nochtadh do mheitilmearcair (2). Sa tuairim sin, rinne an tÚdarás athbhreithniú ar ról an bhia mara in aistí bia Eorpacha agus rinne sé meastóireacht ar na héifeachtaí tairbhiúla a bhaineann le tomhaltas an bhia mara i ndáil le torthaí sláinte, lena n-áirítear éifeachtaí tomhaltais an bhia mara le linn toirchis ar thorthaí feidhmiúla néarafhorbartha na leanaí agus éifeachtaí tomhaltais an bhia mara ar riosca galar cardashoithíoch i measc daoine fásta. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go raibh torthaí feidhmiúla níos fearr ar néarafhorbairt na leanaí le tomhaltas de thart ar 1-2 dháileadh den bhia mara in aghaidh na seachtaine agus suas le 3-4 dháileadh in aghaidh na seachtaine le linn toirchis, i gcomparáid le néarafhorbairt na leanaí nach raibh aon bhia mara acu. Bhí baint ag méideanna den sórt sin freisin le laghdú sa ráta básmhaireachta le haghaidh galar corónach croí i measc daoine fásta.

(3)

An 19 Nollaig 2014, ghlac an tÚdarás ráiteas i ndáil leis na sochair a bhaineann le tomhaltas éisc/bia mara i gcomparáid leis na rioscaí a bhaineann leis an meitilmearcair in iasc/bia mara (3), ráiteas inar thángthas ar an gconclúid gur cheart, chun na sochair a bhaineann le tomhaltas éisc (1 go 4 dháileadh éisc in aghaidh na seachtaine) agus chun cosaint a thabhairt i gcoinne tocsaineacht néarfhorbartha an mheitilmearcair, gur cheart teorainn a chur le tomhaltas speiceas éisc/bia mara a bhfuil cion ard mearcair iontu.

(4)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún (4) leagtar síos uasleibhéil le haghaidh mearcair i bhfeoil mhatánach éisc, i gcrústaigh, i moilisc dhébhlaoscacha agus i bhforbhianna.

(5)

Toisc gur léiríodh na sonraí minicíochta is déanaí go raibh corrlach ann chun na huasleibhéil mhearcair i speicis éagsúla éisc a ísliú, íslíodh na huasleibhéil do na speiceas éisc sin trí bhíthin Rialachán (AE) 2022/617 ón gCoimisiún (5). Maidir le speicis eile éisc amhail siorcanna agus colgáin, d’ainneoin roinnt glaonna chun na huasleibhéil atá ann cheana a mhéadú, le Rialachán (AE) 2022/617 coinníodh na leibhéil a bhí ann i bhfianaise n-ábhar imní sláinte a bhaineann leo, go dtí go mbaileofar tuilleadh sonraí agus go ndéanfar measúnuithe eolaíocha eile.

(6)

Dá bhrí sin, agus chun sonraí mionsonraithe a fháil maidir le tionchar éifeachtach na n-uasleibhéal íslithe i gcás speicis áirithe éisc ar nochtadh foriomlán an tomhaltóra do mhearcair, tá sé inmholta go dtuairisceodh na Ballstáit chuig an Údarás faoi mhearcair a bheith ann i ngach speiceas éisc i gcás táirgí saothraithe agus táirgí a ghabhtar go fiáin ó chineálacha éagsúla táirgthe.

(7)

Thairis sin, go dtí seo, baineann an chuid is mó de na sonraí minicíochta leis an mearcair iomlán. Ós rud é go bhfuil meitilmearcair níos tocsainí ná mearcair neamhorgánach, ba cheart na sonraí minicíochta le haghaidh meitilmearcair agus mearcair iomlán sna samplaí a thuairisciú chun cuidiú le cóimheas an mheitilmearcair leis an mearcair iomlán i speicis éisc shonracha a ríomh. Chuideodh sé sin chun an nochtadh agus na measúnuithe riosca maidir le mearcair i mbia a bheachtú.

(8)

Is uirlis thábhachtach bainistithe riosca í an comhairle maidir le tomhaltas éisc chun na héifeachtaí tairbheacha a bhaineann le tomhaltas éisc a bhaint amach ina n-iomláine, agus na rioscaí a bhaineann le tocsaineacht mearcair a theorannú an tráth céanna. Mar sin féin, na sonraí nochta le haghaidh speicis éisc shonracha i dtuairim 2012 ón Údarás, tugtar le fios iontu go bhfuil easpa eolais nó measa ag tomhaltóirí ar an gcomhairle maidir le tomhaltas atá ar fáil. Dá bhrí sin, is úsáideach a mholadh d’údaráis inniúla na mBallstát comhairle náisiúnta maidir le tomhaltas a fhorbairt mar aon le cumarsáid ghníomhach a dhéanamh maidir le comhairle den chineál sin, rud a mbeadh feasacht mhéadaithe ar an gcomhairle sin maidir le tomhaltas mar thoradh air. Mar gheall ar an éagsúlacht leathan atá ann i gcás speicis éisc a thomhlaítear ar fud an Aontais, ba cheart do na Ballstáit comhairle maidir le tomhaltas a chur in oiriúint, agus aird á tabhairt ar an bpatrún náisiúnta tomhaltais éisc, go háirithe na speicis éisc a thomhlaítear. Agus an chomhairle náisiúnta sin maidir le tomhaltas bia á scaipeadh, na páirtithe uile lena mbaineann, amhail oibreoirí gnólachtaí bia, oibrithe cúraim sláinte ábhartha, ollscoileanna, eagraíochtaí tomhaltóirí agus páirtithe leasmhara eile, ba cheart dóibh uile cúnamh a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát.

(9)

Chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na comhairle maidir le tomhaltas éisc ar nochtadh an tomhaltóra, ba cheart don Údarás suirbhé a dhéanamh ar éifeachtacht chomhairle na mBallstát maidir le tomhaltas.

(10)

Na sonraí minicíochta le haghaidh mearcair arna mbailiú agus an fhaisnéis faoi éifeachtacht na comhairle maidir le tomhaltas, cuideoidh siad leis an measúnú ar nochtadh an tomhaltóra a bheachtú, rud a mbeidh gá leis chun an measúnú riosca tomhaltóirí le haghaidh mearcair a thabhairt cothrom le dáta amach anseo. Leis na measúnuithe sin beifear in ann a mheas an mbeadh sé iomchuí an t-uasleibhéal le haghaidh mearcair i speicis éisc áirithe a athbhreithniú.

AG MOLADH LEIS SEO:

1.

In 2022, 2023, 2024 agus 2025, ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar mheitilmearcair agus mearcair iomlán a bheith ann in éisc, i gcrústaigh agus i moilisc. Ba cheart a áireamh ar an bhfaireachán sin réimse leathan speiceas éisc, crústaigh agus moileasc agus ba cheart nósanna tomhaltais a bheith i bhfianaise san fhaireachán sin, chun go mbeifear in ann meastachán cruinn a thabhairt maidir le nochtadh an tomhaltóra do mhearcair. Ba cheart sonraí a bhailiú maidir le táirgí saothraithe agus le táirgí a ghabhtar go fiáin araon.

2.

Ba cheart do na Ballstáit comhairle náisiúnta shonrach maidir le tomhaltas a fhorbairt maidir le tomhaltas éisc, crústach agus moileasc chun na héifeachtaí tairbheacha a bhaineann le tomhaltas éisc agus bia mara a bhaint amach ina n-iomláine, agus na rioscaí a bhaineann le tocsaineacht mearcair a theorannú an tráth céanna. Agus an chomhairle sin maidir le tomhaltas á forbairt, ba cheart do na Ballstáit comhairle a thabhairt go háirithe maidir cé chomh minic a tomhlaítear iasc, crústaigh agus moilisc agus maidir leis na speicis a thomhlaítear.

3.

Ba cheart do na Ballstáit, d’oibreoirí gnólachtaí bia agus do pháirtithe leasmhara eile an chomhairle náisiúnta shonrach maidir le tomhaltas a chur in iúl ar bhonn leanúnach don tomhaltóir agus do na hoibrithe cúraim sláinte ábhartha a oibríonn leis na grúpaí tomhaltóirí is mó atá i mbaol.

4.

Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún agus an tÚdarás a chur ar an eolas faoina gcomhairle náisiúnta shonrach maidir le tomhaltas féin.

5.

Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoina gcuid gníomhaíochtaí chun an chomhairle náisiúnta maidir le tomhaltas a chur in iúl do thomhaltóirí agus do na hoibrithe cúraim sláinte ábhartha.

6.

Ba cheart do na Ballstáit agus d’oibreoirí gnólachtaí bia tuairisciú ar bhonn rialta don Údarás maidir le minicíocht an mhearcair agus an mheitilmearcair iomláin i speicis éagsúla éisc, crústach agus moileasc leis an bhfaisnéis agus ba cheart an fhaisnéis sin a bheith san fhormáid tuairiscithe leictreonach mar atá leagtha amach ag an Údarás. Agus na sonraí á dtuairisciú acu, ba cheart dóibh aird ar leith a thabhairt agus an cineál táirgthe á shonrú acu (is é sin táirgeadh de chineál fiáin, de chineál bailithe nó de chineál fiaigh, in aghaidh táirgeadh neamhorgánach saothraithe nó táirgeadh orgánach saothraithe).

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)  Painéal EFSA maidir le hÉillitheoirí sa Bhiashlabhra (CONTAM); Scientific Opinion on the risk for public health related to the presence of mercury and methylmercury in food [Tuairim Eolaíoch maidir leis an riosca don tsláinte phoiblí a bhaineann le mearcair agus meitilmearcair a bheith sa bhia]. Iris EFSA 2012;10(12):2985.

(2)  Painéal NDA EFSA (Painéal EFSA ar Tháirgí Diaitéiteacha, Cothú agus Ailléirgí), 2014. Scientific Opinion on health benefits of seafood (fish and shellfish) consumption in relation to health risks associated with exposure to methylmercury [Tuairim Eolaíoch maidir leis na sochair shláinte a bhaineann le tomhaltas bia mara (iasc agus sliogéisc) i ndáil le rioscaí sláinte a bhaineann le nochtadh do mheitilmearcair]. Iris EFSA 2014;12(7):3761.

(3)  Coiste Eolaíoch EFSA, 2015. Ráiteas ar na sochair a bhaineann le hiasc/bia mara i gcomparáid leis na rioscaí a bhaineann le meitilmearcair in iasc/bia mara. Iris EFSA 2015;13(1):3982.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2006 lena socraítear uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe in earraí bia (IO L 364, 20.12.2006, lch. 5).

(5)  Rialachán (AE) 2022/617 ón gCoimisiún an 12 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 maidir le huasleibhéil mearcair in éisc agus i salann (IO L 115, 13.4.2022, lch. 60).


Top