EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2327

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2327 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2022 gan clóraimin B a fhormheas mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2, 3, 4, agus 5 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/8393

OJ L 307, 28.11.2022, p. 271–272 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/2327/oj

28.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 307/271


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2327 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Samhain 2022

gan clóraimin B a fhormheas mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2, 3, 4, agus 5 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 9(1), pointe (b) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 11(1) de Threoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), cuireadh iarratais faoi bhráid údarás inniúil na Seicia an 25 Deireadh Fómhair 2008 ar chlóraimin B a fhormheas lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2, 3, 4 agus 5 (dífhabhtáin don láthair phríobháideach agus don láthair phoiblí agus táirgí bithicídeacha eile, táirgí bithicídeacha sláinteachais tréidliachta, dífhabhtáin don bhia agus áiteanna beatha, dífhabhtáin in uisce óil) mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin, agus a chomhfhreagraíonn do chineál táirgí 2, 3, 4 agus 5 (dífhabhtáin agus ailgicídí nár ceapadh lena gcur go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe, sláinteachas tréidliachta, bia agus áiteanna beatha, uisce óil) mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(2)

De bhun Airteagal 90(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, déanfaidh na húdaráis inniúla meastóireacht ar iarratais a chuirtear isteach chun críocha Threoir 98/8/CE nach bhfuil meastóireacht na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Threoir 98/8/CE curtha i gcrích ina leith faoin 1 Meán Fómhair 2013, agus déanfar sin i gcomhréir le forálacha an Rialacháin sin.

(3)

An 25 Deireadh Fómhair 2021, le linn na meastóireachta ar an tsubstaint ghníomhach a bhí á déanamh ag an údarás inniúil meastóireachta, tharraing an t-iarratasóir siar a chuid iarratas agus ní iarrann sé a thuilleadh clóraimin B a fhormheas mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirgí 2, 3, 4 agus 5.

(4)

Ní áirítear clóraimin B le haghaidh chineálacha táirge 2, 3, 4 agus 5 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (3) ina liostaítear na substaintí gníomhacha/teaglaim de chineálacha táirge a áirítear sa chlár oibre chun scrúdú a dhéanamh ar na substaintí gníomhacha bithicídeacha atá ann cheana féin i dtáirgí bithicídeacha. Dá bhrí sin ní chumhdaítear táirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 2, 3, 4 agus 5 ina bhfuil clóraimin B leis na forálacha idirthréimhseacha a leagtar síos in Airteagal 89(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus dá bhrí sin ní fhéadfar iad a chur ar fáil nó a úsáid ar mhargadh an Aontais.

(5)

Mar sin féin, i gcomhréir leis an bhforáil idirthréimhseach a leagtar amach in Airteagal 94(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, maidir le hearra cóireáilte a chóireáiltear le táirge bithicídeach amháin nó níos mó nó a bhfuil táirge bithicídeach amháin nó níos mó ionchorpraithe d’aon ghnó ann nach bhfuil iontu ach substaintí gníomhacha atá faoi scrúdú le haghaidh an chineáil táirge ábhartha sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 89(1) den Rialachán sin an 1 Meán Fómhair 2016 nó a bhfuil iarratas ar fhormheas le haghaidh an chineáil táirge ábhartha curtha isteach ina leith faoin dáta sin, nó nach bhfuil iontu ach teaglaim de shubstaintí den sórt sin agus substaintí gníomhacha a áirítear sa liosta a tarraingíodh suas i gcomhréir le hAirteagal 9(2) den Rialachán sin le haghaidh an chineáil táirge agus na húsáide ábhartha nó a áirítear in Iarscríbhinn I, féadfar iad a chur ar an margadh go dtí an dáta 180 lá tar éis an chinnidh gan ceann de na substaintí gníomhacha a formheas le haghaidh na húsáide ábhartha, nuair a glacadh an cinneadh sin tar éis an 1 Meán Fómhair 2016.

(6)

Ós rud é gur tharraing an t-iarratasóir siar na hiarratais ar chlóraimin B a fhormheas lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 2, 3, 4 agus 5, ní ann d’aon táirgí bithicídeacha a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu. Dá réir sin, níor chuir an t-údarás inniúil na tuarascálacha ar an measúnú i gcrích agus níor ullmhaigh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán aon tuairim. Ar deireadh, ós rud é nach bhfuil táirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 2, 3, 4 agus 5 ina bhfuil clóraimin B ar féidir a mheas go gcomhlíonfaidh siad na critéir a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, níl na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4(1) den Rialachán sin comhlíonta. Ag cur san áireamh freisin an gá le háirithiú nach gcuirfear earraí cóireáilte a chóireáiltear le clóraimin B nó a bhfuil clóraimin B ionchorpraithe d’aon ghnó iontu le haghaidh chineálacha táirge 2, 3, 4 agus 5, ar mhargadh an Aontais a thuilleadh, is iomchuí gan clóraimin B a fhormheas lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 2, 3, 4 agus 5.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ní fhormheastar clóraimin B (Uimh. CE: 204-847-9; Uimh. CAS: 127-52-6) mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 2, 3, 4 agus 5.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha, clár oibre dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1).


Top