EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D2307
Commission Implementing Decision (EU) 2022/2307 of 23 November 2022 amending Implementing Decision (EU) 2022/179 as regards designating and making available the 5150-5250 MHz, 5250-5350 MHz and 5470-5725 MHz frequency bands in accordance with the technical conditions set out in the Annex (notified under document C(2022) 8313) (Text with EEA relevance)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2307 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/179 a mhéid a bhaineann le bandaí minicíochta 5150-5250 MHz, 5250-5350 MHz agus 5470-5725 MHz a ainmniú agus a chur ar fáil i gcomhréir leis na coinníollacha teicniúla a leagtar amach san Iarscríbhinn (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8313) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2307 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/179 a mhéid a bhaineann le bandaí minicíochta 5150-5250 MHz, 5250-5350 MHz agus 5470-5725 MHz a ainmniú agus a chur ar fáil i gcomhréir leis na coinníollacha teicniúla a leagtar amach san Iarscríbhinn (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8313) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/8313
OJ L 305, 25.11.2022, p. 63–67
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
25.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 305/63 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2307 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Samhain 2022
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/179 a mhéid a bhaineann le bandaí minicíochta 5 150-5 250 MHz, 5 250-5 350 MHz agus 5 470-5 725 MHz a ainmniú agus a chur ar fáil i gcomhréir leis na coinníollacha teicniúla a leagtar amach san Iarscríbhinn
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8313)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Chinneadh Uimh. 676/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialála don bheartas speictrim raidió sa Chomhphobal Eorpach (an Cinneadh maidir le Speictream Raidió) (1), agus go háirithe Airteagal 4(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/179 ón gCoimisiún (2), comhchuibhíodh úsáid speictrim raidió i mbanda 5 GHz (5 150-5 350 MHz agus 5 470-5 725 MHz) le haghaidh córas rochtana gan sreang lena n-áirítear líonraí achair logánta raidió. Ba é Tuarascáil 79 ó Chomhdháil Eorpach na Riarachán Poist agus Teileachumarsáide (“CEPT”) bunús teicniúil leis an gCinneadh seo. |
(2) |
I mí Feabhra 2022, d’iarr tionscal gluaisteán na hEorpa ar an gCoimisiún a léirmhíniú ar fhorálacha áirithe de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/179 a dheimhniú maidir le cásanna úsáide WAS/RLAN i mbanda minicíochta 5 GHz i bhfeithiclí bóthair. I litir dar dáta an 29 Márta 2022, thug an Coimisiún sainordú do CEPT staidéar a dhéanamh ar chásanna úsáide WAS/RLAN 5 GHz i bhfeithiclí bóthair arna sainaithint ag an tionscal gluaisteán i gcomhthéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/179. |
(3) |
I gcomhréir leis an litir shainordúcháin sin, thug CEPT freagairt an 29 Meitheamh 2022 lenar comhlánaíodh Tuarascáil 79 trí athruithe a mholadh ar na coinníollacha teicniúla do bhanda 5 470-5 725 MHz chun úsáid theoranta ghairis WAS/RLAN i bhfeithiclí bóthair a chumasú, eadhon nuair a bhíonn na gairis sin ag oibriú i mód sclábhánta agus nuair a rialaítear iad le gaireas seasta atá ag oibriú sa mháistirmhód agus a bhraitheann comharthaí radair trí theicníc mhaolúcháin maidir le Roghnúchán Minicíochta Dinimiciúil (DFS). I bhfianaise na freagartha sin, tá an Coimisiún den tuairim gur cheart oibriú ghairis suiteáilte WAS/RLAN i mód sclábhaithe a cheadú i bhfeithiclí bóthair ar choinníoll nach dtarchuireann siad ach amháin nuair atá siad faoi rialú ghaireas seasta WAS/RLAN ag a bhfuil feidhmiúlacht DFS atá ag oibriú sa mháistirmhód. |
(4) |
Níor mhol CEPT aon athrú ina fhreagairt a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha teicniúla do WAS/RLANanna i mbanda 5 250-5 350 MHz. De réir CEPT, níor cheart oibriú shuiteálacha WAS/RLAN i bhfeithiclí bóthair a cheadú sa bhanda sin, ós rud é nach bhfuil aon mhodh praiticiúil i bhfeidhm chun a áirithiú go bhfuil feithiclí bóthair suite go héifeachtach laistigh agus go bhfuil oibriú shuiteálacha WAS/RLAN i bhfeithiclí bóthair teoranta d’úsáid laistigh dá bharr sin. Dá bhrí sin, ba cheart úsáid bhanda 5 250-5 350 MHz fanacht “laistigh amháin” chun trasnaíocht dhíobhálach do sheirbhísí atá sa bhanda sin cheana a sheachaint. Ní mheastar gur feithiclí bóthair iad feithiclí speisialaithe atá beartaithe a oibriú laistigh amháin. |
(5) |
Tá banda 5 150-5 250 MHz ar fáil cheana féin lena úsáid laistigh ag gairis WAS/RLAN lena n-áirítear oibriú shuiteálacha WAS/RLAN laistigh d’fheithiclí bóthair ar bhonn Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/179. |
(6) |
Is féidir na heilimintí atá i bhfreagairt CEPT ar litir shainordúcháin an Choimisiúin a úsáid mar bhonn leis an gCinneadh seo. |
(7) |
Leis an gCinneadh seo, ba cheart cur leis na prionsabail agus leis na forálacha a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/179 agus iad a fhorbairt. |
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um an Speictream Raidió, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/179 mar a leanas:
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3: “Airteagal 3 “Faoin 30 Meitheamh 2023, ainmneoidh na Ballstáit bandaí minicíochta 5 150-5 250 MHz, 5 250-5 350 MHz agus 5 470-5 725 MHz agus cuirfidh siad ar fáil iad, ar bhonn neamheisiach, le haghaidh cur chun feidhme WAS/RLANanna i gcomhréir leis na coinníollacha teicniúla a leagtar amach san Iarscríbhinn.”, |
(2) |
cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne. |
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Samhain 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Thierry BRETON
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 108, 24.4.2002, lch. 1.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/179 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2022 maidir le comhchuibhiú úsáid speictrim raidió i mbanda minicíochta 5 GHz le haghaidh cur chun feidhme córas rochtana gan sreang lena n-áirítear líonraí achair logánta raidió agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/513/CE (IO L 29, 10.2.2022, lch. 10).
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN
Coinníollacha teicniúla comhchuibhithe le haghaidh WAS/RLANanna i mbandaí minicíochta 5 150-5 250 MHz, 5 250-5 350 MHz agus 5 470-5 725 MHz
Tábla 1
WAS/RLANanna i mbanda minicíochta 5 150 -5 250 MHz
Paraiméadar |
Coinníollacha teicniúla |
||||
Banda minicíochta |
5 150 -5 250 MHz |
||||
Oibriú incheadaithe |
Úsáid laistigh, lena n-áirítear suiteálacha laistigh d’fheithiclí bóthair, traenacha agus aerárthaí, agus úsáid lasmuigh theoranta (nóta 1). Tá an úsáid i measc córais aerárthaí gan foireann (“UAS”) teoranta do laistigh de bhanda 5 170 -5 250 MHz. |
||||
An mheánchumhacht choibhéiseach radaithe go hiseatrópach (e.i.r.p.) uasta le haghaidh astaíochtaí laistigh den bhanda |
200 mW Eisceachtaí:
|
||||
Dlús na meánchumhachta coibhéisí uasta radaithe go hiseatrópach le haghaidh astaíochtaí laistigh den bhanda |
10 mW/MHz laistigh d’aon bhanda 1 MHz |
||||
|
Bainfear úsáid as teicnící chun rochtain a fháil ar speictream agus trasnaíocht a mhaolú lena soláthraítear leibhéal iomchuí feidhmíochta chun ceanglais riachtanacha Threoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) a chomhlíonadh. I gcás ina dtugtar tuairisc ar theicnící ábhartha i gcaighdeáin chomhchuibhithe nó i gcodanna díobh ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Treoir 2014/53/AE, áiritheofar feidhmíocht atá coibhéiseach ar a laghad leis an leibhéal feidhmíochta a bhaineann leis na teicnící sin.
Tábla 2
WAS/RLANanna i mbanda minicíochta 5 250 -5 350 MHz
Paraiméadar |
Coinníollacha teicniúla |
||
Banda minicíochta |
5 250 -5 350 MHz |
||
Oibriú incheadaithe |
Úsáid laistigh: laistigh d’fhoirgnimh amháin. Ní cheadaítear suiteálacha i bhfeithiclí bóthair, traenacha agus aerárthaí (nóta 2). Ní cheadaítear úsáid lasmuigh. |
||
An mheánchumhacht choibhéiseach uasta radaithe go hiseatrópach le haghaidh astaíochtaí laistigh den bhanda |
200 mW |
||
Dlús na meánchumhachta coibhéisí uasta radaithe go hiseatrópach le haghaidh astaíochtaí laistigh den bhanda |
10 mW/MHz laistigh d’aon bhanda 1 MHz |
||
Teicnící maolúcháin atá le húsáid |
Rialú cumhachta tarchuradóra (TPC) agus roghnúchán minicíochta dinimiciúil (DFS). Féadfar teicnící maolúcháin malartacha a úsáid má áirithítear leo leibhéal feidhmíochta agus leibhéal cosanta speictrim atá coibhéiseach ar a laghad chun ceanglais riachtanacha chomhfhreagracha Threoir 2014/53/AE a chomhlíonadh agus má dhéantar ceanglais theicniúla an Chinnidh seo a urramú leo. |
||
Rialú cumhachta tarchuradóra (TPC) |
Le TPC, soláthrófar fachtóir maolúcháin 3 dB ar a laghad, ar an meán, ar uaschumhacht aschurtha na gcóras is incheadaithe, nó, mura bhfuil rialú cumhachta tarchuradóra á úsáid, laghdófar an mheánchumhacht choibhéiseach uasta radaithe go hiseatrópach is incheadaithe agus an teorainn le dlús comhfhreagrach na meánchumhachta coibhéisí radaithe go hiseatrópach 3 dB. |
||
Roghnúchán minicíochta dinimiciúil (DFS) |
Tugtar tuairisc ar DFS i Moladh M. 1652-1 ó ITU-R (3) chun oibriú atá comhoiriúnach le córais rad-aimsithe a áirithiú. Le sásra DFS, áiritheofar gurb ionann an dóchúlacht go roghnófaí cainéal ar leith le haghaidh gach cainéal atá ar fáil laistigh de bhandaí 5 250 -5 350 MHz agus 5 470 -5 725 MHz. Áiritheofar freisin le sásra DFS, ar an meán, leathadh ualaigh atá beagnach aonfhoirmeach i ndáil leis an speictream. Cuirfear roghnúchán minicíochta dinimiciúil chun feidhme i WAS/RLANanna lena soláthrófar maolú ar thrasnaíocht ar radar atá chomh héifeachtúil ar a laghad le DFS ar a dtugtar tuairisc i gCaighdeán ETSI EN 301 893 V2.1.1. Socruithe (crua-earraí agus/nó bogearraí) WAS/RLANanna a bhaineann le DFS, ní bheidh rochtain ag an úsáideoir orthu sin más rud é nach mbeidh WAS/RLANanna i gcomhréir le ceanglais DFS a thuilleadh de thoradh na socruithe sin a athrú. Áirítear leis sin (a) gan cead a thabhairt don úsáideoir an tír oibriúcháin agus/nó an banda minicíochta oibriúcháin a athrú más rud é nach mbeidh an trealamh i gcomhréir le ceanglais DFS dá thoradh sin agus (b) gan glacadh le bogearraí agus/nó dochtearraí a fhágann nach mbeidh an trealamh i gcomhréir le ceanglais DFS a thuilleadh. |
||
|
Bainfear úsáid as teicnící chun rochtain a fháil ar speictream agus trasnaíocht a mhaolú lena soláthraítear leibhéal iomchuí feidhmíochta chun ceanglais riachtanacha Threoir 2014/53/AE a chomhlíonadh. I gcás ina dtugtar tuairisc ar theicnící ábhartha i gcaighdeáin chomhchuibhithe nó i gcodanna díobh ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Treoir 2014/53/AE, áiritheofar feidhmíocht atá coibhéiseach ar a laghad leis an leibhéal feidhmíochta a bhaineann leis na teicnící sin.
Tábla 3
WAS/RLANanna i mbanda minicíochta 5 470 -5 725 MHz
Paraiméadar |
Coinníollacha teicniúla |
||
Banda minicíochta |
5 470 -5 725 MHz |
||
Oibriú incheadaithe |
Úsáid laistigh agus lasmuigh. Ní cheadaítear suiteálacha i bhfeithiclí bóthair ach amháin le haghaidh gairis WAS/RLANanna atá ag oibriú i mód (4) sclábhánta a rialaítear le gaireas seasta WAS/RLAN ag a bhfuil feidhmiúlacht DFS atá ag oibriú sa mháistirmhód. Ní cheadaítear suiteálacha i dtraenacha agus in aerárthaí ná úsáid le haghaidh UAS (nóta 3). |
||
An mheánchumhacht choibhéiseach uasta radaithe go hiseatrópach le haghaidh astaíochtaí laistigh den bhanda |
1 W Eisceachtaí:
|
||
Dlús na meánchumhachta coibhéisí uasta radaithe go hiseatrópach le haghaidh astaíochtaí laistigh den bhanda |
50 mW/MHz laistigh d’aon bhanda 1 MHz |
||
Teicnící maolúcháin atá le húsáid |
Rialú cumhachta tarchuradóra (TPC) agus roghnúchán minicíochta dinimiciúil (DFS). Féadfar teicnící maolúcháin malartacha a úsáid má áirithítear leo leibhéal feidhmíochta agus leibhéal cosanta speictrim atá coibhéiseach ar a laghad chun ceanglais riachtanacha chomhfhreagracha Threoir 2014/53/AE a chomhlíonadh agus má dhéantar ceanglais theicniúla an Chinnidh seo a urramú leo. |
||
Rialú cumhachta tarchuradóra (TPC) |
Le TPC, soláthrófar fachtóir maolúcháin 3 dB ar a laghad, ar an meán, ar uaschumhacht aschurtha na gcóras is incheadaithe, nó, mura bhfuil rialú cumhachta tarchuradóra á úsáid, laghdófar an mheánchumhacht choibhéiseach uasta radaithe go hiseatrópach is incheadaithe agus an teorainn le dlús comhfhreagrach na meánchumhachta coibhéisí radaithe go hiseatrópach 3 dB. |
||
Roghnúchán minicíochta dinimiciúil (DFS) |
Tugtar tuairisc ar DFS i Moladh M. 1652-1 ó ITU-R chun oibriú atá comhoiriúnach le córais rad-aimsithe a áirithiú. Le sásra DFS, áiritheofar gurb ionann an dóchúlacht go roghnófaí cainéal ar leith le haghaidh gach cainéal atá ar fáil laistigh de bhandaí 5 250 -5 350 MHz agus 5 470 -5 725 MHz. Áiritheofar freisin le sásra DFS, ar an meán, leathadh ualaigh atá beagnach aonfhoirmeach i ndáil leis an speictream. Cuirfear roghnúchán minicíochta dinimiciúil chun feidhme i WAS/RLANanna lena soláthrófar maolú ar thrasnaíocht ar radar atá chomh héifeachtúil ar a laghad le DFS ar a dtugtar tuairisc i gCaighdeán ETSI EN 301 893 V2.1.1. Socruithe (crua-earraí agus/nó bogearraí) WAS/RLANanna a bhaineann le DFS, ní bheidh rochtain ag an úsáideoir orthu sin más rud é nach mbeidh WAS/RLANanna i gcomhréir le ceanglais DFS a thuilleadh de thoradh na socruithe sin a athrú. Áirítear leis sin (a) gan cead a thabhairt don úsáideoir an tír oibriúcháin agus/nó an banda minicíochta oibriúcháin a athrú más rud é nach mbeidh an trealamh i gcomhréir le ceanglais DFS dá thoradh sin agus (b) gan glacadh le bogearraí agus/nó dochtearraí a fhágann nach mbeidh an trealamh i gcomhréir le ceanglais DFS a thuilleadh. |
||
|
Bainfear úsáid as teicnící chun rochtain a fháil ar speictream agus trasnaíocht a mhaolú lena soláthraítear leibhéal iomchuí feidhmíochta chun ceanglais riachtanacha Threoir 2014/53/AE a chomhlíonadh. I gcás ina dtugtar tuairisc ar theicnící ábhartha i gcaighdeáin chomhchuibhithe nó i gcodanna díobh ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Treoir 2014/53/AE, áiritheofar feidhmíocht atá coibhéiseach ar a laghad leis an leibhéal feidhmíochta a bhaineann leis na teicnící sin.
(1) Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62).
(2) I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún, ciallaíonn aerárthach mór aerárthach a aicmítear mar eitleán ag a bhfuil uasmhais éirí de thalamh níos mó ná 5 700 kg, nó héileacaptar il-inneall. Eisiatar héileacaptair il-inneall, áfach, ó raon feidhme nótaí 2 agus 3.
(3) Moladh M. 1652-1 ó ITU-R, “Roghnúchán minicíochta dinimiciúil i gcórais rochtana gan sreang lena n-áirítear líonraí achair logánta raidió chun an tseirbhís rad-aimsithe i mbanda 5 GHz a chosaint”
(4) Sainmhínítear mód sclábhánta agus máistirmhód in EN 301 893 V2.1.1.