This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Decision (EU) 2022/2063 of the European Central Bank of 13 October 2022 amending Decision (EU) 2020/637 on accreditation procedures for manufacturers of euro secure items and euro items (ECB/2022/35)
Cinneadh (AE) 2022/2063 ón mBanc Ceannais Eorpach an 13 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2020/637 maidir le nósanna imeachta creidiúnúcháin le haghaidh monaróirí ítimí slána euro agus ítimí euro (BCE/2022/35)
Cinneadh (AE) 2022/2063 ón mBanc Ceannais Eorpach an 13 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2020/637 maidir le nósanna imeachta creidiúnúcháin le haghaidh monaróirí ítimí slána euro agus ítimí euro (BCE/2022/35)
ECB/2022/35
IO L 276, 26.10.2022, p. 142–146
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
26.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 276/142 |
CINNEADH (AE) 2022/2063 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 13 Deireadh Fómhair 2022
lena leasaítear Cinneadh (AE) 2020/637 maidir le nósanna imeachta creidiúnúcháin le haghaidh monaróirí ítimí slána euro agus ítimí euro
(BCE/2022/35)
Tá Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh,
ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 128(1) de,
ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus go háirithe Airteagal 12.1, Airteagal 16 agus Airteagail 34.3 de,
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2532/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir leis na cumhachtaí atá ag an mBanc Ceannais Eorpach smachtbhannaí a fhorchur (1) agus go háirithe Airteagal 2 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go héifeachtúil agus go praiticiúil na ceanglais eiticiúla a bhaineann le creidiúnú monaróirí de bhun Chinneadh (AE) 2020/637 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2020/24) (2), ba cheart an Cinneadh sin a thabhairt cothrom le dáta. |
(2) |
Ba cheart an Cinneadh a thabhairt cothrom le dáta chun a shoiléiriú gur cheart d’iniúchóirí neamhspleácha díriú ar chur chun feidhme agus oibriú cláir um chomhlíontacht chorparáideach a dheimhniú agus ba cheart dó raon feidhme an tsainmhínithe ar “iniúchóir neamhspleách” a shoiléiriú tuilleadh chun an fheidhm iniúchta inmheánaigh atá ag banc ceannais náisiúnta a áireamh i gcás inarb iomchuí. |
(3) |
Is gá a shonrú freisin gur cheart ciontú le breithiúnas críochnaitheach a bheith faoi réir scoith-thréimhse shainithe chomhchuibhithe a dhéanann tagairt don uair a tharla an t-iompar mí-eiticiúil |
(4) |
Ba cheart raon feidhme an chláir um chomhlíontacht chorparáideach a shoiléiriú freisin ionas go gcuirfear caighdeán comhlíontachta amháin ar a laghad chun feidhme go héifeachtach. |
(5) |
Ba cheart an chomhlíontacht i dtaca leis na caighdeáin eiticiúla arna mbunú le Cinneadh (AE) 2020/637 (BCE/2020/24) a bheith faoi réir féindearbhú ón monaróir creidiúnaithe chun a áirithiú go léirítear agus go dtaifeadtar an chomhlíontacht sin go soiléir. Chun dóthain ama a thabhairt do mhonaróirí ullmhú, is gá go leagfaí síos an dáta faoinar cheart an chéad fhéindearbhú lena ndeimhnítear an chomhlíontacht sin a thíolacadh. |
(6) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag na leasuithe atá beartaithe ón dáta a shonraítear in Airteagal 24(3) de Chinneadh (AE) 2020/637, eadhon an 16 Samhain 2022. |
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (AE) 2020/637 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2020/24) a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe
Leasaítear Cinneadh (AE) 2020/637 (BCE/2020/24) mar a leanas:
1. |
Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
|
2. |
in Airteagal 3(1), cuirtear an pointe (e) seo a leanas leis:
|
3. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4: “Airteagal 4 Ceanglais eiticiúla 1. Comhlíonfaidh monaróir creidiúnaithe nó aon cheann dá eintitis rialúcháin na ceanglais eiticiúla uile seo a leanas:
(*2) IO C 195, 25.6.1997, lch. 2." (*3) Cinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle an 22 Iúil 2003 maidir leis an éilliú a chomhrac san earnáil phríobháideach (IO L 192, 31.7.2003, lch. 54)." (*4) Coinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO C 316, 27.11.1995, lch. 48)." (*5) Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6)." (*6) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73)." (*7) Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1)." (*8) Le fáil ar shuíomh gréasáin an Chomhlachais Idirnáisiúnta Tráchtála ag www.iccwbo.org." (*9) Le fáil ar shuíomh Gréasáin an Tionscnaimh um Eitic Nótaí Bainc ag www.bnei.com.”;" |
4. |
in Airteagal 5, leasaítear mír 2 mar a leanas:
|
(b) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):
|
5. |
Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
|
6. |
Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Forálacha Deiridh
1. Gabhfaidh éifeacht leis an mbreith seo an lá a dtabharfar fógra faoi do na seolaithe.
2. Beidh feidhm aige ón 16 Samhain 2022.
Airteagal 3
Seolaithe
Tá an Cinneadh seo dírithe ar mhonaróirí agus ar mhonaróirí creidiúnaithe ítimí euro slána agus ítimí euro.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 13 Deireadh Fómhair 2022.
Do Chomhairle Rialaithe an BCE
Uachtarán an BCE
Christine LAGARDE