This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0755
Council Implementing Decision (CFSP) 2022/755 of 16 May 2022 implementing Decision (CFSP) 2015/740 concerning restrictive measures in view of the situation in South Sudan
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/755 ón gComhairle an 16 Bealtaine 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/740 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin Theas
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/755 ón gComhairle an 16 Bealtaine 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/740 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin Theas
ST/8423/2022/INIT
IO L 138, 17.5.2022, p. 17–18
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
17.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 138/17 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2022/755 ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Bealtaine 2022
lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/740 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin Theas
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2015/740 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2015 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin Theas agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/449/CBES (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 7 Bealtaine 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/740. |
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Chinneadh (CBES) 2015/740, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinní II a ghabhann leis an gCinneadh sin. |
(3) |
Tháinig an Chomhairle ar an tátal gur cheart na bearta sriantacha in aghaidh duine amháin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/740 a choinneáil ar bun agus gur cheart an iontráil don duine sin a nuashonrú agus a athuimhriú. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2015/740 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/740 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Bealtaine 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/740, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla:
|
Ainm |
Faisnéis chéannachta |
Cúiseanna lena liostú |
Dáta an liostaithe |
“1. |
Michael MAKUEI LUETH |
Dáta breithe: 1947 Áit bhreithe: Bor, an tSúdáin (an tSúdáin Theas anois), Inscne: fireann |
Tá Michael Makuei Lueth sa phost mar Aire Faisnéise agus Craolacháin ó 2013 i leith agus tá sé fós sa phost sin i Rialtas Idirthréimhseach na hAontachta Náisiúnta. Bhí sé ina urlabhraí poiblí freisin do thoscaireacht an rialtais chuig cainteanna síochána an Údaráis Idir-rialtasaigh Forbartha ó 2014 go 2015 agus ó 2016 go 2018. Tá bac curtha ag Makuei ar an bpróiseas polaitiúil sa tSúdáin Theas, go háirithe trí bhac a chur, le ráitis phoiblí ghríosaitheacha, ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir le Réiteach na Coinbhleachta sa tSúdáin Theas (ARCSS) i mí Lúnasa 2015 (ar cuireadh ina ionad i mí Mheán Fómhair 2018 an ‘ARCSS athbheoite’ (R-ARCSS)), trí bhac a chur ar obair Choimisiún Comhpháirteach Faireacháin agus Meastóireachta ARCSS (JMEC) a athainmníodh ‘JMEC athdhéanta’ faoin R-ARCSS, agus trí bhac a chur ar bhunú Institiúidí Ceartais Idirthréimhsigh ARCSS dá bhforáiltear in R-ARCSS. Chuir sé bac freisin ar oibríochtaí Fhórsa Cosanta Réigiúnach na Náisiún Aontaithe. Tá Makuei freagrach freisin as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear srianta ar shaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
3.2.2018” |