This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0752
Council Decision (EU) 2022/752 of 5 April 2022 amending Decision 1999/70/EC concerning the external auditors of the national central banks, as regards the external auditors of the Bank of Greece
Cinneadh (AE) 2022/752 ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh 1999/70/CE maidir le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta, a mhéid a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha Bhanc na Gréige
Cinneadh (AE) 2022/752 ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh 1999/70/CE maidir le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta, a mhéid a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha Bhanc na Gréige
ST/6707/2022/INIT
IO L 138, 17.5.2022, p. 13–14
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
17.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 138/13 |
CINNEADH (AE) 2022/752 ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Aibreán 2022
lena leasaítear Cinneadh 1999/70/CE maidir le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta, a mhéid a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha Bhanc na Gréige
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint do Phrótacal Uimh. 4 maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 27(1) de,
Ag féachaint don Mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach an 17 Feabhra 2022 chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir leis na hiniúchóirí seachtracha ar Bhanc na Gréige (ECB/2022/3) (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Déanfaidh iniúchóirí seachtracha neamhspleácha, arna moladh ag Comhairle Rialaithe BCE agus arna formheas ag Comhairle an Aontais Eorpaigh iniúchadh ar chuntais an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) agus ar bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu. |
(2) |
Tiocfaidh deireadh le sainordú iniúchóirí seachtracha reatha ar Bhanc na Gréige, Deloitte Certified Public Accountants S.A., tar éis an iniúchta don bhliain airgeadais 2021. Tá sé riachtanach, mar sin, iniúchóirí seachtracha a cheapadh ón mbliain airgeadais 2022. |
(3) |
Tá Ernst & Young (Hellas) Certified Auditors Accountants S.A. roghnaithe ag Banc na Gréige mar iniúchóirí seachtracha air do na blianta airgeadais 2022 go 2026, agus rogha ann síneadh a chur leis an sainordú do na blianta airgeadais 2027 agus 2028. |
(4) |
Mhol Comhairle Rialaithe BCE go gceapfaí Ernst & Young (Hellas) Certified Auditors Accountants S.A. mar iniúchóirí seachtracha ar Bhanc na Gréige do na blianta airgeadais 2022 go 2026, agus rogha ann síneadh a chur leis an sainordú do na blianta airgeadais 2027 agus 2028. |
(5) |
Tar éis an mholta ó Chomhairle Rialaithe BCE, ba cheart Cinneadh 1999/70/CE (2) a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 1 de Chinneadh 1999/70/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 12:
‘12. Leis seo, formheastar Ernst & Young (Hellas) Certified Auditors Accountants S.A. mar iniúchóirí seachtracha ar Bhanc na Gréige do na blianta airgeadais 2022 go 2026.’.
Airteagal 2
Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.
Airteagal 3
Is chuig an mBanc Ceannais Eorpach a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 5 Aibreán 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
B. LE MAIRE
(1) IO C 102, 2.3.2002. lch. 1.
(2) Cinneadh 1999/70/CE ón gComhairle an 25 Eanáir 1999 maidir le hiniúchóirí seachtracha ar na bainc cheannais náisiúnta (IO L 22, 29.1.1999, lch. 69).