EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2304

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2304 ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le heisiúint deimhnithe comhlántacha lena ndeimhnítear neamhúsáid antaibheathach i dtáirgeadh táirgí ainmhithe orgánacha chun críche onnmhairithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/7376

OJ L 461, 27.12.2021, p. 2–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/2304/oj

27.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 461/2


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2304 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Deireadh Fómhair 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le heisiúint deimhnithe comhlántacha lena ndeimhnítear neamhúsáid antaibheathach i dtáirgeadh táirgí ainmhithe orgánacha chun críche onnmhairithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 44(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Éilíonn tríú tíortha áirithe go ndéanfar táirgí ainmhithe orgánacha a tháirgeadh gan antaibheathaigh a úsáid. Chun rochtain ar mhargaí sna tíortha sin a éascú, oibreoirí nó grúpaí oibreoirí san Aontas ar mian leo na táirgí sin a onnmhairiú, ba cheart iad a bheith in ann neamhúsáid antaibheathach a chruthú trí bhíthin doiciméad oifigiúil.

(2)

De bhun Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/848, údaráis inniúla nó, i gcás inarb iomchuí, údaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe, ní mór dóibh deimhniú a sholáthar d’aon oibreoir nó d’aon ghrúpa oibreoirí a thug fógra faoina ghníomhaíocht agus a chomhlíonann an Rialachán sin. Chun a dheimhniú go ndéantar na táirgí ainmhithe orgánacha a tháirgeadh gan antaibheathaigh a úsáid, ba cheart an deis a bheith ag an oibreoir nó ag an ngrúpa oibreoirí eisiúint deimhniú comhlántach a iarraidh ar na húdaráis inniúla sin nó, i gcás inarb iomchuí, ar na húdaráis rialaithe nó ar na comhlachtaí rialaithe sin. Ba cheart an tsamhail sin le haghaidh deimhniú comhlántach a bhunú.

(3)

Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Deimhniú comhlántach lena ndeimhnítear neamhúsáid antaibheathach i dtáirgeadh orgánach táirgí ainmhithe chun críche onnmhairithe

Arna iarraidh sin d’oibreoir nó do ghrúpa oibreoirí a bhfuil deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/848 acu cheana, an t-údarás inniúil ábhartha nó, i gcás inarb iomchuí, an t-údarás nó an comhlacht rialaithe ábhartha, eiseoidh sé deimhniú comhlántach lena ndeimhneofar gur tháirg an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí táirgí ainmhithe orgánacha gan antaibheathaigh a úsáid má tá an deimhniú sin ag teastáil chun na táirgí sin a onnmhairiú ón Aontas. Tá an tsamhail le haghaidh an deimhnithe chomhlántaigh sin leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

DEIMHNIÚ COMHLÁNTACH LENA nDEIMHNÍTEAR NEAMHÚSÁID ANTAIBHEATHACH I dTÁIRGEADH ORGÁNACH TÁIRGÍ AINMHITHE CHUN CRÍCHE ONNMHAIRITHE

1.

Uimhir an doiciméid:

2.

(roghnaigh de réir mar is iomchuí)

An t-oibreoir

Grúpaí oibreoirí

3.

Ainm agus seoladh an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí:

4.

Ainm agus seoladh údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, údarás rialaithe nó chomhlacht rialaithe an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí agus an chóduimhir i gcás údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe:

5.

Uimhir dhoiciméid an deimhnithe a sholáthraítear d’oibreoir nó do ghrúpa oibreoirí de bhun Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/848 i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán sin:

Eisíodh an deimhniú seo lena dheimhniú gurb iad seo a leanas na táirgí ainmhithe orgánacha a tháirg an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí (roghnaigh de réir mar is iomchuí) gan antaibheathaigh a úsáid:

1.

………………….

2.

………………….

3.

………………….

6.

Dáta, áit:

Ainm agus síniú thar ceann an údaráis inniúil eisiúna nó, i gcás inarb iomchuí, an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe:

7.

Deimhniú comhlántach bailí ón……….[cuir isteach dáta] go dtí an……….[cuir isteach dáta]


Top