EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R2281
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/2281 of 16 December 2021 amending Implementing Regulation (EU) No 792/2012 as regards the addition of a new source code for plants from assisted production and related changes
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2281 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 a mhéid a bhaineann le cód foinseach nua le haghaidh plandaí a fuarthas trí tháirgeadh cúnta a chur leis agus na hathruithe a bhaineann leis an méid sin
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2281 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 a mhéid a bhaineann le cód foinseach nua le haghaidh plandaí a fuarthas trí tháirgeadh cúnta a chur leis agus na hathruithe a bhaineann leis an méid sin
C/2021/9166
OJ L 473, 30.12.2021, p. 131–138
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
30.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 473/131 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2281 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Nollaig 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 a mhéid a bhaineann le cód foinseach nua le haghaidh plandaí a fuarthas trí tháirgeadh cúnta a chur leis agus na hathruithe a bhaineann leis an méid sin
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil (1), agus go háirithe Airteagal 19(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 (2) a ailíniú le hinneachar rún áirithe a glacadh nó a leasaíodh ag an 18ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (“an Coinbhinsiún”), a bhí ar siúl ón 17 go dtí an 28 Lúnasa 2019 (CoP 18). |
(2) |
Go háirithe, le CoP 18, leasaíodh Rún Comhdhála 12.3 trí chód nua a chur isteach lena léirítear foinse eiseamal plandaí áirithe nach bhfuil i gcomhréir le haon cheann de na cóid atá ann faoi láthair. Ba cheart an cód foinseach nua sin a áireamh i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012. |
(3) |
Chun an tuairisciú a dhéantar a fheabhsú agus chun anailís trádála a éascú, ar an bhfoirm maidir le fógraí allmhairithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012, ba cheart go bhféadfaí faisnéis faoi fhoinse na n-eiseamal arna dtrádáil a áireamh. Chun an úsáid éifeachtach acmhainní a éascú, ba cheart Údarás Bainistíochta a bheith in ann úsáid a bhaint as stoic na bhfoirmeacha maidir le fógraí allmhairithe atá ann cheana féin ar feadh idirthréimhse theoranta. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 a leasú dá réir. |
(5) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012, áirithítear cur chun feidhme aonfhoirmeach Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 ón gCoimisiún (3), go háirithe trí shamhlacha a leagan síos agus ní mór do cheadanna, do dheimhnithe agus do dhoiciméid eile dá bhforáiltear sa Rialachán sin comhfhreagairt do na samhlacha sin. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán leasaitheach seo a chur i bhfeidhm i gcomhar leis an Rialachán lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 ón gCoimisiún (4), agus ba cheart feidhm a bheith ag an dá Rialachán leasaitheacha amhail ón lá céanna. |
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Thrádáil in Fauna agus in Flora Fiáine, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 2(2), cuirtear an dara fomhír seo a leanas isteach: “Go dtí an 19 Eanáir 2023, féadfar fógraí allmhairithe a tharraingt suas trí úsáid na bhfoirmeacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II sa leagan atá i bhfeidhm an 18 Eanáir 2022.” |
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 i gcomhréir le hIarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán seo. |
(3) |
cuirtear an téacs in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Nollaig 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 61, 3.3.1997, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 ón gCoimisiún an 23 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha maidir le dearadh ceadanna, deimhnithe agus doiciméad eile dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 ón gCoimisiún (IO L 242, 7.9.2012, lch. 13).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe a bhaineann le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil (IO L 166, 19.6.2006, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2021/2280 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil agus Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha mionsonraithe a bhaineann le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).
IARSCRÍBHINN 1
Leasaítear na hiarscríbhinní a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 mar a leanas:
(1) |
leasaítear Iarscríbhinn I, “Cead/Deimhniú”, mar a leanas:
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn III, “Deimhniú maidir le taispeántas taistil”, mar a leanas:
|
(3) |
leasaítear Iarscríbhinn V, “Deimhniú – Nach bhfuil ceaptha lena úsáid lasmuigh den Aontas Eorpach”, mar a leanas:
|
(1) Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe a bhaineann le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil (IO L 166, 19.6.2006, lch. 1).
IARSCRÍBHINN 2
“IARSCRÍBHINN II
Treoracha agus mínithe
1. |
Cuir isteach ainm agus seoladh iomlán an allmhaireora nó an ionadaí údaraithe. |
4. |
Is éard atá sa tír thionscnaimh an tír inar gabhadh na heiseamail ón bhfiántas, inar rugadh agus tógadh i mbraighdeanas iad nó inar iomadaíodh go saorga iad. |
5. |
Ní bheidh feidhm aige ach amháin i gcás nach í an tír thionscnaimh an tír óna n-allmhairítear na heiseamail. |
6. |
Ní mór an tuairisc a bheith chomh beacht agus is féidir. |
9. |
Úsáid ceann amháin de na cóid seo a leanas chun an fhoinse a léiriú:
|
10. |
Ní mór an t-ainm eolaíoch céanna a úsáid agus a úsáidtear in Iarscríbhinn C nó Iarscríbhinn D a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 338/97. |
11. |
Cuir isteach III le haghaidh na speiceas a liostaítear in Aguisín III a ghabhann le CITES. |
13. |
Cuir isteach litreacha na hIarscríbhinne (C nó D) a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ina liostaítear an speiceas. |
14. |
Maidir leis an gcóip bhunaidh shínithe (foirm 1) agus ‘cóip an allmhaireora’ (foirm 2), mar aon le doiciméid CITES maidir le hAguisín III arna heisiúint ag an tír (ath)-onnmhairithe i gcás inarb iomchuí, ní mór don allmhaireoir iad a chur faoi bhráid oifig custaim na céadiontrála isteach san Aontas. |
15. |
Seolfaidh an oifig custaim an chóip bhunaidh stampáilte (foirm 1) chuig údarás bainistíochta a tíre féin agus cuirfidh sí ‘cóip an allmhaireora’ stampáilte (foirm 2) ar ais chuig an allmhaireoir nó chuig ionadaí údaraithe an allmhaireora |
Treoracha agus mínithe
1. |
Cuir isteach ainm agus seoladh iomlán an allmhaireora nó an ionadaí údaraithe. |
4. |
Is éard atá sa tír thionscnaimh an tír inar gabhadh na heiseamail ón bhfiántas, inar rugadh agus tógadh i mbraighdeanas iad nó inar iomadaíodh go saorga iad. |
5. |
Ní bheidh feidhm aige ach amháin i gcás nach í an tír thionscnaimh an tír óna n-allmhairítear na heiseamail. |
6. |
Ní mór an tuairisc a bheith chomh beacht agus is féidir. |
9. |
Úsáid ceann amháin de na cóid seo a leanas chun an fhoinse a léiriú
|
10. |
Ní mór an t-ainm eolaíoch céanna a úsáid agus a úsáidtear in Iarscríbhinn C nó Iarscríbhinn D a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 338/97. |
11. |
Cuir isteach III le haghaidh na speiceas a liostaítear in Aguisín III a ghabhann le CITES. |
13. |
Cuir isteach litreacha na hIarscríbhinne (C nó D) a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ina liostaítear an speiceas. |
14. |
Maidir leis an gcóip bhunaidh shínithe (foirm 1) agus ‘cóip an allmhaireora’ (foirm 2), mar aon le doiciméid CITES maidir le hAguisín III arna heisiúint ag an tír (ath)-onnmhairithe i gcás inarb iomchuí, ní mór don allmhaireoir iad a chur faoi bhráid oifig custaim na céadiontrála isteach san Aontas. |
15. |
Seolfaidh an oifig custaim an chóip bhunaidh stampáilte (foirm 1) chuig údarás bainistíochta a tíre féin agus cuirfidh sí an ‘cóip an allmhaireora’ stampáilte (foirm 2) ar ais chuig an allmhaireoir nó chuig ionadaí údaraithe an allmhaireora. |
(1) Le húsáid ach amháin i gcomhar le cód foinseach eile.
(2) Le húsáid ach amháin i gcomhar le cód foinseach eile.