EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2083

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2083 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2021 lena gcuirtear ar fionraí bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá, bearta arna bhforchur le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 agus (AE) 2020/502

C/2021/8479

OJ L 426, 29.11.2021, p. 41–44 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2083/oj

29.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 426/41


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2083 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Samhain 2021

lena gcuirtear ar fionraí bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá, bearta arna bhforchur le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 agus (AE) 2020/502

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) (1), agus go háirithe Airteagal 7(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 20 Meitheamh 2018, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 (2) maidir le bearta beartais tráchtála áirithe a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá, rialachán lena bhforáiltear mar a leanas maidir le cur i bhfeidhm dleachtanna custaim breise ar roinnt táirgí de thionscnamh na Stát Aontaithe a allmhairítear isteach san Aontas:

(a)

ag an gcéad chéim, na dleachtanna ad valorem breise ar ráta 10 % agus 25 % ar allmhairí na dtáirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, faoi mar a shonraítear san Iarscríbhinn sin, is dleachtanna iad a tháinig i bhfeidhm an 21 Meitheamh 2018, agus bhí sé beartaithe iad a bheith i bhfeidhm nó go scoirfidh na Stáit Aontaithe de na bearta coimirce atá á gcur i bhfeidhm acu féin maidir le táirgí ón Aontas;

(b)

ag an dara céim, is ón 1 Meitheamh 2021 a bheadh feidhm ag na dleachtanna ad valorem breise eile ar ráta 10 %, 25 %, 35 % agus 50 % ar allmhairí na dtáirgí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, faoi mar a shonraítear san Iarscríbhinn sin, sin nó tar éis don Chomhlacht um Réiteach Díospóide de chuid EDT rialú a ghlacadh, nó fógra a fháil ina leith, le rá go bhfuil bearta coimirce na Stát Aontaithe ar neamhréir le forálacha ábhartha an Chomhaontaithe lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (“Comhaontú EDT”), más é is túisce, nó go scoirfidh na Stáit Aontaithe de na bearta coimirce atá i bhfeidhm acu maidir le táirgí ón Aontas.

(2)

An 7 Aibreán 2020, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/502 (3) lena bhforáiltear maidir le cur i bhfeidhm dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh na Stát Aontaithe a allmhairítear isteach san Aontas, mar a leanas:

(a)

ag an gcéad chéim, na dleachtanna ad valorem breise ar ráta 20 % agus 7 % ar allmhairí na dtáirgí a shonraítear in Airteagal 1(2), pointe (a), den Rialachán sin, is dleachtanna iad a tháinig i bhfeidhm an 8 Bealtaine 2020, agus socraíodh iad a bheith i bhfeidhm nó go scoirfidh na Stáit Aontaithe de na bearta coimirce atá á gcur i bhfeidhm acu féin maidir le táirgí ón Aontas;

(b)

ag an dara céim, is ón 8 Feabhra 2023 ba cheart feidhm a bheith ag dleacht ad valorem bhreise de 4,4 % ar allmhairí an táirge a shonraítear in Airteagal 1(2), pointe (b), den Rialachán sin, sin nó tar éis don Chomhlacht um Réiteach Díospóide de chuid EDT rialú a ghlacadh, nó fógra a fháil ina leith, le rá go bhfuil bearta coimirce na Stát Aontaithe ar neamhréir le forálacha ábhartha Chomhaontú EDT, más é is túisce, nó go dtiocfaidh deireadh le feidhm na mbeart coimirce de chuid na Stát Aontaithe.

(3)

An 31 Bealtaine 2021, de bhun an Ráitis Chomhpháirtigh ón Aontas Eorpach agus ó Stáit Aontaithe Mheiriceá a foilsíodh an 17 Bealtaine 2021, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 (4) maidir le bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá, rialachán a chuir ar fionraí cur i bhfeidhm na ndleachtanna ad valorem breise ar tháirgí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/886 go dtí an 30 Samhain 2021.

(4)

Féadfaidh an Coimisiún Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 (5) agus (AE) 2020/502 (6) a leasú thar ceann an Aontais, más iomchuí sin dar leis, chun aon mhodhnú nó leasú ar bhearta coimirce na Stát Aontaithe a thabhairt san áireamh.

(5)

An 31 Deireadh Fómhair 2021, d’fhógair na Stáit Aontaithe na leasuithe seo a leanas ar a mbearta coimirce féin, leasuithe a thiocfaidh i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022:

(i)

déanfaidh na Stáit Aontaithe ‘taraif-chuóta a chur in ionad na taraife 25 % atá ann cheana ar tháirgí cruach an Aontais faoi Roinn 232.’ Tá an cuóta bunaithe ar na méideanna allmhairiúcháin a bhíodh ann roimhe seo maidir le táirgí cruach de thionscnamh an Aontais;

(ii)

déanfaidh na Stáit Aontaithe ‘taraif-chuóta a chur in ionad na taraife 10 % atá ann cheana ar tháirgí alúmanaim an Aontais faoi Roinn 232’. Tá an cuóta bunaithe ar na méideanna allmhairiúcháin a bhíodh ann roimhe seo maidir le táirgí alúmanaim de thionscnamh an Aontais;

(iii)

déanfaidh na Stáit Aontaithe ‘cur i bhfeidhm na ndíolúintí a dheonaítear agus a úsáidtear le haghaidh na bliana fioscaí 2021 sna Stáit Aontaithe maidir le táirgí cruach arna n-allmhairiú ón Aontas ar feadh tréimhse dhá bhliain féilire gan aon ghá iarratas a dhéanamh orthu arís, i.e., go dtí an 31 Nollaig 2023’;

(iv)

ní chuirfidh na Stáit Aontaithe dleachtanna Roinn 232 i bhfeidhm ar allmhairí earraí díorthacha as cruach ná ar allmhairí earraí díorthacha as alúmanaim, ar allmhairí iad a thagann ón Aontas.

(6)

Dá réir sin, ba cheart don Aontas cur i bhfeidhm na ndleachtanna ad valorem breise a chur ar fionraí, ar dleachtanna iad arna bhforchur le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 agus (AE) 2020/502, ar feadh tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2023. Ba cheart an fhionraíocht a chur i bhfeidhm mar seo a leanas:

(i)

ba cheart na dleachtanna ad valorem breise ar tháirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 a chur ar fhionraí ón 1 Eanáir 2022;

(ii)

na dleachtanna ad valorem breise ar tháirgí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886, dleachtanna atá ar fionraí go dtí an 30 Samhain 2021, ba cheart an fhionraíocht sin a bheith i bhfeidhm fós ón 1 Nollaig 2021;

(iii)

ba cheart na dleachtanna ad valorem breise ar tháirgí a liostaítear in Airteagal 1(2), pointe (a) agus pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/502 a chur ar fionraí ón 1 Eanáir 2022;

(iv)

an dleacht ad valorem bhreise ar an táirge a liostaítear in Airteagal 1(2), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/502, dleacht a mbeidh feidhm aici ón 8 Feabhra 2023, ba cheart iad a chur ar fionraí ón 8 Feabhra 2023.

(7)

Má chuirtear an fhionraíocht sin i bhfeidhm, beidh an tAontas agus na Stáit Aontaithe in ann an comhar leanúnach eatarthu a chur chun cinn go mór, lena n-áirítear d’fhonn deireadh a chur leis na taraifí a chuireann siad i bhfeidhm ar a chéile. Mar sin féin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach mbeadh aon díolúine ó bhearta na Stát Aontaithe i bhfeidhm tar éis an 31 Nollaig 2023. Díolúintí den sórt sin a dheonaítear d’allmhaireoirí sna Stáit Aontaithe agus táirgí ón Aontas á n-allmhairiú acu, laghdaíonn sin go suntasach an tionchar diúltach atá ag bearta coimirce na Stát Aontaithe. Dá bhrí sin, meastar gó bhfuil tréimhse leordhóthanach réasúnta i gceist le fionraíocht a mhaireann go dtí an 31 Nollaig 2023, rud a thugann aird chuí ar na fógraí ó na Stát Aontaithe an 31 Deireadh Fómhair 2021.

(8)

Ceanglaítear le hAirteagal 4(2)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 go mbeidh gníomhaíocht an Aontais coibhéiseach go substaintiúil le leibhéal na lamháltas nó na n-oibleagáidí eile a ndéanann bearta coimirce an tríú tír difear dóibh.

(9)

Ba cheart don Choimisiún an fhionraíocht a choinneáil faoi athbhreithniú i bhfianaise forbairtí nua, mar shampla forbairtí a d’fhéadfadh drochthionchar a imirt ar staid allmhairí an Aontais atá fós faoi réir bhearta coimirce na Stát Aontaithe, lena n-áirítear aon bhac a chuireann isteach ar onnmhairí an Aontais. Féadfaidh an Coimisiún an Rialachán seo a leasú chun forbairtí den sórt sin, aon mhodhnú ar bhearta coimirce na Stát Aontaithe nó aon leasú orthu a chur san áireamh.

(10)

Tá an fhionraíocht sin gan dochar do sheasamh an Aontais go bhfuil bearta coimirce na Stát Aontaithe ar neamhréir le Comhaontú EDT i gcónaí.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Bacainní Trádála arna bhunú le Rialachán (AE) 2015/1843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cur i bhfeidhm na ndleachtanna ad valorem breise ar ráta 10 % agus 25 % ar allmhairí na dtáirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886, cuirfear ar fionraí é ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2023.

Cur i bhfeidhm na ndleachtanna ad valorem breise ar ráta 10 %, 25 %, 35 % agus 50 % ar allmhairí na dtáirgí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886, cuirfear ar fionraí é ón 1 Nollaig 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023.

Gan dochar d’aon fhionraíocht ná modhnú breise, lena n-áirítear aischur roimhe sin, beidh feidhm ag na dleachtanna dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 le héifeacht ón 1 Eanáir 2024 agus an dáta sin san áireamh.

Airteagal 2

Déanfar cur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/502 a chur ar fionraí go dtí an 31 Nollaig 2023, mar a leanas:

(a)

na dleachtanna ad valorem breise ar ráta 20 % agus 7 % ar allmhairí táirgí a shonraítear in Airteagal 1(2), pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/502, cuirfear ar fionraí iad ón 1 Eanáir 2022;

(b)

an dleacht ad valorem bhreise ar ráta 4,4 % ar allmhairí an táirge a shonraítear in Airteagal 1(2), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/502, cuirfear ar fionraí iad ón 8 Feabhra 2023.

Gan dochar d’aon fhionraíocht ná modhnú breise, lena n-áirítear aischur roimhe sin, beidh feidhm ag na dleachtanna dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/502 le héifeacht ón 1 Eanáir 2024 agus an dáta sin san áireamh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 30 Samhain 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 189, 27.6.2014, lch. 50; arna leasú le Rialachán (AE) 2015/1843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 (IO L 272, 16.10.2015, lch. 1) agus le Rialachán (AE) 2021/167 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 (IO L 49, 12.2.2021, lch. 1).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2018 maidir le bearta áirithe beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/724 (IO L 158, 21.6.2018, lch. 5).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/502 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2020 maidir le bearta áirithe beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 109, 7.4.2020, lch. 10).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/866 ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2021 lena gcuirtear ar fionraí bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá, bearta arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 (IO L 190, 31.5.2021, lch. 94).

(5)  Aithris 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886.

(6)  Aithris 19 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/502.

(7)  Rialachán (AE) 2015/1843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Aontais faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (IO L 272, 16.10.2015, lch. 1).


Top