EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2027

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2027 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/884 i ndáil le maoluithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 chun dul i ngleic leis an ngéarchéim san earnáil fíona de dheasca phaindéim COVID-19, agus lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149

C/2021/6589

OJ L 415, 22.11.2021, p. 4–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/2027/oj

22.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 415/4


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2027 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Meán Fómhair 2021

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/884 i ndáil le maoluithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 chun dul i ngleic leis an ngéarchéim san earnáil fíona de dheasca phaindéim COVID-19, agus lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 352/78, Rialachán (CE) Uimh. 165/94, Rialachán (CE) Uimh. 2799/98, Rialachán (CE) Uimh. 814/2000, Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 62(1) agus Airteagal 64(6) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 53, pointe (b) agus pointe (h), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/884 ón gCoimisiún (3), tugadh isteach roinnt maoluithe ar na rialacha reatha, inter alia, ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 ón gCoimisiún (4) san earnáil fíona, a bhí dírithe ar fhaoiseamh a thabhairt d’oibreoirí fíona chun cuidiú leo tionchar phaindéim COVID-19 a láimhseáil. Mar sin féin, cé go raibh na bearta sin an-úsáideach, níor éirigh leis an margadh fíona teacht ar chothromaíocht idir an soláthar agus an t-éileamh arís.

(2)

Níl paindéim COVID-19 faoi smacht. Ní leordhóthanach na feachtais vacsaínithe i réigiúin áirithe an Aontais agus ar fud an domhain, agus tá bearta maidir le srianta ar ghluaiseacht agus scaradh sóisialta fós i bhfeidhm i bhformhóir na dtíortha. Ar na bearta sin tá srianta fós maidir le taisteal, méid ócáidí ceiliúrtha sóisialta, cóisirí príobháideacha, imeachtaí poiblí agus maidir leis na deiseanna le hithe agus le hól lasmuigh den áitreabh pearsanta. De bharr thionchar na srianta sin tháinig laghdú breise ar thomhaltas fíona san Aontas, mhéadaigh ar na stoic, agus bhí suaitheadh margaidh méadaithe ann i gcoitinne. I roinnt Ballstát, baineann trian den tomhaltas fíona leis an turasóireacht. Ar an ábhar sin, tá an tomhaltas fíona fós ag laghdú agus tá na stoic fós ard. Na hiarmhairtí sin de dheasca na paindéime, chomh maith leis na taraifí a d’fhorchuir na Stáit Aontaithe agus an tamall seaca san Eoraip in Aibreán 2021, bhí drochthionchar trom acu sin ar ioncam tháirgeoirí fíona an Aontais. Meastar gur teaglaim de na tosca thuas is cúis le laghdú meánach idir 15 agus 20 % ar láimhdeachas earnáil fíona an Aontais, agus tá caillteanais suas le 40 % tuairiscithe ag gnólachtaí áirithe.

(3)

Sa bhreis air sin, tá neamhchinnteacht ann faoi cén fad a mhairfidh an ghéarchéim, rud is deacair a thuar fós mar gheall ar inathraitheacht ghasta an víris, agus tá sin ag cur níos mó leis an suaitheadh suntasach atá ann cheana i margadh fíona an Aontais. Ciallaíonn an méid thuas go dtógfaidh téarnamh na hearnála níos mó ama ná mar a bhí á thuar ag tús 2021. Ar an ábhar sin, is iomchuí leanúint de thacaíocht shealadach agus eisceachtúil a chur ar fáil d’earnáil fíona an Aontais chun an méadú tuairiscithe ar fhéimheachtaí a sheachaint.

(4)

Ós rud é go meastar go leanfaidh paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí ar aghaidh tar éis dheireadh na bliana 2021, agus, mar sin, le linn cuid shuntasach den bhliain airgeadais 2022, is gá síneadh a chur le cur i bhfeidhm na mbeart a leagtar síos in Airteagal 2(1), (3), (4) agus (6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/884 ar feadh na bliana airgeadais 2022.

(5)

Foráiltear in Airteagal 25(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149, i dtaca leis an tacaíocht le haghaidh cistí frithpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, go mbeidh sí teoranta do 10 %, 8 % agus 4 % de ranníocaíocht na dtáirgeoirí leis an gciste frithpháirteach sa chéad, sa dara agus sa tríú bliain, faoi seach, dá chur i bhfeidhm. Mar sin féin, is léir ar an taithí a fuarthas go dtí seo nach spreagann na rátaí tacaíochta sin na Ballstáit leis an mbeart sin a áireamh ina gcláir thacaíochta san earnáil fíona, ná oibreoirí le cur isteach ar thacaíocht faoi. I bhfianaise thábhacht na gcistí frithpháirteacha mar ionstraim ó thaobh rioscaí a bhainistiú de, lena n-áirítear na rioscaí a bhaineann le teagmhais dhíobhálacha aeráide amhail na tréimhsí déanacha, thar a bheith fada, seaca chrua a tharla in Aibreán 2021 agus rioscaí a bhaineann le suaití sa mhargadh amhail na cinn a eascraíonn as paindéim COVID-19, is iomchuí na rátaí tacaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 25(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 a mhéadú faoi dhó d’fhonn an dreasacht a mhéadú le haghaidh oibreoirí san earnáil fíona tuilleadh cistí frithpháirteacha a chur ar bun agus d’fhonn na huirlisí agus an tacaíocht a sholáthar dóibh chun iad féin a chosaint ar rioscaí amach anseo.

(6)

Is iomchuí freisin go gcumhdófar níos mó ná bliain mhargaíochta amháin leis an dreasacht mhéadaithe sin, óir tá sé léirithe cheana go raibh glacadh tacaíochta le cistí frithpháirteacha a chur ar bhun an-teoranta san am a chuaigh thart. Dá bhrí sin, tá sé fíor-riachtanach go mbeadh dóthain ama ann chun Ballstáit agus oibreoirí san earnáil fíona a chur ar an eolas faoin ráta eisceachtúil tacaíochta sin agus chun iad a spreagadh le leas a bhaint as. Thairis sin, is féidir go dtógfadh sé breis agus bliain chun cistí frithpháirteacha a chur ar bun. Ba cheart, dá bhrí sin, a chumhdach leis an tacaíocht mhéadaithe tréimhse 2 bhliain ar a laghad. Ar na cúiseanna sin uile, is gá ranníocaíocht airgeadais an Aontais ar mhaithe le tacaíocht le haghaidh cistí frithpháirteacha a mhéadú go dtí deireadh na clárthréimhse 2019-2023.

(7)

Ba cheart Rialacháin Tharmligthe (AE) 2020/884 agus (AE) 2016/1149 a leasú dá réir.

(8)

Chun leanúnachas a áirithiú idir na blianta airgeadais 2021 agus 2022, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm ar an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart feidhm a bheith aige ón 16 Deireadh Fómhair 2021 amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/884

Leasaítear Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/884 mar seo a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   De mhaolú ar Airteagal 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149, le linn na mblianta 2020, 2021 agus 2022, féadfar glasbhuaint a chur i bhfeidhm ar an aon fhearann amháin ar feadh 2 bhliain nó níos mó as a chéile.”;

(2)

i mír 3, mír 4 agus mír 6, cuirtear “15 Deireadh Fómhair 2022” in ionad an dáta “15 Deireadh Fómhair 2021”.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149

In Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/1149, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   I gcás go mbaintear leas as an tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 chun maoiniú a chur ar fáil le haghaidh chostas riaracháin na gcistí frithpháirteacha a chur ar bun, beidh an tacaíocht teoranta don sciar thíos de ranníocaíocht na dtáirgeoirí leis an gciste frithpháirteach sa chéad, dara agus tríú bliain dá chur i bhfeidhm: 20 %, 16 % agus 8 %.”.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 16 Deireadh Fómhair 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.

(2)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/884 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2020 lena maolaítear i leith na bliana 2020 ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 a mhéid a bhaineann leis an earnáil torthaí agus glasraí agus ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 a mhéid a bhaineann leis an earnáil fíona i dtaca le paindéim COVID-19 (IO L 205, 29.6.2020, lch. 1).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cláir thacaíochta náisiúnta san earnáil fíona agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 555/2008 ón gCoimisiún (IO L 190, 15.7.2016, lch. 1).


Top