This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1950
Commission Delegated Regulation (EU) 2021/1950 of 10 November 2021 amending Directive 2009/81/EC of the European Parliament and of the Council in respect of the thresholds for supply, service and works contracts (Text with EEA relevance)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1950 ón gCoimisiún an 10 Samhain 2021 lena leasaítear Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i leith na dtairseach le haghaidh conarthaí soláthair, conarthaí seirbhíse agus conarthaí oibreacha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1950 ón gCoimisiún an 10 Samhain 2021 lena leasaítear Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i leith na dtairseach le haghaidh conarthaí soláthair, conarthaí seirbhíse agus conarthaí oibreacha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/7927
IO L 398, 11.11.2021, p. 19–20
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
11.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 398/19 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1950 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Samhain 2021
lena leasaítear Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i leith na dtairseach le haghaidh conarthaí soláthair, conarthaí seirbhíse agus conarthaí oibreacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha poiblí, soláthair phoiblí agus seirbhíse poiblí ag údaráis nó eintitis chonarthacha i réimse na cosanta nó na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoir 2004/17/CE agus Treoir 2004/18/CE (1), agus go háirithe Airteagal 68(1), an dara fomhír,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Cinneadh 2014/115/AE (2), d’fhormheas an Chomhairle an Prótacal lenar leasaíodh an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais (3) arna chur i gcrích faoi chuimsiú na hEagraíochta Trádála Domhanda. Is ionstraim ilpháirtithe é an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais (“an Comhaontú”) agus is é is cuspóir dó margaí soláthair rialtais i measc a pháirtithe a oscailt dá chéile. Baineann an Comhaontú le haon chonradh soláthair a bhfuil luach aige, lena mbaintear amach nó lena sáraítear na méideanna arna sonrú ann (“tairseacha”) agus arna gcur in iúl mar chearta tarraingthe speisialta. |
(2) |
Ceann de spriocanna Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) is ea na heintitis chonarthacha agus na húdaráis chonarthacha a chuireann an Treoir sin i bhfeidhm a chumasú chun na hoibleagáidí a leagtar síos sa Chomhaontú a chomhlíonadh an tráth céanna. I gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir 2014/25/AE, ní mór don Choimisiún a fhíorú, gach 2 bhliain, go gcomhfhreagraíonn na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 15, pointí (a) agus (b), den Treoir sin leis na tairseacha arna mbunú sa Chomhaontú, agus ní mór dó iad a athbhreithniú, i gcás inar gá. |
(3) |
Tá athbhreithniú déanta ar na tairseacha a leagtar síos i dTreoir 2014/25/AE. I gcomhréir le hAirteagal 68(1) de Threoir 2009/81/CE, tá na tairseacha a leagtar síos sa Treoir sin le hailíniú leis na tairseacha athbhreithnithe a leagtar síos i dTreoir 2014/25/AE. |
(4) |
De bhun Airteagal 68(1) de Threoir 2009/81/CE, athbhreithneoidh an Coimisiún na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 8 den Treoir sin an tráth céanna a athbhreithneofar na tairseacha a leagtar síos i dTreoir 2004/17/CÉ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Le hAirteagal 17(1) de Threoir 2014/25/AE, lena ndearnadh an Treoir 2004/17/CE a aisghairm, ceanglaítear ar an gCoimisiún na tairseacha a athbhreithniú gach 2 bhliain le héifeacht ón 1 Eanáir. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na tairseacha le haghaidh na mblianta 2022-2023 amhail ón 1 Eanáir 2022. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2009/81/CE a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Airteagal 8 de Threoir 2009/81/CE mar a leanas:
(1) |
i bpointe (a), cuirtear “EUR 431 000” in ionad “EUR 428 000”; |
(2) |
i bpointe (b), cuirtear “EUR 5 382 000” in ionad “EUR 5 350 000”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Samhain 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 216, 20.8.2009, lch. 76.
(2) Cinneadh 2014/115/AE ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 maidir le cur i gcrích an Phrótacail lena Leasaítear an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais (IO L 68, 7.3.2014, lch. 1).
(3) IO L 68, 7.3.2014, lch. 2.
(4) Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar ag eintitis a fheidhmíonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist, agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).
(5) Treoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena gcomhordaítear na nósanna imeachta um sholáthar de chuid eintiteas a fheidhmíonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist (IO L 134, 30.4.2004, lch. 1).