EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1863
Council Regulation (EU) 2021/1863 of 22 October 2021 amending Regulation (EC) No 1183/2005 imposing certain specific restrictive measures directed against persons acting in violation of the arms embargo with regard to the Democratic Republic of the Congo
Rialachán (AE) 2021/1863 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm i dtaca le Poblacht Dhaonlathach an Chongó
Rialachán (AE) 2021/1863 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm i dtaca le Poblacht Dhaonlathach an Chongó
ST/12582/2021/INIT
OJ L 377, 25.10.2021, p. 1–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
25.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 377/1 |
RIALACHÁN (AE) 2021/1863 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Deireadh Fómhair 2021
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm i dtaca le Poblacht Dhaonlathach an Chongó
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2021/1866 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (1),
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 (2) ón gComhairle, tugtar éifeacht do Chinneadh 2010/788/CBES (3) agus déantar foráil ann maidir le bearta áirithe atá dírithe i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an trádbhac arm i dtaca le Poblacht Dhaonlathach an Chongó, lena n-áirítear a gcuid sócmhainní a reo. |
(2) |
Le Rún 2582 (2021) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (“UNSCR”), leasaíodh na critéir chun daoine agus eintitis a ainmniú le bheith faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach i míreanna 9 agus 11 de UNSCR 1807 (2008). Tugtar éifeacht do UNSCR 2582 (2021) le Cinneadh (CBES) 2021/1866 ón gComhairle. |
(3) |
Tagann na bearta sin faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha i bhfeidhm go haonfhoirmeach i ngach Ballstát é, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun éifeacht a thabhairt do Chinneadh (CBES) 2021/1866 ón gComhairle. |
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 2a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):
“(i) |
ionsaithe ar choimeádaithe síochána de chuid MCENAC nó ar phearsanra de chuid na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear baill den Ghrúpa Saineolaithe, nó ar phearsanra leighis nó ar phearsanra daonnúil a phleanáil, a stiúradh, a urrú nó páirt a ghlacadh iontu;”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. DOVŽAN
(1) Féach leathanach 33 den Iris Oifigiúil seo.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle an 18 Iúil 2005 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm i dtaca le Poblacht Dhaonlathach an Chongó (IO L 193, 23.7.2005, lch. 1).
(3) Cinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle an 20 Nollaig 2010 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2008/369/CBES (IO L 336, 21.12.2010, lch. 30).