EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1696

Rialachán (AE) 2021/1696 ón gComhairle an 21 Meán Fómhair 2021 lena leathnaítear cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/840 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 (“clár Pericles IV”) go dtí na Ballstáit neamh-rannpháirteacha

ST/13255/2020/REV/1

OJ L 336, 23.9.2021, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1696/oj

23.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 336/1


RIALACHÁN (AE) 2021/1696 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Meán Fómhair 2021

lena leathnaítear cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/840 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 (“clár Pericles IV”) go dtí na Ballstáit neamh-rannpháirteacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 352 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/840 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), bunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (“clár Pericles IV”), atá infheidhme sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí. In Airteagal 139 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déantar foráil nach mbeidh feidhm ag na bearta a rialaíonn úsáid an euro dá dtagraítear in Airteagal 133 den Chonradh sna Ballstáit a bhfuil maolú acu.

(2)

Ba cheart an malartú faisnéise agus foirne agus na bearta cúnaimh agus oiliúna a chuirtear chun feidhme faoi chlár Pericles IV a bheith aonfhoirmeach ar fud an Aontais, áfach. Ba cheart, dá bhrí sin, na bearta is gá a dhéanamh chun an leibhéal céanna cosanta a áirithiú don euro sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar a n-airgeadra oifigiúil acu.

(3)

Chun an leanúnachas a áirithiú sa tacaíocht a sholáthraítear sa réimse beartais ábhartha, agus chun go bhféadfar tosú ar chur chun feidhme chlár Pericles IV ó thús Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déanfar cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/840 a leathnú chuig Ballstáit seachas na Ballstáit rannpháirteacha mar a shainítear i bpointe (a) d’Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 974/98 ón gComhairle (3).

Measfar eintitis ó na Ballstáit sin a bheith incháilithe do chistiú nuair is údaráis inniúla iad de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2021/840.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)  Toiliú an 18 Bealtaine 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Rialachán (AE) 2021/840 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 (clár “Pericles IV”), agus lena n-aisghairtear Rialacháh (AE) Uimh. 331/2014 (IO L 186, 27.5.2021, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 974/98 ón gComhairle an 3 Bealtaine 1998 maidir le tabhairt isteach an euro (IO L 139, 11.5.1998, lch. 1).


Top