EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1533

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1533 ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2021 lena bhforchuirtear coinníollacha speisialta lena rialaítear allmhairiú beatha agus bia de thionscnamh na Seapáine nó a sheoltar ón tSeapáin ó bhí an timpiste i stáisiún cumhachta núicléiche Fukushima ann agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/6 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/6613

OJ L 330, 20.9.2021, p. 72–85 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 02/08/2023; Arna aisghairm le 32023R1453

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1533/oj

20.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 330/72


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1533 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Meán Fómhair 2021

lena bhforchuirtear coinníollacha speisialta lena rialaítear allmhairiú beatha agus bia de thionscnamh na Seapáine nó a sheoltar ón tSeapáin ó bhí an timpiste i stáisiún cumhachta núicléiche Fukushima ann agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/6

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus na ceanglais ghinearálta atá i ndlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia (1), agus go háirithe Airteagal 53(1)(b)(ii) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéantar lena áirithiú go gcuirtear dlí an bhia agus na beatha i bhfeidhm mar aon le rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (2), agus go háirithe Airteagal 54(4), an chéad fhomhír, pointe (b), agus Airteagal 90 pointí (a), (c) agus (f) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tar éis na timpiste i stáisiún cumhachta núicléiche Fukushima an 11 Márta 2011, cuireadh an Coimisiún ar an eolas faoi leibhéil na radanúiclídí i dtáirgí bia áirithe de thionscnamh na Seapáine, ba airde na leibhéil sin ná na leibhéil gníomhaíochta i mbia is infheidhme sa tSeapáin. Ós rud é go bhféadfadh éilliú den sórt sin a bheith ina bhagairt don tsláinte phoiblí agus do shláinte na n-ainmhithe san Aontas, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 297/2011 ón gCoimisiún (3) forchuireadh coinníollacha speisialta lena rialaítear allmhairiú bia agus beatha de thionscnamh na Seapáine nó bia agus beatha a choinsínítear ón tSeapáin. Rinneadh an Rialachán Cur Chun Feidhme sin a aisghairm, agus cuireadh Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 961/2011 (4), (AE) Uimh. 284/2012 (5), (AE) Uimh. 996/2012 (6), (AE) Uimh. 322/2014 (7) agus (AE) 2016/6 ón gCoimisiún (8) ina ionad. Chun comhsheasmhacht a áirithiú agus an cur chun feidhme a éascú, leagtar amach na huasleibhéil radanúiclídí sna Rialacháin sin trí ailíniú leis na luachanna a leagtar amach i ndlí ábhartha na Seapáine, agus ba cheart cloí leis an gcleachtas sin.

(2)

Ceanglaítear i Rialachán (AE) 2017/625 gur faoi réir rialuithe oifigiúla ar theacht isteach dóibh san Aontas atá earraí atá faoi réir beart éigeandála dá bhforáiltear i ngníomhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 53 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.

(3)

Chun rialuithe oifigiúla ar bhia agus ar bheatha atá faoi réir an Rialacháin seo a éascú ar theacht isteach dóibh san Aontas, is iomchuí deimhniú oifigiúil caighdeánach aonair a bhunú. Is iomchuí freisin ceanglais a leagan síos i leith deimhnithe oifigiúla a eisiúint de bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i gCaibidil VII de Theideal II de Rialachán (AE) 2017/625 agus, i leith deimhnithe a eisítear ar páipéar, de bhreis ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 39(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún (9), agus in Airteagal 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún (10). Thairis sin, chun cur chuige comhleanúnach a áirithiú, is iomchuí a fhoráil gur cheart deimhnithe oifigiúla a eisítear i gcomhréir leis an Rialachán seo a ionadú i gcomhréir leis na nósanna imeachta um eisiúint deimhnithe athsholáthair a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235.

(4)

Rinneadh athbhreithniú ar na bearta atá ann cheana, agus cuireadh níos mó ná 87 000 sonraí minicíochta san áireamh, sonraí maidir le radaighníomhaíocht i mbeatha agus i mbia seachas mairteoil agus níos mó ná 429 000 sonraí minicíochta maidir le radaighníomhaíocht i mairteoil a chuir údaráis na Seapáine ar fáil i leith an naoú séasúr fáis agus i leith an deichiú séasúr fáis tar éis na timpiste (sonraí a tuairiscíodh ó Eanáir 2019 go dtí Nollaig 2020).

(5)

I bhfianaise na sonraí sin, is cosúil nach mór an oibleagáid maidir le táirgí a shampláil agus a anailísiú roimh a n-onnmhairiú chuig an Aontas a choinneáil nó a bhunú i gcás táirgí áirithe, ach féadfar í a mhaitheamh i gcás táirgí eile. Go háirithe, sa bhreis ar na táirgí atá faoi réir na hoibleagáide sin cheana, is iomchuí mar riachtanas sampláil agus anailís ar bheacáin fhiáine agus ar a dtáirgí díorthaithe de thionscnamh mhaorachtaí Iwate, Nagano, Niigata agus Ibaraki, ar iasc agus táirgí iascaigh ó Gunma, ar an raithneach mhór fhiáin agus a dtáirgí díorthaithe ó Fukushima agus ó raithneach ríoga na Seapáine agus a dtáirgí díorthaithe ó mhaoracht Miyagi. Mar sin féin, an ceanglas i leith sampláil agus anailís a dhéanamh roimh an onnmhairiú chuig an Aontas, féadfar é sin a mhaitheamh a mhéid a bhaineann leis an bpéacán Aráile agus a tháirgí díorthaithe de thionscnamh mhaorachtaí Fukushima, Miyagi agus Gunma, bambú agus a tháirgí díorthaithe ó mhaoracht Fukushima, beacáin agus a dtáirgí díorthaithe ó mhaoracht Gunma, agus koshiabura agus a tháirgí díorthaithe ó mhaorachtaí Shizuoka, Yamanashi agus Yamaga. Ina theannta sin, níor aimsíodh neamh-chomhlíonadh sna beacáin ach amháin sna beacáin fhiáine; sa raithneach níor aimsíodh neamh-chomhlíonadh ach sa raithneach fhiáin, agus sa dátphluma (Seapánach) níor aimsíodh é ach sa dathphluma triomaithe (Seapánach). Dá bhrí sin, is iomchuí teorainn a chur leis an gceanglas gan ach leaganacha fiáine nó triomaithe de na táirgí sin a shampláil agus a anailísiú faoi seach.

(6)

Na rialuithe oifigiúla a dhéantar ar na táirgí ar theacht isteach san Aontas dóibh, is léir uathu sin go bhfuil na coinníollacha speisialta dá bhforáiltear i ndlí an Aontais á gcur chun feidhme i gceart ag údaráis na Seapáine, agus le linn na rialuithe oifigiúla ar allmhairí le 9 mbliana anuas agus tuilleadh, is léir nár aimsíodh aon chás a raibh dlí an Aontais gan comhlíonadh. Dá bhrí sin, is iomchuí minicíocht íseal a choinneáil a mhéid a bhaineann leis na rialuithe oifigiúla ar bhia agus beatha ar theacht isteach san Aontas dóibh faoi réir an Rialacháin seo.

(7)

Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hathbhreithniú ar an Rialachán seo nuair atá fáil ar na torthaí ón tsampláil agus ón anailís i ndáil le radaighníomhaíocht a bheith i mbeatha agus i mbia den aonú séasúr fáis déag agus den dóú séasúr fáis déag (2021 agus 2022) ó bhí an timpiste ann.

(8)

Ós substaintiúil na leasuithe a rinneadh ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/6, is iomchuí an Rialachán a ionadú ar mhaithe le soiléireacht.

(9)

Ionas gur féidir aistriú rianúil a dhéanamh chuig na bearta nua, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le beart idirthréimhseach i gcás coinsíneachtaí lena ngabhann dearbhuithe oifigiúla arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/6, ar choinníoll gur roimh theacht i bhfeidhm don Rialachán seo a eisíodh na dearbhuithe oifigiúla sin.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Sa Rialachán seo, leagtar síos coinníollacha maidir bia a theacht isteach san Aontas, lena n-áirítear bia tánaisteach agus beatha de réir bhrí Airteagal 1 de Rialachán (Euratom) 2016/52 (11) ón gComhairle (“na táirgí”), ar de thionscnamh na Seapáine iad nó a sheoltar ón tSeapáin agus é beartaithe iad a chur ar mhargadh an Aontais.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na catagóirí coinsíneachtaí seo a leanas, ar coinsíneachtaí táirgí iad nach mó an t-ollmheáchan atá iontu ná 10 kg den táirge úr ná 2 kg den táirge tirim:

(a)

coinsíneachtaí a sheoltar mar shamplaí trádála, samplaí saotharlainne nó mar ítimí taispeántais, nach bhfuil sé beartaithe iad a chur ar an margadh;

(b)

coinsíneachtaí ar cuid de bhagáiste pearsanta paisinéirí iad agus arb éard atá i gceist leo gurb é an duine féin a bheidh á gcaitheamh nó á n-úsáid;

(c)

coinsíneachtaí neamhthráchtála a chuirtear chuig daoine nádúrtha agus nach bhfuil sé beartaithe iad a chur ar an margadh;

(d)

coinsíneachtaí a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid i réimse na heolaíochta.

I gcás a bhfuil amhras ann faoin úsáid atá beartaithe do na táirgí, is ar úinéir an bhagáiste phearsanta agus ar an bhfaighteoir faoi seach atá dualgas an chruthúnais.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “a thagann as an gcríoch chéanna nó as an tríú tír chéanna”, dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (37) de Rialachán (AE) 2017/625, an méid seo a leanas:

a thagann ón maoracht chéanna sa tSeapáin, i gcás táirgí a gceanglaítear sampláil agus anailís orthu faoi Airteagal 4;

a thagann ó mhaoracht amháin nó níos mó sa tSeapáin, agus iad go léir sa chor céanna dá dtagraítear in Airteagal 4(3), i gcás na dtáirgí eile a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

Airteagal 3

Coinníollacha maidir le teacht isteach san Aontas

1.   Ní fhéadfaidh na táirgí a theacht isteach san Aontas ach amháin má chomhlíonann siad an Rialachán seo.

2.   Comhlíonfaidh na táirgí an t-uasleibhéal a bhaineann le suim an chaeisiam-134 agus an chaeisiam-137 faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

3.   An deimhniú oifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 4, is deimhniú é a bheidh ag gabháil leis na coinsíneachtaí táirgí uile a liostaítear in Iarscríbhinn II, agus tagairt ag gabháil leo don chód ábhartha ón Ainmníocht Chomhcheangailte, ar de thionscnamh na Seapáine iad nó a sheoltar ón tSeapáin. Is trí bhíthin cód sainaitheantais a dhéanfar na coinsíneachtaí uile a shainaithint, cód a shonrófar ar an deimhniú oifigiúil agus ar an Doiciméad Coiteann Iontrála Sláinte (CHED) dá dtagraítear in Airteagal 56 de Rialachán (AE) 2017/625.

4.   Liosta na dtáirgí in Iarscríbhinn II, is liosta é atá gan dochar do cheanglais Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12)

Airteagal 4

Deimhniú oifigiúil

1.   Na coinsíneachtaí táirgí uile dá dtagraítear agus a thagann faoi na cóid AC a luaitear in Iarscríbhinn II agus na táirgí cumaisc ina bhfuil cainníocht níos mó ná 50 % de na táirgí sin a liostaítear in Iarscríbhinn II, ar de thionscnamh na Seapáine iad nó a sheoltar uaithi, beidh deimhniú bunaidh oifigiúil bailí arna tharraingt suas agus arna shíniú i gcomhréir le hAirteagal 5 ag gabháil leo.

2.   Ar an deimhniú oifigiúil dá dtagraítear i mír 1, deimhneofar go gcomhlíonann na táirgí dlí na Seapáine is infheidhme agus an t-uasleibhéal a bhaineann le suim an chaeisiam-134 agus an chaeisiam-137 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

3.   Thairis sin, luafar sa deimhniú oifigiúil dá dtagraítear i mír 1 go bhfuil feidhm ag ceann amháin díobh seo a leanas:

(a)

ní táirge de thionscnamh ceann de na maorachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn II é an táirge, agus ní sheoltar ó cheann de na maorachtaí sin é, ar maoracht í ar gá sampláil agus anailís a dhéanamh ar an táirge ina leith;

(b)

ní táirge de thionscnamh ceann de na maorachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn II é an táirge, ach is táirge é a sheoltar ó cheann de na maorachtaí sin, ar maoracht í ar gá sampláil agus anailís a dhéanamh ar an táirge ina leith, ná ní raibh aon teagmháil le radaighníomhaíocht ag an táirge le linn an idirthurais ná le linn na próiseála;

(c)

is táirge de thionscnamh ceann de na maorachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn II é, ar maoracht í ar gá sampláil agus anailís a dhéanamh ar an táirge ina leith, agus tá tuarascáil anailíseach ag gabháil leis ina bhfuil na torthaí ón tsampláil agus ón anailís;

(d)

ní fios céard is tionscnamh don táirge ná cé na comhábhair atá ann i gcainníocht ar leibhéal is airde ná 50 % agus tá tuarascáil anailíseach ina bhfuil na torthaí ón tsampláil agus ón anailís ag gabháil leis an táirge.

4.   An t-iasc agus na táirgí iascaigh dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, ar táirgí iad a ghabhtar in uiscí an chósta i maoracht Fukushima agus Gunma, beidh an deimhniú oifigiúil dá dtagraítear i mír 1 mar aon le tuarascáil anailíseach ina mbeidh na torthaí ón tsampláil agus ón anailís ag gabháil leo, gan beann ar an áit sa tSeapáin a thugtar na táirgí sin i dtír.

Airteagal 5

An deimhniú a tharraingt suas agus a shíniú

1.   Is i gcomhréir leis an gcaighdeán a leagtar amach in Iarscríbhinn III a tharraingeofar suas an deimhniú oifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 4.

2.   I gcás na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 4(3), pointí (a) agus (b), déanfaidh ionadaí údaraithe de chuid údarás inniúil na Seapáine an deimhniú oifigiúil a shíniú nó is ionadaí údaraithe ó eiseamláir atá údaraithe ag údarás inniúil na Seapáine faoi údarás agus faoi mhaoirseacht údarás inniúil na Seapáine a dhéanfaidh an síniú sin.

3.   I gcás na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 4(3), pointí (c) agus (d), déanfaidh ionadaí údaraithe de chuid údarás inniúil na Seapáine an deimhniú oifigiúil a shíniú agus beidh tuarascáil anailíseach ina bhfuil na torthaí ón tsampláil agus ón anailís ag gabháil leis an deimhniú sin.

4.   Comhlíonfaidh an deimhniú oifigiúil na ceanglais i leith deimhnithe oifigiúla a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235.

5.   Ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla deimhniú oifigiúil athsholáthair a eisiúint ach amháin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235.

6.   Déanfar an deimhniú oifigiúil a chomhlánú ar bhonn na dtreoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 6

Rialuithe oifigiúla ar theacht isteach san Aontas

1.   Is faoi réir rialuithe oifigiúla ar theacht isteach dóibh san Aontas, ag poist rialaithe teorann a bheidh coinsíneachtaí na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).

2.   Na táirgí seachas na cinn dá dtagraítear in Airteagal 4(4), féadfaidh siad a bheith faoi réir seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ag na pointí rialaithe dá dtagraítear in Airteagal 53(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/625, seiceálacha a dhéantar i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123 ón gCoimisiún (13).

3.   Mar aon le seiceálacha doiciméadacha ar na coinsíneachtaí uile, déanfaidh údaráis inniúla an phoist rialaithe teorann nó na bpointí rialaithe teorann seiceálacha céannachta randamacha agus seiceálacha fisiceacha randamacha, lena n-áirítear anailís saotharlainne ar chaeisiam-134 agus ar chaeisiam-137 a bheith ann. Beidh na torthaí anailíseacha ar fáil laistigh de 5 lá oibre ar a fhad.

Airteagal 7

Scaoileadh chun saorchúrsaíochta

Ní cheadóidh na húdaráis inniúla scaoileadh chun saorchúrsaíochta i gcás coinsíneachtaí táirgí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) go dtí go dtíolacfar doiciméad coiteann iontrála sláinte dá bhforáiltear in Airteagal 57(2)(b) de Rialachán (AE) 2017/625 agus a tugadh chun críche go cuí agus a dhearbhaíonn go gcomhlíonann an choinsíneacht na rialacha is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán sin.

Airteagal 8

Athbhreithniú

Déanfar athbhreithniú ar an Rialachán seo roimh an 30 Meitheamh 2023.

Airteagal 9

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/6.

Airteagal 10

Foráil idirthréimhseach

Coinsíneachtaí beatha agus bia atá faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/6 agus a ngabhann dearbhú oifigiúil leo arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/6 roimh an 10 Deireadh Fómhair 2021, féadfar iad a allmhairiú isteach san Aontas faoi na coinníollacha a leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/6.

Airteagal 11

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.

(2)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 297/2011 ón gCoimisiún an 25 Márta 2011 lena bhforchuirtear coinníollacha speisialta lena rialaítear allmhairiú beatha agus bia de thionscnamh na Seapáine nó a choinsínítear ón tSeapáin ó bhí an timpiste i stáisiún cumhachta núicléiche Fukushima ann (IO L 80, 26.3.2011, lch. 5).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 961/2011 ón gCoimisiún an 27 Meán Fómhair 2011 lena bhforchuirtear coinníollacha speisialta lena rialaítear allmhairiú beatha agus bia de thionscnamh na Seapáine nó a sheoltar ón tSeapáin ó bhí an timpiste i stáisiún cumhachta núicléiche Fukushima ann agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 297/2011 (IO L 252, 28.9.2011, lch. 10).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 284/2012 ón gCoimisiún an 29 Márta 2012 lena bhforchuirtear coinníollacha speisialta lena rialaítear allmhairiú beatha agus bia de thionscnamh na Seapáine nó a choinsínítear ón tSeapáin ó bhí an timpiste i stáisiún cumhachta núicléiche Fukushima ann agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 961/2011 (IO L 92, 30.3.2012, lch. 16).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 996/2012 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2012 lena bhforchuirtear coinníollacha speisialta lena rialaítear allmhairiú beatha agus bia de thionscnamh na Seapáine nó a choinsínítear ón tSeapáin ó bhí an timpiste i stáisiún cumhachta núicléiche Fukushima ann agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 284/2012 (IO L 299, 27.10.2012, lch. 31).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 322/2014 ón gCoimisiún an 28 Márta 2014 lena bhforchuirtear coinníollacha speisialta lena rialaítear allmhairiú beatha agus bia de thionscnamh na Seapáine nó a choinsínítear ón tSeapáin ó bhí an timpiste i stáisiún cumhachta núicléiche Fukushima ann (IO L 95, 29.3.2014, lch. 1).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/6 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2016 lena bhforchuirtear coinníollacha speisialta lena rialaítear allmhairiú beatha agus bia de thionscnamh na Seapáine nó a sheoltar ón tSeapáin ó bhí an timpiste i stáisiún cumhachta núicléiche Fukushima ann agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 322/2014 (IO L 3, 6.1.2016, lch. 5).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú an chórais bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla agus comhpháirteanna an chórais (an Rialachán CBFRO) (IO L 261, 14.10.2019, lch. 37).

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha, deimhnithe oifigiúla, caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla, caighdeánacha i dtaca le teacht isteach coinsíneachtaí catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí san Aontas agus lena ngluaiseacht laistigh den Aontas, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 599/2004, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 636/2014 agus (AE) 2019/628, Treoir 98/68/CE agus Cinntí 2000/572/CE, 2003/779/CE agus 2007/240/CE (IO L 442, 30.12.2020, lch. 1).

(11)  Rialachán (Euratom) 2016/52 ón gComhairle an 15 Eanáir 2016 lena leagtar síos uasleibhéil cheadaithe éilliúcháin radaighníomhaigh ar bhia agus ar bheatha tar éis tionóisc núicléach nó i ndiaidh aon cháis eile ina dtarlaíonn éigeandáil raideolaíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) Uimh. 3954/87 agus Rialacháin (Euratom) Uimh. 944/89 agus (Euratom) Uimh. 770/990 ón gCoimisiún (IO L 13, 20.1.2016, lch. 2).

(12)  Rialachán (AE) 2015/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (IO L 327, 11.12.2015, lch. 1).

(13)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir leis na cásanna ina bhféadfar seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar tháirgí áirithe a dhéanamh ag pointí rialaithe, agus na cásanna ina bhféadfar seiceálacha doiciméadacha a dhéanamh i gcéin ó phoist rialaithe teorann, agus na coinníollacha faoina bhféadfar na seiceálacha sin a dhéanamh (IO L 321, 12.12.2019, lch. 64).


IARSCRÍBHINN I

Uasleibhéil le haghaidh bia  (1) (Bq/kg)

 

Bia le haghaidh naíonán agus leanaí óga

Bainne agus deochanna atá bunaithe ar bhainne

Uisce mianraí agus deochanna comhchosúla agus tae a dhéantar as duilleoga neamhchoipthe

Bia eile

Suim an chaeisiam-134 agus an chaeisiam-137

50

50

10

100


Uasleibhéil le haghaidh beatha  (2) (Bq/kg)

 

Beatha le haghaidh eallaigh agus each

Beatha le haghaidh na muc

Beatha le haghaidh éanlaith chlóis

Beatha le haghaidh na n-iasc(  (3)

Suim an chaeisiam-134 agus an chaeisiam-137

100

80

160

40


(1)  I gcás táirgí triomaithe a bhfuil sé beartaithe iad a chaitheamh faoi riocht athdhéanta, tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge athdhéanta mar tháirge atá réidh le caitheamh.

I gcás beacáin triomaithe, tá feidhm ag fachtóir athdhéanta 5.

I gcás tae, tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an insileadh a dhéantar as duilleoga tae neamhchoipthe. An t-uasleibhéal 10 Bq/kg i dtae a dhéantar as duilleoga neamhchoipthe, comhfhreagraíonn sé sin do 500 Bq/kg i nduilleoga tae triomaithe.

(2)  Baineann an t-uasleibhéal le beatha a bhfuil cion taise 12 % inti.

(3)  Cé is moite de bheatha le haghaidh éisc ornáideacha.


IARSCRÍBHINN II

Bia agus beatha ar gá sampláil agus anailís orthu maidir le caeisiam-134 agus caeisiam-137 a bheith iontu roimh a n-onnmhairiú chuig an Aontas

(a)

táirgí de thionscnamh mhaoracht Fukushima:

beacáin fhiáine agus a dtáirgí díorthaithe a thagann faoi chóid AC ex 0709 51 00, ex 0709 59, ex 0710 80 61, ex 0710 80 69, ex 0711 51 00, ex 0711 59 00, ex 0712 31 00, ex 0712 32 00, ex 0712 33 00, ex 0712 39 00, ex 2001 90 50, ex 2003 10, ex 2003 90 agus ex 2005 99 80;

iasc agus táirgí iascaigh atá faoi chóid AC 0302, 0303, 0304, 0305, 0308, 1504 10, 1504 20 agus 1604, cé is moite de:

an bolmán ómra Seapánach (Seriola quinqueradiata) agus an bolmán earrbhuí (Seriola lalandi) atá faoi chóid AC ex 0302 89 90, ex 0303 89 90, ex 0304 49 90, ex 0304 59 90, ex 0304 89 90, ex 0304 99 99, ex 0305 10 00, ex 0305 20 00, ex 0305 39 90, ex 0305 49 80, ex 0305 59 85, ex 0305 69 80, ex 0305 72 00, ex 0305 79 00, ex 1504 10, ex 1504 20, ex 1604 19 91, ex 1604 19 97 agus ex 1604 20 90;

an bolmán ómra mór (Seriola dumerili) atá faoi chóid AC ex 0302 89 90, ex 0303 89 90, ex 0304 49 90, ex 0304 59 90, ex 0304 89 90, ex 0304 99 99, ex 0305 10 00, ex 0305 20 00, ex 0305 39 90, ex 0305 49 80, ex 0305 59 85, ex 0305 69 80, ex 0305 72 00, ex 0305 79 00, ex 1504 10, ex 1504 20, ex 1604 19 91, ex 1604 19 97 agus ex 1604 20 90;

an garbhánach pargach Seapánach (Pagrus major) atá faoi chóid AC 0302 85 90, ex 0303 89 90, ex 0304 49 90, ex 0304 59 90, ex 0304 89 90, ex 0304 99 99, ex 0305 10 00, ex 0305 20 00, ex 0305 39 90, ex 0305 49 80, ex 0305 59 85, ex 0305 69 80, ex 0305 72 00, ex 0305 79 00, ex 1504 10, ex 1504 20, ex 1604 19 91, ex 1604 19 97 agus ex 1604 20 90;

an treabháille bán (Pseudocaranx dentex) atá faoi chóid AC ex 0302 49 90, ex 0303 89 90, ex 0304 49 90, ex 0304 59 90, ex 0304 89 90, ex 0304 99 99, ex 0305 10 00, ex 0305 20 00, ex 0305 39 90, ex 0305 49 80, ex 0305 59 85, ex 0305 69 80, ex 0305 72 00, ex 0305 79 00, ex 1504 10, ex 1504 20, ex 1604 19 91, ex 1604 19 97 agus ex 1604 20 90;

tuinnín gorm an Aigéin Chiúin (Thunnus orientalis) atá faoi chóid AC ex 0302 35, ex 0303 45, ex 0304 49 90, ex 0304 59 90, ex 0304 89 90, ex 0304 99 99, ex 0305 10 00, ex 0305 20 00, ex 0305 39 90, ex 0305 49 80, ex 0305 59 85, ex 0305 69 80, ex 0305 72 00, ex 0305 79 00, ex 1504 10, ex 1504 20, ex 1604 14 41, ex 1604 14 48 agus ex 1604 20 70;

an ronnach Seapánach (Scomber japonicus) atá faoi chóid AC ex 0302 44 00, ex 0303 54 10, ex 0304 49 90, ex 0304 59 90, ex 0304 89 49, ex 0304 99 99, ex 0305 10 00, ex 0305 20 00, ex 0305 39 90, ex 0305 49 30, ex 0305 54 90, ex 0305 69 80, ex 0305 72 00, ex 0305 79 00, ex 1504 10, ex 1504 20, 1604 15 agus ex 1604 20 50;

an raithneach fhiáin (Pteridium aquilinum) agus a táirgí díorthaithe atá faoi chóid AC ex 0709 99, ex 0710 80, ex 0711 90 agus ex 0712 90;

koshiabura (fásán Eleuterococcus sciadophylloides) agus a tháirgí díorthaithe atá faoi chóid AC ex 0709 99, ex 0710 80, ex 0711 90 agus ex 0712 90;

an dátphluma (Seapánach) triomaithe (Diospyros sp.) agus a tháirgí díorthaithe atá faoi chóid AC ex 0810 70 00, ex 0811 90, ex 0812 90 agus ex 0813 50;

(b)

táirgí de thionscnamh mhaoracht Miyagi:

beacáin fhiáine agus a dtáirgí díorthaithe a thagann faoi chóid AC ex 0709 51 00, ex 0709 59, ex 0710 80 61, ex 0710 80 69, ex 0711 51 00, ex 0711 59 00, ex 0712 31 00, ex 0712 32 00, ex 0712 33 00, ex 0712 39 00, ex 2001 90 50, ex 2003 10, ex 2003 90 agus ex 2005 99 80;

fásán bambú (Phyllostacys pubescens) agus a tháirgí díorthaithe atá faoi chóid CN ex 0709 99, ex 0710 80, ex 0711 90, ex 0712 90, ex 2004 90 agus 2005 91 00;

an raithneach fhiáin (Pteridium aquilinum) agus a táirgí díorthaithe atá faoi chóid AC ex 0709 99, ex 0710 80, ex 0711 90 agus ex 0712 90;

koshiabura (fásán Eleuterococcus sciadophylloides) agus a tháirgí díorthaithe atá faoi chóid AC ex 0709 99, ex 0710 80, ex 0711 90 agus ex 0712 90;

an raithneach fhiáin (Pteridium aquilinum) agus a táirgí díorthaithe atá faoi chóid AC 0709 99, 0710 80, 0711 90 agus 0712 90;

(c)

táirgí de thionscnamh mhaoracht Gunma:

iasc agus táirgí iascaigh atá faoi chóid AC 0302, 0303, 0304, 0305, 0308, 1504 10, 1504 20 agus 1604, cé is moite de:

an bolmán ómra Seapánach (Seriola quinqueradiata) agus an bolmán earrbhuí (Seriola lalandi) atá faoi chóid AC ex 0302 89 90, ex 0303 89 90, ex 0304 49 90, ex 0304 59 90, ex 0304 89 90, ex 0304 99 99, ex 0305 10 00, ex 0305 20 00, ex 0305 39 90, ex 0305 49 80, ex 0305 59 85, ex 0305 69 80, ex 0305 72 00, ex 0305 79 00, ex 1504 10, ex 1504 20, ex 1604 19 91, ex 1604 19 97 agus ex 1604 20 90;

an bolmán ómra mór (Seriola dumerili) atá faoi chóid AC ex 0302 89 90, ex 0303 89 90, ex 0304 49 90, ex 0304 59 90, ex 0304 89 90, ex 0304 99 99, ex 0305 10 00, ex 0305 20 00, ex 0305 39 90, ex 0305 49 80, ex 0305 59 85, ex 0305 69 80, ex 0305 72 00, ex 0305 79 00, ex 1504 10, ex 1504 20, ex 1604 19 91, ex 1604 19 97 agus ex 1604 20 90;

an garbhánach pargach Seapánach (Pagrus major) atá faoi chóid AC 0302 85 90, ex 0303 89 90, ex 0304 49 90, ex 0304 59 90, ex 0304 89 90, ex 0304 99 99, ex 0305 10 00, ex 0305 20 00, ex 0305 39 90, ex 0305 49 80, ex 0305 59 85, ex 0305 69 80, ex 0305 72 00, ex 0305 79 00, ex 1504 10, ex 1504 20, ex 1604 19 91, ex 1604 19 97 agus ex 1604 20 90;

an treabháille bán (Pseudocaranx dentex) atá faoi chóid AC ex 0302 49 90, ex 0303 89 90, ex 0304 49 90, ex 0304 59 90, ex 0304 89 90, ex 0304 99 99, ex 0305 10 00, ex 0305 20 00, ex 0305 39 90, ex 0305 49 80, ex 0305 59 85, ex 0305 69 80, ex 0305 72 00, ex 0305 79 00, ex 1504 10, ex 1504 20, ex 1604 19 91, ex 1604 19 97 agus ex 1604 20 90;

tuinnín gorm an Aigéin Chiúin (Thunnus orientalis) atá faoi chóid AC ex 0302 35, ex 0303 45, ex 0304 49 90, ex 0304 59 90, ex 0304 89 90, ex 0304 99 99, ex 0305 10 00, ex 0305 20 00, ex 0305 39 90, ex 0305 49 80, ex 0305 59 85, ex 0305 69 80, ex 0305 72 00, ex 0305 79 00, ex 1504 10, ex 1504 20, ex 1604 14 41, ex 1604 14 48 agus ex 1604 20 70;

an ronnach Seapánach (Scomber japonicus) atá faoi chóid AC ex 0302 44 00, ex 0303 54 10, ex 0304 49 90, ex 0304 59 90, ex 0304 89 49, ex 0304 99 99, ex 0305 10 00, ex 0305 20 00, ex 0305 39 90, ex 0305 49 30, ex 0305 54 90, ex 0305 69 80, ex 0305 72 00, ex 0305 79 00, ex 1504 10, ex 1504 20, 1604 15 agus ex 1604 20 50;

koshiabura (fásán Eleuterococcus sciadophylloides) agus a tháirgí díorthaithe atá faoi chóid AC ex 0709 99, ex 0710 80, ex 0711 90 agus ex 0712 90;

(d)

táirgí de thionscnamh mhaorachtaí Yamanashi, Yamagata, Iwate nó Shizuoka:

beacáin fhiáine agus a dtáirgí díorthaithe a thagann faoi chóid AC ex 0709 51 00, ex 0709 59, ex 0710 80 61, ex 0710 80 69, ex 0711 51 00, ex 0711 59 00, ex 0712 31 00, ex 0712 32 00, ex 0712 33 00, ex 0712 39 00, ex 2001 90 50, ex 2003 10, ex 2003 90 agus ex 2005 99 80;

(e)

táirgí de thionscnamh mhaorachtaí Ibaraki, Nagano nó Niigata:

beacáin fhiáine agus a dtáirgí díorthaithe a thagann faoi chóid AC ex 0709 51 00, ex 0709 59, ex 0710 80 61, ex 0710 80 69, ex 0711 51 00, ex 0711 59 00, ex 0712 31 00, ex 0712 32 00, ex 0712 33 00, ex 0712 39 00, ex 2001 90 50, ex 2003 10, ex 2003 90 agus ex 2005 99 80;

koshiabura (fásán Eleuterococcus sciadophylloides) agus a tháirgí díorthaithe atá faoi chóid AC ex 0709 99, ex 0710 80, ex 0711 90 agus ex 0712 90;

(f)

táirgí cumaisc ina bhfuil cainníocht is mó ná 50 % de na táirgí a liostaítear faoi phointí (a) go (e) den Iarscríbhinn seo.


IARSCRÍBHINN III

DEIMHNIÚ OIFIGIÚIL CAIGHDEÁNACH DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4

Image 1

 

AN tSEAPÁIN

Deimhniú oifigiúil le bia nó ábhar beatha a theacht isteach san Aontas

 

II.

Deimhniúchán oifigiúil

II.a

Uimhir thagartha an deimhnithe

II.b

Uimhir thagartha CBFRO

 

I gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1533 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear coinníollacha speisialta lena rialaítear allmhairiú beatha agus bia de thionscnamh na Seapáine nó a sheoltar ón tSeapáin ó bhí an timpiste i stáisiún cumhachta núicléiche Fukushima ann, déanann an

…(an t-ionadaí údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 5(2) nó (3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1533 )

a DHEIMHNIÚ go comhlíonann an choinsíneacht an reachtaíocht atá i bhfeidhm sa tSeapáin maidir leis na huasleibhéil a bhaineann le suim an chaeisiam-134 agus an chaeisiam-137.

a DHEIMHNIÚ go mbaineann an choinsíneacht le:

táirgí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1533 nach de thionscnamh na maorachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1533 agus nach seoltar ó cheann de na maorachtaí sin ach oiread, ar maorachtaí iad ar gá sampláil agus anailís a dhéanamh ar an táirge ina leith,

táirgí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1533 a sheoltar ó cheann de na maorachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1533 ach nach táirgí de thionscnamh na maorachta sin iad, ar maorachtaí iad ar gá sampláil agus anailís a dhéanamh ar an táirge ina leith, agus nach raibh aon teagmháil le radaighníomhaíochta ag an táirge le linn an idirthurais ná na próiseála;

táirgí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1533 ar de thionscnamh ceann de na maorachtaí iad a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1533 , ar maorachtaí iad ar gá sampláil agus anailís a dhéanamh ar an táirge ina leith, agus a ndearnadh sampláil orthu ar na dátaí seo a leanas…(dáta), agus rinneadh anailís saotharlainne orthu an … (dáta) in…(ainm na saotharlainne) chun leibhéal na radanúiclídí, caesiam-134 agus caesiam-137 a chinneadh. Tá an tuarascáil anailíseach faoi cheangal;

táirgí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1533 , ar táirgí nach fios a dtionscnamh iad, nó táirgí a dhíorthaítear díobh, nó beatha cumaisc nó comhbhia ina bhfuil níos mó ná 50 % de na táirgí sin mar chomhábhar nó mar chomhábhair nach fios a dtionscnamh, a ndearnadh sampláil orthu an …(dáta) agus a ndearnadh anailís saotharlainne orthu an…(dáta) sa… (ainm na saotharlainne) chun leibhéal na radanúiclídí, caesiam-134 agus caesiam-137 a chinneadh. Tá an tuarascáil anailíseach faoi cheangal.

Arna dhéanamh in…an…

Nótaí

Féach na treoracha maidir le líonadh isteach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1533 ón gCoimisiún.

Cuid II: Beidh dath an tsínithe éagsúil le dath an chló. Beidh feidhm ag an riail chéanna maidir le stampaí seachas stampaí atá cabhartha nó atá ina gcomhartha uisce.

 

Stampa agus síniú an an t-ionadaí údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 5(2) nó (3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1533


IARSCRÍBHINN IV

TREORACHA CHUN AN DEIMHNIÚ OIFIGIÚIL DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4 A LÍONADH ISTEACH

Faisnéis Ghinearálta

Chun rogha dearfach a dhéanamh, cuir tic sa bhosca cuí nó marcáil é le cros (X), le do thoil.

Aon uair a luaitear é, ciallaíonn “ISO” an chód tíre dhá litir caighdeánach idirnáisiúnta, i gcomhréir leis an gcaighdeán idirnáisiúnta ISO 3166 alfa-2 (1).

Ní fhéadfar ach aon cheann amháin de na roghanna a roghnú i mboscaí I.15, I.18, I.20.

Mura léirítear a mhalairt, tá na boscaí éigeantach.

Má athraítear an coinsíní, an post rialaithe teorann isteach (BCP) nó na sonraí iompair (is é sin le rá, an modh agus an dáta) tar éis eisiúint an deimhnithe, ní mór don oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht an méid sin a chur in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit dul isteach. Ní bheidh iarratas ar dheimhniú athsholáthair mar thoradh ar an athrú sin.

Má chuirtear an deimhniú oifigiúil isteach sa CBFRO, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

is ionann na hiontrálacha nó na boscaí a shonraítear i gCuid I agus foclóirí sonraí don leagan leictreonach den deimhniú oifigiúil;

go seichimh táscacha iad seichimh na mboscaí i gCuid I den deimhniú oifigiúil samplach mar aon le méid agus cruth na mboscaí;

i gcás ina bhfuil gá le stampa, is ríomhshéala é a choibhéis leictreonach. Le séala den sórt sin, comhlíonfar na rialacha maidir le deimhniúchán leictreonach a eisiúint dá dtagraítear i bpointe (f) den chéad mhír d’Airteagal 90 de Rialachán (AE) 2017/625.

CUID I

Sonraí na coinsíneachta seolta

Tír:

Ainm an tríú tír a eisíonn an deimhniú oifigiúil.

Bosca I.1.

Coinsíneoir/Onnmhaireoir: ainm agus seoladh (sráid, cathair agus réigiún, cúige nó stát, de réir mar is iomchuí) an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a sheolann an choinsíneacht nach mór a bheith suite sa tríú tír.

Bosca I.2.

Uimhir thagartha an deimhnithe: an cód sainordaitheach uathúil arna shannadh ag údarás inniúil an tríú tír i gcomhréir lena aicmiú féin. Tá an bosca seo éigeantach i gcás gach deimhnithe oifigiúil nach gcuirtear isteach sa CBFRO.

Bosca I.2.a.

Uimhir thagartha CBFRO: an cód tagartha uathúil arna shannadh go huathoibríoch an CBFRO, má tá an deimhniú oifigiúil cláraithe sa CBFRO. Ní ceart an bosca seo a chomhlánú mura gcuirtear an deimhniú oifigiúil isteach sa CBFRO.

Bosca I.3.

Údarás inniúil lárnach: ainm an údaráis inniúil sa tríú tír a eisíonn an deimhniú oifigiúil.

Bosca I.4.

Údarás inniúil áitiúil: más infheidhme, ainm an údaráis áitiúil sa tríú tír a eisíonn an deimhniú oifigiúil.

Bosca I.5.

Coinsíní/Allmhaireoir: Ainm agus seoladh an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a bhfuil an choinsíneacht beartaithe ina leith sa Bhallstát.

Bosca I.6.

An t-oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht: ainm agus seoladh an duine san Aontas atá i bhfeighil na coinsíneachta nuair a chuirtear in iúl don phost rialaithe teorann isteach (BCP) iad agus a chuireann na deimhnithe is gá faoi bhráid na n-údarás inniúil ina cháil mar allmhaireoir nó thar ceann an allmhaireora. Tá an bosca seo roghnach.

Bosca I.7.

Tír thionscnaimh: Ainm agus cód ISO thír thionscnaimh na n-earraí, an tír inar fásadh, inar buaineadh nó inar táirgeadh iad.

Bosca I.8.

Maoracht tionscnaimh na n-earraí, an mhaoracht inar fásadh, inar buaineadh nó inar táirgeadh iad

Bosca I.9.

Tír cinn scríbe: ainm agus cód ISO thír an Aontais Eorpaigh is ceann scríbe na dtáirgí.

Bosca I.11.

Áit seolta: ainm agus seoladh na ngabháltas nó na mbunaíochtaí as a dtagann na táirgí.

Aon aonad de chuideachta atá in earnáil an bhia. Níl le bheith ainmnithe ach an bhunaíocht atá ag loingseoireacht na n-earraí. I gcás trádála a bhaineann le níos mó ná tríú tír amháin (gluaiseacht thriantánach), is é atá san áit seolta an bhunaíocht sa tríú tír deiridh sa slabhra onnmhairiúcháin ónar iompraíodh an choinsíneacht deiridh chuig an Aontas.

Bosca I.12.

Ceann scríbe: tá an fhaisnéis seo roghnach.

Maidir leis an gcur ar an margadh: an áit a seoltar na táirgí le haghaidh an díluchtaithe deiridh. Tabhair ainm, seoladh agus uimhir fhormheasa na nghabháltas nó na mbunaíochtaí sa cheann scríbe, más infheidhme.

Bosca I.14.

Dátaí agus am imeachta: dáta imeachta an mhodha iompair (eitleán, árthach, iarnród nó feithicil bhóthair).

Bosca I.15.

Modh iompair: modh iompair chun an tír seolta a fhágáil.

Modh iompair: eitleán, árthach, iarnród, feithicil bhóthair nó eile. Ciallaíonn “eile” modhanna iompair nach gcumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle (2).

Sainaitheantas an mhodha iompair: i gcás eitleán, uimhir an eitilte, i gcás árthach, ainm na loinge (na long), i gcás iarnród, aitheantas na traenach agus uimhir an vaigín, i gcás iompar de bhóthar, an uimhirphláta feithicle (le huimhirphláta an leantóra más infheidhme).

I gcás báid farantóireachta, ní mór sainaitheantas na feithicle bóthair, an uimhirphláta le huimhirphláta an leantóra más infheidhme, agus ainm an bháid farantóireachta sceidealaithe a thabhairt.

Bosca I.16.

Post rialaithe teorann isteach (BCP): luaigh ainm an phoist rialaithe teorann isteach (BCP) agus a chód sainaitheantais arna shannadh ag an CBFRO.

Bosca I.17.

Doiciméid tionlacain:

 

Tuarascáil saotharlainne: léirigh an uimhir thagartha agus dáta eisiúna na tuairisce/thorthaí na hanailíse saotharlainne dá dtagraítear in Airteagal 4(3)(c) agus (d) agus Airteagal 4(4)

 

Eile: ní mór cineál agus uimhir thagartha an doiciméid a lua i gcás ina bhfuil doiciméid eile ag gabháil leis an gcoinsíneacht amhail doiciméad tráchtála (mar shampla, an uimhir bhille aeriompair, an uimhir bhille ládála nó uimhir tráchtála na traenach nó na feithicle bóthair).

Bosca I.18.

Dálaí iompair: catagóir na teochta riachtanaí le linn iompair na dtáirgí (comhthimpeallach, fuaraithe, reoite). Ní fhéadfar ach catagóir amháin a roghnú.

Bosca I.19.

Uimh. an Choimeádáin/Uimhir an tSéala: más infheidhme, na huimhreacha comhfhreagracha.

Ní mór uimhir an choimeádáin a sholáthar má iompraítear na hearraí i gcoimeádáin dhúnta.

Ní gá ach uimhir oifigiúil an tséala a lua. Beidh séala oifigiúil i bhfeidhm má ghreamaítear séala den choimeádán, den trucail nó den vaigín iarnróid faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil a eiseoidh an deimhniú oifigiúil.

Bosca I.20.

Earraí a dhearbhaítear mar: luaigh an úsáid atá beartaithe do tháirgí mar a shonraítear sa deimhniú oifigiúil ábhartha de chuid an Aontais.

Lena gcaitheamh ag an duine: baineann sé le táirgí a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine agus na táirgí sin amháin.

Bosca I.22.

Le haghaidh an mhargaidh inmheánaigh: le haghaidh gach coinsíneacht a bheartaítear le cur ar an margadh san Aontas.

Bosca I.23.

Líon iomlán na bpacáistí: líon na bpacáistí. I gcás bulc-coinsíneachtaí, tá an bosca seo roghnach.

Bosca I.24.

Cainníocht:

 

Glanmheáchan iomlán: sainmhínítear é seo mar mhais na n-earraí féin gan coimeádáin díreach ná aon phacáistiú orthu.

 

Ollmheáchan iomlán: meáchan iomlán i gcileagraim. Sainmhínítear é seo mar mhais chomhiomlán na dtáirgí agus na gcoimeádán díreach agus a bpacáistiú uile, cé is moite de choimeádáin iompair agus de threalamh iompair eile.

Bosca I.25.

Tuairisc ar na hearraí: luaigh an cód Córais Chomhchuibhithe (cód CC) ábhartha agus an teideal arna shainiú ag an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim dá dtagraítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (3). Déanfar an tuairisc chustaim sin a fhorlíonadh, más gá, le faisnéis bhreise a theastaíonn chun na táirgí a aicmiú.

Léirigh an speiceas, na cineálacha táirgí, líon na bpacáistí, an cineál pacáistíochta, uimhir na baisce, an glan mheáchan, agus an “tomhaltóir deiridh” (i.e. pacáiltear táirgí le haghaidh an tomhaltóra deiridh).

Speiceas: an t-ainm eolaíoch nó mar a shainmhínítear i gcomhréir le dlí an Aontais.

Cineál pacáistíochta: léirigh an cineál pacáistíochta

CUID II

Deimhniú oifigiúil

Ní mó don ionadaí údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 5(2) nó (3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1533 an chuid seo a líonadh isteach

Bosca II.

Deimhniú oifigiúil: comhlánaigh an chuid seo i gcomhréir le ceanglais shonracha sláinte an Aontais a mhéid a bhaineann cineál na dtáirgí.

Más rud é nach gcuirtear an deimhniú oifigiúil isteach sa CBFRO, ní mór don oifigeach deimhniúcháin údaraithe líne a chur tríd na ráitis nach mbeidh ábhartha, a inisealacha a chur leo agus iad a stampáil, nó bainfidh sé den deimhniú oifigiúil ar fad iad.

Má cuirtear isteach an deimhniú oifigiúil sa CBFRO, ní mór líne a chur tríd na ráitis nach bhfuil ábhartha nó iad a bhaint go hiomlán den deimhniú oifigiúil.

Bosca II.a

Uimhir thagartha an deimhnithe: an cód tagartha céanna le bosca I.2.

Bosca II.b

Uimhir thagartha CBFRO: an cód tagartha céanna le bosca I.2.a. Sainordaitheach ach amháin le haghaidh deimhnithe oifigiúla a eisítear sa CBFRO.

An t-ionadaí údaraithe

:

Oifigeach de chuid údarás inniúil an tríú tír atá údaraithe ag an údaráis den sórt sin deimhnithe oifigiúla a shíniú: Tabhair an t-ainm i gceannlitreacha, an cháilíocht agus an teideal, más infheidhme, an uimhir aitheantais agus an stampa bunaidh an údaráis inniúil agus dáta an tsínithe.


(1)  Liosta ainmneacha tíortha agus eilimintí cóid: http://www.iso.org/iso/country_codes/iso-3166-1_decoding_table.htm.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 maidir le hainmhithe a chosaint le linn iompair agus le linn oibríochtaí lena mbaineann agus lena leasaítear Treoracha 64/432/CEE agus 93/119/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 (IO L 3, 5.1.2005, lch. 1).

(3)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).


Top