EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1529

Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)

PE/67/2021/INIT

OJ L 330, 20.9.2021, p. 1–26 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1529/oj

20.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 330/1


RIALACHÁN (AE) 2021/1529 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Meán Fómhair 2021

lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chuaigh Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) in éag an 31 Nollaig 2020. Chun éifeachtacht an Aontais a chothabháil sa ghníomhaíocht sheachtrach, ba cheart creat um pleanáil agus um sholáthar cúnaimh sheachtraigh a chothabháil don thréimhse idir 2021 agus 2027.

(2)

Is é is cuspóir d’ionstraim um chúnamh réamhaontachais tairbhithe a ullmhú chun ballraíocht a bhaint amach san Aontas amach anseo agus chun tacú lena bpróiseas aontachais. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, ionstraim thiomnaithe um chúnamh réamhaontachais do na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I don tréimhse 2021-2027 (IPA III) a bheith ann de thaca leis an méadú, agus á áirithiú san am céanna go mbeidh cuspóirí agus feidhmiú na hionstraime comhsheasmhach agus comhlántach le cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a leagtar síos in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), lena n-áirítear urraim do chearta bunúsacha agus prionsabail bhunúsacha chomh maith le cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a chosaint agus a chur chun cinn. Ba cheart an ionstraim sin a bheith ina comhlánú ar an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda (NDICI) a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(3)

Le hAirteagal 49 CAE, foráiltear go bhféadfaidh aon Stát Eorpach a urramaíonn luachanna na hurraime do dhínit an duine, don tsaoirse, don daonlathas, don chomhionannas, don smacht reachta agus do chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, agus atá tiomanta do na luachanna sin a chur chun cinn iarratas a dhéanamh chun bheith ina chomhalta den Aontas. Is comhluachanna ag na Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir.

(4)

Ní féidir le Stát Eorpach a bhfuil iarratas déanta aige ar dhul isteach san Aontas a bheith ina chomhalta go dtí go mbeidh sé deimhnithe go gcomhlíonann sé na critéir bhallraíochta a bunaíodh ag an gComhairle Eorpach i gCóbanhávan i Meitheamh 1993 (“critéir Chóbanhávan”) agus ar choinníoll go bhfuil sé d’acmhainneacht ag an Aontas an comhalta nua a lánpháirtiú. Baineann critéir Chóbanhávan le cobhsaíocht na n-institiúidí ina ráthaítear an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine, urraim do mhionlaigh agus a gcosaint, geilleagar margaidh atá feidhmiúil a bheith ann, chomh maith leis an acmhainneacht chun déileáil le brú iomaíoch agus fórsaí margaidh laistigh den Aontas, agus an cumas go nglacfaí ní hamháin na cearta faoi na Conarthaí, ach, freisin, na hoibleagáidí fúthu, lena n-áirítear aidhmeanna an aontais pholaitiúil, eacnamaíoch agus airgeadaíochta a shaothrú.

(5)

Is ionann beartas an Aontais um méadú agus infheistíocht straitéiseach sa tsíocháin, sa tslándáil, sa chobhsaíocht, agus sa rathúnas san Eoraip, agus, leis an mbeartas sin, cuirtear ar chumas an Aontais a bheith níos ullmhaithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda. Ina theannta sin, leis an mbeartas sin, cuirtear deiseanna breise eacnamaíocha agus trádála ar fáil chun comhleas an Aontais agus na stát ar mian leo bheith ina mBallstáit, agus claochlú de réir a chéile na dtairbhithe á áirithiú san am céanna. Tá tionchar cumhachtach claochlaitheach ar stát nuair a thuigtear dó go mbainfear ballraíocht san Aontas amach, rud a chuireann athruithe dearfacha daonlathacha, polaitiúla, eacnamaíocha agus sochaíocha i bhfeidhm.

(6)

Tá an próiseas um méadú bunaithe ar chritéir sheanbhunaithe agus ar choinníollacht dhian. Déantar gach tairbhí a mheasúnú ar bhonn a fhiúntas féin. Is é is aidhm leis an measúnú ar an dul chun cinn atá bainte amach, agus aon easnamh a shainaithint, dreasachtaí agus treoir a chur ar fáil do thairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I chun tabhairt faoi na hathchóirithe forleithne. Le gur féidir méadú a bhaint amach, tá sé ríthábhachtach go dtabharfaí gealltanas daingean cloí le “bunphrionsabail ar dtús”. Leis an gcur chuige arb é “bunphrionsabail ar dtús”, déantar nasc idir an smacht reachta agus cearta bunúsacha agus dá réimse ríthábhachtacha eile den phróiseas um méadú: rialachas eacnamaíoch – béim neartaithe ar fhorbairt eacnamaíoch agus ar iomaíochas feabhsaithe – agus institiúidí daonlathacha a neartú agus athchóiriú an riaracháin phoiblí. Is den ríthábhacht gach ceann de na trí bhunphrionsabal do na próisis athchóirithe sna tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus tugtar aghaidh leo ar phríomhúdair imní na ndaoine. Tá an dul chun cinn i dtreo an aontachais ag brath ar urraim gach iarrthóra do luachanna an Aontais agus ar a acmhainneacht na hathchóirithe is gá a ghabháil ar láimh agus a chur chun feidhme chun a chórais pholaitiúla, institiúideacha, dlí, riaracháin agus eacnamaíocha a ailíniú le rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais an Aontais.

(7)

Tá an dea-chaidreamh comharsanachta agus an comhar réigiúnach ina ngnéithe bunriachtanacha den phróiseas um méadú agus tá siad ríthábhachtach do shlándáil agus cobhsaíocht an Aontais ina iomláine. Is den tábhacht freisin díospóidí déthaobhacha a réiteach go cinntitheach, go cuimsitheach agus go ceangailteach.

(8)

Is rogha é glacadh agus cloí le bunluachanna na hEorpa, agus tá sé riachtanach do gach comhpháirtí atá ag tnúth le ballraíocht san Aontas. Ag teacht leis an méid sin, ba cheart do na comhpháirtithe úinéireacht iomlán a ghlacadh ar luachanna na hEorpa agus iad féin a thiomnú dóibh ina n-iomláine, mar aon le seasamh le hord domhanda atá bunaithe ar rialacha agus ar luachanna agus na hathchóirithe riachtanacha a shaothrú le fonn agus le fuinneamh ar mhaithe le leas na muintire. Áirítear leis sin ailíniú de réir a chéile le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais, go háirithe i dtaobh saincheisteanna ina bhfuil comhleasanna móra i dtreis, amhail bearta sriantacha agus dul i ngleic le bréagaisnéis agus bagairtí hibrideacha eile.

(9)

I dteachtaireacht uaidh an 6 Feabhra 2018 dar teideal “A credible enlargement perspective for and enhanced EU engagement with the Western Balkans” [Peirspictíocht Eorpach inchreidte do agus do rannpháirtíocht fheabhsaithe do na Balcáin Thiar], chuir an Coimisiún béim ar an ionchas daingean go n-éireodh leis na Balcáin Thiar ballraíocht a bhaint amach san Aontas, ar ionchas é atá bunaithe ar fhiúntas. An 5 Feabhra 2020, thíolaic an Coimisiún modheolaíocht athbhreithnithe don phróiseas aontachais i dteachtaireacht uaidh dar teideal “Enhancing the accession process - A credible EU perspective for the Western Balkans” [An próiseas aontachais a fheabhsú - Peirspictíocht AE inchreidte do na Balcáin Thiar], teachtaireacht a d’fhormhuinigh an Chomhairle. Thíolaic an Coimisiún freisin plean eacnamaíoch agus infheistíochta do na Balcáin Thiar maidir lena dtéarnamh fadtéarmach tar éis ghéarchéim COVID-19.

(10)

D’athdhearbhaigh an tAontas agus a Bhallstáit, i nDearbhú Shóifia an 17 Bealtaine 2018 agus i nDearbhú Shágraib an 6 Bealtaine 2020, an tacaíocht dheimhin dhearfa atá acu do pheirspictíocht Eorpach na mBalcán Thiar mar aon lena rannpháirtíocht ar gach leibhéal tacú le claochlú polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta an réigiúin. I nDearbhú Shágraib, d’athdhearbhaigh an tAontas agus a Bhallstáit a ndlúthpháirtíocht láidir le comhpháirtithe na mBalcán Thiar, go háirithe i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19.

(11)

Tá stádas mar thír is iarrthóir deonaithe ag an gComhairle Eorpach do Phoblacht na hAlbáine, don Íoslainn, do Mhontainéagró, do Phoblacht na Macadóine Thuaidh, do Phoblacht na Seirbia agus do Phoblacht na Tuirce. Dhearbhaigh sí peirspictíocht Eorpach na mBalcán Thiar, bunaithe ar an bPróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais, arb é an creat coiteann i gcónaí é don chaidreamh leis na Balcáin Thiar. Gan dochar do sheasaimh maidir le stádas nó d’aon chinneadh a bheidh le déanamh ag an gComhairle Eorpach nó ag an gComhairle amach anseo, féadfar iad siúd a bhfuil an pheirspictíocht Eorpach sin ina leith, nach bhfuil stádas mar thír is iarrthóir deonaithe orthu, a mheas mar iarrthóirí ionchasacha chun críocha an Rialacháin seo, agus chun na gcríoch sin amháin. I Márta 2015, d’iarr Rialtas na hÍoslainne ar an Aontas gan an Íoslainn a mheas mar thír is iarrthóir a thuilleadh, gan, áfach, iarratas na hÍoslainne ar bhallraíocht a tharraingt siar go hoifigiúil.

(12)

Ba cheart cúnamh a sholáthar freisin i gcomhlíonadh na gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I. Leis an gcúnamh faoin Rialachán seo, ba cheart díriú go príomha ar chúnamh a thabhairt do na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I chun na hinstitiúidí daonlathacha agus an smacht reachta a neartú, an bhreithiúnacht agus an riarachán poiblí a athchóiriú, cearta bunúsacha, lena n-áirítear cearta na ndaoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, a urramú, agus an comhionannas inscne, an chaoinfhulaingt, an cuimsiú sóisialta agus an neamh-idirdhealú a chur chun cinn, lena n-áirítear i ndáil le daoine atá i staideanna leochaileacha, leanaí nó daoine atá faoi mhíchumas. Ba cheart freisin, leis an Rialachán seo, tacú le geilleagar sóisialta margaidh a fhorbairt i gcomhréir leis na príomhphrionsabail agus na príomhchearta a leagtar amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta arna fhógairt go sollúnta agus arna shíniú ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún an 17 Samhain 2017 (6). Níor cheart dó tacú le gníomhaíochtaí lena rannchuidítear le hidirdheighilt nó le heisiamh sóisialta d’aon chineál.

(13)

Toisc gur gnéithe riachtanacha den phróiseas um méadú iad an dea-chaidreamh comharsanachta agus an comhar réigiúnach, ba cheart freisin, leis an gcúnamh, leanúint de thacaíocht a thabhairt do na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I chun an comhar réigiúnach, macrairéigiúnach agus trasteorann agus an fhorbairt chríochach a chur chun cinn, lena n-áirítear trí straitéisí macrairéigiúnacha de chuid an Aontais a chur chun feidhme. Leis na cláir sin, ba cheart rannchuidiú tuilleadh le hard-infheictheacht an chúnaimh san Aontas agus sna tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I. Ina theannta sin, ba cheart, leis an gcúnamh faoin Rialachán seo, feabhas a chur ar fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta agus rialachas eacnamaíoch na dtairbhithe, lánpháirtíocht eacnamaíoch le margadh aonair an Aontais a chothú, lena n-áirítear comhar custaim, trádáil oscailte agus chóir lena dtugtar buntaca do chlár oibre maidir leis an bhfás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn, lena n-áirítear trí bheartais um fhorbairt agus comhtháthú réigiúnach, beartais um an talmhaíocht agus um fhorbairt tuaithe, beartais shóisialta agus fostaíochta, lena n-áirítear soghluaisteacht saothair, agus forbairt an gheilleagair dhigitigh agus na sochaí digití, a chur chun feidhme, agus borradh a chur faoin taighde agus an nuálaíocht, i gcomhthéacs an tionscnaimh shuaitheanta ó 2018 dar teideal “Digital Agenda for the Western Balkans” [Clár Oibre Digiteach do na Balcáin Thiar].

(14)

Gníomhaíochtaí faoi IPA III, ba cheart iad a bheith ina dtaca leis an athmhuintearas, le cothú na síochána agus le cosc coinbhleachtaí, trí bhíthin iarrachtaí idirghabhála, bearta cothaithe muiníne agus próisis lena ndéantar an ceartas, lorgaireacht na fírinne, cúiteamh agus ráthaíochtaí nach dtarlóidh sáruithe an athuair a chur chun cinn.

(15)

Ba cheart cúnamh faoin Rialachán seo a úsáid chun slándáil na hearnála sláinte agus ullmhacht i gcomhair éigeandálaí sláinte poiblí a neartú, agus chun aghaidh a thabhairt, i gcomhlántacht le hionstraimí eile de chuid an Aontais, ar an mórshuaitheadh eacnamaíoch a d’eascair as ráig COVID-19 agus chun tionchar socheacnamaíoch tromchúiseach na ráige sin a mhaolú, trí acmhainní a shlógadh chun dlús a chur le téarnamh eacnamaíoch an réigiúin.

(16)

Ba cheart béim ar leith a leagan ar dheiseanna breise a chruthú don óige, lena n-áirítear do ghairmithe óga, agus á áirithiú, ag an am céanna, go rannchuideodh deiseanna den sórt sin le forbairt shocheacnamaíoch na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I. Ba cheart é a bheith mar aidhm freisin le cúnamh faoin Rialachán seo dul i ngleic le himirce daoine oilte.

(17)

Maidir le hiarrachtaí an Aontais tacú leis an dul chun cinn ó thaobh athchóirithe de sna tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I trí chistiú faoi IPA III, ba cheart do na tairbhithe sin agus don Aontas na hiarrachtaí sin a chraobhscaoileadh i bhfad is i ngearr. I dtaca leis sin, ba cheart don Aontas iarrachtaí cumarsáide agus feachtais a fheabhsú chun infheictheacht an chistithe faoi IPA III a áirithiú.

(18)

Ba cheart don Aontas tacú leis an trasdul i dtreo an aontachais ar mhaithe le leas na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, trí leas a bhaint as taithí na mBallstát. Le comhar den sórt sin, ba cheart díriú go háirithe ar an taithí a fuair na Ballstáit le linn a bpróiseas athchóirithe féin a roinnt.

(19)

Neartú an smachta reachta, lena n-áirítear neamhspleáchas na mbreithiúna, an comhrac in aghaidh an éillithe, an sciúrtha airgid agus na coireachta eagraithe, chomh maith leis an trédhearcacht, an dea-rialachas ar gach leibhéal, agus athchóiriú an riaracháin phoiblí, lena n-áirítear i réimsí an tsoláthair phoiblí, na hiomaíochta agus na Státchabhrach, tá siad fós ina bpríomhdhúshláin agus tá siad bunriachtanach ionas go ndruidfeadh na tairbhithe níos neasa don Aontas agus go n-ullmhóidís leis na hoibleagáidí a bhaineann le ballraíocht san Aontas ina n-iomláine a ghlacadh chucu féin. I bhfianaise chineál fadtéarmach na n-athchóirithe arna ndéanamh sna réimsí sin agus i bhfianaise an ghá atá le cuntais teiste a fhorbairt, ba cheart, le cúnamh airgeadais faoin Rialachán seo, aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin a luaithe is féidir.

(20)

I gcomhréir le prionsabal an daonlathais rannpháirtigh, ba cheart don Choimisiún neartú acmhainneachtaí parlaiminteacha, formhaoirseacht pharlaiminteach, nósanna imeachta daonlathacha agus ionadaíocht chothrom a spreagadh i ngach tairbhí a liostaítear in Iarscríbhinn I a spreagadh.

(21)

Is ríthábhachtach go mbeidh comhar straitéiseach agus oibríochtúil ann idir an tAontas agus na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I maidir leis an tslándáil chun aghaidh a thabhairt, ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil, ar bhagairtí na slándála, na coireachta eagraithe agus na sceimhlitheoireachta.

(22)

Is gnéithe tábhachtacha den chomhar idir an tAontas agus na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I é an comhar maidir le himirce, ar an leibhéal idirnáisiúnta agus réigiúnach, lena n-áirítear acmhainneachtaí bainistithe teorann agus imirce a chomhdhlúthú tuilleadh, rochtain ar chosaint idirnáisiúnta a áirithiú, faisnéis ábhartha a chomhroinnt, feabhas a chur ar rialú teorann agus iarrachtaí chun dul i ngleic leis an imirce neamhrialta, aghaidh a thabhairt ar easáitiú éigeantach agus an gháinneáil ar dhaoine agus smuigleáil daoine a chomhrac.

(23)

Ba cheart acmhainneachtaí cumarsáide na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a fheabhsú chun tacaíocht agus tuiscint an phobail a áirithiú i ndáil le luachanna an Aontais agus na tairbhí agus na hoibleagáidí a bhaineann le ballaíocht ionchasach san Aontas, agus aghaidh á tabhairt ar an mbréagaisnéis ag an am céanna.

(24)

Is gá don Aontas an t-aistriú chuig pláinéad sláintiúil agus domhan níos nasctha a stiúradh. Leis an gComhaontú Glas don Eoraip a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019, soláthraítear tiomantas athnuaite agus creat straitéiseach nua chun an cuspóir domhanda sin a bhaint amach. Ba cheart don Aontas a thionchar, a shaineolas agus a chúnamh airgeadais a úsáid chun na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a shlógadh chun bheith rannpháirteach leis ar chosán na hinbhuanaitheachta. Leis an Rialachán seo, ba cheart, dá bhrí sin, an clár oibre glas a chur chun cinn trí chosaint an chomhshaoil a neartú, trí rannchuidiú leis an athrú aeráide a mhaolú agus tríd an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a mhéadú, agus trí dhlús a chur leis an aistriú i dtreo geilleagar ísealcharbóin.

(25)

Is gá do na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a bheith ullmhaithe ar bhealach níos fearr chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda, amhail an fhorbairt inbhuanaithe agus an t-athrú aeráide, agus chun iad féin a ailíniú le hiarrachtaí an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin. Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (7) agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, ba cheart, le IPA III, rannchuidiú le gníomhú ar son na haeráide a phríomhshruthú i mbeartais an Aontais agus leis an sprioc fhoriomlán 30 % de chaiteachais bhuiséadacha an Aontais lena dtacaítear leis na cuspóirí aeráide a bhaint amach agus leis an uaillmhian 7,5 % den bhuiséad lena léirítear caiteachais bhithéagsúlachta in 2024 agus 10 % in 2026 agus 2027 a bhaint amach, agus aon fhorluí atá ann cheana idir na spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta á chur san áireamh. Le gníomhaíochtaí faoi IPA III, táthar ag súil go rannchuideofar 18 % d’imchlúdach airgeadais foriomlán IPA III le cuspóirí aeráide, agus é mar chuspóir an céatadán sin a ardú go 20 % faoi 2027. Tá gníomhaíochtaí ábhartha le sainaithint le linn ullmhú agus chur chun feidhme IPA III, agus ba cheart an rannchuidiú foriomlán ó IPA III a mheas sna meastóireachtaí ábhartha agus próisis athbhreithnithe ábhartha.

(26)

Gníomhaíochtaí faoi IPA III, ba cheart dóibh tacú le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a glacadh i Meán Fómhair 2015 mar chlár oibre uilíoch, a bhfuil gealltanas daingean tugtha ag an Aontas agus ag a chuid Ballstát ina leith agus a ndearna na tairbhithe ar fad a liostaítear in Iarscríbhinn I a fhormhuiniú. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, i dteannta gníomhaíochtaí ina bhfuil an comhshaol ar cheann de na príomhchuspóirí, ba cheart, leis na gníomhaíochtaí faoi IPA III, nuair is féidir, cuspóirí na hinbhuanaitheachta comhshaoil agus an athraithe aeráide a phríomhshruthú thar gach earnáil, agus aird ar leith á tabhairt ar an gcomhshaol a chosaint agus ar dhul i ngleic le truailliú trasteorann, agus ba cheart, leis na gníomhaíochtaí sin, fás glas a shaothrú i straitéisí náisiúnta agus áitiúla, lena n-áirítear tacú le critéir inbhuanaitheachta sa soláthar poiblí. Ba cheart na gníomhaíochtaí faoi IPA III a bheith comhsheasmhach leis an bprionsabal arb é “gan dochar a dhéanamh” agus ba cheart dóibh cloí le tacsanomaíocht an Aontais a mhéid is féidir, go háirithe chun inbhuanaitheacht na n-infheistíochtaí sna Balcáin Thiar agus sa Tuirc a áirithiú.

(27)

Ba cheart prionsabail an chomhionannais inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní a úsáid mar threoir agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, agus, le linn chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart féachaint le cearta na mban agus na gcailíní a chosaint agus a chur chun cinn i gcomhréir le Pleananna Gníomhaíochta AE maidir le hInscne agus le conclúidí ábhartha ón gComhairle agus le coinbhinsiúin idirnáisiúnta, lena n-áirítear na conclúidí ón gComhairle maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil an 10 Nollaig 2018. Dá ndéanfaí an comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní a neartú i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus dá ndéanfaí iarrachtaí a mhéadú chun na híoschaighdeáin feidhmíochta a luaitear i bPleananna Gníomhaíochta AE maidir le hInscne a bhaint amach, ba cheart a eascairt as sin cur chuige inscne-íogair claochlaitheach sa chomhar idir an tAontas agus na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I. Ba cheart an comhionannas inscne a léiriú agus a phríomhshruthú i rith chur chun feidhme an Rialacháin seo.

(28)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do ré iomlán IPA III, arb é a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (8), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(29)

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit comhlíonadh, comhleanúnachas, comhsheasmhacht agus comhlántacht a gcúnaimh a áirithiú, go háirithe trí chomhairliúcháin rialta agus trí mhalartuithe minice faisnéise le linn chéimeanna éagsúla an timthrialla cúnaimh, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil. Ba cheart na bearta is gá a dhéanamh chun comhordú agus comhlántacht níos fearr a áirithiú le deontóirí eile, lena n-áirítear trí chomhairliúcháin rialta. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go rachfaí i gcomhairle go cuí le geallsealbhóirí ábhartha sna tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha, de réir mar is iomchuí, agus go mbeadh rochtain thapa acu ar fhaisnéis ábhartha ionas gur féidir leo ról fóinteach a bheith acu le linn dhearadh agus chur chun feidhme na gclár agus le linn na bpróiseas gaolmhar faireacháin. Ba cheart an ról atá ag an tsochaí shibhialta a fheabhsú sna cláir a chuirtear chun feidhme trí chomhlachtaí rialtais agus mar thairbhí díreach den chúnamh ón Aontas. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart, le cúnamh ón Aontais, tacú le cosantóirí chearta an duine.

(30)

Tosaíochtaí na ngníomhaíocht arb é is aidhm leo cuspóirí a bhaint amach sna réimsí beartais ábhartha a dtugtar tacaíocht dóibh faoin Rialachán seo, ba cheart iad a leagtar amach i gcreat clársceidealaithe arna bhunú ag an gCoimisiún ar feadh ré chreat airgeadais ilbhliantúil an Aontais don tréimhse 2021-2027 (“creat clársceidealaithe IPA”). Ba cheart creat clársceidealaithe IPA a bhunú i gcomhar leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, i gcomhréir leis an gcreat beartais foriomlán agus leis na prionsabail fhoriomlána, agus leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar síos sa Rialachán seo, agus ba cheart do chreat clársceidealaithe IPA aird chuí a thabhairt ar na straitéisí ábhartha náisiúnta. I gcreat clársceidealaithe IPA, ba cheart na réimsí a dtugtar tacaíocht dóibh trí chúnamh a shainaithint trí leithdháileadh táscach a thabhairt in aghaidh gach réimse tacaíochta, lena n-áirítear meastachán maidir leis an gcaiteachas a bhaineann leis an aeráid.

(31)

Is chun leasa choitinn an Aontais agus na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I iarrachtaí na dtairbhithe sin a thabhairt chun cinn chun a gcórais pholaitiúla, dlí agus eacnamaíocha a athchóiriú d’fhonn ballraíocht a ghlacadh san Aontas. Ba cheart an cúnamh a bheith bunaithe ar chur chuige feidhmíochtbhunaithe agus ar phrionsabal an chion chothroim araon, lena n-áiritheofar dul chun cinn i ngach tairbhí a liostaítear in Iarscríbhinn I. Ba cheart an cúnamh a spriocdhíriú agus a choigeartú dá gcásanna sonracha, agus aird á tabhairt ar aon iarrachtaí breise is gá a dhéanamh chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach. Ba cheart riachtanais agus acmhainneachtaí na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a chur san áireamh i gcomhréir le prionsabal an chion chothroim chun leibhéal cúnaimh a bheadh go díréireach íseal i gcomparáid le tairbhithe eile a sheachaint. Ba cheart an cúnamh faoin Rialachán seo a dhifreáil maidir le raon feidhme agus déine de réir fheidhmíocht na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, go háirithe a thiomanta atá siad agus an dul chun cinn atá déanta acu maidir le hathchóirithe a chur chun feidhme, go háirithe i réimse an smachta reachta agus na gceart bunúsach, na n-institiúidí daonlathacha agus athchóiriú an riaracháin phoiblí, na forbartha eacnamaíche agus an iomaíochais.

(32)

I gcás ina léirítear leis na táscairí ábhartha go bhfuil cúlchéimniú suntasach nó easpa leanúnach dul chun cinn á dhéanamh ag tairbhí a liostaítear in Iarscríbhinn I sna réimsí a chumhdaítear leis an gcur chuige arb é “bunphrionsabail ar dtús”, ba cheart raon feidhme agus déine an chúnaimh a mhodhnú dá réir, gan dochar do chumhachtaí na Comhairle bearta sriantacha a ghlacadh tar éis cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais le tríú tír amháin nó níos mó a bhriseadh nó a laghdú, go hiomlán nó go páirteach, i gcomhréir le hAirteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) ná gan dochar do chumhacht an Choimisiúin íocaíochtaí nó cur chun feidhme comhaontuithe airgeadais a chur ar fionraí i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) (an “Rialachán Airgeadais”). Ba cheart aird chuí a thabhairt go dtugann na tairbhithe urraim do phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus don dlí idirnáisiúnta.

(33)

Ba cheart don Choimisiún cur chun feidhme chreat clársceidealaithe IPA a mheasúnú gach bliain, trí chur síos a dhéanamh ar an gcaoi ar cuireadh an cur chuige feidhmíochtbhunaithe agus prionsabal an chion chothroim i bhfeidhm. Ba cheart staid na himeartha maidir le leibhéal an chistithe do gach cuspóir agus do gach tairbhí a liostaítear in Iarscríbhinn I a áireamh sa mheasúnú sin freisin. Ina theannta sin, leis an measúnú, ba cheart a bheith ar chumas an choiste a bhunaítear leis an Rialachán seo faisnéis leordhóthanach a bheith aige chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún.

(34)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh sásraí faireacháin agus meastóireachta i bhfeidhm chun cuntasacht agus trédhearcacht éifeachtach a sholáthar agus buiséad an Aontais á chur chun feidhme, agus chun measúnú éifeachtach a áirithiú ar an dul chun cinn maidir le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach. Aon uair is féidir agus is iomchuí, ba cheart faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí ghníomhaíocht an Aontais ar bhonn táscairí réamhshainithe trédhearcacha tírshonracha intomhaiste, agus iad curtha in oiriúint do shonraíochtaí agus cuspóirí IPA III.

(35)

Ba cheart gur de réir a chéile a dhéanfaí an t-aistriú ó bhainistíocht dhíreach na gcistí réamhaontachais arna déanamh ag an gCoimisiún go bainistíocht indíreach arna déanamh ag na tairbhithe agus ba cheart an t-aistriú sin a bheith i gcomhréir le hacmhainneachtaí na dtairbhithe sin faoi seach, agus aird á tabhairt ar phrionsabail an dea-rialachais. Ba cheart don Choimisiún bearta maoirseachta iomchuí a dhéanamh chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú, agus a bheith in ann, i gcás inar gá, an t-aistriú sin a aisiompú. Ba cheart go leanfadh an cúnamh d’úsáid a bhaint as na struchtúir agus as na hionstraimí a chruthaigh go raibh fiúntas leo sa phróiseas réamhaontachais.

(36)

Ba cheart don Aontas féachaint leis an úsáid is éifeachtaí a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil chun an tionchar is fearr is féidir a bheith ar a ghníomhaíocht sheachtrach. Ba cheart é sin a bhaint amach trí chomhleanúnachas, comhsheasmhacht agus comhlántacht le hionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais, agus trí shineirgí le beartais agus cláir eile de chuid an Aontais, amhail Fís Eorpach - an Creatchlár um Thaighde agus um Nuálaíocht – a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), Erasmus+ a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), Clár Eoraip na Cruthaitheachta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), an Comhaontú Glas don Eoraip, an Ciste um Aistriú Cóir a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, comhleanúnachas agus comhlántacht le cúnamh macra-airgeadais.

(37)

Chun an leas is mó is féidir a bhaint as an tionchar a bheidh ag na hidirghabhálacha le chéile chun cuspóir comhchoiteann a bhaint amach, ba cheart a bheith in ann le IPA III rannchuidiú le gníomhaíochtaí faoi chláir, a fhad agus nach gcumhdófar na costais chéanna leis na ranníocaíochtaí.

(38)

Ba cheart cistiú ón Aontas faoi IPA III a úsáid chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú faoi ghnéithe idirnáisiúnta Erasmus+, ar cheart a gcur chun feidhme a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/817.

(39)

Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo, go háirithe, an nós imeachta chun an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, duaiseanna, soláthar agus bainistíocht indíreach, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Chomh maith leis sin, áirítear ar na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(40)

Ós rud é go bhfuil an urraim don daonlathas, do chearta an duine agus don smacht reachta ríthábhachtach le haghaidh bainistíocht fhónta airgeadais agus cistiú éifeachtach ón Aontas dá dtagraítear sa Rialachán Airgeadais, d’fhéadfaí cúnamh a chur ar fionraí i gcás ina ndéanann tairbhí a liostaítear in Iarscríbhinn I meath ar an daonlathas, ar chearta an duine nó ar an smacht reachta.

(41)

Na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar ualaí riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Leis sin, ba cheart breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus costas aonaid, chomh maith le maoiniú nach bhfuil baint aige le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais a bheith san áireamh.

(42)

Ba cheart don Aontas leanúint de ag cur rialacha coiteanna i bhfeidhm maidir le cur chun feidhme a ghníomhaíochta seachtraí. Leagfar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna maidir le cur chun feidhme ionstraimí an Aontais maidir le gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú i Rialachán (AE) 2021/947. Ba cheart forálacha mionsonraithe breise a leagan síos chun aghaidh a thabhairt ar na cásanna sonracha, go háirithe le haghaidh réimsí an chomhair trasteorann, na talmhaíochta agus na mbeartas forbartha tuaithe.

(43)

Is minic a chuirtear gníomhaíochtaí seachtracha chun feidhme i dtimpeallacht an-ghuagach lenar gá oiriúnú leanúnach tapa do riachtanais athraitheacha chomhpháirtithe an Aontais agus do dhúshláin dhomhanda amhail cearta an duine, an daonlathas agus an dea-rialachas, an tslándáil agus an chobhsaíocht, an t-athrú aeráide agus an comhshaol, imirce neamhrialta agus easáitiú éigeantach agus na bunchúiseanna leo. D’fhonn prionsabal na hintuarthachta agus an gá atá le freagairt go mear do riachtanais nua a thabhairt le chéile, ní mór cur chun feidhme airgeadais na gclár a oiriúnú dá bharr sin. Chun cur le cumas an Aontais freagairt ar riachtanais gan choinne, agus urraim á tabhairt, ag an am céanna, don phrionsabal go socraítear buiséad an Aontais gach bliain, ba cheart, leis an Rialachán seo, an tsolúbthacht a fhorchoimeád, rud is féidir a dhéanamh faoin Rialachán Airgeadais maidir le beartais eile, eadhon leithreasuithe a thabhairt anonn agus athghealladh cistí a gealladh roimhe, agus na spriocanna agus na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh. Leis sin, áiritheofar go mbainfear úsáid éifeachtúil as cistí an Aontais, le haghaidh shaoránaigh an Aontais agus na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I araon, agus, dá réir sin, bainfear an leas is mó is féidir as cistí an Aontais atá ar fáil le haghaidh idirghabhálacha ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

(44)

Ba cheart gurb é a bheadh sa Chiste Eorpach nua um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (CEFI+), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/947, ar ciste é a chuireann leis an gciste a tháinig roimhe, pacáiste airgeadais comhtháite lena dtugtar acmhainneacht mhaoinithe i bhfoirm deontas, ráthaíochtaí buiséadacha agus ionstraimí airgeadais eile ar fud an domhain, lena n-airítear do na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I. Ba cheart do Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar leanúint de rialachas oibríochtaí CEFI+, lena gcumhdaítear na Balcáin Thiar, a dhéantar faoin Rialachán seo a áirithiú. Tá tairbhithe ó na Balcáin Thiar a liostaítear in Iarscríbhinn I, rannchuiditheoirí le Comhchiste Eorpach na mBalcán Thiar, institiúidí ábhartha airgeadais agus eagraíochtaí ábhartha réigiúnacha, de réir mar is iomchuí, ar choiste stiúrtha Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar. Ba cheart don bhord sonrach straitéiseach d’oibríochtaí CEFI+ leanúint de bheith chomh cuimsitheach sin.

(45)

Leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/947, tugtar tacaíocht d’oibríochtaí CEFI+, agus ba cheart do IPA III rannchuidiú leis na riachtanais soláthair i ndáil le hoibríochtaí a rachaidh chun sochair do thairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, lena n-áirítear an soláthar agus na dliteanais a eascraíonn as iasachtaí cúnaimh mhacra-airgeadais.

(46)

Is tábhachtach a áirithiú go ndéantar cláir comhair trasteorann a chur chun feidhme go comhsheasmhach i gcomhréir leis an gcreat arna bhunú sna cláir gníomhaíochta seachtraí agus Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). Ba cheart forálacha cómhaoinithe sonracha a leagan síos sa Rialachán seo.

(47)

Is ionann pleananna gníomhaíochta bliantúla nó ilbhliantúla agus bearta dá dtagraítear sa Rialachán seo agus cláir oibre faoin Rialachán Airgeadais. Is é atá i bpleananna gníomhaíochta bliantúla agus ilbhliantúla sraith de bhearta a chuirtear le chéile in aon doiciméad.

(48)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (17), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (18) agus (AE) 2017/1939 (19) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), a imscrúdú agus a ionchúiseamh . I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha. Ba cheart do na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I freisin na neamhrialtachtaí a thuairisciú gan mhoill don Choimisiún, lena n-áirítear calaois arb iad ab ábhar do chinneadh príomha riaracháin nó breithiúnach, agus an Coimisiún a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn nós imeachta riaracháin agus dlí. Agus é mar chuspóir an tuairisciú a chur i gcomhréir le dea-chleachtais sna Ballstáit, ba cheart an tuairisciú sin a dhéanamh go leictreonach, tríd an gCóras Bainistíochta Mírialtachtaí, arna bhunú ag an gCoimisiún, a úsáid.

(49)

Ba cheart cúnamh faoin Rialachán seo a chur chun feidhme ar bhealach trédhearcach, cuntasach agus dípholaitithe. Ba cheart don Choimisiún faireachán géar a dhéanamh air sin, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil.

(50)

Is leis an gcumarsáid a chothaítear díospóireacht dhaonlathach, a dhéantar rialú institiúideach agus grinnscrúdú ar chistiú ón Aontas a threisiú, agus a rannchuidítear le hinchreidteacht an Aontais. Ba cheart don Aontas agus do thairbhithe an chistithe ón Aontas feabhas a chur ar infheictheacht ghníomhaíochtaí an Aontais, agus ba cheart dóibh cumarsáid leordhóthanach a dhéanamh maidir le breisluach thacaíocht an Aontais. I ndáil leis sin, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ba cheart oibleagáidí chun infheictheacht iomchuí a áirithiú a bheith i gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích le faighteoirí cistithe ón Aontas, agus ba cheart don Choimisiún gníomhú ar bhealach iomchuí tráthúil nuair nach gcomhlíontar na hoibleagáidí sin.

(51)

Chun aon athrú sa chreat beartais um méadú nó forbairtí suntasacha maidir leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na tosaíochtaí téamacha le haghaidh cúnaimh a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a choigeartú agus a thabhairt cothrom le dáta chomh maith le gníomh tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chuspóirí sonracha áirithe agus tosaíochtaí téamacha áirithe le haghaidh cúnaimh a leagan amach. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (21). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(52)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le an Rialacháin seo a chur chun feidhme, go háirithe maidir le coinníollacha sonracha agus struchtúir shonracha le haghaidh bainistíocht indíreach leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus maidir le cur chun feidhme cúnaimh forbartha tuaithe, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22). Agus na coinníollacha aonfhoirmeacha á mbunú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart na ceachtanna a foghlaimíodh ó bhainistiú agus ó chur chun feidhme an chúnaimh réamhaontachais roimhe sin a chur san áireamh. Ba cheart na coinníollacha aonfhoirmeacha sin a leasú más gá.

(53)

Ba cheart don choiste a bhunaítear faoin Rialachán seo a bheith inniúil freisin i leith gníomhartha dlí agus gealltanais faoi Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle (23) agus Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 agus i leith chur chun feidhme Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 389/2006 ón gComhairle (24).

(54)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(55)

Chun an leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha agus ionas gur féidir tús a chur leis an gcur chun feidhme ó thús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (“IPA III”) le haghaidh thréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 (“CAI 2021-2027”).

Leagtar síos leis cuspóirí IPA III, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cúnaimh ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcúnamh sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhíniú

Chun críoch an Rialacháin seo, ciallaíonn “comhar trasteorann” comhar idir:

(a)

na Ballstáit agus na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/1059;

(b)

dhá cheann nó níos mó de na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; nó

(c)

tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus tíortha agus críocha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/947.

Airteagal 3

Cuspóirí IPA III

1.   Is é is cuspóir ginearálta IPA III tacú leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I i nglacadh agus i gcur chun feidhme na n-athchóirithe polaitiúla, institiúideacha, dlí, riaracháin, sóisialta agus eacnamaíocha a theastaíonn ó na tairbhithe sin chun cloí le luachanna an Aontais agus chun iad féin a chur i gcomhréir de réir a chéile le rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais an Aontais (“acquis”) d’fhonn ballraíocht a ghlacadh amach anseo san Aontas agus, trína bhíthin sin, rannchuidiú leis an gcobhsaíocht fhrithpháirteach, leis an tslándáil fhrithpháirteach, leis an tsíocháin fhrithpháirteach agus leis an rathúnas frithpháirteach.

2.   Beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag gabháil le IPA III:

(a)

an smacht reachta, an daonlathas, urramú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha a neartú, lena n-áirítear trí bhreithiúnacht neamhspleách a chur chun cinn, slándáil treisithe agus an comhrac in aghaidh an éillithe agus na coireachta eagraithe, comhlíonadh an dlí idirnáisiúnta, saoirse na meán agus saoirse acadúil agus timpeallacht chumasúcháin don tsochaí shibhialta, neamh-idirdhealú agus an chaoinfhulaingt a chur chun cinn, urraim do na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad agus cur chun cinn comhionannais inscne a áirithiú agus bainistiú imirce a fheabhsú, lena n-áirítear bainistiú teorann agus dul i ngleic leis an imirce neamhrialta, agus aghaidh a thabhairt ar an easáitiú éigeantach;

(b)

éifeachtacht an riaracháin phoiblí a threisiú agus tacú le trédhearcacht, le hathchóirithe struchtúracha agus le dea-rialachas ar gach leibhéal, lena n-áirítear i réimse an tsoláthair phoiblí agus i réimse na Státchabhrach;

(c)

rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a mhúnlú i gcomhréir leo siúd de chuid an Aontais agus comhar réigiúnach, an t-athmhuintearas agus dea-chaidreamh comharsanachta a threisiú, chomh maith le teagmhálacha idir daoine agus an chumarsáid straitéiseach;

(d)

forbairt eacnamaíoch agus shóisialta agus comhtháthú a neartú, agus aird ar leith á tabhairt ar an óige, lena n-áirítear trí bheartais oideachais agus fostaíochta ar ardchaighdeán, trí thacú le hinfheistíocht agus le forbairt na hearnála príobháidí, agus béim á leagan ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus ar thalmhaíocht agus forbairt tuaithe;

(e)

cosaint an chomhshaoil a threisiú, an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a mhéadú, dlús a chur leis an athrú i dtreo geilleagar ísealcharbóin, an geilleagar digiteach agus an tsochaí dhigiteach a fhorbairt, agus idirnascacht inbhuanaithe a neartú ina gnéithe ar fad;

(f)

tacú leis an gcomhtháthú críochach agus leis an gcomhar trasteorann thar theorainneacha talún agus muirí, lena n-áirítear comhar trasnáisiúnta agus idir-réigiúnach.

3.   I gcomhréir leis na cuspóirí sonracha, féadfar aghaidh a thabhairt leis an gcúnamh ar na tosaíochtaí téamacha seo a leanas, de réir mar is iomchuí:

(a)

dea-fheidhmiú na n-institiúidí a bhunú agus a chur chun cinn go luath, ar institiúidí iad atá riachtanach chun an smacht reachta a áirithiú, agus institiúidí daonlathacha a chomhdhlúthú tuilleadh;

(b)

acmhainneachtaí a neartú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirce ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta;

(c)

acmhainneachtaí le haghaidh cumarsáid straitéiseach a fheabhsú, lena n-áirítear an pobal a chur ar an eolas faoi athchóirithe is gá a dhéanamh chun critéir bhallraíochta an Aontais a chomhlíonadh;

(d)

dea-rialachas a fheabhsú agus riarachán poiblí a athchóiriú i gcomhréir le prionsabail an riaracháin phoiblí;

(e)

rialachas fioscach agus eacnamaíoch a neartú;

(f)

gach gné den dea-chaidreamh comharsanachta, den chobhsaíocht réigiúnach agus den chomhar frithpháirteach a neartú;

(g)

acmhainneacht an Aontais agus a chuid comhpháirtithe a neartú chun coinbhleacht a chosc, an tsíocháin a chothú agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais ghéarchéime sula dtarlaíonn siad agus le linn na tréimhse ina ndiaidh;

(h)

acmhainneachtaí, neamhspleáchas agus iolrachas eagraíochtaí na sochaí sibhialta a neartú;

(i)

ailíniú rialacha, chaighdeáin, bheartais agus chleachtais na dtairbhithe le rialacha an Aontais a chur chun cinn;

(j)

comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní a chur chun cinn;

(k)

rochtain ar oideachas, ar oiliúint agus ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil, agus a gcáilíocht sin, a neartú ar gach leibhéal, agus tacaíocht a thairiscint d’earnálacha cultúir agus cruthaitheacha agus don spórt;

(l)

fostaíocht d’ardchaighdeán agus rochtain ar an margadh saothair a chothú;

(m)

cosaint agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus an bhochtaineacht a chomhrac;

(n)

iompar cliste, inbhuanaithe, ionchuimsitheach agus slán a chur chun cinn, scroigeanna tráchta a fhuascailt i bpríomhbhonneagair líonraí, agus slándáil agus éagsúlú fuinnimh a fheabhsú;

(o)

timpeallacht na hearnála príobháidí agus iomaíochas fiontar, go háirithe iomaíochas FBManna, a fheabhsú;

(p)

rochtain ar theicneolaíochtaí digiteacha agus ar sheirbhísí digiteacha a fheabhsú agus an taighde, an fhorbairt theicneolaíoch agus an nuálaíocht a neartú;

(q)

rannchuidiú le slándáil agus sábháilteacht sholáthar an bhia agus an uisce;

(r)

an comhshaol a chosaint agus cáilíocht an chomhshaoil a fheabhsú;

(s)

comhar a dhéanamh leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I maidir le húsáid shíochánta fuinnimh núicléach i réimsí na sláinte, na talmhaíochta agus na sábháilteachta bia;

(t)

an cumas atá ag an earnáil agraibhia agus an earnáil iascaigh a mhéadú chun déileáil le brú iomaíoch agus fórsaí an mhargaidh laistigh den Aontas.

4.   D’fhonn dea-chaidreamh comharsanachta a chur chun cinn, lánpháirtíocht an Aontais a chothú agus forbairt shocheacnamaíoch a chur chun cinn, leis an gcúnamh le haghaidh comhar trasteorann idir na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, féadfar aghaidh a thabhairt, de réir mar is iomchuí, ar na tosaíochtaí téamacha seo a leanas:

(a)

an fhostaíocht, soghluaisteacht saothair agus cuimsiú sóisialta agus cultúrtha a chur chun cinn thar teorainneacha;

(b)

an comhshaol a chosaint agus oiriúnú don athrú aeráide, maolú an athraithe aeráide agus cosc riosca agus bainistiú riosca a chur chun cinn;

(c)

iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus bonneagair phoiblí a fheabhsú;

(d)

an geilleagar digiteach agus an tsochaí dhigiteach a chur chun cinn;

(e)

an turasóireacht a spreagadh agus an oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha a chaomhnú agus a chur chun cinn;

(f)

infheistiú san óige, sa spórt, san oideachas agus i scileanna;

(g)

rialachas áitiúil agus réigiúnach a chur chun cinn;

(h)

tionscnaimh trasteorann a chur chun cinn chun an t-athmhuintearas agus an ceartas idirthréimhseach a chothú;

(i)

feabhas a chur ar an iomaíochas, ar an timpeallacht ghnó agus ar fhorbairt FBManna, ar an trádáil agus ar an infheistíocht;

(j)

taighde, forbairt theicneolaíoch, an nuálaíocht agus teicneolaíochtaí digiteacha a neartú.

5.   Déantar na tosaíochtaí téamacha le haghaidh cúnamh a thabhairt de réir riachtanais agus acmhainneachtaí na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a shonrú tuilleadh in Iarscríbhinn II. Déantar na tosaíochtaí téamacha le haghaidh comhar trasteorann idir tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a shonrú tuilleadh in Iarscríbhinn III. Le gach ceann de na tosaíochtaí sin, féadfar rannchuidiú le níos mó ná cuspóir sonrach amháin a bhaint amach.

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún, sula nglacfar creat clársceidealaithe IPA, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 agus Airteagal 15 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chuspóirí sonracha áirithe agus tosaíochtaí téamacha áirithe a leagan amach le haghaidh cúnamh a bhaineann leis na hábhair dá dtagraítear i mír 3, pointí (a) go (m), agus pointe (r), den Airteagal seo agus i mír 4, pointí (a) go (j), den Airteagal seo.

Airteagal 4

An buiséad

1.   Is é EUR 14 162 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme IPA III don tréimhse 2021–2027.

2.   An méid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfar é a úsáid chun bearta tacaíochta a mhaoiniú chun IPA III a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear córais chorparáideacha teicneolaíochta faisnéise, i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/947.

Airteagal 5

Forálacha traschláir

1.   Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, áiritheofar go mbeidh comhleanúnachas, sineirgíochtaí agus comhlántachtaí ann ó thaobh réimsí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais de agus ó thaobh beartais agus cláir ábhartha eile de chuid an Aontais de, agus go mbeidh comhtháthú beartas ann ar mhaithe le forbairt.

2.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2021/947 maidir le gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme faoin Rialachán seo i gcás ina dtagraítear dó sa Rialachán seo.

3.   Le IPA III, cuirfear cistí ar fáil do ghníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme agus arna mbainistiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/817. Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2021/817 maidir le húsáid na gcistí sin. Chuige sin, cuirfear rannchuidiú IPA III san áireamh sa doiciméad clársceidealaithe amháin dá dtagraítear in Airteagal 13(6) de Rialachán (AE) 2021/947 agus arna ghlacadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna leagan síos sa Rialachán sin. Beidh íosmhéid táscach sa doiciméad clársceidealaithe sin, íosmhéid a dháilfear ar ghníomhaíochtaí arna mbunú faoi Rialachán (AE) 2021/817.

4.   Féadfar cúnamh faoin Rialachán seo a thabhairt do na cineálacha gníomhaíochta dá bhforáiltear faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus faoin gCiste Comhtháthaithe, a leagtar amach a gcuspóirí sonracha agus raon feidhme a dtacaíochta i Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), Ciste Sóisialta na hEorpa Plus a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe atá le bunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha faoi CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

5.   Le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, tabharfar ranníocaíocht do chláir nó bearta arna mbunú le haghaidh comhar trasteorann idir na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus Ballstát amháin nó níos mó. Glacfaidh an Coimisiún na cláir agus na bearta sin i gcomhréir le hAirteagal 17(3) den Rialachán seo. Cinnfear méid na ranníocaíochta ó chistí IPA III arna leithdháileadh ar chomhar trasteorann (“CTC-IPA III”), dá dtagraítear in Airteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2021/1059, i gcomhréir leis an Airteagal sin. Bainisteofar cláir CTC-IPA III i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1059.

6.   Le IPA III, féadfar rannchuidiú le cláir nó bearta comhair thrasnáisiúnta nó idir-réigiúnaigh arna mbunú agus arna gcur chun feidhme faoi Rialachán (AE) 2021/1059, agus aird á tabhairt ar straitéisí macrairéigiúnacha nó ar straitéisí imchuach farraige, i gcás inarb infheidhme, agus a nglacfaidh na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I páirt iontu.

I gcás ina bhfaighidh clár nó beart comhair thrasnáisiúnta nó idir-réigiúnaigh tacaíocht ó NDICI freisin, íocfar réamh-mhaoiniú i gcomhréir le hAirteagal 22(5) de Rialachán (AE) 2021/947.

7.   I gcás inarb iomchuí, féadfar, le cláir eile de chuid an Aontais, ranníocaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí arna mbunú faoin Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 9, ar choinníoll nach gcumhdófar leis na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Chomh maith leis sin, féadfar, leis an Rialachán seo, ranníocaíocht a thabhairt do bhearta arna mbunú faoi chláir eile de chuid an Aontais, ar choinníoll nach gcumhdófar leis na ranníocaíochtaí na costais chéanna. I gcásanna den sórt sin, bunófar, sa chlár oibre lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí sin, cén tacar rialacha is infheidhme.

8.   Chun comhleanúnachas agus éifeachtacht mhaoiniú an Aontais a áirithiú nó chun comhar réigiúnach a chothú, féadfaidh an Coimisiún, i gcás ina mbeidh údar cuí leis, cinneadh a dhéanamh incháilitheacht na bpleananna gníomhaíochta agus na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 9(1) a leathnú chuig tíortha, críocha nó réigiúin nach mbeadh incháilithe do mhaoiniú ar shlí eile de bhun Airteagal 3(1), ar choinníoll go mbeidh an plean nó an beart atá le cur chun feidhme de chineál domhanda, réigiúnach nó trasteorann.

CAIBIDIL II

Pleanáil straitéiseach

Airteagal 6

Creat beartais agus prionsabail ghinearálta

1.   An creat beartais um méadú arna shainiú ag an gComhairle Eorpach agus ag an gComhairle, na comhaontuithe lena mbunaítear caidreamh atá ceangailteach ó thaobh dlí leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, chomh maith le rúin ó Pharlaimint na hEorpa, teachtaireachtaí ón gCoimisiún agus teachtaireachtaí comhpháirteacha ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, siúd uile a bheidh sa chreat beartais foriomlán le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh comhleanúnachas idir an cúnamh faoin Rialachán seo agus an creat beartais um méadú.

2.   Leis na cláir agus na gníomhaíochtaí faoi IPA III lena saothraítear na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2), déanfar na tosaíochtaí cothrománacha a phríomhshruthú arb iad an t-athrú aeráide, cosaint an chomhshaoil, cearta an duine agus comhionannas inscne, chun gníomhaíochtaí comhtháite a chur chun cinn lena gcruthaítear comhthairbhí agus lena mbaintear amach ilchuspóirí ar bhealach comhleanúnach. I gcás inarb infheidhme, le cláir agus gníomhaíochtaí, tabharfar aghaidh ar idirnaisc idir Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, lena n-áirítear na spriocanna go ndéanfaí sochaithe síochánta cuimsitheacha a chur chun cinn, agus go ndéanfaí an bhochtaineacht a laghdú.

3.   Rannchuideoidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, le cur chun feidhme gealltanas de chuid an Aontais i dtreo na trédhearcachta agus na cuntasachta feabhsaithe agus cúnamh á sheachadadh, lena n-áirítear trí fhaisnéis i dtaca le méid agus leithdháileadh an chúnaimh a chur ar fáil trí bhunachair sonraí gréasánbhunaithe, agus áiritheoidh sé go mbeidh sonraí inchomparáide agus gur féidir rochtain a fháil orthu go furasta, gur féidir iad a chomhroinnt go furasta agus gur féidir iad a fhoilsiú go furasta.

4.   Comhoibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit le chéile chun comhleanúnachas a áirithiú agus féachfaidh siad le dúbailt a sheachaint idir an cúnamh faoin Rialachán seo agus cúnamh eile a thugann an tAontas, na Ballstáit agus Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, i gcomhréir le prionsabail seanbhunaithe le haghaidh comhar oibríochtúil a neartú i réimse an chúnaimh sheachtraigh, lena n-áirítear trí chomhordú feabhsaithe leis na Ballstáit ar an leibhéal áitiúil agus trí bheartais agus nósanna imeachta a chomhchuibhiú, go háirithe na prionsabail idirnáisiúnta maidir le héifeachtúlacht na forbartha. Is é a bheidh i gceist le comhordú den sórt sin comhairliúcháin rialta thráthúla, malartuithe minice faisnéise le linn chéimeanna éagsúla thimthriall an chúnaimh, agus cruinnithe cuimsitheacha arb é is aidhm leo an cúnamh a chomhordú, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil, agus céim thábhachtach a bheidh sa chomhordú sin i bpróisis chlársceidealaithe an Aontais agus na mBallstát.

5.   I gcomhréir le prionsabal na comhpháirtíochta cuimsithí, i gcás inarb iomchuí, áiritheoidh an Coimisiún go rachfar i gcomhairle go cuí le geallsealbhóirí ábhartha sna tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, lena n-áirítear eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha, de réir mar is iomchuí, agus go mbeidh rochtain thapa acu ar fhaisnéis ábhartha ionas gur féidir ról fóinteach a bheith acu le linn dhearadh agus chur chun feidhme na gclár agus le linn na bpróiseas gaolmhar faireacháin. Déanfaidh an Coimisiún comhordú i measc na ngeallsealbhóirí ábhartha a spreagadh.

Neartófar acmhainneachtaí eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear a n-acmhainneachtaí mar thairbhithe díreacha cúnaimh, de réir mar is iomchuí.

6.   Déanfaidh an Coimisiún na céimeanna is gá, i gcomhar leis na Ballstáit, chun comhordú agus comhlántacht le heagraíochtaí iltaobhacha agus réigiúnacha agus le heintitis iltaobhacha réigiúnacha a áirithiú, amhail eagraíochtaí idirnáisiúnta agus institiúidí airgeadais, agus gníomhaireachtaí agus deontóirí nach den Aontas iad.

CAIBIDIL III

Cur chun feidhme

Airteagal 7

Creat clársceidealaithe IPA

1.   Beidh an cúnamh faoin Rialachán seo bunaithe ar chreat clársceidealaithe IPA chun na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2) agus na tosaíochtaí téamacha dá dtagraítear in Airteagal 3(3) agus a shonrú tuilleadh in Iarscríbhinní II agus III a thabhairt i gcrích. Bunóidh an Coimisiún an creat clársceidealaithe IPA go ceann ré CAI 2021-2027.

2.   Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla faoi chuimsiú theorainneacha CAI 2021-2027.

3.   Forbrófar creat clársceidealaithe IPA i gcomhréir leis an gcreat beartais agus na prionsabail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 6 agus déanfar na straitéisí ábhartha náisiúnta a chur san áireamh go cuí ann.

4.   Áireofar ar chreat clársceidealaithe IPA leithdháiltí táscacha chistí an Aontais le haghaidh réimsí téamacha i gcomhréir leis na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2), de réir mar is infheidhme, agus iad miondealaithe de réir bliana, gan dochar don fhéidearthacht cúnamh a chumasc chun rannchuidiú le cuspóirí sonracha éagsúla a bhaint amach.

5.   Áireofar ar chreat clársceidealaithe IPA táscairí chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a bhaint amach. Beidh na táscairí sin comhleanúnach leis na príomhtháscairí feidhmíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV.

6.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú bliantúil ar chur chun feidhme chreat clársceidealaithe IPA i bhfianaise fhorbairt an chreata beartais dá dtagraítear in Airteagal 6 agus bunaithe ar na táscairí dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo. Áireofar sa mheasúnú sin freisin staid na himeartha maidir leis na leithdháiltí a tugadh agus atá beartaithe do na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus ar an gcaoi a ndearnadh cur chuige feidhmíochtbhunaithe agus prionsabal an chion chothroim dá dtagraítear in Airteagal 8 a chur i bhfeidhm. Cuirfidh an Coimisiún an measúnú sin faoi bhráid an choiste dá dtagraítear in Airteagal 17.

7.   Ar bhonn an mheasúnaithe bhliantúil dá dtagraítear i mhír 6, féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chreat clársceidealaithe IPA a mholadh, de réir mar is iomchuí. Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chreat clársceidealaithe IPA tar éis na meastóireachta meántéarmaí dá dtagraítear in Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/947 agus, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh sé é a leasú. Déanfar aon leasú ar chreat clársceidealaithe IPA i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 8.

8.   Gan dochar do mhír 9, déanfaidh an Coimisiún creat clársceidealaithe IPA a ghlacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(3).

9.   Glacfaidh an Coimisiún an creat clársceidealaithe le haghaidh comhar trasteorann leis na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 17(3).

Airteagal 8

Cúnamh do thairbhithe, measúnú feidhmíochta agus prionsabal an chion chothroim

1.   Beidh cúnamh faoin Rialachán seo bunaithe ar chur chuige feidhmíochtbhunaithe agus ar phrionsabal an chion chothroim araon, mar a leagtar amach i mír 2, mír 3 agus mír 4.

2.   Beidh sé d’aidhm don chúnamh dul chun cinn a áirithiú i ndáil le gach tairbhí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus déanfar an cúnamh a spriocdhíriú agus a choigeartú dá gcásanna sonracha, agus aon iarrachtaí breise is gá a dhéanamh chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach á gcur san áireamh. Cuirfear riachtanais agus acmhainneachtaí na dtairbhithe sin san áireamh i gcomhréir le prionsabal an chion chothroim chun leibhéal cúnaimh a bheadh go díréireach íseal i gcomparáid le tairbhithe eile a sheachaint.

3.   Déanfar an cúnamh a dhifreáil ó thaobh raon feidhme agus déine de réir fheidhmíocht na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, go háirithe a mhéid a bhaineann lena dtiomantas maidir le hathchóirithe a chur chun feidhme agus an dul chun cinn atá déanta acu ina leith sin, agus de réir a riachtanas.

4.   Agus measúnú á dhéanamh ar fheidhmíocht na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus cinneadh á dhéanamh faoin gcúnamh atá le cur ar fáil, tabharfar aird ar leith ar na hiarrachtaí atá déanta i réimsí an smachta reachta agus na gceart bunúsach, na n-institiúidí daonlathacha agus athchóiriú an riaracháin phoiblí, chomh maith le réimsí na forbartha eacnamaíche agus an iomaíochais.

5.   I gcás ina ndéanann tairbhí a liostaítear in Iarscríbhinn I cúlchéimniú suntasach nó ina dteipeann go leanúnach ar an tairbhí sin dul chun cinn a dhéanamh de réir mar a thomhaistear leis na táscairí dá dtagraítear in Airteagal 7(5) sna réimsí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, déanfar raon feidhme agus déine an chúnaimh a mhodhnú dá réir, i gcomhréir le mír 6, lena n-áirítear trí na cistí a laghdú go comhréireach agus iad a atreorú ar bhealaí nach gcuirfí as don tacaíocht do chearta bunúsacha, don daonlathas agus don smacht reachta, lena n-áirítear tacaíocht don tsochaí shibhialta agus, i gcás inarb iomchuí, do chomhar le húdaráis áitiúla a fheabhsú. I gcás ina bhfuil dul chun cinn ann an athuair, déanfar an cúnamh a mhodhnú dá réir freisin i gcomhréir le mír 6 chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na hiarrachtaí sin.

6.   Déanfar cúnamh do na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a chinneadh faoi chuimsiú na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 9.

Airteagal 9

Bearta agus modhanna cur chun feidhme

1.   Cuirfear cúnamh faoin Rialachán seo chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó faoi bhainistíocht indíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais trí phleananna gníomhaíochta bliantúla nó ilbhliantúla agus trí bhearta dá dtagraítear i gCaibidil III de Theideal II de Rialachán (AE) 2021/947. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, pleananna gníomhaíochta agus bearta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(3). Beidh feidhm ag Caibidil III de Theideal II de Rialachán (AE) 2021/947 maidir leis an Rialachán seo cé is moite d’Airteagal 28(1) den Rialachán sin.

2.   Is de réir a chéile a dhéanfar an t-aistriú ó bhainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún go bainistíocht indíreach arna déanamh ag na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus beidh an t-aistriú sin i gcomhréir le hacmhainneachtaí na dtairbhithe sin faoi seach, mar aon le haird ar phrionsabail an dea-rialachais. Déanfaidh an Coimisiún bearta maoirseachta iomchuí chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú, de réir mar is iomchuí. Féadfaidh an Coimisiún an t-aistriú sin a aisiompú freisin i gcás nach n-éireoidh le tairbhí a liostaítear in Iarscríbhinn I oibleagáidí, prionsabail agus cuspóirí agus rialacha ábhartha a bunaíodh sa Rialachán Airgeadais a chomhlíonadh.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa malartuithe rialta tuairimí a thionól leis an gCoimisiún maidir lena cláir chúnaimh féin, i ndáil le hábhair amhail fothú acmhainneachta, lena n-áirítear idirghabháil agus idirphlé gaolmhar, agus breathnóireacht toghcháin.

4.   Féadfar pleananna gníomhaíochta faoin Rialachán seo a ghlacadh ar feadh tréimhse suas le 7 mbliana.

5.   Beidh tacaíocht bhuiséadach bunaithe ar chuntasacht fhrithpháirteach agus tiomantas comhroinnte maidir leis an daonlathas, cearta an duine agus an smacht reatha, agus soláthrófar an tacaíocht i gcomhréir le hAirteagal 236 den Rialachán Airgeadais agus le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/947. Le gníomhaíochtaí faoi IPA III, tacófar le forbairt an rialaithe pharlaimintigh, acmhainneachtaí iniúchóireachta agus trédhearcacht mhéadaithe agus rochtain mhéadaithe ag an bpobal ar fhaisnéis.

Airteagal 10

Comhar trasteorann

1.   Déanfar suas le 3 % den imchlúdach airgeadais a leithdháileadh go táscach ar chláir le haghaidh comhar trasteorann idir na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus na Ballstáit, i gcomhréir lena gcuid riachtanas agus lena gcuid tosaíochtaí.

2.   Ní bheidh ráta cómhaoinithe an Aontais ar leibhéal gach tosaíochta os cionn 85 % de chaiteachas incháilithe cláir comhair trasteorann.

3.   Féadfaidh leibhéal an réamh-mhaoinithe don chomhar trasteorann leis na Ballstáit a bheith os cionn an chéatadáin dá dtagraítear in Airteagal 51(3) de Rialachán (AE) 2021/1059 agus is 50 % de na chéad trí ghealltanas bhuiséadacha i leith an chláir a bheidh ann.

4.   I gcás ina scoirfear de chláir comhair trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2021/1059, féadfar tacaíocht faoin Rialachán seo don chlár ar scoireadh de a bheidh ar fáil fós a úsáid chun gníomhaíochtaí eile atá incháilithe faoin Rialachán seo a mhaoiniú.

CAIBIDIL IV

Incháilitheacht

Airteagal 11

Incháilitheacht le haghaidh cistiú faoi IPA III

Beidh an deis a bheith rannpháirteach i nósanna imeachta maidir le soláthar, deonú agus dámhachtain deontas le haghaidh gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin Rialachán seo ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha agus ag na daoine nádúrtha eile ar fad ar náisiúnaigh iad sna háiteanna seo a leanas agus ag daoine dlítheanacha atá bunaithe go hiarmhír sna háiteanna seo a leanas:

(a)

na Ballstáit, na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, páirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus na tíortha a chumhdaítear faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/947, agus

(b)

tíortha a mbunóidh an Coimisiún rochtain chómhalartach ar chúnamh seachtrach ina leith.

Chun críocha phointe (b), féadfar rochtain chómhalartach a dheonú, le haghaidh tréimhse teoranta de 1 bhliain amháin ar a laghad, i gcás ina ndéanfaidh tír incháilitheacht a dheonú ar choinníollacha comhionanna le heintitis ón Aontas agus ó thíortha atá incháilithe faoin Rialachán seo. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an rochtain chómhalartach tar éis dó dul i gcomhairle leis an tír is faighteoir lena mbaineann nó leis na tíortha is faighteoirí lena mbaineann.

CAIBIDIL V

CEFI+ agus ráthaíochtaí buiséadacha

Airteagal 12

Ionstraimí airgeadais agus ráthaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha

1.   I gcomhréir le hAirteagal 31(7) de Rialachán (AE) 2021/947, beidh na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo incháilithe do thacaíocht tríd an gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (CEFI+) agus tríd an Ráthaíocht um Ghníomhaíocht Sheachtrach. Déanfar oibríochtaí CEFI+ agus de chuid na Ráthaíochta um Ghníomhaíocht Sheachtrach a mhaoiniú faoin Rialachán seo mar a fhoráiltear i gCaibidil IV de Theideal II de Rialachán (AE) 2021/947 mutatis mutandis, faoi réir fhorálacha speisialta an Airteagail seo.

2.   Tabharfaidh bord sonrach straitéiseach comhairle don Choimisiún maidir le bainistiú oibríochtaí CEFI+ le haghaidh na mBalcán Thiar (“bord straitéiseach”).

3.   Cuirfidh an bord straitéiseach comhairle ar an gCoimisiún maidir le treoshuíomh straitéiseach na n-infheistíochtaí le haghaidh na mBalcán Thiar faoi CEFI+, agus rannchuideoidh sé leis na hinfheistíochtaí sin a ailíniú leis na treoirphrionsabail, leis an gcreat beartais agus leis na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo.

Tacóidh an bord straitéiseach leis an gCoimisiún le spriocanna foriomlána infheistíochta a leagan síos le haghaidh na mBalcán Thiar a mhéid a bhaineann le húsáid na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha chun tacú le hoibríochtaí CEFI+ agus déanfaidh sé faireachán ar chumhdach geografach agus téamach atá iomchuí agus éagsúlaithe d’fhuinneoga infheistíochta.

4.   Beidh ionadaithe ón gCoimisiún, ó na Ballstáit uile agus ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) ar an mbord straitéiseach.

Beidh stádas breathnóra ag Parlaimint na hEorpa. Féadfaidh geallsealbhóirí ábhartha eile a bheith ar an mbord straitéiseach. Déanfaidh an bord straitéiseach cinneadh maidir le haon chomhalta nó aon bhreathnóir nua ar an mbord.

Gan dochar do shocruithe sonracha maidir le comhchathaoirleacht, déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an mbord straitéiseach, agus glacfaidh sé, a mhéid is féidir, tuairimí trí chomhthoil.

Is ar bhonn deonach a bheidh rannpháirtíocht i gcruinnithe an bhoird straitéisigh.

5.   Roimh chéad chruinniú an bhoird straitéisigh, molfaidh an Coimisiún na rialacha nós imeachta a bheidh le glacadh ag an mbord straitéiseach, lena n-áirítear rialacha maidir le rannpháirtíocht ionadaithe i gCreat Infheistíochta na mBalcán Thiar, ról na mbreathnóirí agus ainmniú na gcomhchathaoirleach.

Déanfar miontuairiscí agus cláir oibre chruinnithe an bhoird straitéisigh a chur ar fáil don phobal tar éis a nglactha.

6.   Gach bliain, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid an bhoird straitéisigh maidir leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca le hoibríochtaí lena gcumhdaítear na Balcáin Thiar.

CAIBIDIL VI

Faireachán, tuairisciú agus meastóireacht

Airteagal 13

Faireachán, iniúchadh, meastóireacht agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais

1.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 41 de Rialachán (AE) 2021/947 i ndáil le faireachán agus tuairisciú maidir leis an Rialachán seo. Áireofar freisin sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 41(5) de Rialachán (AE) 2021/947 faisnéis ar ghealltanais agus íocaíochtaí in aghaidh ionstraime (IPA, IPA II agus IPA III).

2.   Liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo na príomhtháscairí feidhmíochta chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar dhul chun cinn IPA III i dtreo bhaint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3.

3.   I dtaca le comhar trasteorann leis na Ballstáit, is iad na táscairí dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2021/1059 a úsáidfear.

4.   I dteannta na dtáscairí a liostaítear in Iarscríbhinn IV, déanfar na tuarascálacha a ghabhann leis an teachtaireacht bhliantúil ón gCoimisiún maidir le beartas um méadú an Aontais agus na measúnuithe ón gCoimisiún ar na cláir athchóirithe eacnamaíocha a chur san áireamh i gcreat torthaí chúnamh IPA III.

5.   I dteannta na n-eilimintí dá dtagraítear in Airteagal 41(5) agus (6) de Rialachán (AE) 2021/947, beidh faisnéis sa tuarascáil bhliantúil maidir leis na gealltanais le haghaidh na gcuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo.

6.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/947 i ndáil leis an meastóireacht mheántéarmach agus leis an meastóireacht deiridh.

7.   I dteannta Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, faoi bhainistíocht indíreach, tuairisceoidh tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, gan mhoill, don Choimisiún, aon neamhrialtachtaí, lena n-áirítear calaois, arb iad ab ábhar do chinneadh príomha riaracháin nó breithiúnach, agus coimeádfaidh na tairbhithe sin an Coimisiún ar an eolas maidir le dul chun cinn aon imeachtaí riaracháin nó dlí a bhaineann le neamhrialtachtaí den sórt sin. Déanfar tuairisciú den sórt sin go leictreonach, trí úsáid a bhaint as an gCóras Bainistíochta Neamhrialtachtaí, arna bhunú ag an gCoimisiún.

CAIBIDIL VII

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 14

Tarmligean cumhachtaí

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 chun Iarscríbhinní II, III agus IV a leasú agus tugtar de chumhacht dó gníomh tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh chun cuspóirí sonracha áirithe agus tosaíochtaí téamacha áirithe a leagan amach le haghaidh cúnamh dá dtagraítear in Airteagal 3(6).

Airteagal 15

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 14 a thabhairt don Choimisiún go ceann thréimhse bhailíochta an Rialacháin seo.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 14 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 14 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 16

Rialacha breise cur chun feidhme a ghlacadh

Glacfaidh an Coimisiún rialacha sonracha lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, go háirithe i dtaca leis na struchtúir atá le cur ar bun mar ullmhúchán don aontachas agus i dtaca le cúnamh forbartha tuaithe, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(3).

Airteagal 17

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste um an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (“coiste IPA III”) cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   Tabharfaidh coiste IPA III cúnamh don Choimisiún chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach i bhfianaise an mheasúnaithe bhliantúil arna chur ar fáil ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 7(6) agus Airteagal 13(5).

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   Déanfar foráil le rialacha nós imeachta choiste IPA III do theorainneacha ama comhréireacha lena mbeidh deiseanna luatha éifeachtacha ag comhaltaí an choiste scrúdú a dhéanamh ar na dréachtghníomhartha cur chun feidhme agus a gcuid tuairimí a chur in iúl, i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

5.   I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh nó nuair a iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt.

6.   Glacfaidh breathnóir ó BEI páirt in imeachtaí choiste IPA III maidir le ceisteanna a bhaineann le BEI.

7.   Tabharfaidh coiste ICR III cúnamh don Choimisiún agus beidh sé inniúil freisin maidir le gníomhartha dlí agus gealltanais faoi Rialacháin (CE) Uimh. 1085/2006 agus (AE) Uimh. 231/2014 agus maidir le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 389/2006 a chur chun feidhme.

8.   Ní bheidh coiste IPA III inniúil le haghaidh na ranníocaíochta le Erasmus+ dá dtagraítear in Airteagal 5(3).

Airteagal 18

Faisnéis, cumarsáid agus infheictheacht

1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas faoi IPA III aitheantas d’fhoinse an chistithe sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe ón Aontas, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn agus á dtuairisciú, trí bhéim a leagan ar an tacaíocht a fuarthas ón Aontas agus ar an tairbhe a bhaineann daoine as ar bhealach infheicthe in ábhair chumarsáide a bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht faoin Rialachán seo agus trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do lucht spéise éagsúil ar bhealach straitéiseach, lena n-áirítear do na meáin agus don phobal.

Beidh oibleagáidí i dtaca leis sin sna comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích le faighteoirí an chistithe ón Aontas faoi IPA III.

Áireofar ar na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích le tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I na prionsabail atá le leanúint maidir le gníomhaíochtaí infheictheachta agus cumarsáide agus cuspóirí na ngníomhaíochtaí sin, agus oibleagáid shoiléir faisnéis a phoibliú go gníomhach maidir le cláir agus gníomhaíochtaí faoi IPA III.

Chun torthaí na ngníomhaíochtaí cumarsáide le haghaidh cláir comhair trasteorann idir na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a fheabhsú, déanfar gníomhaíochtaí cumarsáide comhpháirteacha sonracha a phleanáil.

Déanfar gníomhaíochtaí faoi IPA III i gcomhréir le ceanglais chumarsáide agus infheictheachta i ngníomhaíochtaí seachtracha maoinithe ag an Aontas agus i dtreoirlínte ábhartha eile.

2.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le IPA III agus lena ghníomhaíochtaí agus lena thorthaí, go háirithe ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, chun infheictheacht an chúnaimh airgeadais ón Aontas a áirithiú. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh faoi IPA III, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach agus tuairisciú ar thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin go díreach leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

3.   Le IPA III, tabharfar tacaíocht do chumarsáid straitéiseach agus do taidhleoireacht phoiblí, lena n-áirítear an comhrac in aghaidh na bréagaisnéise, d’fhonn luachanna an Aontais a chur in iúl mar aon leis an mbreisluach a bhaineann le gníomhaíochtaí an Aontais agus na torthaí a bhaintear amach leis na gníomhaíochtaí sin.

4.   Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ábhartha ar fáil go poiblí maidir leis na gníomhaíochtaí go léir arna maoiniú faoin Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 38 den Rialachán Airgeadais, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, trí shuíomh gréasáin cuimsitheach aonair.

5.   I gcás ina bhféadfadh, de bharr ceisteanna slándála nó íogaireachtaí polaitiúla, gur fearr nó gur gá gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta a theorannú i dtíortha nó limistéir áirithe nó le linn tréimhsí áirithe, socrófar cén spriocphobal agus cé na huirlisí, na táirgí agus na cainéil infheictheachta atá le húsáid chun gníomhaíocht áirithe a chur chun cinn, socrófar sin de réir an cháis, i gcomhairle agus i gcomhaontú leis an Aontas. Beidh údar cuí le haon eisceacht den sórt sin, agus déanfar a raon feidhme a shonrú agus a theorannú i ngach cás. I gcás ina mbeidh gá le hidirghabháil mhear mar fhreagairt ar ghéarchéim thobann, ní bheidh sé riachtanach plean iomlán cumarsáide agus infheictheachta a chur ar fáil láithreach. I gcásanna den sórt sin, áfach, léireofar fós ar bhealach iomchuí, ón tús, an tacaíocht atá á fáil ón Aontas.

Airteagal 19

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de na gníomhaíochtaí ná do mhodhnú na ngníomhaíochta faoi Rialacháin (CE) Uimh. 1085/2006 nó (AE) Uimh. 231/2014, ar rialacháin iad a leanfaidh d’fheidhm a bheith acu maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu. Beidh feidhm ag Caibidil III de Theideal II de Rialachán (AE) 2021/947 maidir leis na gníomhaíochtaí sin, cé is moite d’Airteagal 28(1) agus (3) de, agus ina ionad sin, beidh feidhm ag Airteagal 8(4), Airteagal 10(1) agus Airteagal 10(3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27).

2.   Féadfaidh imchlúdach airgeadais IPA III na costais theicniúla agus cúnaimh riaracháin is gá a chumhdach chun an t-aistriú idir na bearta arna nglacadh faoi IPA II agus faoi IPA III a áirithiú, chomh maith le haon ghníomhaíochtaí a bhaineann le hullmhú an chláir a thiocfaidh i gcomharbas air le haghaidh cúnamh réamhaontachais.

3.   Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil i mbuiséad an Aontais tar éis 2027 chun na costais dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoi 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 15 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)  IO C 110, 22.3.2019, lch. 156.

(2)  IO C 86, 7.3.2019, lch. 295.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019 (IO C 108, 26.3.2021, lch. 409) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 7 Meán Fómhair 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II) (IO L 77, 15.3.2014, lch. 11).

(5)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).

(6)  IO C 428, 13.12.2017, lch. 10.

(7)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(8)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

(9)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (IO L 189, 28.5.2021, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 (IO L 189, 28.5.2021, lch. 34).

(13)  Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 (IO L 249, 14.7.2021, lch. 38).

(15)  Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh (IO L 231, 30.6.2021, lch. 94).

(16)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(17)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(18)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(19)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(20)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(21)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle an 17 Iúil 2006 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) (IO L 210, 31.7.2006, lch. 82).

(24)  Rialachán (CE) Uimh. 389/2006 ón gComhairle an 27 Feabhra 2006 lena mbunaítear ionstraim tacaíochta airgeadais chun forbairt eacnamaíoch chomhphobal na gCipireach Turcach a spreagadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2667/2000 ón gComhairle maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Athchóiriú (IO L 65, 7.3.2006, lch. 5).

(25)  Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, p. 60).

(26)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).

(27)  Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna le haghaidh chur chun feidhme ionstraimí an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú (IO L 77, 15.3.2014, lch. 95).


IARSCRÍBHINN I

 

Poblacht na hAlbáine

 

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

 

An Íoslainn

 

An Chosaiv (*)

 

Montainéagró

 

Poblacht na Macadóine Thuaidh

 

Poblacht na Seirbia

 

Poblacht na Tuirce


(*)  Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.


IARSCRÍBHINN II

TOSAÍOCHTAÍ TÉAMACHA DON CHÚNAMH

Féadfaidh cúnamh, de réir mar is iomchuí, aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí téamacha seo a leanas:

(a)

Dea-fheidhmiú na n-institiúidí a bhunú agus a chur chun cinn go luath, ar institiúidí iad atá riachtanach chun an smacht reachta a áirithiú, agus institiúidí daonlathacha a chomhdhlúthú tuilleadh. Beidh sé d’aidhm ag idirghabhálacha sa réimse seo an méid seo a leanas a dhéanamh: córais bhreithiúnacha atá neamhspleách, cuntasach, neamhchlaonta, gairmiúil, dípholaitithe agus éifeachtúil a chur ar bun, lena n-áirítear trí earcaíocht thrédhearcach atá bunaithe ar fhiúntas, córais mheastóireachta agus ardaithe céime agus nósanna imeachta éifeachtacha araíonachta i gcás éagóra, agus comhar breithiúnach a chur chun cinn; rochtain ar cheartas a áirithiú; comhar póilíneachta agus malartú faisnéise a chur chun cinn; uirlisí éifeachtacha a fhorbairt chun an choireacht eagraithe, an gháinneáil ar dhaoine agus ar mhionairm agus airm éadroma, smuigleáil imirceach, an gháinneáil ar dhrugaí, sciúradh airgid/maoiniú sceimhlitheoireachta agus éilliú a chosc agus a chomhrac; tacú le teagmháil leis an Aontas maidir le frithsceimhlitheoireacht agus radacú a chosc; agus cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint, lena n-áirítear neamh-idirdhealú agus comhionannas inscne, cearta leanaí, cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, lena n-áirítear mionlaigh náisiúnta agus an pobal Romach, chomh maith le cearta daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha, agus saoirsí bunúsacha, lena n-áirítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, saoirse na meán, saoirse tionóil agus comhlachais agus cosaint sonraí.

(b)

Acmhainneachtaí a neartú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirce ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Beidh sé d’aidhm ag idirghabhálacha sa réimse seo an méid seo a leanas a dhéanamh: faisnéis ábhartha a chomhroinnt, acmhainneachtaí bainistithe teorann agus imirce a chomhdhlúthú tuilleadh, rochtain ar chosaint idirnáisiúnta a áirithiú, feabhas a chur ar rialú teorann agus ar iarrachtaí an imirce neamhrialta a chomhrac agus aghaidh a thabhairt ar an easáitiú éigeantach.

(c)

Acmhainneachtaí le haghaidh cumarsáid straitéiseach a fheabhsú, lena n-áirítear an pobal a chur ar an eolas faoi athchóirithe is gá a dhéanamh chun critéir bhallraíochta an Aontais a chomhlíonadh. Beidh sé d’aidhm ag iarrachtaí sa réimse seo tacú le meáin neamhspleácha agus iolraíocha agus litearthacht sna meáin a fhorbairt tuilleadh agus fónfaidh siad, inter alia, mar mheán chun acmhainneachtaí a fhothú i réimse na cibearshlándála agus chun athléimneacht an stáit agus na sochaí a mhéadú i leith na bréagaisnéise agus cineálacha eile bagairtí hibrideacha.

(d)

Dea-rialachas a fheabhsú agus riarachán poiblí a athchóiriú i gcomhréir le prionsabail an riaracháin phoiblí. Beidh sé d’aidhm ag na hidirghabhálacha an méid seo a leanas a dhéanamh: creata athchóirithe riaracháin phoiblí a neartú, lena n-áirítear i réimse an tsoláthair phoiblí, pleanáil straitéiseach agus beartas cuimsitheach atá bunaithe ar fhianaise agus forbairt reachtúil a fheabhsú; feabhas a dhéanamh maidir leis an tseirbhís phoiblí a dhéanamh níos gairmiúla agus a dhípholaitiú trí phrionsabail atá bunaithe ar fhiúntas a chothú; trédhearcacht agus cuntasacht a chur chun cinn; cáilíocht agus seachadadh seirbhísí a fheabhsú, lena n-áirítear nósanna imeachta riaracháin leordhóthanacha agus r-Rialtas dírithe ar shaoránaigh a úsáid; bainistíocht airgeadais phoiblí a neartú; agus táirgeadh staidrimh d’ardcháilíocht a fheabhsú.

(e)

Rialachas fioscach agus eacnamaíoch a neartú. Beidh sé d’aidhm ag idirghabhálacha an méid seo a leanas a dhéanamh: tacú le cur chun feidhme na gclár athchóirithe eacnamaíoch agus le comhar sistéimeach le hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta maidir le bunphrionsabail an bheartais eacnamaíoch agus institiúidí eacnamaíocha a neartú; feabhas a chur ar an acmhainneacht cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus comhtháthú sóisialta a neartú; tacú le forbairt inbhuanaithe agus leis an dul chun cinn i dtreo a bheith mar gheilleagar feidhmiúil margaidh a mbeidh sé d’acmhainn aige déileáil le brú iomaíoch agus fórsaí an mhargaidh laistigh den Aontas; agus dul i dtreo an Chómhargaidh Réigiúnaigh.

(f)

Gach gné den dea-chaidreamh comharsanachta, den chobhsaíocht réigiúnach agus den chomhar frithpháirteach a neartú.

(g)

Acmhainneacht an Aontais agus a chuid comhpháirtithe a neartú chun coinbhleacht a chosc, an tsíocháin a chothú agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais ghéarchéime sula dtarlaíonn siad agus le linn na tréimhse ina ndiaidh, lena n-áirítear trí: luathrabhadh agus anailís riosca atá íogair ó thaobh coinbhleachta de; líonrú duine le duine, an t-athmhuintearas, bearta cothaithe síochána agus cothaithe muiníne, tionscnaimh lena ndéantar an t-athmhuintearas, an ceartas idirthréimhseach, lorg na fírinne, cúiteamh agus ráthaíochtaí nach dtarlóidh siad arís (amhail RECOM) a chur chun cinn; agus tacú le fothú acmhainneachta chun tacú le gníomhaíochtaí slándála agus forbartha (CBSD) i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2021/947.

(h)

Acmhainneachtaí, neamhspleáchas agus iolrachas eagraíochtaí na sochaí sibhialta a neartú agus eagraíochtaí na gcomhpháirtithe sóisialta a neartú, lena n-áirítear comhlachais ghairmiúla, maidir le tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus líonrú a spreagadh i measc eagraíochtaí atá lonnaithe san Aontas agus i measc eagraíochtaí na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I ar gach leibhéal, le go mbeidís in ann a bheith páirteach in idirphlé éifeachtach le gníomhaithe poiblí agus príobháideacha.

(i)

Ailíniú rialacha, chaighdeáin, bheartais agus chleachtais na dtairbhithe le rialacha an Aontais a chur chun cinn, lena n-áirítear soláthar poiblí agus rialacha maidir le Státchabhair.

(j)

Comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní a chur chun cinn. Beidh sé d’aidhm ag idirghabhálacha sa réimse seo an méid seo a leanas a dhéanamh: timpeallacht chumasúcháin níos fearr a chruthú chun cearta na mban agus na gcailíní a bhaint amach, agus feabhsuithe iarbhír inláimhsithe maidir le comhionannas inscne a bhaint amach i réimsí beartais straitéisigh amhail saoirse ó gach cineál foréigin inscne; sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe; cearta eacnamaíocha agus sóisialta agus cumhachtú na mban agus na gcailíní; rannpháirtíocht chomhionann agus ceannaireacht chomhionann; mná, an tsíocháin agus an tslándáil; agus gné inscne na gclaochluithe glasa agus digiteacha, lena n-áirítear trí thacú le buiséadú inscne.

(k)

Rochtain ar oideachas, ar oiliúint agus ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil, agus a gcáilíocht sin, a neartú ar gach leibhéal, agus tacaíocht a thabhairt d’earnálacha cultúir agus cruthaitheacha agus don spórt. Le hidirghabhálacha sa réimse seo, díreofar ar na haidhmeanna seo a leanas: rochtain chothrom a chur chun cinn ar oideachas agus ar chúram luath-óige d’ardchaighdeán, agus ar bhunscolaíocht agus ar scolaíocht dara leibhéil; soláthar na mbunscileanna a fheabhsú; leibhéil oideachais a mhéadú; dul i ngleic le himirce daoine oilte; luathfhágáil na scoile a laghdú; oiliúint múinteoirí a threisiú; leanaí agus an óige a chumhachtú agus a chur ar a gcumas a lánacmhainneacht a bhaint amach; córais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna a fhorbairt, agus córais foghlama obairbhunaithe a chur cinn chun an t-aistriú chuig an margadh saothair a éascú, do dhaoine faoi mhíchumas san áireamh; caighdeán agus ábharthacht an ardoideachais agus an taighde a fheabhsú; gníomhaíochtaí a bhaineann le alumni a spreagadh; agus rochtain ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil a fheabhsú, agus tacú le hinfheistíochtaí i mbonneagar an oideachais agus na hoiliúna inrochtana; go háirithe chun éagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú agus chun oideachas neamhscartha cuimsitheach a chothú, lena n-áirítear trí theicneolaíochta digiteacha inrochtana a úsáid.

(l)

Fostaíocht d’ardchaighdeán agus rochtain ar an margadh saothair a chothú. Le hidirghabhálacha sa réimse seo, díreofar ar dhul i ngleic le rátaí arda dífhostaíochta agus neamhghníomhaíochta trí thacú le lánpháirtiú inbhuanaithe sa mhargadh saothair, go háirithe i dtaca le daoine óga (go háirithe daoine nach bhfuil fostaithe, in oideachas nó in oiliúint), i dtaca le mná, daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus gach grúpa faoi ghannionadaíocht. Leis na bearta, déanfar fostaíocht d’ardchaighdeán a spreagadh agus tacófar le rialacha agus caighdeáin a fhorfheidhmiú go héifeachtach ar fud na críche ar fad i gcomhréir leis na príomhphrionsabail agus na príomhchearta a shainítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta. Príomhréimsí idirghabhála eile a bheidh ann tacú le comhionannas inscne agus leis an óige agus infhostaitheacht agus táirgeacht a chur chun cinn, oibrithe agus fiontair a chur in oiriúint don athrú, idirphlé sóisialta inbhuanaithe a chur ar bun mar aon le hinstitiúidí mhargadh an tsaothair a nuachóiriú agus a neartú, amhail seirbhísí fostaíochta poiblí agus cigireachtaí saothair.

(m)

Cosaint agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus an bhochtaineacht a chomhrac. Is é an aidhm a bheidh le hidirghabhálacha sa réimse seo córais chosanta sóisialta a nuachóiriú chun cosaint éifeachtach, éifeachtúil agus leordhóthanach a chur ar fáil ag gach céim de shaol an duine, lena gcuirtear an t-aistriú ó chúram institiúideach go cúram sa teaghlach nó cúram pobalbhunaithe chun cinn, lena ndéantar an cuimsiú sóisialta a chothú, comhionannas deiseanna a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí agus ar an mbochtaineacht. Sa réimse seo freisin, díreofar le hidirghabhálacha ar an méid seo a leanas: pobail imeallaithe, amhail na Romaigh, a lánpháirtiú; an t-idirdhealú a chomhrac, bíodh sé bunaithe ar inscne, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó aon tuairim eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh; agus rochtain ar sheirbhísí inacmhainne, inbhuanaithe ar ardchaighdeán a fheabhsú, amhail oideachas luath-óige agus cúram, tithíocht, cúram sláinte agus seirbhísí sóisialta ríthábhachtacha agus cúram fadtéarma, lena n-áirítear trí chórais chosanta sóisialta a nuachóiriú.

(n)

Iompar cliste inbhuanaithe ionchuimsitheach agus slán a chur chun cinn, scroigeanna tráchta a fhuascailt i bpríomhbhonneagair líonraí, agus slándáil agus éagsúlú fuinnimh a fheabhsú, trí infheistiú i dtionscadail a bhfuil breisluach ard Eorpach ag baint leo. Ba cheart na hinfheistíochtaí a chur in ord tosaíochta de réir a ábhartha atá siad do naisc TEN-T leis an Aontas, do naisc thrasteorann, agus do chruthú post, a rannchuidiú le soghluaisteacht inbhuanaithe, astaíochtaí laghdaithe, tionchar ar an gcomhshaol agus soghluaisteacht shlán, i sineirge le hathchóirithe arna gcur chun cinn leis an gConradh um Chomhphobal Iompair. Le hidirghabhálacha i réimse an fhuinnimh, díreofar ar éifeachtúlacht agus táirgeacht inbhuanaithe fuinnimh a mhéadú, chomh maith le tíortha is soláthróirí agus na bealaí soláthair a éagsúlú.

(o)

Timpeallacht na hearnála príobháidí agus ar iomaíochas fiontar a fheabhsú, go háirithe iomaíocha FBManna, lena n-áirítear speisialtóireacht chliste, mar phríomhspreagthaí don fhás, do phoist a chruthú agus don chomhtháthú. Tabharfar tosaíocht do thionscadail inbhuanaithe lena bhfeabhsaítear timpeallacht an ghnó.

(p)

Rochtain ar theicneolaíochtaí agus ar sheirbhísí digiteacha a fheabhsú agus an taighde, an fhorbairt theicneolaíoch agus an nuálaíocht a neartú trí infheistiú i nascacht dhigiteach, i muinín a chur i gcúrsaí digiteacha agus an tslándáil dhigiteach, i scileanna digiteacha agus fiontraíocht, i bhfothú acmhainneachta i gcórais taighde agus nuálaíochta, sa tsoghluaisteacht, i mbonneagar taighde agus i dtimpeallacht chumasúcháin trí líonrú agus obair i gcomhar le chéile a chur chun cinn.

(q)

Rannchuidiú le slándáil agus sábháilteacht sholáthar an bhia agus an uisce agus córais éagsúlaithe agus inmharthana fheirmeoireachta a choimeád ar bun i bpobail bheoga tuaithe agus faoin tuath.

(r)

An comhshaol a chosaint agus cáilíocht an chomhshaoil a fheabhsú, aghaidh a thabhairt ar dhíghrádú comhshaoil agus stop a chur le cailliúint bithéagsúlachta, caomhnú agus bainistíocht inbhuanaithe éiceachórais talún agus muirí agus acmhainní nádúrtha inathnuaite a chur chun cinn, infheistiú i gcáilíocht an aeir, i mbainistiú uisce agus dramhaíola agus i mbainistiú inbhuanaithe ceimiceán, tíosacht acmhainní, tomhaltas agus táirgeacht inbhuanaithe a chur chun cinn, agus tacú leis an aistriú chuig geilleagair ghlasa agus chiorclacha, cabhrú le hastaíochtaí gás ceapa teasa a laghdú, an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a mhéadú agus rialachas a chur chun cinn ar mhaithe le gníomhaíocht ar son na haeráide, chomh maith le héifeachtúlacht faisnéise agus fuinnimh. Cuirfidh IPA III beartais chun cinn chun tacú leis an aistriú i dtreo geilleagar a bheidh tíosach ar acmhainní, slán, inbhuanaithe agus ísealcharbóin, agus an athléimneacht ó thubaistí a neartú, chomh maith le cumas coiscthe, ullmhachta agus freagartha i ndáil le tubaistí.

(s)

Comhar a dhéanamh leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I maidir le húsáid shíochánta fuinnimh núicléach i réimsí na sláinte, na talmhaíochta agus na sábháilteachta bia, agus comhlíonadh iomlán na gcaighdeán idirnáisiúnta is airde á áirithiú ag an am céanna, mar aon le tacú leis na gníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar iarmhairtí aon timpiste raideolaíoch ar an bpobal áitiúil agus lena ndírítear ar na dálaí maireachtála atá acu a fheabhsú, agus bainistiú eolais, oiliúint agus oideachas i réimsí núicléacha a chur chun cinn. I gcás inarb infheidhme, beidh na gníomhaíochtaí sin comhleanúnach le gníomhaíochtaí na hIonstraime Eorpaí um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Núicléach agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/947.

(t)

An cumas atá ag an earnáil agraibhia agus an earnáil iascaigh a mhéadú chun déileáil le brú iomaíoch agus le fórsaí an mhargaidh agus chun ailíniú de réir a chéile le rialacha agus caighdeáin an Aontais, agus spriocanna eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil á saothrú ag an am céanna maidir le forbairt chothrom chríochach i gceantair thuaithe agus i gceantair cois cósta.


IARSCRÍBHINN III

TOSAÍOCHTAÍ TÉAMACHA I dTACA LE CÚNAMH DON CHOMHAR TRASTEORANN IDIR NA TAIRBHITHE A LIOSTAÍTEAR IN IARSCRÍBHINN I

D’fhonn dea-chaidreamh comharsanachta a chur chun cinn, lánpháirtíocht an Aontais a chothú agus forbairt shocheacnamaíoch a chur chun cinn, leis an gcúnamh le haghaidh comhar trasteorann féadfar aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí téamacha seo a leanas, de réir mar is iomchuí:

(a)

an fhostaíocht a chur chun cinn mar aon le soghluaisteacht saothair agus cuimsiú sóisialta agus cultúrtha thar theorainneacha tríd an méid seo, inter alia: margaí trasteorann saothair a chomhtháthú, lena n-áirítear soghluaisteacht trasteorann; comhthionscnaimh áitiúla don fhostaíocht; seirbhísí faisnéise agus comhairliúcháin agus comhoiliúint; an comhionannas inscne; comhionannas deiseanna; pobail na n-imirceach agus grúpaí leochaileacha a lánpháirtiú; infheistíocht i seirbhísí poiblí fostaíochta; agus tacú le hinfheistíocht i seirbhísí poiblí sláinte agus sóisialta;

(b)

an comhshaol a chosaint agus oiriúnú don athrú aeráide, maolú an athraithe aeráide, agus cosc riosca agus bainistíocht riosca a chur chun cinn trí, inter alia: gníomhaíochtaí comhpháirteacha chun an comhshaol a chosaint; úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha, an phleanáil chomhordaithe spásúil mhuirí, éifeachtúlacht acmhainní agus an geilleagar ciorclach, foinsí fuinnimh inathnuaite agus an ghluaiseacht chun geilleagar inbhuanaithe ísealcharbóin slán agus glas a chur chun cinn; feabhas a chur ar cháilíocht an aeir agus an uisce, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar ailíniú le caighdeáin chomhshaoil Eorpacha, agus bainistiú dramhaíola agus uisce; infheistíochtaí a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sonracha; athléimneacht ó thubaistí agus cosc tubaistí, ullmhacht agus freagairt a áirithiú; agus comhordú idirnáisiúnta na n-aibhneacha trasteorann a chur chun cinn agus a fheabhsú;

(c)

iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus bonneagair phoiblí a fheabhsú trí, inter alia, imeallú a laghdú trí rochtain níos fearr ar líonraí agus ar sheirbhísí iompair, líonraí agus seirbhísí digiteacha agus infheistiú i gcórais agus i saoráidí trasteorann maidir le huisce, dramhaíl, agus fuinneamh;

(d)

an geilleagar digiteach agus an tsochaí dhigiteach a chur chun cinn trí, inter alia, nascacht dhigiteach a chur in úsáid agus seirbhísí r-Rialtas, muinín i gcúrsaí digiteacha agus sa tslándáil dhigiteach chomh maith le scileanna digiteacha agus fiontraíocht a fhorbairt;

(e)

an turasóireacht, go háirithe an turasóireacht inbhuanaithe, a spreagadh, agus an oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha a chaomhnú agus a chur chun cinn;

(f)

infheistiú san aos óg, sa spórt, san oideachas agus i scileanna, inter alia, trí chomhoideachas a fhorbairt agus a chur chun feidhme, mar aon le gairmoiliúint, scéimeanna oiliúna agus bonneagar lena dtacófar le gníomhaíochtaí don aos óg;

(g)

rialachas áitiúil agus réigiúnach a chur chun cinn agus pleanáil agus acmhainneacht riaracháin na n-údarás áitiúil agus na n-údarás réigiúnach a fheabhsú;

(h)

tionscnaimh trasteorann a chur chun cinn chun an t-athmhuintearas agus an ceartas idirthréimhseach (amhail RECOM) a chothú;

(i)

an t-iomaíochas, timpeallacht an ghnó agus forbairt FBManna, an trádáil agus an infheistíocht a fheabhsú, inter alia, trí fhiontraíocht a chur chun cinn agus tacú léi, go háirithe i ndáil le FBManna, agus margaí áitiúla trasteorann a fhorbairt agus idirnáisiúnú, lena gcuirtear leis an gCómhargadh Réigiúnach freisin;

(j)

an taighde a neartú, mar aon le forbairt theicneolaíoch, nuálaíocht agus teicneolaíochtaí digiteacha, inter alia, trí shoghluaisteacht agus trí chomhroinnt na n-acmhainní daonna agus na saoráidí don taighde agus don fhorbairt teicneolaíochta a chur chun cinn.


IARSCRÍBHINN IV

LIOSTA PRÍOMHTHÁSCAIRÍ FEIDHMÍOCHTA

Úsáidfear an liosta seo de phríomhtháscairí feidhmíochta a leanas le gur féidir an dul chun cinn agus, i gcás inarb iomchuí, ullmhacht na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus rannchuidiú an Aontais a thomhas le cuspóirí sonracha IPA III a ghnóthú:

1.

Táscaire ilchodach (1) maidir le critéir pholaitiúla (foinse: An Coimisiún Eorpach).

2.

Dearcadh i leith an Aontais: An céatadán den daonra ag a bhfuil dearcadh ginearálta dearfach i leith an Aontais (foinse: Toscaireachtaí an Choimisiúin Eorpaigh/an Aontais).

3.

Táscaire ilchodach maidir le hailíniú acquis an Aontais (foinse: An Coimisiún Eorpach).

4.

Táscaire ilchodach maidir le critéir eacnamaíocha (foinse: An Coimisiún Eorpach).

5.

Caiteachas ar chosaint shóisialta mar % de OTI (foinse: Eurostat) agus Ráta Fostaíochta daoine idir 20 agus 64 bliana d’aois agus athruithe ar chomhéifeacht Gini tairbhí thar thréimhse ama (foinse: Eurostat).

6.

Scileanna digiteacha (foinse: Eurostat).

7.

“Ease of doing business” [A éasca atá sé gnó a dhéanamh] (foinse: An Banc Domhanda).

8.

Déine fuinnimh á tomhas i dtéarmaí fuinnimh phríomhúil agus OTI (foinse: Eurostat). Sciar an fhuinnimh in-athnuaite mar % olltomhaltais deiridh fuinnimh (foinse: Eurostat).

9.

Astaíochtaí gás ceaptha teasa arna seachaint (tona CO2-eq) le tacaíocht ó IPA III (foinse: an Coimisiún Eorpach). Tiúchain PM 10 i gcomparáid le luach teorann laethúil an Aontais (50 μg/m3); (Foinse: An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil).

10.

Limistéir éiceachóras muirí, talún agus fionnuisce atá a) faoi chosaint, b) á mbainistiú ar bhonn inbhuanaithe a bhuí le tacaíocht ó IPA III.

11.

Dea-chaidreamh comharsanachta, amhail líon na gcomhpháirtíochtaí trasteorann arna mbunú, arna gcur ar bhonn foirmiúil agus arna gcur chun feidhme, céatadán na trádála inréigiúin de réir OTI (Foinse sonraí: Staidreamh náisiúnta, an Chomhairle um Chomhar Réigiúnach), líon na ndaoine a thrasnaíonn an teorainn in aghaidh an lae, agus líon na bhfeithiclí lena n-iompraítear earraí a thrasnaíonn an teorainn gach lá (2) (Foinse: An Fhaireachlann Iompair).

I gcás inarb ábhartha agus inar féidir, agus i gcás ina mbeidh sonraí ar fáil, déanfar táscairí a imdhealú de réir inscne agus aoise.


(1)  Áirítear cúig eilimint leis an táscaire:

Feidhmiú na mbreithiúna

An comhrac in aghaidh an éillithe

An comhrac in aghaidh na coireachta eagraithe

An tsaoirse chun tuairimí a nochtadh (ar gné de chearta bunúsacha í)

Athchóiriú ar an riarachán poiblí.

(2)  Ní bheidh na sonraí maidir leis na nithe sin ar fáil ach ó 2023 ar aghaidh.


Top