EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1483

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1483 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2021/6655

OJ L 327, 16.9.2021, p. 1–40 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1483/oj

16.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 327/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1483 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Meán Fómhair 2021

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad, (1) agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/477 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le bearta a fhéadfaidh an tAontas a dhéanamh i ndáil le héifeacht chomhcheangailte beart frithdhumpála nó frith-fhóirdheontais agus beart cosanta (2), agus go háirithe Airteagal 1 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   An t-imscrúdú roimhe seo agus na bearta atá i bhfeidhm

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1429 ón gCoimisiún an 26 Lúnasa 2015 (3), d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine (“na bearta bunaidh”).

(2)

An 11 Lúnasa 2016, d’fhógair an Coimisiún go n-athosclófaí an t-imscrúdú frithdhumpála maidir leis an Téaváin (4), de bhun Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2016/1036 (“an bun-Rialachán”). An t-imscrúdú ionsúcháin a bhí gceist, rinneadh é a fhoirceannadh an 11 Aibreán 2017 gan leasú a dhéanamh ar na bearta a bhí i bhfeidhm (5).

(3)

Na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, is ag ráta 24,4 % atá siad i gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte agus is ag ráta 24,6 % atá siad i gcás na gcuideachtaí comhoibríocha neamhshampláilte, agus is é 25,3 % an ráta dleachta i gcás gach cuideachta eile.

(4)

Na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair ar allmhairí de thionscnamh na Téaváine, is ag ráta 6,8 % atá siad. Na bearta atá i bhfeidhm, is bearta iad a bhfuil feidhm acu maidir leis na hallmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta uile de thionscnamh na Téaváine, cé is moite de na táirgí a tháirgeann Taiwan Chia Far Industrial Factory Co., Ltd. Rinneadh ráta dleachta nialasach a chinneadh le haghaidh na cuideachta sin ar dtús, toisc nár aimsíodh aon dumpáil ina leith.

1.2.   Iarraidh ar athbhreithniú éaga

(5)

Tar éis d’fhógra a bheith foilsithe maidir le dul in éag a bheith ag teacht (6), fuair an Coimisiún iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán.

(6)

Chuir Comhlachas Eorpach na Cruach (“Eurofer” nó “an t-iarratasóir”) an iarraidh ar athbhreithniú isteach an 27 Bealtaine 2020, ar comhlachas é atá freagrach as breis agus 25 % de tháirgeacht iomlán táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta san Aontas. Bunaíodh an iarraidh ar athbhreithniú ar an bhforas gur dócha go leanfar den dumpáil agus den díobháil do thionscal an Aontais nó go dtarlóidh siad arís de thoradh dhul in éag na mbeart.

1.3.   Athbhreithniú éaga a thionscnamh

(7)

Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, gur leor an fhianaise a bhí ann chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain an Coimisiún athbhreithniú éaga an 25 Lúnasa 2020 maidir le hallmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine (“na tíortha lena mbaineann”) ar bhonn Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (7) (“an Fógra Tionscnaimh”).

1.4.   Imscrúdú frithdhumpála comhthreomhar maidir leis an India agus leis an Indinéis.

(8)

An 30 Meán Fómhair 2020, thionscain an Coimisiún imeachtaí frithdhumpála maidir le hallmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise de bhun Airteagal 5 den bhun-Rialachán (8). Tá an t-imscrúdú sin fós ar siúl.

1.5.   Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú

(9)

An t-imscrúdú ar an dóchúlacht go leanfar den dumpáil nó go dtarlóidh sí arís, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020 (“tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin”). An t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go leanfar den díobháil nó go dtarlóidh sí arís, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí deireadh thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin (“an tréimhse faoi bhreathnú”).

1.6.   Páirtithe leasmhara

(10)

San Fhógra Tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún in iúl go sonrach don iarratasóir, do tháirgeoirí aitheanta eile de chuid an Aontais, do tháirgeoirí aitheanta i nDaon-Phoblacht na Síne agus sa Téaváin, d’údaráis na dtíortha sin, d’allmhaireoirí aitheanta, d’úsáideoirí, do thrádálaithe agus do chomhlachais arb eol iad a bheith bainteach, gur tionscnaíodh an t-athbhreithniú éaga agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach.

(11)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt maidir le tionscnamh an athbhreithnithe éaga agus éisteacht os comhair an Choimisiúin agus/nó os comhair an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh.

1.7.   Sampláil

(12)

San Fhógra Tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún go bhféadfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

1.7.1.   Sampláil na dtáirgeoirí de chuid an Aontais

(13)

San Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí de chuid an Aontais roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn méideanna táirgeachta agus díolachán an táirge faoi athbhreithniú, agus raon maith geografach á chur san áireamh chomh maith. Trí tháirgeoir de chuid an Aontais a bhí sa sampla. Bhí na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais freagrach as breis agus 60 % de mhéid iomlán táirgeachta measta an Aontais agus thart ar 70 % de mhéid iomlán díolachán measta an Aontais i ndáil leis an táirge faoi athbhreithniú.

(14)

I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt maidir leis an sampla sealadach. Níor cuireadh aon bharúil maidir leis an sampla faoi bhráid an Choimisiúin. Is sampla ionadaíoch do thionscal an Aontais é.

1.7.2.   Sampláil na n-allmhaireoirí

(15)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhghaolmhara an fhaisnéis a sonraíodh san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar.

(16)

Chuir trí tháirgeoir neamhghaolmhara iad féin in aithne mar pháirtithe leasmhara agus chuir siad an fhaisnéis a iarradh ar fáil. I bhfianaise a laghad freagraí a fuarthas, ní raibh gá le sampláil. Níor tugadh aon bharúil maidir leis an gcinneadh sin. Iarradh ar na hallmhaireoirí sin ceistneoir a líonadh isteach.

1.7.3.   Sampláil na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sna tíortha lena mbaineann

(17)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta i nDaon-Phoblacht na Síne an fhaisnéis a sonraíodh san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. Sa bhreis air sin, d’iarr sé ar Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas Eorpach agus ar Oifig Ionadaíoch Taipei san Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh, ar táirgeoirí iad a bhféadfadh suim a bheith acu a bheith rannpháirteach san imscrúdú.

(18)

Tháinig táirgeoir onnmhairiúcháin amháin ón Téaváin chun tosaigh, agus léirigh sé go raibh sé toilteanach a bheith rannpháirteach san imscrúdú. I bhfianaise a laghad táirgeoirí a tháinig chun tosaigh, mheas an Coimisiún nár ghá sampláil a dhéanamh. Dá bhrí sin, iarradh ar an táirgeoir onnmhairiúcháin an ceistneoir a bhí beartaithe le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin a líonadh isteach.

(19)

Níor sholáthair aon táirgeoir ó Dhaon-Phoblacht na Síne an fhaisnéis a iarradh agus níor thoiligh aon táirgeoir a bheith san áireamh sa sampla. Thug an Coimisiún fógra do Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne go raibh sé beartaithe aige, i ngeall ar an easpa comhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne, Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm agus, dá bhrí sin, a chuid torthaí maidir le leanúint den dumpáil agus den díobháil nó a n-atarlú, a mhéid a bhain leis an tSín, a bhunú ar na fíorais a bhí ar fáil. Ní bhfuarthas aon bharúil mar fhreagra ar an bhfógra sin. Dá bhrí sin, níorbh ann d’aon chomhoibriú ó tháirgeoirí na Síne agus is ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil a fhaightear na torthaí maidir le hallmhairí ón tSín, de bhun Airteagal 18 den bhun-Rialachán.

1.8.   Freagraí ar an gceistneoir

(20)

Na ceistneoirí le haghaidh na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais, na n-allmhaireoirí neamhghaolmhara agus na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, chuir an Coimisiún ar fáil iad ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireachta na Trádála tráth a tionscnaíodh an cás. Cuireadh ceistneoir breise chuig an iarratasóir.

(21)

Chuir an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne (“Rialtas na Síne”) freisin maidir le saobhadh suntasach a bheith ann sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán.

(22)

Fuarthas freagraí ar an gceistneoir ó na trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais agus ó Eurofer.

(23)

Níor thug aon cheann de na hallmhaireoirí neamhghaolmhara freagra ar an gceistneoir.

(24)

Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ón táirgeoir onnmhairiúcháin sa Téaváin a tháinig chun tosaigh agus a bhí sásta comhoibriú ar dtús. Chuir an Coimisiún in iúl don chuideachta lena mbaineann gurbh amhlaidh nár mheas sé gur chuideachta chomhoibríoch í a thuilleadh dá bhrí sin agus go gcuirfeadh sé Airteagal 18 den bhun-Rialachán i bhfeidhm ina leith. Cuireadh an méid sin in iúl d’Oifig Ionadaíoch Taipei san Aontas Eorpach freisin. Níor thug an chuideachta lena mbaineann ná Oifig Ionadaíoch Taipei san Aontas Eorpach freagra ar na litreacha sin. Dá bhrí sin, níorbh ann d’aon chomhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Téaváine, agus de réir mar a bhí i gcás na Síne (féach aithris (19) thuas), is ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil a fhaightear na torthaí maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil agus den díobháil nó go dtarlóidh siad arís, a mhéid a bhaineann leis an Téaváin, de bhun Airteagal 18 den bhun-Rialachán.

1.9.   Fíorú ar an láthair agus cros-seiceáil chianda

(25)

Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a mheas sé a bheith riachtanach chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil agus den díobháil nó go dtarlóidh siad arís, agus maidir le leas an Aontais. I bhfianaise ráig COVID-19 agus na mbeart gaibhniúcháin arna gcur i bhfeidhm ag Ballstáit éagsúla mar aon le tríú tíortha éagsúla, níor fhéad an Coimisiún cuairteanna fíorúcháin a dhéanamh de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán. Ina ionad sin, rinne an Coimisiún cros-seiceáil go cianda ar an bhfaisnéis ar fad a measadh a bheith riachtanach dá chinntí, i gcomhréir lena Fhógra maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais (9).

(26)

Rinne an Coimisiún cros-seiceálacha cianda ar na cuideachtaí/páirtithe seo a leanas:

 

Táirgeoirí de chuid an Aontais agus a gcomhlachas:

Acciai Speciali Terni S.p.A., Terni, an Iodáil (“AST”)

Aperam Stainless Europe, ina bhfuil Aperam France, La Plaine Saint-Denis Cedex, an Fhrainc agus Aperam Belgium, Châtelet agus Genk, an Bheilg (“Aperam”)

Outokumpu Stainless Oy, Tornio, an Fhionlainn (“OTK”)

Eurofer, an Bhruiséil, an Bheilg.

1.10.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(27)

An 2 Iúil 2021, nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe riachtanacha ar ar a mbonn sin a bhfuil sé beartaithe aige na dleachtanna frithdhumpála a choinneáil ar bun maidir le hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann. Tugadh tréimhse do na páirtithe uile ina bhféadfaidís barúlacha a dhéanamh maidir leis an nochtadh.

(28)

Na barúlacha a thug cuibhreannas allmhaireoirí agus dáileoirí (“Euranimi” (10)), agus dhá allmhaireoir neamhghaolmhara (“LSI” (11) agus “MFT” (12)), mheas an Coimisiún iad agus chuir sé san áireamh iad, de réir mar b’iomchuí. Na páirtithe uile a bhí i gceist, d’iarr siad éisteacht freisin, rud a ceadaíodh dóibh.

2.   AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   An táirge faoi athbhreithniú

(29)

Is ionann an táirge faoi athbhreithniú agus an táirge a rinneadh an t-imscrúdú bunaidh air, eadhon táirgí cruach dosmálta cothromrollta, nach ndearnadh oibriú breise orthu seachas fuar-rolladh (fuarlaghdú), atá faoi láthair faoi chóid AC 7219 31 00, 7219 32 10, 7219 32 90, 7219 33 10, 7219 33 90, 7219 34 10, 7219 34 90, 7219 35 10, 7219 35 90, 7219 90 20, 7219 90 80, 7220 20 21, 7220 20 29, 7220 20 41, 7220 20 49, 7220 20 81, 7220 20 89, 7220 90 20 agus 7220 90 80 (“an táirge faoi athbhreithniú” nó “SSCR”).

(30)

San Aontas, is iad táirgeoirí comhtháite is mó a dhéanann SSCR trí dhramhchruach dhosmálta agus eilimintí cóimhiotalaithe a thiontú ina SSCR tar éis iad a leá, a theorolláil agus a fhuar-rolláil. Sa tSín, agus, de réir a chéile sa Téaváin freisin, is cosúil go mbraitheann táirgeoirí SSCR ar úsáid ógh-amhábhar go príomha, ar ógh-amhábhair iad a thiontaítear ina muciarann nicile sula ndéantar iad a leá, a theorolláil agus a fhuar-rolláil.

(31)

An táirge faoi athbhreithniú, is táirge é a úsáidtear i réimse leathan tionscal iartheachtach, cuir i gcás trealamh tógála agus fuinnimh, bonneagar, earraí tomhaltais, agus feithiclí.

2.2.   An táirge comhchosúil

(32)

Faoi mar a suíodh san imscrúdú bunaidh, is amhlaidh a dheimhnigh an t-athbhreithniú éaga seo go bhfuil na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna, mar aon leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag na táirgí seo a leanas:

an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Téaváine;

an táirge a tháirgtear agus a dhíoltar ar mhargadh intíre na dtíortha lena mbaineann;

an táirge a dhéanann tionscal an Aontais a tháirgeadh agus a dhíol san Aontas.

(33)

Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

2.3.   Maímh maidir leis an raon táirge

(34)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Euranimi agus an dá allmhaireoir gur leathanaigh an Coimisiún an raon táirge trí chóid AC áirithe a chur leis an sainmhíniú ar an táirge faoi athbhreithniú, ar cóid iad nár cumhdaíodh leis na bearta bunaidh. De réir na bpáirtithe, is sárú ar Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán é más amhlaidh a leathnaítear an raon táirge ar an gcaoi sin.

(35)

Sna bearta bunaidh, is mar a leanas a sainmhíníodh an táirge lena mbaineann:

“Is iad na táirgí lena mbaineann táirgí cruach dosmálta cothromrollta, nach ndearnadh oibriú breise orthu seachas fuar-rolladh (fuarlaghdú), atá faoi láthair faoi chóid AC 7219 31 00, 7219 32 10, 7219 32 90, 7219 33 10, 7219 33 90, 7219 34 10, 7219 34 90, 7219 35 10, 7219 35 90, 7220 20 21, 7220 20 29, 7220 20 41, 7220 20 49, 7220 20 81 agus 7220 20 89.”

(36)

Sa nóta a cuireadh leis an gcomhad lá an tionscnaimh (13), mhínigh an Coimisiún go gcuimsítear cineálacha áirithe táirgí sa sainmhíniú táirge, ar táirgí iad a ndearnadh oibríochtaí bailchríche sonracha áirithe orthu tar éis na fuar-rollála, ar cóireáil dromchla í go bunúsach, ach gurbh amhlaidh nár luadh go hearráideach na cóid AC comhfhreagracha a ghabhann leo (7219 90 20, 7219 90 80, 7220 90 20 agus 7220 90 80), cé go raibh na cineálacha táirgí a chumhdaítear leis na cóid AC sin mar chuid den imscrúdú bunaidh ar forchuireadh na bearta mar thoradh air.

(37)

Cé nach dtagann an chuid is mó de na cineálacha táirgí a ndearnadh oibríochtaí bailchríche orthu faoin sainmhíniú táirge (toisc nach féidir iad a aicmiú mar tháirgí “nach ndearnadh oibriú breise orthu seachas fuar-rolladh (fuarlaghdú)”), agus nach dtagann siad faoi raon feidhme na mbeart dá bhrí sin, i gcás na gcineálacha táirgí a ndearnadh na hoibríochtaí bailchríche orthu a fhágann go bhfuil siad “snasta”, “scuabtha” agus “pollta”, is táirgí iad a thagann faoi chóid AC 7219 90 20, 7220 90 20, 7219 90 80, agus 7220 90 80, fochatagóir “eile”, agus is cuid den raon táirge iad. Tagann na cineálacha táirgí sin faoin bhfochatagóir AC “eile” agus bhí siad mar chuid den imscrúdú bunaidh ar forchuireadh na bearta mar thoradh air. Na bun-saintréithe fisiceacha, teicniúla agus ceimiceacha, na próisis táirgthe seachas oibríochtaí bailchríche áirithe agus úsáidí deiridh na gcineálacha táirgí sin, is ionann iad agus na cinn a thagann faoin bhfochatagóir AC “nach ndearnadh oibriú breise orthu seachas fuar-rolladh”.

(38)

Dá bhrí sin, ó tharla go raibh na cóid AC bhreise sin ag baint leis an táirge lena mbaineann san imscrúdú bunaidh agus san imscrúdú athbhreithniúcháin reatha, rinne an Coimisiún sainmhíniú an táirge a shoiléiriú dá réir sin sa Nóta a luaitear in aithris (36) thuas.

(39)

Níor leathnaíodh raon táirge an imscrúdaithe bunaidh agus níor athraíodh a shainmhíniú, níl ann ach gur soiléiríodh é. Meabhraítear gur ar mhaithe le faisnéis amháin a luaitear cóid AC agus níl éifeacht cheangailteach acu ar aicmiú taraife an táirge faoi athbhreithniú. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaímh na bpáirtithe.

3.   AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN DUMPÁIL NÓ GO dTARLÓIDH SÍ ARÍS

(40)

I gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún scrúdú chun a fháil amach an leanfadh Daon-Phoblacht na Sine nó an Téaváin de bheith i mbun dumpála nó an rachaidís i mbun dumpála arís de thoradh dhul in éag na mbeart atá i bhfeidhm.

3.1.   Daon-Phoblacht na Síne

3.1.1.   Réamhbharúlacha

(41)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, leanadh den táirge faoi athbhreithniú a allmhairiú ón tSín, cé go raibh na hallmhairí ar leibhéal i bhfad ní b’ísle ná mar a bhí siad le linn thréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh (i.e. ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2013). De réir staitisticí Comext (Eurostat), bhí thart ar 0,4 % de mhargadh an Aontais i gceist le hallmhairí SSCR ó Dhaon-Phoblacht na Síne le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. I ndearbhthéarmaí, 14 111 thona a bhí in allmhairí SSCR ón tSín le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, le hais breis agus 143 420 tona san imscrúdú bunaidh.

(42)

Mar a luadh in aithris (19), níor chomhoibrigh aon cheann de na honnmhaireoirí ná na táirgeoirí ó Dhaon-Phoblacht na Síne san imscrúdú. Ar an gcaoi sin, níor thug na táirgeoirí onnmhairiúcháin freagraí ar an gceistneoir, lena n-áirítear aon sonraí ar phraghsanna agus costais onnmhairí, praghsanna agus costais intíre, ídiú ionchur sa phróiseas táirgthe, forchostais mhonaraíochta, acmhainneacht, táirgeacht, infheistíochtaí, etc. Mar an gcéanna, níor thug Rialtas na Síne ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin aghaidh ar an bhfianaise a bhí sa cháschomhad, lena n-áirítear an Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críocha Imscrúduithe Cosanta Trádála (14) (“an Tuarascáil”).

(43)

Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl d’údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne go bhféadfadh an Coimisiún, in éagmais comhoibriú, Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm maidir leis na torthaí a bhaineann le Daon-Phoblacht na Síne. Níor cuireadh aon bharúil faoi bhráid an Choimisiúin ina leith sin.

(44)

Dá bharr sin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) den bhun-Rialachán, na torthaí i ndáil leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil nó go dtarlóidh sí arís, a mhéid a bhain le Daon-Phoblacht na Síne, is ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil a bunaíodh iad, go háirithe an fhaisnéis san iarraidh ar an athbhreithniú éaga agus sna haighneachtaí ó na páirtithe leasmhara, i gcomhar le foinsí eile faisnéise, amhail staitisticí trádála maidir le hallmhairí agus onnmhairí (Eurostat agus GTA), sonraí staidrimh ó shuíomhanna gréasáin de chuid údaráis riaracháin cánach agus custaim na Síne (15), tuarascálacha ón mBanc Domhanda agus ó ECFE, agus soláthraithe neamhspleácha a sholáthraíonn faisnéis phraghsála, nuacht, sonraí, anailís agus comhdhálacha don tionscal iarainn agus cruach.

3.1.2.   Leanúint den dumpáil le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin

3.1.2.1.   Nós imeachta um an ngnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán

(45)

Ós rud é gur leor an fhianaise a bhí ann tráth a tionscnaíodh an t-imscrúdú lena thaispeáint, a mhéid a bhain le Daon-Phoblacht na Síne, gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b), den bhun-Rialachán, thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú maidir leis an tír sin ar bhonn Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(46)

An fhaisnéis a mheas sé a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe maidir leis an saobhadh suntasach líomhnaithe, chun an fhaisnéis sin a fháil, chuir an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Sa bhreis air sin, i bpointe 5.3.2 den Fhógra Tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a sholáthar maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, agus an méid sin a dhéanamh laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ó Rialtas na Síne agus ní bhfuarthas aon aighneacht maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán roimh an sprioc-am.

(47)

I bpointe 5.3.2 den Fhógra Tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún freisin, mar gheall ar an bhfianaise a bhí ar fáil, go raibh an Bhrasaíl roghnaithe go sealadach aige mar thír ionadaíoch iomchuí de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán chun an gnáthluach a chinneadh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. Shonraigh an Coimisiún freisin go scrúdódh sé tíortha ionadaíocha eile a d’fhéadfadh a bheith iomchuí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán.

(48)

An 30 Meán Fómhair 2020, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas le nóta (“an Chéad Nóta”) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh. Sa nóta sin, chuir an Coimisiún liosta ar fáil de na tosca táirgeachta uile amhail amhábhair, saothar agus fuinneamh a d’fhéadfaí a úsáid chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh. Ina theannta sin, ar bhonn na gcritéar a threoraíonn rogha na bpraghsanna nó na dtagarmharcanna neamhshaofa, shainaithin an Coimisiún tíortha ionadaíocha féideartha (mar atá an Afraic Theas, an Airgintín, Meicsiceo, an Rúis agus an Tuirc). Fuair an Coimisiún barúlacha maidir leis an gCéad Nóta ón iarratasóir a bhí in amhras go raibh táirgeadh táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta ar siúl san Afraic Theas, san Airgintín, i Meicsiceo, sa Rúis agus sa Tuirc.

(49)

An 23 Nollaig 2020, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas leis an dara nóta (“an Dara Nóta”) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh, agus gurbh í an Bhrasaíl an tír ionadaíoch (16). Chuir sé in iúl do na páirtithe leasmhara freisin go suífeadh sé na costais díola, ghinearálta agus riaracháin (“costais SGA”) agus an brabús ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil ó tháirgeoir sa tír ionadaíoch Aperam Inox America do Sul S.A. Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis an Dara Nóta.

3.1.2.2.   Gnáthluach

(50)

In imscrúduithe a rinneadh le déanaí maidir leis an earnáil cruach i nDaon-Phoblacht na Síne (17), shuigh an Coimisiún gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurbh iomchuí, ar bhonn na fianaise ar bhí ar fáil, Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm san imscrúdú seo freisin.

(51)

Sna himscrúduithe sin, rinne an Coimisiún amach gurbh ann d’idirghabháil shuntasach ó Rialtas na Síne, rud a shaobhann leithdháileadh éifeachtach na n-acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh (18). Go háirithe, ba é conclúid an Choimisiúin maidir leis an earnáil cruach, arb í an príomh-amhábhar í chun an táirge faoi athbhreithniú a thairgeadh, go bhfuil cuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne uirthi de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán (19), agus ina theannta sin, go bhfuil Rialtas na Síne in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais mar gheall ar an Stát a bheith i láthair sa ghnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc, den bhun-Rialachán (20). Rinne an Coimisiún amach thairis sin go mbíonn éifeachtaí saofa breise ar an margadh ag láithreacht an Stáit agus ag idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais agus i soláthar amhábhar agus ionchur freisin. Ar an iomlán, de bharr an chórais pleanála atá ann sa tSín, bíonn acmhainní á ndíriú ag Rialtas na Síne ar earnálacha atá ainmnithe mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (21). Thairis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc, den bhun-Rialachán, rud a chruthaíonn saobhadh go háirithe nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád i mbun gnó agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh sa tSín (22). Ar an gcaoi chéanna, rinne an Coimisiún amach gurbh ann do shaobhadh maidir le costais phá san earnáil cruach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc, den bhun-Rialachán (23), mar aon le saobhadh sna margaí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, go háirithe maidir le gníomhaithe corparáideacha caipiteal a rochtain sa tSín (24).

(52)

Faoi mar a rinneadh in imscrúduithe roimhe seo maidir leis an earnáil cruach sa tSín, d’fhéach an Coimisiún san imscrúdú reatha lena fháil amach an iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid i nDaon-Phoblacht na Síne i bhfianaise saobhadh suntasach a bheith ann de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b), den bhun-Rialachán. Rinne an Coimisiún amhlaidh ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil sa chomhad, lena n-áirítear an fhianaise a bhí san iarraidh agus sa Tuarascáil ar rud í a bhraitheann ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí. Cumhdaíodh san anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha substaintiúla ón rialtas i ngeilleagar na Síne go ginearálta, ach cumhdaíodh freisin staid shonrach an mhargaidh san earnáil ábhartha lena n-áirítear earnáil an táirge faoi athbhreithniú. Rinne an Coimisiún na heilimintí fianaiseacha sin a fhorlíonadh tuilleadh lena thaighde féin ar na critéir éagsúla atá ábhartha chun a dheimhniú gurb ann do shaobhadh suntasach i nDaon-Phoblacht na Síne, rud a suíodh in imscrúduithe eile a rinne sé ina leith sin roimhe seo.

(53)

I dteannta na Tuarascála, luadh sa ghearán, a mhéid a bhaineann leis na torthaí a fuarthas le déanaí, ar torthaí iad a shonraítear sa Rialachán lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí leathán nó cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta (SSHR) ón tSín agus ó thíortha eile (25), go bhfuil feidhm iomlán ag na torthaí sin maidir le SSCR, toisc gur táirgí comhchosúla iad SSCR agus SSHR go bunúsach, ó tharla go bhfaightear SSHR ag céim níos luaithe de phróiseas táirgthe SSCR. Luadh sa ghearán freisin go bhfuil onnmhaireoirí SSCR de chuid na Síne ina dtáirgeoirí SSHR freisin (nuair atá siad comhtháite), sin nó go gceannaíonn siad SSHR go háitiúil (athrollóirí), agus ó tharla sin amhlaidh, na tosca go léir a mheasann an Coimisiún gur tosca iad a bhfuil tionchar acu ar tháirgeadh agus díol SSHR sa tSín, is tosca iad a bhfuil tionchar díreach acu ar tháirgeadh agus díol SSCR sa tír sin freisin. Sa chás seo, cuireadh faisnéis isteach leis an iarraidh maidir leis an tionchar saofa a imríonn an 13ú Plean Cúig Bliana maidir le Cruach ar an tionscal cruach, agus ar an bhforáil sa 13ú Plean Cúig Bliana maidir le hAcmhainní Mianracha mar aon leis an 13ú Plean Cúig Bliana maidir le Tionscal na Miotal Neamhfheiriúil. Cuirtear i dtábhacht sa ghearán gur tionscal faoi phribhléid é tionscal na cruach sa tSín agus is léir é sin ón gcaoi a bhfuil sé cuimsithe sa Chatalóg um Athstruchtúrú Tionscail, agus sna Tuairimí Treoracha maidir le Comhar a Chur Chun Cinn idir Acmhainneacht Idirnáisiúnta agus Monaraíocht Trealaimh. Thairis sin, luadh an Tuarascáil Aireachta ó Fhóram Domhanda G20 maidir le hAcmhainneacht Iomarcach Cruach (“GFSEC”), tuarascáil inar sainaithníodh na fóirdheontais earnáilsonracha seo a leanas atá i réim faoi stiúradh Rialtas na Síne: maoiniú fabhrach nach bhfuil i gcomhréir le dálaí margadhbhunaithe, instealltaí agus tiontaithe cothromais nach bhfuil i gcomhréir le dálaí margadhbhunaithe, deontais agus dámhachtainí, díolúintí cánach, lascainí agus aisíocaíochtaí, soláthar earraí agus seirbhísí, soláthar ionchur le haghaidh táirgí cruach dosmálta, ar ionchuir iad atá faoi bhun phraghas an mhargaidh lena n-áirítear dramh-mhiotal feiriúil, muciarann, gual cóic, nicil agus cróimiam, agus, ar deiridh, tacaíocht do chuideachtaí féimhithe (26).

(54)

Mar a tugadh le fios in aithris (42), níor chuir Rialtas na Síne barúlacha in iúl ná níor sholáthair sé fianaise lenar tacaíodh nó lenar bréagnaíodh an fhianaise atá sa cháschomhad, lena n-áirítear an Tuarascáil agus an fhianaise bhreise a sholáthair an gearánach maidir le saobhadh suntasach a bheith ann agus/nó maidir lena iomchuí atá cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán sa chás faoi chaibidil.

(55)

Faoi mar a rinneadh in imscrúduithe roimhe seo maidir leis an earnáil cruach sa tSín, d’fhéach an Coimisiún lena fháil amach cé acu arbh iomchuí nó nárbh ea praghsanna agus costais intíre a úsáid i nDaon-Phoblacht na Síne i bhfianaise saobhadh suntasach a bheith ann de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b), den bhun-Rialachán. Rinne an Coimisiún amhlaidh ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil sa chomhad, lena n-áirítear an fhianaise a bhí sa Tuarascáil, rud a bhraitheann ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí. Cumhdaíodh san anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha substaintiúla ón rialtas i ngeilleagar na Síne go ginearálta, ach cumhdaíodh freisin staid shonrach an mhargaidh san earnáil ábhartha lena n-áirítear earnáil an táirge faoi athbhreithniú. Rinne an Coimisiún na heilimintí fianaiseacha sin a fhorlíonadh tuilleadh lena thaighde féin ar na critéir éagsúla atá ábhartha chun a dheimhniú gurb ann do shaobhadh suntasach i nDaon-Phoblacht na Síne, rud a suíodh in imscrúduithe eile a rinne sé ina leith sin roimhe seo.

(56)

Go sonrach, is ann do chuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne san earnáil cruach, arb í an príomh-amhábhar í chun SSCR a tháirgeadh. Roinnt de na táirgeoirí is mó, is táirgeoirí faoi úinéireacht an Stáit iad. Tagraítear go sonrach do chuid acu in an Plean maidir le hOiriúnú agus Uasghrádú an Tionscail Cruach, 2016-2020. Mar shampla, ar a shuíomh gréasáin, luann Shanxi Taiyuan Iron & Steel Co. Ltd. (“TISCO”), cuideachta Shíneach atá faoi úinéireacht stáit, gur “mórchuideachta iarainn agus cruach” atá ann “a d’fhorbair ina chóras ollmhór iarainn agus cruach ar mhórscála, atá comhtháite le gnó na mianadóireachta iarainn, agus le táirgeadh, próiseáil, seachadadh agus trádáil iarainn agus cruach (27)”. Mórchuideachta Shíneach eile atá faoi úinéireacht stáit is ea Baosteel atá i mbun monarú cruach agus atá ina chuid de China Baowu Steel Group Co. Ltd., cuideachta a comhdhlúthaíodh le déanaí (ar a dtugtaí Baosteel Group agus Wuhan Iron & Steel roimhe seo) (28) .. Cé go meastar go bhfuil an deighilt ainmniúil beagnach cothrom idir an líon cuideachtaí faoi úinéireacht stáit agus an líon cuideachtaí faoi úinéireacht phríobháideach, as na cúig tháirgeoir cruach ón tSín a aicmítear sna 10 dtáirgeoir cruach is mó ar domhan, is cuideachtaí faoi úinéireacht stáit iad ceithre cinn díobh (29). Mar sin féin, cé nár bhain ach thart ar 36 % de tháirgeacht iomlán an tionscail in 2016 leis na 10 dtáirgeoir is mó, leag Rialtas na Síne sprioc amach sa bhliain chéanna chun idir 60 % agus 70 % den táirgeadh cruach a chomhdhlúthú thart ar 10 mórfhiontar nó mar sin faoi 2025 (30). Chuir Rialtas na Síne an rún sin in iúl arís i mí Aibreáin 2019 agus é ag fógairt gur eisíodh treoirlínte maidir le comhdhlúthú an tionscail cruach (31). D’fhéadfadh sé gurb é atá i gceist leis an gcomhtháthú sin cumaisc éigeantacha na gcuideachtaí príobháideacha brabúsacha leis na cuideachtaí faoi úinéireacht stáit atá ag tearcfheidhmiú (32). Ó tharla nárbh ann d’aon chomhoibriú ó onnmhaireoirí SSCR sa tSín, níorbh fhéidir cóimheas cruinn tháirgeoirí SSCR príobháideacha le táirgeoirí SSCR faoi úinéireacht stáit a dhearbhú. Mar sin féin, as an liosta de tháirgeoirí SSCR de chuid na Síne a chuir an gearánach ar fáil, is cuideachtaí faoi úinéireacht stáit iad cuid mhór díobh, lena n-áirítear Shanxi Taigang Stainless Steel Co. Ltd, Baosteel Baoshan Iron and Steel Co. Ltd, Lisco Lianzhong Stainless Steel Corporation, Beihai Chengde Stainless Steel Co. Ltd, Jisco Jiuquan Iron and Steel Group Co. Ltd, Shougang Kaixi Stainless Steel, Baosteel Desheng Stainless Steel agus Tangshan Stainless Steel Co. Ltd.

(57)

Maidir le Rialtas na Síne a bheith in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an Stát a bheith i láthair i bhfiontair de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc, den bhun-Rialachán, rinneadh amach san imscrúdú gurbh ann do naisc phearsanta idir táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú agus Páirtí Cumannacha na Síne, amhail comhaltaí an Pháirtí a bheith i measc na bainistíochta sinsearaí nó i measc chomhaltaí an bhoird stiúrthóirí i roinnt de na cuideachtaí a mhonaraíonn SSCR. In earnáil SSCR, is minic gur ceannairí domhanda ó thaobh táirgeacht SSHR agus SSCR de iad na príomhtháirgeoirí SSHR agus SSCR faoi úinéireacht an Stáit, bíodh siad comhtháite nó ná bíodh. Mar shampla, ar a shuíomh gréasáin, luann Shanxi Taiyuan Iron & Steel Co. Ltd. (TISCO), cuideachta Shíneach atá faoi úinéireacht stáit, gur “mórchuideachta iarainn agus cruach é mar aon le fiontar atá chun tosaigh in earnáil dhomhanda na cruach dosmálta” agus “gurb é an fiontar cruach dosmálta is mó é a bhfuil an acmhainneacht dhomhanda is mó aige mar aon leis an teicneolaíocht agus an trealamh is úire”. Dá réir sin, “D’fhorbair TISCO ina chóras ollmhór iarainn agus cruach ar mhórscála, atá comhtháite le gnó na mianadóireachta iarainn, agus le táirgeadh, próiseáil, seachadadh agus trádáil iarainn agus cruach” (33). Is sampla de tháirgeoir SSCR é TISCO a bhfuil Rialtas na Síne i láthair ann trí bhíthin ceapacháin phearsanta. Mar shampla, an Leas-Rúnaí ceaptha ar Choiste Pháirtí Chumannach na Síne, is mar Uachtarán TISCO a ainmníodh é freisin le cinneadh ó Choiste agus Rialtas de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i gCúige Shanxi (34).

(58)

Tá idir fhiontair phríobháideacha agus fhiontair phoiblí in earnáil SSCR faoi réir maoirseacht agus treorú beartais. Léiríonn na samplaí seo a leanas an treocht thuasluaite ina bhfuil méid na n-idirghabhálacha ó Rialtas na Síne in earnáil SSCR ag méadú de réir a chéile. Déanann roinnt táirgeoirí SSCR gníomhaíochtaí neartaithe páirtí a chur i dtábhacht go sainráite ar a suíomh gréasáin, bíonn comhaltaí den pháirtí ar fhoireann bainistíochta na cuideachta, agus cuireann siad a gceangal le Páirtí Cumannach na Síne i dtábhacht. Léirigh an t-imscrúdú go mbíonn gníomhaíochtaí neartaithe páirtí ar siúl i measc roinnt táirgeoirí SSCR, lena n-áirítear TISCO, Baosteel agus Lisco.

(59)

Thairis sin, tá beartais i bhfeidhm in earnáil SSCR lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar táirgeoirí intíre nó lena ndéantar tionchar ar an margadh ar shlí eile de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an tríú fleasc, den bhun-Rialachán.

(60)

Bíodh is gur tionscal speisialaithe é SSCR agus nárbh fhéidir aon doiciméad beartais sonrach ina raibh treoir shonrach maidir le forbairt thionscal SSCR a shainaithint san imscrúdú, baineann tionscal SSCR tairbhe as treorú agus idirghabháil ón rialtas maidir leis an bpríomh-amhábhar chun SSCR a tháirgeadh, mar atá cruach.

(61)

Measann Rialtas na Síne gur príomhthionscal é an tionscal cruach (35). Deimhnítear é sin sna pleananna, treoracha agus doiciméid iomadúla atá dírithe ar an gcruach agus a eisítear ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus cathrach amhail an Plean um Oiriúnú agus Uasghrádú an Tionscail Cruach, 2016-2020, plean a bhí bailí le linn thréimhse an imscrúdaithe. Sonraítear sa Phlean sin gur “earnáil bhunúsach thábhachtach de gheilleagar na Síne, agus cloch choirnéil náisiúnta” é an tionscal cruach (36). Na príomhchúraimí agus na cuspóirí a leagtar amach sa Phlean sin, cumhdaíonn siad gach gné d’fhorbairt an tionscail (37). Sa 13ú Plean Cúig Bliana maidir le Forbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta (38), plean a bhí infheidhme le linn thréimhse an imscrúdaithe , foráiltear maidir le tacaíocht d’fhiontair a tháirgeann cineálacha táirge cruach ardchaighdeáin (39). Dírítear ann freisin ar cháilíocht, marthanacht agus iontaofacht táirge a bhaint amach trí thacú le cuideachtaí a mbíonn teicneolaíochtaí in úsáid acu a bhaineann le táirgeadh glan cruach, beacht-rollú, agus feabhas ar cháilíocht (40). Sa Chatalóg um Athstruchtúrú Tionscail a Threorú (Leagan 2011) (Leasú 2013) (41) (“an Chatalóg”), liostaítear an tionscal cruach mar thionscal spreagtha.

(62)

Mar is léir ó na samplaí thuasluaite maidir le cruach, ar amhábhar tábhachtach é a úsáidtear chun SSCR a tháirgeadh, stiúrann Rialtas na Síne forbairt earnáil SSCR i gcomhréir le réimse leathan uirlisí agus treoracha beartais agus rialaíonn sé beagnach gach gné d’fhorbairt agus d’fheidhmiú na hearnála. Ar an gcaoi sin, baineann tionscal SSCR tairbhe as treorú agus idirghabháil ón rialtas maidir leis na príomh-amhábhair a úsáidtear i monarú SSCR, mar atá cruach.

(63)

Sa bhreis ar an méid thuas, baineann táirgeoirí SSCR tairbhe as fóirdheontais stáit, rud a léiríonn go soiléir go bhfuil leas ar leith ag an Stát san earnáil seo. Le linn an imscrúdaithe, shuigh an Coimisiún amach go raibh roinnt táirgeoirí SSCR ag baint tairbhe as fóirdheontais stáit dhíreacha, lena n-áirítear TISCO, Baosteel agus Tangsteel.

(64)

Mar achoimre, tá bearta i bhfeidhm ag Rialtas na Síne ar mhaithe le hoibreoirí a spreagadh chun na cuspóirí beartais phoiblí a chomhlíonadh, ar beartais iad chun tacú le tionscail spreagtha, lena n-áirítear táirgeadh cruach, iarainn agus cóimhiotal feiriúil mar phríomh-amhábhair a úsáidtear chun SSCR a mhonarú. Cuireann bearta den sórt sin bac ar ghnáthoibriú fhórsaí an mhargaidh.

(65)

Cur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó forfheidhmiú easnamhach na ndlíthe féimheachta agus maoine in earnáil SSCR de réir Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc, den bhun-Rialachán, rud dá dtagraítear thuas in aithris (51), níor tháinig an t-imscrúdú ar aon fhianaise lena léiriú nach mbeadh tionchar ag an méid sin ar mhonaróirí an táirge faoi athbhreithniú.

(66)

Ina theannta sin, tá earnáil SSCR faoi thionchar an tsaofa ar chostais phá de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc, den bhun-Rialachán, rud dá dtagraítear thuas in aithris (51) freisin. Déanann an saobhadh sin difear don earnáil go díreach (nuair a bhíonn an táirge faoi athbhreithniú nó na príomh-ionchuir á dtáirgeadh) agus go hindíreach (nuair atá rochtain ar chaipiteal nó ar ionchuir i gceist ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna i nDaon-Phoblacht na Síne) (42).

(67)

Thairis sin, níor cuireadh aon fhianaise faoi bhráid an imscrúdaithe reatha a léirigh nach bhfuil earnáil SSCR faoi thionchar ag idirghabháil ón rialtas san earnáil airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc, den bhun-Rialachán, rud dá dtagraítear thuas in aithris (51) freisin. Dá bhrí sin, déantar difear tromchúiseach do dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal de dheasca idirghabháil shubstaintiúil an rialtais sa chóras airgeadais.

(68)

Ar deireadh, meabhraíonn an Coimisiún go bhfuil roinnt ionchur ag teastáil chun SSCR a tháirgeadh. Nuair a cheannaíonn táirgeoirí SSCR na hionchuir sin nó nuair a dhéanann siad conarthaí lena n-aghaidh, is léir go mbíonn na praghsanna a íocann siad (agus a dhéantar a thaifeadadh mar a gcuid costas) neamhchosanta ar an saobhadh sistéamach céanna a luadh roimhe. Mar shampla, fostaíonn soláthraithe na n-ionchur lucht saothair atá faoi réir an tsaofa. Féadfaidh siad airgead a fháil ar iasacht atá faoi réir an tsaofa san earnáil airgeadais nó sa leithdháileadh caipitil. Ina theannta sin, bíonn siad faoi réir an chórais pleanála is infheidhme maidir le gach leibhéal rialtais agus gach earnáil.

(69)

Dá bharr sin, ní hamháin nach iomchuí praghsanna díola intíre SSCR a úsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ach tá na costais ionchuir uile faoi thionchar freisin (lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, lucht saothair, etc.) toisc go ndéanann idirghabháil shubstaintiúil an rialtais difear dá bpraghasmhúnlú, mar a thuairiscítear i gCuid A agus Cuid B den Tuarascáil. Go deimhin, idirghabhálacha an rialtais a thuairiscítear i ndáil le leithdháileadh caipitil, talamh, lucht saothair, fuinneamh agus amhábhair, is ann do na hidirghabhálacha sin ar fud Dhaon-Phoblacht na Síne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, nuair a chuirtear réimse tosca táirgeachta le chéile chun ionchur a tháirgeadh sa tSín, is ionchur é atá neamhchosanta ar shaobhadh suntasach. Is amhlaidh atá d’ionchur an ionchuir agus mar sin de.

(70)

Níor thug Rialtas na Síne ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin san imscrúdú reatha aon fhianaise ná argóint ina choinne sin.

(71)

Mar achoimre, léirigh an fhianaise a bhí ar fáil nach toradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad praghsanna ná costais an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus an tsaothair, toisc go bhfuil siad faoi thionchar idirghabhálacha substaintiúla ón rialtas de réir bhrí 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, faoi mar a léiríonn an tionchar iarbhír atá ag ceann amháin nó níos mó de na heilimintí ábhartha a liostaítear iontu, sin nó an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu. Ar an mbonn sin, agus in éagmais aon chomhoibriú ó Rialtas na Síne, ba é conclúid an Choimisiúin nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun an gnáthluach a shuí sa chás seo. Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a ríomh ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa amháin, eadhon, sa chás seo, ar bhonn costais táirgthe agus díola chomhfhreagracha i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, mar a phléitear sa roinn a leanas.

(72)

Ag an nochtadh deiridh, fuair an Coimisiún dhá aighneacht ó LSI agus Euranimi maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a). Mhaígh LSI agus Euranimi araon go bhfuil na torthaí maidir le saobhadh suntasach bunaithe den chuid is mó ar na torthaí sa Tuarascáil ar an tSín, agus nach bhfuil na saintréithe foirmiúla agus substaintiúla ag an tuarascáil sin, dar leo, lena mheas gur tuarascáil fhoirmiúil ón gCoimisiún í, agus dá bhrí sin, nach féidir í a úsáid mar fhianaise chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach. Is éard is cúis leis sin, ar an gcéad dul síos, gur foilsíodh an tuarascáil mar Dhoiciméad Inmheánach Oibre, agus níl sé sin leordhóthanach chun gné fhoirmiúil a thabhairt di dar le LSI agus Euranimi, agus ar an dara dul síos, nár cuireadh ar fáil go poiblí í ná níor tugadh cothrom le dáta í i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán frithdhumpála.

(73)

Meabhraíonn an Coimisiún nach bhforordaítear le forálacha Airteagal 2(6a)(c) formáid shonrach inar gá tuarascáil tíre a fhoilsiú ná modh foilseacháin na tuarascála sin. Dá bhrí sin, foilsiú na tuarascála ar an tSín mar dhoiciméad inmheánach oibre, cineál doiciméid nach bhfuil gá é a aistriú go gach teanga Eorpach ná é a fhoilsiú go foirmiúil san Iris Oifigiúil, is rud é sin a chomhlíonann na rialacha ábhartha. Luann an Coimisiún thairis sin go bhfuil an tuarascáil ar fáil go poiblí ó bhí mí na Nollag 2017 ann ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin agus dá bhrí sin, bhí neart deiseanna ag na páirtithe leasmhara í a bhréagnú nó a fhorlíonadh nó barúil a thabhairt maidir léi nó maidir leis an bhfianaise ar a bhfuil sí bunaithe. Níor sholáthair LSI ná Euranimi, ná aon pháirtí leasmhar eile, aon fhianaise a léireodh go raibh an tuarascáil as dáta. Go deimhin, tá an Tuarascáil bunaithe den chuid is mó ar na 13ú Pleananna Cúig Bliana a chumhdaíonn na blianta 2016-2020, pleananna a bhí infheidhme le linn thréimhse an imscrúdaithe. Dá bhrí sin, diúltaítear don argóint sin.

(a)   An tír ionadaíoch

(1)    Barúlacha ginearálta

(74)

Is ar na critéir seo a leanas a bunaíodh rogha na tíre ionadaíche de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:

Leibhéal forbartha eacnamaíche atá comhchosúil le leibhéal forbartha eacnamaíche Dhaon-Phoblacht na Síne. Chun na críche sin, d’úsáid an Coimisiún tíortha a bhfuil ollioncam náisiúnta per capita acu atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne de réir bhunachar sonraí an Bhainc Dhomhanda (43);

Táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú sa tír sin (44);

Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch;

I gcás inarbh ann do níos mó ná aon tír ionadaíoch fhéideartha amháin, tugadh tús áite, i gcás inarbh iomchuí, don tír inar leordhóthanach leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil atá inti.

(75)

Mar a mhínítear in aithris (48) agus aithris (49), d’eisigh an Coimisiún dhá nóta an 30 Meán Fómhair agus an 23 Nollaig 2020 a ghabhann leis an gcomhad faoi na foinsí a úsáideadh chun an gnáthluach agus na tosca táirgeachta a chinneadh (“an Chéad Nóta” agus “an Dara Nóta”). Sa Dara Nóta, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas i dtaobh a chonclúide gur tír ionadaíoch iomchuí í an Bhrasaíl sa chás seo.

(2)    Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne

(76)

Sa Chéad Nóta, shainaithin an Coimisiún an Afraic Theas, an Airgintín, an Bhrasaíl, Meicsiceo, an Rúis agus an Tuirc mar thíortha lena mbaineann leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne de réir an Bhainc Dhomhanda, i.e. aicmíonn an Banc Domhanda iad go léir mar thíortha “ard-mheánioncaim” ar bhonn ollioncam náisiúnta.

(77)

Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis an leibhéal forbartha eacnamaíche de bhun an nóta sin.

(3)    Táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú sa tír ionadaíoch

(78)

Sa Chéad Nóta, léirigh an Coimisiún gur sainaithníodh táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú san Afraic Theas, san Airgintín, sa Bhrasaíl, i Meicsiceo, sa Rúis agus sa Tuirc. Mar sin féin, cuireadh an Afraic Theas as an áireamh mar thír ionadaíoch fhéideartha, toisc nár sainaithníodh ann ach aon táirgeoir amháin a tháirgeann an táirge faoi athbhreithniú, agus ní raibh aon ráiteas airgeadais ar fáil go poiblí le haghaidh thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(79)

Fuarthas barúlacha ón iarratasóir de bhun an Chéad Nóta maidir le táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú sna tíortha ionadaíocha féideartha. Mhaígh an t-iarratasóir nach cuideachtaí a tháirgeann an táirge faoi athbhreithniú iad na cuideachtaí a liostaíodh sa Chéad Nóta, cé is moite de chuideachta amháin sa Bhrasaíl, agus thug sé míniú mionsonraithe i leith gach cuideachta. Mhaígh an t-iarratasóir ina dhiaidh sin nach dtáirgtear an táirge faoi athbhreithniú san Airgintín, i Meicsiceo, sa Rúis ná sa Tuirc.

(80)

Tar éis anailís agus cros-seiceáil a dhéanamh, i gcás inarbh fhéidir, ar an bhfaisnéis thuasluaite a sholáthair an t-iarratasóir, rinne an Coimisiún amach gur i gcás na gcuideachtaí san Airgintín, i Meicsiceo, sa Rúis agus sa Tuirc, cuideachtaí a sainaithníodh sa Chéad Nóta mar tháirgeoirí féideartha, nach raibh siad ag táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin ach ina ionad sin, bhí cineálacha eile táirgí cruach á dtairgeadh acu, táirgí nach gcumhdaítear leis an imscrúdú athbhreithniúcháin reatha.

(81)

Maidir leis an Afraic Theas, níorbh fhéidir aon chuideachta a shainaithint ar cuideachta í a tháirgeann an táirge faoi athbhreithniú agus a raibh ráitis airgeadas ar fáil go poiblí ina leith. Ní bhfuarthas aon bharúil ina leith sin.

(82)

Dá thoradh sin, níor mheas an Coimisiún a thuilleadh gur tíortha ionadaíocha féideartha iad an Afraic Theas, an Airgintín, Meicsiceo, an Rúis ná an Tuirc. Dá bhrí sin, ba é chonclúid an Choimisiúin sa Dara Nóta gurbh í an Bhrasaíl an t-aon tír amháin a raibh leibhéal forbartha eacnamaíche aici a bhí comhchosúil le Daon-Phoblacht na Síne agus ina raibh an táirge faoi athbhreithniú á thairgeadh le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(4)    Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch

(83)

D’fhíoraigh an Coimisiún thairis sin go raibh fáil ar na sonraí poiblí sa Bhrasaíl, go háirithe maidir le sonraí airgeadais poiblí ó tháirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú.

(84)

Lorg an Coimisiún táirgeoirí SSCR lena mbaineann sonraí airgeadais atá ar fáil go poiblí a bhféadfaí iad a úsáid chun méideanna neamhshaofa réasúnta a shuí i gcomhair costais SGA agus brabús. Theorannaigh an Coimisiún an cuardach do chuideachtaí a raibh ráitis bhrabúis agus chaillteanais acu a bhí ar fáil go poiblí i gcomhair thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus a bhí ina gcuideachtaí brabúsacha sa tréimhse sin. Thairis sin, tugadh tús áite do tháirgeoirí SSCR a raibh a ráitis airgeadais ar fáil go poiblí ar leibhéal na cuideachta seachas ar leibhéal comhdhlúite le haghaidh an ghrúpa iomláin. Ar bhonn an mhéid thuas, sainaithníodh cuideachta amháin sa Bhrasaíl sa Dara Nóta, eadhon Aperam Inox America do Sul S.A.

(85)

Ar bhonn cháilíocht agus mhionsonraí na sonraí airgeadais a bhí ar fáil go poiblí sa Bhrasaíl, agus i bhfianaise infhaighteacht agus ionadaíocht na dtagarmharcanna le haghaidh na dtosca táirgeachta, mheas an Coimisiún gur thír ionadaíoch iomchuí í an Bhrasaíl.

(86)

Rinne an Coimisiún anailís chúramach ar na sonraí ábhartha uile dá raibh ar fáil sa chomhad maidir leis na tosca táirgeachta sa Bhrasaíl agus thug an méid a leanas dá aire:

Rinne an Coimisiún anailís ar staitisticí maidir le hallmhairí gach toisce táirgeachta a liostaíodh sa Chéad Nóta, mar a thugtar cothrom le dáta iad leis an Dara Nóta, agus tháinig sé ar an gconclúid go raibh dóthain allmhairí gach toisce táirgeachta ann chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin cé is moite de nicil (féach aithris 101)).

Staitisticí fuinnimh (praghsanna ar leictreachas) le haghaidh thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, bhí fáil éasca orthu i bhfoirm sonraí a chuir an chuideachta EDP Brazil ar fáil (45);

Bhí staitisticí ar na costais saothair le fáil ar shuíomh gréasáin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (46).

(87)

De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, áireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach i gcomhair costais SGA agus brabús. Mar a shonraítear in aithris (112), thug an Coimisiún dá aire go raibh ráitis airgeadais a bhí ar fáil go poiblí ag Aperam Inox America do Sul S.A., ráitis a d’fhéadfaí a úsáid mar ionadú chun méid neamhshaofa agus réasúnach a chinneadh i gcomhair costais SGA agus brabús.

(5)    Leibhéal cosanta sóisialta agus comhshaoil

(88)

Tar éis don Choimisiún a shuí gur thír ionadaíoch iomchuí í an Bhrasaíl ar bhonn na ngnéithe sin, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar an leibhéal cosanta sóisialta agus comhshaoil i gcomhréir leis an abairt deiridh d’Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán.

(6)    An chonclúid ar an tír ionadaíoch

(89)

I bhfianaise na hanailíse thuas, chomhlíon an Bhrasaíl na critéir go léir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán, chun go measfaí í mar thír ionadaíoch iomchuí. Go háirithe, bhí an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh sa Bhrasaíl agus bhí tacar iomlán sonraí ann maidir le gach toisc tháirgeachta, costais SGA agus brabúis.

(b)   Foinsí a úsáideadh chun costais neamhshaofa a shuí

(90)

Sa Dara Nóta, shonraigh an Coimisiún, chun an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé an Global Trade Atlas (GTA) chun an costas neamhshaofa a shuí maidir le formhór na dtosca táirgeachta sa tír ionadaíoch.

(91)

Shonraigh an Coimisiún thairis sin go n-úsáidfí staitisticí de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair chun costais saothair neamhshaofa sa tír ionadaíoch a shuí; agus go n-úsáidfí staitisticí náisiúnta, dá dtagraítear in aithris (86), chun costais fuinnimh neamhshaofa a shuí.

(92)

Agus an ríomh á dhéanamh aige, chuir an Coimisiún luach ar fhorchostais mhonaraíochta san áireamh ann ar mhaithe le costais nár cuimsíodh sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas a chumhdach. Chun an méid sin a shuí, bhain sé úsáid as sonraí airgeadais ó cheann amháin de tháirgeoirí an Aontais, eadhon Aperam Stainless Europe, ar sonraí iad a chuir an t-iarratasóir ar fáil (féach aithris (111)).

(93)

Ar deiridh, mar a sonraíodh sa Dara Nóta, bhain an Coimisiún úsáid as sonraí ón gcuideachta Bhrasaíleach a roghnaíodh, mar a léirítear in aithris (112) chun costais SGA agus brabúis a shuí.

(c)   Costais agus tagarmharcanna neamhshaofa

(94)

Leis an dá nóta ar thosca táirgeachta, d’fhéach an Coimisiún le liosta a shuí de thosca táirgeachta agus d’fhoinsí a mbeartaítear iad a úsáid le haghaidh gach toisce táirgeachta amhail ábhair, fuinneamh agus saothar, ar tosca iad a úsáideann táirgeoirí sa tSín chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh.

(95)

In éagmais comhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín i nós imeachta an athbhreithnithe, b’éigean don Choimisiún brath ar an iarratasóir chun na tosca táirgeachta a úsáidtear i dtáirgeadh SSCR a shuí.

(96)

San iarraidh agus sna barúlacha maidir leis an gCéad Nóta, chuir an t-iarratasóir i dtábhacht go bhfuil an próiseas táirgthe sa tSín go hiomlán éagsúil leis an bpróiseas táirgthe san Aontas. Is amhlaidh atá an cás go háirithe le linn na céime leáite ina mbraitheann táirgeoirí na Síne go mór ar úsáid muciarainn nicile, le hais tháirgeoirí an Aontais a úsáideann dramhchruach dhosmálta mar phríomh-amhábhar. Thathantaigh an t-iarratasóir ar an gCoimisiún an difríocht sin sa phróiseas táirgthe a chur san áireamh agus mhol sé don Choimisiún luach an mhuciarainn nicile a ríomh ar bhonn mheánluach na socraíochta airgid de chuid LME Nickel le haghaidh 2019, rud atá ar fáil ó fhoinsí phoiblí (47). Níor thug páirtithe leasmhara eile aon bharúil ina leith sin.

(97)

An grád cruach is mó a dhíoltar san Aontas agus a onnmhairítear chuige, mhínigh an Coimisiún sa Dara Nóta gur ar bhonn an ghráid cruach sin amháin a ríomhadh an gnáthluach mar aon leis an liosta de thosca táirgeachta a ghabhann leis, de réir na faisnéise a cuireadh isteach leis an iarraidh agus aird á tabhairt freisin ar na barúlacha a fuarthas ón iarratasóir maidir leis an gCéad Nóta. Ní bhfuarthas aon bharúil ina leith sin.

(98)

In éagmais comhoibriú, ní raibh cóid taraife ní ba mhionsonraithe ná na cóid sé dhigit HS ag an gCoimisiún le haghaidh gach toisce táirgeachta, ar cóid iad a bhí ag teacht go hiomlán le cóid taraife na Brasaíle.

(99)

Ag féachaint don fhaisnéis uile a sholáthair an t-iarratasóir agus don easpa barúlacha ar an dá nóta maidir leis na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh i ndáil leis na tosca táirgeachta, is iad seo a leanas na tosca táirgeachta agus na cóid taraife a sainaithníodh:

Tábla 1

Tosca táirgeachta SSCR

Toisc tháirgeachta

Cód HS

Foinsí sonraí

Luach aonaid neamhshaofa Euro

Aonad

Amhábhar

 

 

 

 

Dramhcharbón

7204 49

GTA

0,38

kg

Dramhchruach dhosmálta

7204 21

GTA

1,01

kg

Fearóchróimiam ina bhfuil, de réir meáchain, > 4 % de charbón

7202 41

GTA

1,23

kg

Cóimhiotail fearóchróimiam

7202 41

GTA

1,23

kg

Nicil

(féach aithris (100))

7502 10

Tagarmharc idirnáisiúnta Westmetall (48)

13,51

kg

Fuíollábhar Iarainn agus Dramhiarann

7204 49

GTA

0,38

kg

Fuíollábhar Cruach Dosmálta agus Dramhchruach Dhosmálta

7204 21

GTA

1,01

kg

Cóimhiotail fearóisileacain eile

7202 29

GTA

1,54

kg

Saothar

Pá saothair san earnáil monaraíochta

(féach aithrisí (105) go (107))

[N/BH]

Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS)

3,85

EUR/uair an chloig

Fuinneamh

Leictreachas

(féach aithrisí (108) go (109))

[N/BH]

EDP Brazil

81,32

EUR/MWh

(1)    Amhábhair

(100)

Chun praghsanna neamhshaofa na n-ábhar ag pointe a seachadta chuig geata mhonarcha an táirgeora a shuí, rud dá bhforáiltear in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, agus i bhfianaise nárbh ann d’aon táirgeoir comhoibríoch sa tSín, bhain an Coimisiún úsáid as na praghsanna allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch, de réir mar a tuairiscíodh iad i mbunachar GTA, le haghaidh gach toisce a úsáidtear chun SSCR a tháirgeadh, cé is moite de nicil.

(101)

Úsáideadh nicil chun luachanna ionchuir Fearóinicile agus Muciarainn Nicile a ríomh, ar ábhair iad nár allmhairíodh isteach sa Bhrasaíl le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus a bhfuil thart ar aon trian den ghnáthluach díreach ón monarcha i gceist leo. Thairis sin, measadh nár ionadaíoch é méid na n-allmhairí nicile sa Bhrasaíl. Dá bhrí sin, chun tagarmharcanna neamhshaofa a ríomh le haghaidh Fearóinicile agus Muciarainn Nicile, tugadh aird ar na meastacháin seo i gcomhréir leis an bhfaisnéis a leagadh amach san iarraidh:

measadh gur cion 21,8 % de Nicil agus cion 78,2 % d’Iarann a bhí san Fhearóinicil;

measadh gur cion 10 % de Nicil agus cion 85 % d’Iarann a bhí sa Mhuciarann Nicile Ísle;

comhtháthaíodh an tIarann le fuíollábhar iarainn agus dramhiarann; agus

ní dhearnadh na heilimintí ceimiceacha eile a bhí fágtha a mheas.

(102)

Míníodh an mhodheolaíocht sin sa Dara Nóta (féach aithris (49)) agus ní bhfuarthas aon bharúil ina leith.

(103)

Cinneadh an praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe de phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír gan Daon-Phoblacht na Síne a áireamh. Chinn an Coimisiún na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh, toisc gur shocraigh sé in aithris (71) nach iomchuí praghsanna agus costais intíre i nDaon-Phoblacht na Síne a úsáid i bhfianaise saobhadh suntasach a bheith ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Ní ann d’aon fhianaise a léiríonn nach bhfuil an tionchar céanna ag an saobhadh sin ar tháirgí atá beartaithe lena n-onnmhairiú, agus ó tharla sin amhlaidh, mheas an Coimisiún go bhfuil tionchar ag an saobhadh céanna ar phraghsanna na n-onnmhairí.

(104)

Cuireadh as an áireamh freisin méideanna na n-allmhairí sa tír ionadaíoch ó thíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (49). Meastar in Airteagal 2(7) den bhun-Rialachán nach féidir praghsanna intíre sna tíortha sin a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh.

(105)

Chun praghsanna neamhshaofa na n-amhábhar ag pointe a seachadta chuig geata mhonarcha an táirgeora a shuí, rud dá bhforáiltear in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, chuir an Coimisiún meánráta dleachta allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch leis, ar na leibhéil faoi seach. Thairis sin, chuir an Coimisiún costais iompair intíre leis arna ríomh in aghaidh an kg ar bhonn na faisnéise a sholáthair an t-iarratasóir.

(2)    Saothar

(106)

Chun an tagarmharc le haghaidh costais saothair a shuí, bhain an Coimisiún úsáid as staitisticí EIS (50) i gcomhar le faisnéis atá ar fáil go poiblí faoi chostais saothair bhreise arna dtabhú ag fostóirí sa Bhrasaíl (51).

(107)

Leis na staitisticí EIS, fuarthas sonraí maidir leis an meánlíon uaireanta oibre iarbhír in aghaidh na seachtaine le haghaidh gach duine fostaithe in earnáil monaraíochta na Brasaíle le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin (52).

(108)

Leis na sonraí sin, ríomh an Coimisiún pá in aghaidh na huaire san earnáil monaraíochta, agus cuireadh costais saothair bhreise arna n-íoc ag an bhfostóir leis an bpá sin.

(3)    Leictreachas

(109)

Bhí fáil éasca ar phraghas an leictreachais a ghearrann ceann de na soláthróirí leictreachais is mó sa Bhrasaíl, eadhon an chuideachta EDP Brazil (53). Ba leor na sonraí san fhaisnéis chun praghas an leictreachais agus praghas úsáidte an chórais dáileacháin (modalidade tarifaria azul) arna íoc ag úsáideoirí tionsclaíocha a shainaithint.

(110)

Ba cheart a mheabhrú gur sa Bhrasaíl, is amhlaidh a chuireann an t-údarás rialála Agência Nacional de Energia Elétrica (54) (“ANEEL”) iallach ar na soláthróirí leictreachais céatadán áirithe de mhéadú a chur lena dtaraifí chun ídiú leictreachais sa tír a rialáil. Baineann ANEEL úsáid as córas brataí (55) (glas, buí, dearg 1, dearg 2) lena léiriú ar cheart praghas an leictreachais a fhágáil faoi mar a mhol an soláthróir (glas) nó ar cheart 0.01343 BRL/kWh a chur leis an bpraghas (buí), sin nó 0,04169 BRL/kWh (dearg 1), nó 0,06243 BRL/kWh (dearg 2). Foilsíonn ANEEL na bratacha ar bhonn míosúil agus bhí fáil éasca orthu ar líne ar shuíomh gréasáin EDP Brazil le haghaidh thréimhse an imscrúdaithe (56). Nuair a bhí costais leictreachais neamhshaofa á gcinneadh aige, chuir an Coimisiún san áireamh na bratacha a cuireadh i bhfeidhm le linn thréimhse an imscrúdaithe agus d’athraigh sé an praghas dá réir.

(d)   Forchostais mhonaraíochta, costais SGA, agus brabúis

(111)

De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, “Áireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús.”. Ina theannta sin, ní mór luach a shuí le haghaidh forchostais mhonaraíochta ar mhaithe leis na costais nár cuimsíodh sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas a chumhdach.

(112)

Chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a shuí agus toisc comhoibriú ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín a bheith in easnamh, bhain an Coimisiún úsáid as na fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Sa bhreis ar na tosca táirgeachta a bhfuil achoimre orthu faoi aithris (99) thuas, ríomhadh forchostais mhonaraíochta freisin. Ó tharla nach raibh aon chomhoibriú ó tháirgeoirí de chuid na Síne, bunaíodh ríomh na bhforchostas monaraíochta ar bhonn an chóimheasa ón bhforchostas monaraíochta a roinnt ar an gcostas monaraíochta arna thuairisc chun tona amháin den ghrád cruach is mó a tháirgtear agus a dhíoltar san Aontas a tháirgeadh. Cuireadh an céatadán sin i bhfeidhm maidir leis na costais mhonaraíochta neamhshaofa.

(113)

Chun costais SGA agus brabús a shuí, bhain an Coimisiún úsáid as na sonraí airgeadais ón táirgeoir Brasaíleach Aperam Inox America do Sul S.A (57). Ríomh an Coimisiún céatadán na gcostas SGA agus na mbrabús in aghaidh chostas na n-earraí a díoladh (‘COGS’). Cuntais iniúchta na cuideachta seo a bhí ar fáil go poiblí, cuireadh ar fáil do na páirtithe leasmhara iad mar cheangaltán leis an Dara Nóta.

(e)   Ríomh an ghnáthluacha

(114)

De réir an mhéid thuas, is ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha a ríomh an Coimisiún an gnáthluach le haghaidh bunchineál táirge, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

(115)

Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. In éagmais comhoibriú ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir leis an iarraidh maidir le hídiú gach toisce táirgeachta (amhábhair, lucht saothair agus fuinneamh) chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh, mar a shonraítear in aithrisí (100) go (109). Na costais neamhshaofa in aghaidh an aonaid arna suí sa Bhrasaíl, is faoi na costais sin a d’iolraigh an Coimisiún na cóimheasa tomhaltais, mar a shonraítear i Roinn (d) thuas.

(116)

Is le haghaidh bhunchineál SSCR amháin a rinneadh an ríomh, i.e. le haghaidh ghrád 304; arbh é an grád cruach is mó a díoladh san Aontas agus a onnmhairíodh chuige, féach aithris (97).

(117)

Ar an dara dul síos, chun teacht ar na costais táirgthe neamhshaofa, chuir an Coimisiún céatadán na bhforchostas monaraíochta a cinneadh, rud a shonraítear in aithris (111), leis na costais mhonaraíochta neamhshaofa.

(118)

Ar deireadh, na costais SGA agus an brabús a suíodh sa tír ionadaíoch, rud a mhínítear in aithris (112), chuir an Coimisiún na costais sin leis an gcostas táirgthe a cinneadh, de réir mar a shonraítear in aithrisí (115) go (116). Na costais SGA agus an brabús arna sloinneadh mar chéatadán COGS agus arna gcur leis na costais táirgthe neamhshaofa, is céatadáin 7,5 % agus 14,5 % faoi seach a bhí iontu.

(119)

Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Mar gheall nár chomhoibrigh aon cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin, suíodh an gnáthluach le haghaidh na tíre ina hiomláine.

3.1.2.3.   An praghas onnmhairiúcháin

(120)

In éagmais comhoibriú ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne, cinneadh an praghas onnmhairiúcháin ar bhonn shonraí CAL Eurostat arna gceartú chuig leibhéal an phraghais díreach ón monarcha. Dá bhrí sin, is de réir na gcostas last-táille mara agus árachais (58) agus an chostais iompair intíre sa tSín (59) a laghdaíodh an praghas onnmhairiúcháin CAL.

3.1.2.4.   Comparáid agus corrlach dumpála

(121)

An gnáthluach ríofa le haghaidh aon chineál táirge amháin (féach aithris (115)) arna shuí i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, chuir an Coimisiún an gnáthluach sin i gcomparáid leis an bpraghas onnmhairiúcháin mar a leagtar amach thuas.

(122)

Ar an mbonn sin, ba é 17,9 % an meánchorrlach dumpála ualaithe le haghaidh allmhairí ón tSín, arna shloinneadh mar chéatadán den phraghas ó thaobh chostas, árachas agus last-táille (CAL) de ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc.

3.1.2.5.   Conclúid

(123)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dumpáladh allmhairí an táirge faoi athbhreithniú ón tSín le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Bhí méid na n-allmhairí a bhí i gceist teoranta, áfach, is é sin 1,8 % de mhéid iomlán na n-allmhairí, ar sciar 0,4 % den mhargadh é. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún imscrúdú freisin maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil.

3.1.3.   An dóchúlacht go leanfar den dumpáil má ligtear do na bearta dul in éag

(124)

Tar éis don Choimisiún a shuí gurbh ann do dumpáil le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, rinne sé imscrúdú maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil má ligtear do na bearta dul in éag, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán. Rinneadh anailís ar na heilimintí breise seo a leanas: an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise i nDaon-Phoblacht na Síne, tarraingteacht mhargadh an Aontais agus an gaol idir praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha agus leibhéal na bpraghsanna san Aontas.

3.1.3.1.   An acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise i nDaon-Phoblacht na Síne

(125)

Mar gheall ar neamhchomhoibriú Rialtas na Síne agus tháirgeoirí na Síne, suíodh an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise i nDaon-Phoblacht na Síne ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil agus go háirithe ar bhonn na faisnéise a sholáthair an t-iarratasóir, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

(126)

De réir an iarratasóra, tá acmhainneacht táirgeachta i nDaon-Phoblacht na Síne i bhfad níos mó ná na méideanna táirgeachta agus méid an éilimh inmheánaigh ar mhargadh na Síne i láthair na huaire. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gurbh ionadaíoch i gcomhair an táirge faoi athbhreithniú í an neamhréireacht idir an acmhainneacht táirgeachta ar thaobh amháin agus an táirgeacht iarbhír agus an t-éileamh iarbhír ar mhargadh na Síne ar an taobh eile mar a léirítear thíos.

(127)

De réir na sonraí a soláthraíodh san iarraidh, 16 mhilliún tona a bhí i gceist le táirgeadh SSCR i nDaon-Phoblacht na Síne le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, 14,8 milliún tona a bhí i gceist leis an tomhaltas dealraitheach agus 18,0 milliún tona a bhí i gceist leis an acmhainneacht táirgeachta. De réir an iarratasóra, 2 mhilliún tona a bhí i gceist dá bhrí sin le hacmhainneacht táirgeachta bhreise an táirge faoi athbhreithniú i nDaon-Phoblacht na Síne, arb ionann é agus 62,5 % de thomhaltas an Aontais i leith SSCR le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, agus tháinig méadú 64 % ar an acmhainneacht táirgeachta, ó 11,0 milliún tona le linn na n-imeachtaí a bhí ann roimhe seo (2013) go 18,0 milliún tona le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(128)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil acmhainneachtaí suntasacha ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne, acmhainneachtaí a d’fhéadfaidís a úsáid chun SSCR a tháirgeadh lena n-onnmhairiú chuig an Aontas dá ligfí do na bearta dul in éag.

3.1.3.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(129)

Tá réimse leathan beart cosanta trádála agus srianta allmhairí eile i bhfeidhm i gcoinne onnmhairí SSCR de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne. De réir Global Trade Alert, tá bearta frithdhumpála i bhfeidhm sa Bhrasaíl, i gCeanada, sa Mhalaeisia, i Meicsiceo, sa Téaváin, sa Téalainn, sa Ríocht Aontaithe, i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i Vítneam, agus tá dleachtanna frithchúitimh i bhfeidhm sna Stáit Aontaithe. Ní hamháin go léiríonn na bearta sin go bhfuil táirgeoirí SSCR na Síne fós i mbun cleachtais trádála éagothroma, ach cuireann na bearta sin teorainn freisin leis an rochtain atá ag táirgeoirí na Síne ar na margaí a liostaítear thuas.

(130)

Thairis sin, is margadh ollmhór é margadh an Aontais, margadh a raibh tomhaltas bliantúil iomlán os cionn 3,2 milliún tona aige le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, arb ionann é agus 62,5 % d’acmhainneacht bhreise na Síne.

(131)

I bhfianaise na mbeart cosanta trádála ar mhargaí eile agus ar mhéid mhargadh an Aontais, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur margadh tarraingteach é margadh an Aontais do tháirgeoirí SSCR na Síne agus gur dócha go ndéanfaidh siad onnmhairí a threorú/ath-threorú chuig an Aontas má ligtear do na bearta reatha dul in éag.

3.1.3.3.   An gaol idir na praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha agus leibhéal na bpraghsanna onnmhairiúcháin chuig an Aontas

(132)

Ó tharla nach raibh aon chomhoibriú ann ó tháirgeoirí na Síne, d’úsáid an Coimisiún na staitisticí allmhairiúcháin tírshonracha ábhartha ó GTA (60) chun anailís a dhéanamh ar phraghsanna onnmhairiúcháin na Síne chuig an Aontas agus chuig tríú tíortha.

(133)

Shainaithin an Coimisiún na sé allmhaireoir SSCR ba mhó ó Dhaon-Phoblacht na Síne le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin: An Chóiré Theas, an Rúis, Vítneam, an Tuirc, an India agus an Indinéis. Is chuig na hallmhaireoirí sin a chuaigh 36 % d’onnmhairí an táirge faoi athbhreithniú ón tSín le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(134)

Rinne an Coimisiún comparáid idir na praghsanna onnmhairiúcháin sin agus praghsanna onnmhairiúcháin na Síne chuig an Aontas ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha. Rinne an Coimisiún amach go raibh praghsanna onnmhairiúcháin na Síne chuig na tíortha sin [19 %-37 %] ní b’ísle ar an meán ná meánphraghsanna díola na Síne chuig an Aontas Eorpach.

(135)

Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, a mhéid a bhaineann leis an difríocht i leibhéal na bpraghsanna idir praghsanna onnmhairiúcháin na Síne chuig an Aontas, ar thaobh amháin, agus praghsanna onnmhairiúcháin na Síne chuig a príomh-mhargaí onnmhairiúcháin eile, ar an taobh eile, gur dreasacht shoiléir í an difríocht sin do tháirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne an dumpáil a rinneadh i margadh an Aontais a mhéadú.

3.1.3.4.   Conclúid maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil nó go dtarlóidh sí arís

(136)

Léirigh an t-imscrúdú gur lean allmhairí na Síne de bheith ag teacht isteach i margadh an Aontais ar phraghsanna dumpáilte le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(137)

Thairis sin, rinne an Coimisiún amach, i dtaca leis na díolacháin a dhéanann táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne leis na margaí onnmhairiúcháin is tábhachtaí acu, go bhfuil na díolacháin sin ar phraghsanna i bhfad níos ísle ná mar atá na díolacháin leis an Aontas, agus rinne sé amach freisin go bhfuil bearta cosanta trádála forchurtha ag líon mór tíortha eile i gcoinne onnmhairí SSCR ón tSín.

(138)

Sa bhreis ar an méid sin thuas, rinne an Coimisiún amach gurb é atá i gceist le hacmhainneacht bhreise sa tSín amháin 60 % de thomhaltas an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, agus gur margadh an-tarraingteach é margadh an Aontais do tháirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne, i bhfianaise a mhéide agus i bhfianaise a phraghsanna.

(139)

Dá dheasca sin, i bhfianaise gur leanadh den dumpáil le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, agus i bhfianaise na nithe seo a leanas: iompraíocht phraghsála onnmhaireoirí na Síne i dtríú margaí, an acmhainneacht bhreise atá ann faoi láthair i nDaon-Phoblacht na Síne, méid mhargadh an Aontais, na praghsanna atá i réim sa mhargadh sin, bearta cosanta trádála agus srianta allmhairí eile atá i bhfeidhm i margaí tábhachtacha eile i gcoinne onnmhairí SSCR de thionscnamh Daon-Phoblacht na Síne, i bhfianaise an mhéid sin uile, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil dóchúlacht láidir ann go leanfaidh Daon-Phoblacht na Síne den dumpáil agus, in aon chás, go dtarlóidh an dumpáil arís agus í méadaithe go mór, má ligtear do na bearta dul in éag.

3.2.   An Téaváin

3.2.1.   Réamhbharúlacha

(140)

Le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, leanadh d’allmhairiú an táirge faoi athbhreithniú ón Téaváin ag thart ar an leibhéal céanna mar a bhí le linn thréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh (i.e. ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2013). De réir Eurostat, bhí sciar 5,3 % de mhargadh an Aontais i gceist le hallmhairí SSCR ón Téaváin i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, i gcomparáid le sciar 5,1 % den mhargadh san imscrúdú bunaidh. I ndearbhthéarmaí, thit leibhéal na n-allmhairí ón Téaváin beagán ó 169 097 dtona le linn thréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh go dtí 165 540 tona le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(141)

Mar a luaitear in aithris (24), níor chomhoibrigh aon cheann de na honnmhaireoirí ná na táirgeoirí ón Téaváin san imscrúdú. Dá bhrí sin, níor thug na táirgeoirí onnmhairiúcháin freagraí ar an gceistneoir, lena n-áirítear aon sonraí ar phraghsanna agus costais onnmhairiúcháin, praghsanna agus costais intíre, ídiú ionchur sa phróiseas táirgthe, forchostais mhonaraíochta, acmhainneacht, táirgeacht, infheistíochtaí, etc.

(142)

Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl d’údaráis na Téaváine go bhféadfadh an Coimisiún, in éagmais comhoibriú, Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm maidir leis na torthaí a bhaineann leis an Téaváin. Níor cuireadh aon bharúil faoi bhráid an Choimisiúin.

(143)

Dá bharr sin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) den bhun-Rialachán, na torthaí i ndáil leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil nó go dtarlóidh sí arís, a mhéid a bhain leis an Téaváin, is ar bhonn na bhfíoras a bhí le fáil a bunaíodh iad, go háirithe an fhaisnéis san iarraidh ar an athbhreithniú éaga, i gcomhar le foinsí eile faisnéise, cuir i gcás staitisticí trádála maidir le hallmhairí agus onnmhairí (Eurostat agus GTA).

3.2.2.   Leanúint de dhumpáil na n-allmhairí le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin

3.2.2.1.   Gnáthluach

(144)

Mar a luaitear in aithrisí (140)-(142) thuas, thug an neamhchomhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin sa Téaváin ar an gCoimisiún fíorais a bhí le fáil a úsáid chun an gnáthluach a shuí. Chuige sin, úsáideadh an fhaisnéis a chuir an t-iarratasóir isteach.

(145)

Chun an gnáthluach a shuí, bhain an Coimisiún úsáid as na meánphraghsanna díola intíre coigeartaithe sa Téaváin le haghaidh ghráid agus toisí éagsúla SSCR in 2019, mar a chuir an t-iarratasóir ar fáil bunaithe ar fhaisnéis an mhargaidh. De réir an iarratasóra, ba ghá na praghsanna sin a choigeartú go leibhéal brabúsach toisc gur measadh go raibh praghsanna díola intíre sa Téaváin ag cailleadh airgid, ós rud é go raibh praghsanna faoi bhrú ón méid mór allmhairí a bhí ag teacht isteach i margadh na Téaváine.

(146)

Chinn an Coimisiún go raibh barúil an iarratasóra réasúnach, is é sin go raibh praghsanna díola intíre sa Téaváin ag cailleadh airgid agus gur ghá iad a choigeartú dá bhrí sin, toisc go raibh de thacaíocht ag an mbarúil sin ní hamháin go ndeachaigh allmhairí isteach níos mó ná riamh i margadh na Téaváine ach chomh maith leis sin gur thuairiscigh an táirgeoir is mó sa Téaváin a dhéanann an táirge faoi athbhreithniú caillteanas foriomlán ina thuarascáil bhliantúil in 2019 (61).

(147)

Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 2(3) den bhun-Rialachán, ríomhadh an gnáthluach trí bhrabús réasúnta a chur leis an bpraghas díola neamhbhrabúsach, praghas a mheastar go n-áirítear leis an costas táirgthe mar aon le costais díola, ghinearálta agus riaracháin (“costais SGA”) arna dtabhú ag an táirgeoir onnmhairiúcháin neamhchomhoibríoch trí dhíolacháin intíre an táirge chomhchosúil. In éagmais aon bhrabús eile a bhí iontaofa agus fíoraithe, d’úsáid an Coimisiún an brabús a mhaígh an t-iarratasóir a bheith ann, i.e. 6 %. Ní raibh aon léiriú ag an gCoimisiún go sáródh an brabús sin an gnáthchorrlach brabúis arna ghnóthú ag táirgeoir onnmhairiúcháin.

3.2.2.2.   An praghas onnmhairiúcháin

(148)

Mar gheall ar an neamhchomhoibriú ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin sa Téaváin, bhí ar an gCoimisiún úsáid a bhaint as na fíorais a bhí le fáil chun an praghas onnmhairiúcháin a shuí.

(149)

Dá bhrí sin, is ar bhonn phraghsanna na n-onnmhairí ón Téaváin a mhéid a bhaineann leis an táirge faoi athbhreithniú a socraíodh an praghas onnmhairiúcháin, mar a tuairiscíodh in Eurostat. Eisíodh onnmhairí ó Chia Far Factory Tionscail Co., Ltd ón ríomh seo, arb é an t-aon táirgeoir ón Téaváin a raibh dleacht frithdhumpála 0 % aige agus a bhí eisiata go foirmiúil ó na himeachtaí dá bhrí sin. I dtéarmaí méideanna, is lú ná 10 % d’allmhairí ón Téaváin na hallmhairí sin. Praghsanna CAL Eurostat a fuarthas ar an gcaoi sin, socraíodh iad ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha trí chostais last-táille agus árachais, agus an costas iompair intíre sa Téaváin a asbhaint (62).

3.2.2.3.   Comparáid

(150)

Rinne an Coimisiún comparáid idir an gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin an táirge faoi athbhreithniú ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha.

(151)

Léiríodh sa chomparáid thuas corrlach dumpála ar leibhéal náisiúnta le haghaidh na n-onnmhairí ón Téaváin chuig an Aontas, arna shloinneadh mar chéatadán de luach CAL 12 %. Is é an chonclúid ar thángthas air dá bhrí sin gur leanadh den dumpáil le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

3.2.2.4.   Conclúid

(152)

Ba é conclúid an Choimisiúin dá bhrí sin gur leanadh den dumpáil ón Téaváin le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Tugann an Coimisiún dá aire freisin gurbh ann do mhéideanna suntasacha na n-onnmhairí dumpáilte, arbh é a bhí i gceist leo 5,3 % de mhargadh an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

3.2.3.   An dóchúlacht go leanfar den dumpáil má ligtear do na bearta dul in éag

(153)

Rinne an Coimisiún imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil, má ligtear do na bearta dul in éag. Rinneadh anailís ar na heilimintí breise seo a leanas: an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa Téaváin, tarraingteacht mhargadh an Aontais agus an gaol idir praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha agus leibhéal na bpraghsanna san Aontas.

3.2.3.1.   An acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa Téaváin

(154)

De réir na sonraí a chuir an t-iarratasóir ar fáil, 638 000 tona a bhí i gceist le hacmhainneachtaí breise tháirgeoirí na Téaváine in 2019, méid arb ionann é agus sciar 18,5 % de mhargadh an Aontais.

(155)

Ar bhonn an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil acmhainneachtaí breise suntasacha ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Téaváine, acmhainneachtaí a d’fhéadfaidís a úsáid chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh lena onnmhairiú chuig an Aontas dá ligfí do na bearta dul in éag.

3.2.3.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(156)

San imscrúdú, suíodh gurb é an tAontas an dara margadh aonair is mó le haghaidh an táirge faoi athbhreithniú ó thaobh méide de, taobh thiar den tSín, agus tomhaltas iomlán is airde ná 3,2 milliún tona le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin (féach aithris (172)) ag baint leis. Tá tábhacht ar leith ag baint le méid mhargadh an Aontais, rud a chuireann lena tharraingteacht.

(157)

D’ainneoin na mbeart frithdhumpála atá i bhfeidhm, lean táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Téaváine de mhéideanna suntasacha SSCR a dhíol le margadh an Aontais, rud a fhágann gurb é go mór fada an margadh onnmhairiúcháin is tábhachtaí atá aige (féach aithris (160)). Léiríonn an méid sin freisin gur ceann sprice tábhachtach é margadh an Aontais a bhfuil leas ag baint leis le haghaidh an tionscail sin sa Téaváin.

(158)

Léiríonn na cúinsí sin gur margadh onnmhairiúcháin tarraingteach é an tAontas le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Téaváine.

3.2.3.3.   An gaol idir na praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha agus leibhéal na bpraghsanna san Aontas

(159)

In éagmais comhoibriú ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Téaváine, is bunaithe ar shonraí ó GTA a bhí an chomparáid a rinneadh idir praghsanna onnmhairiúcháin na Téaváine chuig an Aontas agus praghsanna onnmhairiúcháin na Téaváine chuig margaí onnmhairiúcháin eile le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(160)

De réir bhunachar sonraí GTA, le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, ba é an tAontas an margadh onnmhairiúcháin ba thábhachtaí don Téaváin (22 % d’onnmhairí). Ba í an Tuirc an dara ceann sprice ba thábhachtaí don Téaváin (7 % d’onnmhairí), agus bhí 11 thír ina diaidh a raibh 3 % - 6 % d’onnmhairí na Téaváine i gceist leo. Rinne an Coimisiún amach go raibh praghsanna onnmhairiúcháin na Téaváine chuig an Tuirc, mar aon le praghsanna onnmhairiúcháin chuig cuid de na 11 thír sin, ní b’ísle (agus i bhfad ní b’ísle, cuid den am) ná praghsanna onnmhairiúcháin chuig an Aontas.

(161)

An sciar seasmhach den mhargadh a bhí ag onnmhairí na Téaváine san Aontas le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, ar sciar suntasach é, is deimhniú é gur tharraingteach iad praghsanna chuig an Aontas.

(162)

Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, a mhéid a bhaineann leis an difríocht i leibhéal na bpraghsanna idir praghsanna onnmhairiúcháin na Téaváine chuig an Aontas, ar thaobh amháin, agus praghsanna onnmhairiúcháin na Téaváine chuig a príomh-mhargaí onnmhairiúcháin eile, ar an taobh eile, gur dreasacht shoiléir í an difríocht sin do tháirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Téaváine an dumpáil a rinneadh i margadh an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin a mhéadú a thuilleadh.

3.2.3.4.   Conclúid maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil

(163)

Léirigh an t-imscrúdú gur lean onnmhairí na Téaváine de bheith ag teacht isteach i margadh an Aontais ar phraghsanna dumpáilte le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(164)

Ina theannta sin, rinne an Coimisiún amach go bhfuil an acmhainneacht bhreise sa Téaváin sách suntasach agus gurb é atá i gceist léi 18,5 % de thomhaltas iomlán an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(165)

Thairis sin, ó tharla go bhfuil margadh an Aontais ar cheann de na margaí is mó ar domhan agus gur lean táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Téaváine de bheith ag díol méideanna suntasacha ar an margadh sin d’ainneoin na mbeart atá i bhfeidhm, ba léiriú é an méid sin ar tharraingteacht an Aontais.

(166)

Ina theannta sin, léirigh an t-imscrúdú go raibh praghsanna na n-onnmhairí ón Téaváin chuig roinnt margaí tábhachtacha i dtríú tíortha i bhfad ní b’ísle ná praghsanna díola na Téaváine leis an Aontas.

(167)

I bhfianaise a bhfuil thuas, ba é conclúid an Choimisiúin go bhfuil dóchúlacht láidir ann go leanfaidh an Téaváin den dumpáil agus gur dócha go dtiocfaidh méadú suntasach ar allmhairí ar phraghsanna dumpáilte má ligtear do na bearta dul in éag.

(168)

Dá bharr sin, ba é conclúid an Choimisiúin gur dócha go leanfar den dumpáil mura gcuirtear síneadh leis na bearta.

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(169)

Rinne 13 tháirgeoir aitheanta san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Is iad “tionscal an Aontais” iad de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

(170)

Suíodh gur thart ar 3,1 milliún tona a bhí i gceist le táirgeacht iomlán an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Tháinig an Coimisiún ar an bhfigiúr sin trí bhíthin na faisnéise uile a bhí le fáil maidir le tionscal an Aontais, is í sin na freagraí ceistneora a cros-seiceáladh go cianda agus a fuarthas ó Eurofer agus ó tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(171)

Mar a shonraítear in aithris (13), roghnaíodh trí tháirgeoir de chuid an Aontais sa sampla, táirgeoirí a raibh breis agus 60 % de tháirgeacht iomlán an táirge chomhchosúil acu san Aontas. Is táirgeoirí atá comhtháite go hingearach iad uile.

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(172)

Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn na nithe seo a leanas: (a) sonraí cros-seiceáilte Eurofer a bhaineann le tionscal an Aontais a bheith ag díol an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhghaolmhara, cibé díolacháin dhíreacha nó indíreacha, ar sonraí iad a chros-seiceáiltear go páirteach le táirgeoirí sampláilte an Aontais; agus (b) allmhairí an táirge faoi athbhreithniú ó gach tríú tír mar a tuairiscíodh in Eurostat.

(173)

Tháinig forbairt ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 2

Tomhaltas an Aontais (tonaí)

 

2017

2018

2019

Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin

Tomhaltas an Aontais

3 691 581

3 725 022

3 450 240

3 197 395

Innéacs

100

101

93

87

Foinse: Eurofer, táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais agus Eurostat

(174)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 13 % ar thomhaltas an Aontais.

4.3.   Allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

4.3.1.   Méid na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus an sciar den mhargadh atá i gceist leo

(175)

Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ar bhonn staitisticí Eurostat. Is de réir thomhaltas an Aontais a suíodh an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí, mar a leagtar amach in aithris (171).

(176)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann le linn na tréimhse lena mbaineann:

Tábla 3

Méideanna na n-allmhairí (tonaí) agus an sciar den mhargadh a bhaineann leo

 

2017

2018

2019

Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin

Daon-Phoblacht na Síne

7 543

7 493

9 816

12 546

Innéacs

100

99

130

166

An sciar den mhargadh

0,2 %

0,2 %

0,3 %

0,4 %

Innéacs

100

98

139

192

An Téaváin

194 430

213 577

178 758

159 110

Innéacs

100

110

92

82

An sciar den mhargadh

5,3 %

5,7 %

5,2 %

5,0 %

Innéacs

100

109

98

94

Iomlán na dtíortha lena mbaineann

201 973

221 070

188 574

171 656

Innéacs

100

109

93

85

An sciar den mhargadh

5,5 %

5,9 %

5,5 %

5,4 %

Innéacs

100

108

100

98

Foinse: Eurostat

(177)

Bhí allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne an-íseal le linn na tréimhse faoi bhreathnú cé gur tháinig méadú 66 % orthu le linn na tréimhse sin agus gur tháinig méadú faoi dhó ar a sciar den mhargadh.

(178)

Bhí méadú 10 % ar allmhairí ón Téaváin ó 2017 go 2018, ach tháinig laghdú 28 bpointe céatadáin orthu idir 2018 agus tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, rud a d’fhág gur thart ar 5,5 % a bhí i gceist leis an sciar den mhargadh a bhí acu.

(179)

Na hallmhairí ó tháirgeoir onnmhairiúcháin amháin ón Téaváin ar suíodh san imscrúdú bunaidh nach raibh dumpáil ar siúl aige, mar a mhínítear in aithris (4), baineadh na hallmhairí sin as na hallmhairí dumpáilte san anailís díobhála. Ar chúiseanna rúndachta, ní féidir méid na n-allmhairí sin ná an sciar den mhargadh a bhaineann leo a nochtadh, ach suíodh gur méid an-bheag atá i gceist mar aon le sciar den mhargadh atá go mór faoi bhun 1 %, agus ní dhearna siad difear don chaoi ar fhorbair méid na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus an sciar den mhargadh a bhaineann leis na hallmhairí sin.

4.3.2.   Praghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus sladghearradh praghais

(180)

Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn sonraí ó Eurostat.

(181)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghas ualaithe na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 4

Praghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann (EUR/tonaí)

 

2017

2018

2019

Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin

Daon-Phoblacht na Síne

2 376

2 352

2 293

2 228

Innéacs

100

99

96

94

An Téaváin

1 658

1 749

1 687

1 657

Innéacs

100

106

102

100

Foinse: Eurostat

(182)

Maidir le hallmhairí ón Téaváin, tugadh méadú faoi deara ar an meánphraghas in aghaidh an aonaid idir 2017 agus 2018, ach idir 2018 agus tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin thit praghas na n-allmhairí ón Téaváin arís go dtí an leibhéal a bhí ann in 2017. Bhí meánphraghsanna na n-allmhairí ón Téaváin faoi bhun mheánphraghsanna thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú ar fad.

(183)

Na hallmhairí ón táirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Téaváine ar suíodh san imscrúdú bunaidh nach raibh dumpáil ar siúl aige, ní raibh aon tionchar ag na hallmhairí sin ar leibhéal ná ar threocht mheánphraghas aonaid na n-allmhairí ón Téaváin, ó tharla gur méid beag a bhí i gceist leo.

(184)

Maidir le praghas na n-allmhairí ón tSín, bhí treocht laghdaitheach ann le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a d’fhág go raibh praghas 6 % ní b’ísle ann le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin i gcomparáid leis an bpraghas a bhí ann ag tús na tréimhse faoi bhreathnú. Bhí meánphraghas aonaid na n-allmhairí ón tSín ní b’airde ná na meánphraghsanna aonaid i dtionscal an Aontais, ach bhí méideanna na n-allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne an-bheag (i.e. sciar 0,4 % den mhargadh).

(185)

Toisc nach raibh aon chomhoibriú ann ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne agus sa Téaváin, rinne an Coimisiún an sladghearradh praghais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin a chinneadh trí chomparáid a dhéanamh idir na nithe seo a leanas:

(a)

an meánphraghas díola ualaithe i gcás trí tháirgeoir sampláilte de chuid an Aontais, praghas a gearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara ar mhargadh an Aontais agus arna shocrú ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha; agus

(b)

meánphraghsanna ualaithe comhfhreagracha na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann chuig margadh an Aontais, arna suí ar bhonn costais, árachais, last-táille (CAL) mar a tuairiscíodh in Eurostat, lena n-áirítear an dleacht frithdhumpála leis na coigeartuithe iomchuí le haghaidh costais iar-allmhairiúcháin san áireamh inti.

(186)

Na hallmhairí ón táirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Téaváine ar suíodh san imscrúdú bunaidh nach raibh dumpáil ar siúl aige, eisiadh na hallmhairí sin ón ríomh seo maidir le sladghearradh praghsanna.

(187)

Sloinneadh toradh na comparáide mar chéatadán den láimhdeachas a bhí ag táirgeoirí sampláilte an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(188)

Léirigh an chomparáid go raibh sladghearradh 16,9 % ar an meán i margadh an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin i gcás allmhairí ón Téaváin, d’ainneoin na ndleachtanna frithdhumpála a cuireadh i bhfeidhm.

(189)

Níor ghearr na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne faoi phraghsanna mhargadh an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, ós rud é go raibh na praghsanna le dleachtanna frithdhumpála san áireamh iontu ní b’airde ná praghsanna thionscal an Aontais. Nuair a dhéantar scrúdú ar phraghsanna onnmhairiúcháin na Síne chuig tríú tíortha eile (63), áfach, rinne na praghsanna sin sladghearradh 29,3 % ar phraghsanna mhargadh an Aontais. Ina theannta sin, de réir mar a mhínítear in aithris (249), bheadh corrlach gearrdhíola 6,7 % ann mar thoradh ar na praghsanna allmhairiúcháin atá ann faoi láthair gan dleachtanna frithdhumpála, cé go bhfuil siad fós beagán níos airde ná praghsanna thionscal an Aontais (64).

4.4.   Allmhairí ó thríú tíortha seachas Daon-Phoblacht na Síne agus an Téaváin

(190)

Is ón gCóiré, ón India agus ón Indinéis go príomha a tháinig allmhairí an táirge faoi athbhreithniú ó thríú tíortha seachas Daon-Phoblacht na Síne agus an Téaváin.

(191)

Is mar seo a leanas a d’fhorbair méid na n-allmhairí, mar aon leis an sciar den mhargadh agus na treochtaí praghais a bhain le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú ó thríú tíortha eile:

Tábla 5

Allmhairí ó thríú tíortha

Tír

 

2017

2018

2019

Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin

Poblacht na Cóiré

Méid (tonaí)

147 695

165 812

160 947

164 429

 

Innéacs

100

112

109

111

 

An sciar den mhargadh

4,0 %

4,5 %

4,7 %

5,1 %

 

Innéacs

100

111

117

129

 

Meánphraghas (EUR/tona)

1 858

1 944

1 860

1 855

 

Innéacs

100

105

100

100

An India

Méid (tonaí)

114 508

120 631

105 251

108 777

 

Innéacs

100

105

92

95

 

An sciar den mhargadh

3,1 %

3,2 %

3,1 %

3,4 %

 

Innéacs

100

104

98

110

 

Meánphraghas (EUR/tona)

2 079

2 173

2 075

2 073

 

Innéacs

100

104

100

100

An Indinéis

Méid (tonaí)

13 830

34 648

72 739

89 131

 

Innéacs

100

251

526

644

 

An sciar den mhargadh

0,4 %

0,9 %

2,1 %

2,8 %

 

Innéacs

100

248

563

744

 

Meánphraghas (EUR/tona)

1 818

1 923

1 917

1 962

 

Innéacs

100

106

105

108

Tríú tíortha eile

Méid (tonaí)

478 128

471 816

392 470

332 866

 

Innéacs

100

99

82

70

 

An sciar den mhargadh

13 %

13 %

11 %

10 %

 

Innéacs

100

98

88

80

 

Meánphraghas (EUR/tona)

2 267

2 865

2 940

2 978

 

Innéacs

100

126

130

131

Iomlán na dtríú tíortha uile seachas na tíortha lena mbaineann

Méid (tonaí)

754 161

792 907

731 407

695 203

 

Innéacs

100

105

97

92

 

An sciar den mhargadh

20 %

21 %

21 %

22 %

 

Innéacs

100

104

104

106

 

Meánphraghas (EUR/tona)

2 150

2 205

2 096

2 091

 

Innéacs

100

103

97

97

Foinse: Eurostat

(192)

Tháinig méadú ar allmhairí ón gCóiré le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a d’fhág gur mhéadaigh a sciar den mhargadh ó 4,0 % in 2017 go 5,1 % le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Mar sin féin, bhí praghsanna na n-allmhairí ón gCóiré thart ar 9 % ní b’airde ná praghsanna na dtíortha lena mbaineann (65) le linn na tréimhse faoi bhreathnú ar fad.

(193)

Tháinig méadú ar allmhairí ón India ó 2017 go 2018, ach laghdaíodh iad ina dhiaidh sin. Is rud é sin ba chúis le titim fhoriomlán i ndearbhthéarmaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar sin féin, ní raibh an laghdú ar allmhairí ón India chomh dian céanna leis an laghdú foriomlán ar thomhaltas an Aontais agus, dá bhrí sin, tháinig méadú fós ar an sciar den mhargadh a bhí ag an India, ó 3,1 % in 2017 go 3,4 % le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(194)

Méid na n-allmhairí ón Indinéis le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú beagnach 6,5 uair níos mó orthu agus mhéadaigh a sciar den mhargadh ó 0,4 % go 2,8 %.

(195)

Mar a mhínítear in aithris (8), allmhairí SSCR de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise, is faoi réir imscrúdú frithdhumpála comhthreomhar atá siad (66), agus suíodh go sealadach (67) go raibh siad á ndumpáil agus go raibh siad ag gearradh faoi phraghsanna thionscal an Aontais.

(196)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú ar allmhairí ó thríú tíortha, ó thaobh dearbhmhéideanna agus sciar den mhargadh de araon. Na meánphraghsanna díola ó thríú tíortha eile, b’airde i gcónaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú iad ná na meánphraghsanna onnmhairiúcháin ualaithe ó na tíortha lena mbaineann agus na praghsanna díola de chuid tháirgeoirí an Aontais.

4.5.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.5.1.   Barúlacha ginearálta

(197)

I gcomhréir le hAirteagal 3(5) den bhun-Rialachán, mar chuid den scrúdú ar thionchar na n-allmhairí dumpáilte ar thionscal an Aontais, rinneadh meastóireacht ar na táscairí eacnamaíocha uile a raibh baint acu le staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(198)

Mar a luaitear in aithris (13), baineadh úsáid as sampláil chun a chinneadh ar bhain aon díobháil do thionscal an Aontais.

(199)

Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn sonraí ón bhfreagra a thug Eurofer ar an gceistneoir a bhain le táirgeoirí uile an Aontais, agus rinne siad cros-seiceáil nuair ba ghá leis na freagraí ón gceistneoir ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn na sonraí a bhí sna freagraí ar an gceistneoir ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. Rinneadh cros-seiceáil chianda ar an dá thacar sonraí agus cinneadh go raibh siad ionadaíoch ó thaobh staid eacnamaíoch thionscal an Aontais de.

(200)

Seo a leanas na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, méid na ndíolachán, an sciar den mhargadh, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh tar éis dumpáil a tharla roimhe seo.

(201)

Seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, stoic, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí.

4.5.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.5.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(202)

Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 6

Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2017

2018

2019

Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin

Táirgeacht iomlán an Aontais (tonaí)

3 708 262

3 640 429

3 379 817

3 111 804

Innéacs

100

98

91

84

Acmhainneacht táirgeachta (tonaí)

4 405 623

4 517 379

4 530 146

4 572 365

Innéacs

100

103

103

104

Úsáid acmhainneachta

84 %

81 %

75 %

68 %

Innéacs

100

96

89

81

Foinse: Eurofer

(203)

Tháinig géarlaghdú 16 % ar mhéid táirgeachta thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Na figiúirí acmhainneachta a tuairiscíodh, tagraíonn siad d’acmhainneacht iarbhír, rud a thugann le fios gur cuireadh coigeartuithe san áireamh, ar gnáth-choigeartuithe iad sa tionscal sin, maidir le ham cur ar bun, cothabháil, scrogaill táirgeachta agus gnáthstopadh eile. Tar éis fhorchur na mbeart bunaidh, chuir roinnt táirgeoirí de chuid an Aontais tús le nuachóiriú ar a n-acmhainneacht táirgeachta. Mar thoradh ar an nuachóiriú sin, tháinig méadú beag 4 % ar an acmhainneacht táirgeachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(204)

I ngeall ar an táirgeacht laghdaithe agus ar an méadú beag ar acmhainneacht, tháinig laghdú 19 % ar an úsáid acmhainneachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus thit sé faoi bhun 70 % le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

4.5.2.2.   Méid na ndíolachán agus an sciar den mhargadh

(205)

Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mhéid díolachán thionscal an Aontais agus ar a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 7

Méid na ndíolachán agus an sciar den mhargadh

 

2017

2018

2019

Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin

Díolacháin thionscal an Aontais (tonaí)

2 735 448

2 711 044

2 530 259

2 330 537

Innéacs

100

99

92

85

An sciar den mhargadh

74,1 %

72,8 %

73,3 %

72,9 %

Innéacs

100

98

99

98

Foinse: Eurofer agus Eurostat

(206)

Tháinig laghdú 15 % ar mhéid na ndíolachán a bhí ag tionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. I ngeall air sin, tháinig laghdú 1,2 pointe céatadáin ar a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

4.5.2.3.   Fás

(207)

Na figiúirí thuas i leith mhéid na táirgeachta agus na ndíolachán i ndearbhthéarmaí, figiúirí a léiríonn go soiléir gurbh ann do threocht laghdaitheach le linn na tréimhse faoi bhreathnú, is rud é a thaispeánann nach raibh tionscal an Aontais in ann fás a bhaint amach i ndearbhthéarmaí. An fás beag a baineadh amach ó thaobh tomhaltais de, tharla sé toisc go ndearna tionscal an Aontais an cinneadh go n-ísleodh sé a phraghsanna díola mar gheall ar an mbrú praghsanna ó na hallmhairí dumpáilte.

4.5.2.4.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(208)

Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 8

Fostaíocht agus táirgiúlacht

 

2017

2018

2019

Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin

Líon na bhfostaithe

13 411

13 495

13 968

13 660

Innéacs

100

101

104

102

Táirgiúlacht (tonaí in aghaidh an bhaill foirne)

277

270

242

228

Innéacs

100

98

88

82

Foinse: Eurofer

(209)

Leibhéal na fostaíochta i dtionscal an Aontais a bhain le táirgeadh SSCR, tháinig méadú 4 % air idir 2017 agus 2019 agus bhí laghdú 2 phointe céatadáin ann idir 2019 agus tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, rud a d’fhág go raibh méadú 2 % ann le linn na tréimhse faoi bhreathnú. I bhfianaise ghéarlaghdú na táirgeachta, le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú suntasach 18 % ar tháirgiúlacht lucht saothair thionscal an Aontais, arna tomhas mar thonaí a tháirgtear in aghaidh na bliana de réir an fhostaí (de réir coibhéis lánaimseartha).

4.5.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo

(210)

Ba é conclúid an Choimisiúin in aithris (123) agus aithris (152) gur leanadh den dumpáil ó na tíortha lena mbaineann le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid freisin gur dócha go dtarlódh an dumpáil ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ón Téaváin arís, dá mba rud é nach gcuirfí síneadh leis na bearta.

(211)

Thairis sin, sa nós imeachta frithdhumpála comhthreomhar maidir le hallmhairí SSCR ón India agus ón Indinéis, shuigh an Coimisiún go sealadach go raibh tionchar suntasach ag allmhairí dumpáilte ó na tíortha sin ar staid thionscal an Aontais freisin.

(212)

Léiríonn na táscairí maicreacnamaíocha a scrúdaítear thuas gur d’ainneoin na mbeart frithdhumpála atá i bhfeidhm ó bhí 2015 ann, go bhfuil díobháil á déanamh do staid thionscal an Aontais i gcónaí. Dá réir sin, níorbh fhéidir aon téarnamh ón dumpáil roimhe seo a shuí agus tá tionscal an Aontas fós go mór i mbaol ó na héifeachtaí díobhálacha ó allmhairí dumpáilte ar mhargadh an Aontais.

4.5.3.   Táscairí micreacnamaíocha

4.5.3.1.   Praghsanna, agus na tosca a mbíonn tionchar acu ar phraghsanna

(213)

Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí de chuid an Aontais le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 9

Praghsanna díola san Aontas

 

2017

2018

2019

Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin

An meánphraghas díola aonaid (EUR/tona)

2 252

2 312

2 206

2 175

Innéacs

100

103

98

97

Costas aonaid an táirgthe (EUR/tona)

1 958

2 064

2 019

2 013

Innéacs

100

105

103

103

Foinse: Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

(214)

Tar éis méadú beag 3 % ó 2017 go 2018, tháinig laghdú 6 phointe céatadáin ar mheánphraghsanna díola aonaid ó 2018 go dtí tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, rud a d’fhág go raibh laghdú 3 % ann le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Le linn na tréimhse céanna, bhí méadú comhuaineach 5 % ar chostais táirgthe, agus ina dhiaidh sin shocraigh siad ar leibhéal costais a bhí 3 % ní b’airde ná mar a bhí ag tús na tréimhse faoi bhreathnú. Ba iad na méaduithe ar praghsanna amhábhair, amhail nicil agus fearócróimiam, ba mhó a ndeachaigh i bhfeidhm ar an gcostas. Mar gheall ar na hallmhairí dumpáilte a bheith ag brú síos na bpraghsanna, ní raibh tionscal an Aontais in ann an t-ardú costais sin a chur isteach lena phraghsanna díola agus ina theannta sin cuireadh iallach air a phraghsanna díola a ísliú.

4.5.3.2.   Costais saothair

(215)

Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 10

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2017

2018

2019

Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

72 366

70 663

71 659

70 324

Innéacs

100

98

99

97

Foinse: Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

(216)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 3 % ar mheánchostais saothair in aghaidh an fhostaí de chuid tháirgeoirí sampláilte an Aontais. Is rud é sin a léiríonn go raibh táirgeoirí an Aontais in ann costais saothair a laghdú chun dul i ngleic le dálaí an mhargaidh a bhí ag dul in olcas agus iad ag iarraidh an díobháil a mhaolú.

4.5.3.3.   Fardail

(217)

Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 11

Fardail

 

2017

2018

2019

Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin

Stoic dheiridh (tonaí)

125 626

148 777

125 480

98 835

Innéacs

100

118

100

79

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht

5,54 %

6,53 %

6,09 %

5,13 %

Innéacs

100

118

110

93

Foinse: Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

(218)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 21 % ar leibhéal na stoc deiridh. Bhí an treocht sin ag teacht leis an laghdú ar an méid táirgeachta. An chuid is mó de chineálacha an táirge chomhchosúil, táirgeann tionscal an Aontais iad de réir orduithe sonracha ó na húsáideoirí. Dá bhrí sin, meastar nach tábhachtach an táscaire díobhála iad na stoic i gcás an tionscail sin. Ina theannta sin, deimhnítear an méid sin freisin trí anailís a dhéanamh ar threocht na stoc deiridh mar chéatadán den táirgeacht. Mar is léir thuas, luainigh an táscaire seo idir 5 % agus 7 % den mhéid táirgeachta a bhí ag na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

4.5.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a thiomsú

(219)

Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar bhrabúsacht, ar shreabhadh airgid, ar infheistíochtaí agus ar thoradh ar infheistíochtaí na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 12

Brabúsacht, sreabhadh airgid, toradh ar infheistíochtaí

 

2017

2018

2019

Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

7,6 %

6,0 %

1,5 %

0,4 %

Innéacs

100

79

19

6

Sreabhadh airgid (EUR)

387 200 359

273 674 277

237 840 311

184 024 688

Innéacs

100

71

61

48

Infheistíochtaí (EUR)

111 578 442

111 637 871

96 541 925

96 585 152

Innéacs

100

100

87

87

Toradh ar infheistíochtaí

20 %

15 %

6 %

4 %

Innéacs

100

75

31

20

Foinse: Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

(220)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais trí ghlanbhrabús réamhchánach ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin.

(221)

Thit an bhrabúsacht fhoriomlán ó 7,6 % in 2017 go 0,4 % le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Gach táscaire airgeadais eile, i.e. sreabhadh airgid, infheistíochtaí, agus toradh ar shócmhainní, is léir gur lean siad an treocht anuas chéanna.

(222)

Is ionann an glansreabhadh airgid agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Léiríodh go raibh an sreabhadh airgead ag laghdú go leanúnach le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a d’fhág go raibh sé ar leibhéal a bhí 52 % ní b’ísle le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin ná mar a bhí ag tús thréimhse an imscrúdaithe.

(223)

Is éard atá i gceist le hinfheistíochtaí, glanluach na sócmhainní de réir na leabhar. Tar éis iad a bheith socair ó 2017 go 2018, tháinig géarlaghdú 13 phointe céatadáin orthu ó 2018 go 2019. Is éard atá i gceist le toradh ar infheistíochtaí, an brabús mar chéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar, rud a léiríonn leibhéal dímheasa na sócmhainní. Tháinig laghdú leanúnach suntasach 80 % air le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(224)

An drochfheidhmíocht airgeadais i measc thionscal an Aontais idir 2017 agus tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, is rud é a chuir isteach ar a chumas caipiteal a thiomsú. Is tionscal atá dian ar chaipiteal é tionscal an Aontais agus baineann infheistíochtaí substaintiúla leis. Níor leor an toradh ar infheistíocht le linn na tréimhse faoi bhreathnú chun infheistíochtaí substaintiúla den sórt sin a chumhdach.

4.6.   Conclúid maidir le leanúint den díobháil

(225)

Léiríonn an chaoi ar fhorbair na macratháscairí agus na micreatháscairí le linn na tréimhse faoi bhreathnú gur in olcas a ndeachaigh an staid airgeadais maidir le tionscal an Aontais.

(226)

Léirigh an t-imscrúdú nach raibh aon réiteach ag tionscal an Aontais ar an mbrú praghsanna ó allmhairí dumpáilte ón Téaváin, ach a phraghsanna díola a ísliú chun a sciar den mhargadh a choinneáil (agus a ardú beagán fiú) le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig laghdú 3 % ar phraghsanna thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus san am céanna, faoi dhálaí iomaíochta córa, bheadh coinne leis go dtiocfadh méadú orthu de réir cóimheas atá inchomparáide leis an ardú ar an gcostas táirgthe, rud ar tháinig méadú 3 % air. Chuir an staid sin isteach go mór ar bhrabúsacht thionscal an Aontais, rud a d’ísligh 94 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú go dtí go raibh sé ar leibhéal an-íseal, leibhéal nach raibh inbhuanaithe, le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(227)

Tháinig laghdú suntasach ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus is ag teacht leis an treocht sin a bhí méideanna díolachán agus méideanna táirgeachta de chuid thionscal an Aontais araon. Tháinig méadú imeallach ar acmhainneacht táirgeachta, arbh é an rud ba chúis léi an t-ionchas dearfach i leith thionscal an Aontais a bhí ann tar éis fhorchur na mbeart bunaidh.

(228)

Mar sin féin, bhain géarlaghdú ó thaobh táirgiúlachta agus úsáid acmhainneachta de do tháirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ísliú na bhfigiúirí sin, is é an laghdú ar thomhaltas an Aontais mar aon le méadú comhuaineach na n-allmhairí dumpáilte ba chúis leis den chuid is mó, agus ní raibh an méadú beag ar fhostaíocht agus ar acmhainneacht ach ina mhionchuid den scéal.

(229)

Mar sin féin, is iad na táscairí airgeadais maidir le táirgeoirí an Aontais is mó a léiríonn an díobháil a bhain dóibh. I gcás thionscal an Aontais, tháinig méadú ar a chostais táirgthe le linn na tréimhse faoi bhreithniú, in éineacht le laghdú ar phraghsanna díola, rud a d’fhág gur thit a bhrabúsacht ó 7,6 % in 2017 go 0,4 % le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Is féidir forbairt dhiúltach den chineál céanna a thabhairt faoi deara maidir leis na táscairí airgeadais eile: infheistíochtaí (-13 %), toradh ar infheistíochtaí (-80 %) agus sreabhadh airgid (-52 %).

(230)

Dá réir sin, léiríonn na táscairí díobhála gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, de bhrí gur laghdaigh sé a phraghsanna díolacháin d’ainneoin a gcostais táirgthe a bheith ag méadú, rud a d’fhág gur chlis ar a bhrabúsacht go hiomlán, agus bhí drochthionchar aige sin ar infheistíochtaí, ar an toradh ar infheistíochtaí agus ar an sreabhadh airgid.

(231)

Ar bhonn a bhfuil thuas, bá é conclúid an Choimisiúin gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán.

5.   CÚISÍOCHT

(232)

I gcomhréir le hAirteagal 3(6) den bhun-Rialachán, d’fhéach an Coimisiún lena fháil amach ar bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann.

5.1.   Daon-Phoblacht na Síne

(233)

Maidir le Daon-Phoblacht na Síne, tugadh le fios san imscrúdú gur fhan méid na n-allmhairí os cionn leibhéil de minimis le linn na tréimhse faoi bhreathnú ar fad. Thairis sin, measadh go raibh praghsanna na n-allmhairí ón tSín ní b’airde le linn na tréimhse iomláine ná praghsanna thionscal an Aontais, agus níor ghearr siad faoi phraghsanna thionscal an Aontais.

(234)

I bhfianaise an mhéid thuas, chinn an Coimisiún nárbh fhéidir gurbh iad na hallmhairí ón tSín ba chúis leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais.

5.2.   An Téaváin

(235)

Maidir leis an Téaváin, chinn an Coimisiún maidir leis an mbrú síos praghsanna ó allmhairí dumpáilte gur toisc ríthábhachtach é a bhfuil drochthionchar aige ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais.

(236)

Cé is moite de na hallmhairí dumpáilte ón India agus ón Indinéis, tá tionchar ag allmhairí dumpáilte ó Téaváin ar iompar praghsanna i measc thionscal an Aontais i ngeall ar na méideanna a bhaineann leo, an sciar den mhargadh atá acu agus na praghsanna ísle atá orthu.

(237)

Mar fhreagairt ar an iomaíocht praghsanna ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Téaváine, bhí ar thionscal an Aontais a phraghsanna díolacháin a laghdú, rud a rinne dochar dá bhrabúsacht agus do tháscairí airgeadais eile. Thairis sin, fiú leis an laghdú sin ar phraghsanna, ní raibh táirgeoirí an Aontais in ann dul in iomaíocht le praghsanna na n-onnmhaireoirí ón Téaváin, praghsanna a bhí ní b’ísle ná praghsanna thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú ar fad, d’ainneoin na mbeart frithdhumpála a bhí i bhfeidhm.

(238)

I bhfianaise an mhéid thuas, chinn an Coimisiún gurbh iad na hallmhairí ón Téaváin ba chúis leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais.

(239)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh LSI agus Euranimi nárbh fhéidir gurbh iad na hallmhairí ón Téaváin ba chúis leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais toisc gur sheasmhach a sciar den mhargadh agus go raibh sé inchomparáide leis an sciar den mhargadh a bhí ag an gCóiré, tír nár bhain an t-imscrúdú seo léi.

(240)

Mar sin féin, d’ainneoin gur chomhchosúil iad na méideanna agus an sciar den margadh a bhí ag na hallmhairí ón Téaváin leis na hallmhairí ón gCóiré, bhí praghsanna na n-allmhairí ón Téaváin i bhfad ní b’ísle ná praghsanna na n-allmhairí ón gCóiré. Leanadh d’allmhairí ón Téaváin a dhumpáil freisin, ghearr siad faoi phraghsanna thionscal an Aontais agus socraíodh a phraghsanna ar leibhéal díobhálach, d’ainneoin na mbeart reatha a bhí i bhfeidhm an tráth sin freisin. Meastar go mbeidh na corrlaigh ghearrdhíola agus shladghearrtha ag méadú go fóill, má théann na bearta in éag.

(241)

Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaímh sin na bpáirtithe.

6.   AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN DÍOBHÁIL AGUS/NÓ GO dTARLÓIDH SÍ ARÍS

(242)

Ba é conclúid an Choimisiúin in aithris (231) gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. In aithris (238), chinn an Coimisiún freisin gurbh iad na hallmhairí ón Téaváin ba chúis leis an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, lena fháil amach an dócha go dtarlóidh an díobháil arís arbh í na hallmhairí ón tSín ba chúis léi, agus an dócha go leanfar den díobháil arbh iad na hallmhairí ón Téaváin ba chúis léi, má ligtear do na bearta dul in éag.

(243)

Chun a shuí an dócha go leanfar den díobháil agus/nó an dócha go dtarlóidh sí arís, an díobháil arbh í na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann ba chúis léi, d’fhéach an Coimisiún ar na heilimintí seo a leanas: (1) an acmhainneacht bhreise sna tíortha lena mbaineann agus tarraingteacht mhargadh an Aontais, agus (2) an tionchar ag allmhairí a d’fhéadfadh teacht isteach ó na tíortha sin ar staid thionscal an Aontais, agus leibhéil praghsanna na n-allmhairí sin, dá ligfí do na bearta dul in éag.

6.1.   Daon-Phoblacht na Síne

6.1.1.   Acmhainneacht bhreise

(244)

Mar a shonraítear in aithris (126), is mór an acmhainneacht bhreise atá ag táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín, acmhainneacht atá i bhfad níos mó ná méid na táirgeachta agus méid an tomhaltais inmheánaigh sa tír sin i láthair na huaire. An acmhainneacht bhreise seo, a bhfuil 62,5 % de thomhaltas iomlán an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin i gceist léi, d’fhéadfaí í a úsáid le haghaidh onnmhairí chuig an Aontais dá ligfí do na bearta dul in éag.

6.1.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(245)

Praghsanna na n-allmhairí ón tSín chuig a príomh-mhargaí i dtríú tíortha, bhí siad thart ar 30 % ní b’ísle ná a praghsanna onnmhairiúcháin chuig an Aontas agus na meánphraghsanna díola de chuid tháirgeoirí an Aontais ar mhargadh an Aontais araon.

(246)

Dá bhrí sin, agus leibhéal phraghsanna na n-allmhairí ón tSín chuig margaí i dtríú tíortha eile á gcur san áireamh, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé i bhfad ní ba tharraingtí do tháirgeoirí na Síne a dtáirgí a onnmhairiú chuig an Aontas. Thairis sin, más rud é, tar éis an imscrúdaithe frithdhumpála chomhthreomhair, go bhforchuirtear bearta frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí ón India agus ón Indinéis, meastar go n-ardóidh na praghsanna go dtí leibhéal cothrom, rud a chuirfidh le tarraingteacht mhargadh an Aontais. Ina theannta sin, sa chás seo, bheadh ní ba lú iomaíochta ó tháirgeoirí de chuid na hIndia agus na hIndinéise ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne ar an margadh Eorpach.

(247)

Dá bharr sin, is féidir a thuar go réasúnta, má théann na bearta in éag, go gcuirfidh táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne go mór le méideanna d’allmhairí dumpáilte an táirge faoi athbhreithniú san Aontas. Ó tharla gur mór an acmhainneacht bhreise atá ann i nDaon-Phoblacht na Síne, is mó a threisítear an t-ionchas sin.

6.1.3.   An tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne ar staid thionscal an Aontais má théann na bearta in éag

(248)

Scrúdaigh an Coimisiún leibhéal na bpraghsanna is dócha a bheadh ar allmhairí ón Téaváin dá ligfí do na bearta dul in éag, de réir leibhéal phraghsanna na n-allmhairí le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus a n-éifeacht ar staid thionscal an Aontais.

(249)

Mar a léirítear in aithris (233), praghsanna na n-allmhairí ón tSín le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus na dleachta frithdhumpála reatha ar áireamh iontu, bhí siad ní b’airde ná praghsanna thionscal an Aontais, agus ní cúis díobhála an leibhéal sin (68). Mar sin féin, na praghsanna allmhairiúcháin reatha, gan dleachta frithdhumpála a bheith ar áireamh iontu, cé go bhfuil siad fós beagán níos airde ná praghsanna thionscal an Aontais (69), is praghsanna iad a chruthódh corrlach gearrdhíola 7,1 % le hais an spriocphraghais arna shuí ar bhonn an chostais táirgthe a bhí ag tionscal an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, agus le hais spriocbhrabús 8,7 % arna shuí le linn an imscrúdaithe frithdhumpála chomhthreomhair i gcoinne na hIndia agus na Indinéise (70).

(250)

Thairis sin, leibhéal measartha ard na bpraghsanna atá ag allmhaireoirí na Síne ar mhargadh an Aontais, baineann sé le méideanna teoranta amháin, ar dócha gur táirgí speisialaithe ardchaighdeáin iad, más féidir iad a dhíol ar an margadh go fóill, d’ainneoin dleachtanna frithdhumpála de thart ar 25 % a bheith ann (71). Dá bhrí sin, praghsanna na n-allmhairí ón tSín chuig tríú tíortha a bhfuil méideanna ollmhóra i gceist leo, is cosúil go bhfuil siad níos ionadaíche ó thaobh an mheasúnaithe ar an tionchar a bheadh ag allmhairí a d’fhéadfadh teacht isteach ó Dhaon-Phoblacht na Síne ar staid thionscal an Aontais má théann na bearta in éag. Meánphraghsanna allmhairiúcháin reatha na Síne, gan dleachta frithdhumpála a chur orthu ag teorainn an Aontais, is praghsanna iad a chruthódh corrlach gearrdhíola 58,4 % le hais an spriocphraghais arna shuí ar bhonn an chostais táirgthe a bhí ag tionscal an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, agus le hais spriocbhrabús 8,7 % arna shuí le linn an imscrúdaithe frithdhumpála chomhthreomhair i gcoinne na hIndia agus na Indinéise.

(251)

Is rud é sin a léiríonn, i gcás ina ligfear do na bearta dul in éag, gur dócha go ndéanfar táirgí a allmhairiú ón tSín ar leibhéal praghsanna atá díobhálach, rud a mhéadódh an brú praghsanna ar thionscal an Aontais agus a d’fhágfadh go gcailleadh an tionscal méideanna díolachán, sin nó bheadh air a phraghsanna a ísliú.

6.1.4.   Conclúid

(252)

I bhfianaise na dtorthaí thuas, go háirithe an acmhainneacht bhreise i nDaon-Phoblacht na Síne, tarraingteacht mhargadh an Aontais, leibhéil na bpraghsanna ionchasacha ar allmhairí ón tSín in éagmais bearta frithdhumpála, agus tionchar na bpraghsanna sin ar thionscal an Aontais, thángthas ar an gconclúid, in éagmais na mbeart, gur dócha go dtiocfadh méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte ar phraghsanna díobhálacha ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus go dtarlódh an díobháil arís, an díobháil arbh iad allmhairí dumpáilte ó Dhaon-Phoblacht na Síne ba chúis léi i dtús báire.

(253)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh LSI agus Euranimi nár leor an fhianaise a sholáthair an Coimisiún lena chruthú go dtiocfadh allmhairí ón tSín ar ais ar phraghsanna sladghearrtha agus go ndéanfaidís díobháil amach anseo.

(254)

D’ainneoin mhaíomh na bpáirtithe, is ar fhíorais láidre a bhunaigh an Coimisiún a anailís.

(255)

Ar an gcéad dul síos, mar a mhínítear in aithris (121), d’ainneoin leibhéal praghsanna measartha ard a bheith ag onnmhaireoirí na Síne faoi láthair, lean siad de bheith ag dumpáil le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(256)

Ar an dara dul síos, mar a mhínítear in aithris (249), maidir le leibhéal reatha phraghsanna onnmhairiúcháin na Síne, is praghsanna iad a bheadh díobhálach cheana féin fiú in éagmais na ndleachtanna frithdhumpála, i.e. tá corrlach díobhála 7,1 % acu le hais spriocphraghas tháirgeoirí an Aontais.

(257)

Thairis sin, mar a mhínítear in aithris (250), dá mba rud é go laghdódh leibhéal phraghsanna na n-onnmhairí ón tSín chuig an Aontas go dtí leibhéal phraghsanna onnmhairiúcháin na Síne chuig tríú tíortha, is amhlaidh a d’ardódh an corrlach díobhála go dtí leibhéal 58,4 %, leibhéal a bheadh ina chúis mhór imní. Leibhéal na bpraghsanna chuig tríú tíortha, d’fhéadfaí a mheas mar leibhéal atá i bhfad níos ionadaíche ná leibhéal na bpraghsanna onnmhairiúcháin chuig an Aontais, i bhfianaise a laghad méideanna a bhí ann le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(258)

Ar deireadh, in aithris (244) thuas, léirítear go bhfuil acmhainneacht bhreise shuntasach ag Daon-Phoblacht na Síne ó thaobh an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh, rud a d’fhéadfaí a úsáid chun an táirge sin a onnmhairiú chuig an Aontais dá rachadh na mbearta in éag.

(259)

Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaímh sin na bpáirtithe.

6.2.   An Téaváin

6.2.1.   Acmhainneacht bhreise

(260)

Mar a shonraítear in aithris (154), is mór an acmhainneacht bhreise atá ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin sa Téaváin, acmhainneacht atá i bhfad níos mó ná méid na táirgeachta agus méid an tomhaltais inmheánaigh sa Téaváin i láthair na huaire. An acmhainneacht bhreise seo, a bhfuil 18,5 % de thomhaltas iomlán an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin i gceist léi, d’fhéadfaí í a úsáid le haghaidh onnmhairí chuig an Aontas dá ligfí do na bearta dul in éag.

6.2.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(261)

Praghsanna onnmhairiúcháin na Téaváine chuig tríú tíortha, fiú má bhí siad beagán ní b’airde ná praghsanna onnmhairiúcháin na Téaváine chuig an Aontas, rinneadh amach fós féin go raibh siad thart ar 17 % ní b’ísle ná praghsanna tháirgeoirí an Aontais ar mhargadh an Aontais.

(262)

Dá bhrí sin, agus leibhéal na bpraghsanna ar mhargadh an Aontais á gcur san áireamh, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé i bhfad ní ba tharraingtí do tháirgeoirí na Téaváine a dtáirgí a onnmhairiú chuig an Aontas seachas chuig tíortha eile.

(263)

Thairis sin, má fhorchuirtear bearta frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí ón India agus ón Indinéis, meastar go n-ardófar na praghsanna go dtí leibhéal cothrom, rud a chuirfidh le tarraingteacht mhargadh an Aontais. Ina theannta sin, sa chás seo, bheadh níos lú iomaíochta ó tháirgeoirí de chuid na hIndia agus na hIndinéise ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Téaváine ar an margadh Eorpach.

(264)

Dá bharr sin, is féidir a thuar go réasúnta, má théann na bearta in éag, go gcuirfidh táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Téaváine go mór le méideanna d’allmhairí dumpáilte an táirge faoi athbhreithniú san Aontas. Ó tharla gur mór an acmhainneacht bhreise atá ann sa Téaváin, is mó a threisítear an t-ionchas sin.

6.2.3.   An tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag allmhairí ón Téaváin ar staid thionscal an Aontais má théann na bearta in éag

(265)

Scrúdaigh an Coimisiún leibhéal na bpraghsanna is dócha a bheadh ar allmhairí ón Téaváin dá ligfí do na bearta dul in éag ar bhonn leibhéal praghsanna na n-allmhairí le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus a n-éifeacht ar staid thionscal an Aontais.

(266)

Mar a léirítear in aithris (261), praghsanna na n-allmhairí ón Téaváin agus na dleachtanna frithdhumpála ar áireamh iontu, bhí siad ag déanamh sladghearradh 16,9 % ar phraghsanna thionscal an Aontais. An corrlach sladghearrtha comhfhreagrach, is 36,8 % a bhí ann, le hais an spriocphraghais arna shuí ar bhonn an chostais táirgthe a bhí ag tionscal an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, agus le hais spriocbhrabús 8,7 % arna shuí le linn an imscrúdaithe frithdhumpála chomhthreomhair i gcoinne na hIndia agus na hIndinéise. Gan na dleachtanna frithdhumpála a bheith ann, mhéadódh na corrlaigh i gceist go dtí 22,1 % ó thaobh sladghearrtha de agus 43,6 % ó thaobh gearrdhíola de.

(267)

Is rud é sin a léiríonn, i gcás ina ligfear do na bearta dul in éag, gur dócha go ndéanfar táirgí a allmhairiú ón Téaváin ar leibhéal praghsanna díobhálach, rud a mhéadódh an brú praghsanna ar thionscal an Aontais agus a d’fhágfadh go gcaillfeadh an tionscal méid díolachán, sin nó bheadh air a phraghsanna a ísliú.

6.2.4.   Conclúid

(268)

I bhfianaise na dtorthaí thuas, go háirithe an acmhainneacht bhreise sa Téaváin, tarraingteacht mhargadh an Aontais, leibhéil na bpraghsanna ionchasacha ar allmhairí ón Téaváin in éagmais bearta frithdhumpála, agus tionchar na bpraghsanna sin ar thionscal an Aontais, thángthas ar an gconclúid gur, in éagmais na mbeart reatha, gur dócha go dtiocfadh méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte ar phraghsanna díobhálacha ón Téaváin agus go leanfaí den díobháil ábhartha.

7.   LEAS AN AONTAIS

(269)

I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún scrúdú le fáil amach an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais ina iomláine dá gcoinneofaí ar bun na bearta frithdhumpála atá ann cheana. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla uile lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais, na n-allmhaireoirí, na ndáileoirí agus na n-úsáideoirí.

(270)

Tugadh deis do gach páirtí leasmhar a chuid tuairimí a chur in iúl de bhun hAirteagal 21(2) den bhun-Rialachán.

7.1.   Leas thionscal an Aontais

(271)

Is éard atá i dtionscal an Aontais 13 tháirgeoir atá lonnaithe i roinnt Ballstát agus fostaíonn an tionscal 13 660 fostaí go díreach i ndáil leis an táirge atá faoi imscrúdú. Níor chuir aon cheann de tháirgeoirí an Aontais i gcoinne thionscnamh an imscrúdaithe. Mar a léirítear i roinn 4 thuas agus anailís á déanamh ar na táscairí díobhála, tháinig meath ar staid thionscal an Aontais ina iomláine agus bhí tionchar diúltach ag na hallmhairí dumpáilte air.

(272)

Má choinnítear na dleachtanna frithdhumpála ar bun, meastar go mbeidh tionscal an Aontais in ann a gcostais táirgthe a chumhdach, costais atá ag méadú, agus a staid airgeadais a fheabhsú, d’ainneoin na ndíolachán atá caillte acu de dheasca an mhargaidh a bheith ag laghdú. Dá thoradh sin, chuirfí feabhas ar bhrabúsacht thionscal an Aontais chun go rachadh sé i dtreo na leibhéal a mheastar a bheith riachtanach don tionscal seo atá dian ar chaipiteal. Meabhraítear gur léirigh roinnt táscairí díobhála tábhachtacha treocht dhiúltach le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Go háirithe, rinneadh difear an-mhór do tháscairí a bhaineann le feidhmíocht airgeadais na dtáirgeoirí de chuid an Aontais.

(273)

Cé gur chuir na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm bac ar allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann teacht isteach i margadh an Aontais den chuid is mó, bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais i ngeall ar allmhairí ar phraghsanna dumpáilte ón Téaváin le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Is dócha go rachaidh staid thionscal an Aontais in olcas mura gcuirtear síneadh leis na bearta agus má tharlaíonn an díobháil bhreise i ngeall ar allmhairí dumpáilte ón tSín arís.

(274)

Shuigh an Coimisiún go bhfuil díobháil fós ann i ngeall ar na hallmhairí ón Téaváin agus, i gcás ina rachaidh na bearta in éag, go bhfuil dóchúlacht láidir ann go dtarlóidh an díobháil arís, an díobháil arbh iad allmhairí ón tSín ba chúis léi i dtús báire. Bheadh rabharta de mhéideanna substaintiúla d’allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann ina chúis le tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais. Dhéanfadh sé sin staid thionscal an Aontais ní ba mheasa, staid a bhfuil díobháil á déanamh di cheana féin.

(275)

Ar an gcaoi sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chun leas thionscal an Aontais a bheadh sé más amhlaidh a choinneofaí na bearta frithdhumpála i gcoinne na dtíortha lena mbaineann ar bun.

7.2.   Leas na n-allmhaireoirí neamhghaolmhara, na dtrádálaithe agus na n-úsáideoirí

(276)

Chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis na hallmhaireoirí neamhghaolmhara, na trádálaithe agus na húsáideoirí aitheanta uile. Mar sin féin, níor thug aon cheann acu freagra ar an gceistneoir agus níor chomhoibrigh aon cheann acu san athbhreithniú éaga.

(277)

Tar éis an nochta, mhaígh Euranimi gus LSI go bhfuil ganntanas le sárú acu i ndáil le soláthar an táirge faoi athbhreithniú san Aontas, a bhfuil ganntanas soláthair na n-amhábhar ar fud an domhain ina chúis leis. Thairis sin, chruthaigh paindéim COVID-19 éagothroime idir soláthair agus éileamh agus is cúis í le hardú praghsanna agus ganntanas amhábhar agus SSCR. Ghéaraigh ganntanas SSCR a thuilleadh i ngeall ar an bearta coimirce maidir le cruach.

(278)

An cur isteach ar an slabhra soláthair i ngeall ar phaindéim COVID-19, is rud eisceachtúil é nach mbaineann le slabhra soláthair SSCR go sonrach. Léiríonn Tábla 5 thuas gur iomaí foinse soláthair a bhí ann agus gur tháinig méadú ar an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí ó thríú tíortha eile fiú le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus na bearta coimirce i bhfeidhm cheana féin. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, d’éirigh leis an gCóiré a honnmhairí chuig an Aontas a mhéadú i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhéiseacha agus d’fhan an Afraic Theas i margadh an Aontais freisin. Thairis sin, d’ainneoin na mbeart frithdhumpála, is cosúil go bhfuil allmhairí ón Téaváin iomaíoch fós de bhrí go raibh siad fós á n-allmhairiú isteach san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(279)

Ar bhonn an mhéid sin, ba é conclúid an Choimisiúin maidir le síneadh a chur leis na bearta frithdhumpála, nach mó éifeachtaí an tsínte sin ar allmhairí agus úsáideoirí ná tionchar dearfach na mbeart ar thionscal an Aontais.

7.3.   Conclúid maidir le leas an Aontais

(280)

Ar bhonn a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh nach raibh aon chúis mhaith ann lena chinneadh nach raibh sé chun leas an Aontais na bearta atá ann cheana ar allmhairí an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann a choinneáil ar bun.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA

(281)

Ar bhonn chonclúidí an Choimisiúin maidir le leanúint den dumpáil ó na tíortha lena mbaineann, maidir le leanúint agus atarlú na díobhála arbh iad na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann ba chúis léi i dtús báire, agus maidir le leas an Aontais, cinneann an Coimisiún gur cheart na bearta frithdhumpála a choinneáil ar bun maidir le hallmhairí táirgí cruach dosmálta cothromrollta, nach ndearnadh oibriú breise orthu seachas fuar-rolladh (fuarlaghdú), ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine iad.

(282)

Na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, tá siad infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Sine agus na Téaváine iad agus arna dtáirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach sa chuid oibriúcháin den Rialachán seo, lena n-áirítear eintitis atá gaolmhar leis na cinn a luadh go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na rátaí dleachta frithdhumpála aonair.

(283)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí dleachta frithdhumpála aonair sin i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (72). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéanann an t-athrú difear do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme. Más amhlaidh nach ndéanann an t-athrú ar ainm na cuideachta difear do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(284)

Tugadh fógra do gach páirtí leasmhar faoi na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe a raibh sé beartaithe ar an mbonn sin a mholadh go gcoinneofaí na bearta atá ann cheana i bhfeidhm maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ón Téaváin. Tugadh tréimhse dóibh freisin chun uiríll a dhéanamh tar éis an nochta sin. Rinne an Coimisiún na barúlacha go léir a fuarthas a mheas.

(285)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 (73), nuair atá méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ba cheart don ús atá le híoc a bheith ag an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(286)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún (74), d’fhorchuir an Coimisiún beart coimirce maidir le táirgí cruach áirithe ar feadh tréimhse 3 bliana. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1029 ón gCoimisiún (75), cuireadh síneadh leis an mbeart coimirce go dtí an 30 Meitheamh 2024. Tá an táirge faoi athbhreithniú ar cheann de na catagóirí táirgí a chumhdaítear leis an mbeart coimirce. Dá bhrí sin, a luaithe a shárófar na cuótaí taraife arna suí faoin mbeart coimirce, bheadh an dleacht taraife os cionn an chuóta agus an dleacht frithdhumpála araon iníoctha ar na hallmhairí céanna. Ós rud é go bhféadfaí tionchar iomarcach a bheith ar an trádáil mar gheall ar charnadh na mbeart frithdhumpála leis na bearta coimirce, rud nach bhfuil inmhianaithe, chinn an Coimisiún cosc a chur le cur i bhfeidhm comhreathach na dleachta frithdhumpála agus na dleachta taraife os cionn an chuóta maidir leis an táirge faoi athbhreithniú ar feadh thréimhse fhorchur na dleachta coimirce.

(287)

Ciallaíonn sé sin, i gcás ina dtiocfaidh an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159 chun bheith infheidhme maidir leis an táirge faoi athbhreithniú agus i gcás ina sáróidh sé leibhéal na ndleachtanna frithdhumpála de bhun an Rialacháin seo, ní bhaileofar ach an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159. Le linn na tréimhse ina gcuirfear na dleachtanna coimirce agus frithdhumpála i bhfeidhm i gcomhthráth, cuirfear ar fionraí bailiú na ndleachtanna arna bhforchur de bhun an Rialacháin seo. I gcás ina dtiocfaidh an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159 chun bheith infheidhme maidir leis an táirge faoi athbhreithniú agus i gcás ina socrófar í ar leibhéal is ísle ná leibhéal na ndleachtanna frithdhumpála sa Rialachán seo, baileofar an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159 de bhreis ar an difríocht idir an dleacht sin agus leibhéal na ndleachtanna frithdhumpála arna bhforchur de bhun an Rialacháin seo. An chuid de mhéid na ndleachtanna frithdhumpála nár bailíodh, cuirfear ar fionraí í.

(288)

Níor thug an Coiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036 tuairim uaidh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothromrollta, nach ndearnadh oibriú breise orthu seachas fuar-rolladh (fuarlaghdú), atá faoi láthair faoi chóid AC 7219 31 00, 7219 32 10, 7219 32 90, 7219 33 10, 7219 33 90, 7219 34 10, 7219 34 90, 7219 35 10, 7219 35 90, 7219 90 20, 7219 90 80, 7220 20 21, 7220 20 29, 7220 20 41, 7220 20 49, 7220 20 81, 7220 20 89, 7220 90 20 agus 7220 90 80, ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine iad.

2.   Maidir leis an táirge a shonraítear i mír 1 agus a tháirgeann na cuideachtaí a liostaítear thíos, is mar a leanas a bheidh rátaí na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir le praghas an táirge sin, arb é an glanphraghas é, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála (%)

Cód breise TARIC

Daon-Phoblacht na Síne

Shanxi Taigang Stainless Steel Co., Ltd, Cathair Taiyuan

24,4

C024

Daon-Phoblacht na Síne

Tianjin TISCO & TPCO Stainless Steel Co Ltd, Cathair Tianjin

24,4

C025

Daon-Phoblacht na Síne

Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear san Iarscríbhinn

24,6

 

Daon-Phoblacht na Síne

Gach cuideachta eile

25,3

C999

An Téaváin

Chia Far Industrial Factory Co., Ltd, Cathair Taipei

0

C030

An Téaváin

Gach cuideachta eile

6,8

C999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a shonraítear le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a bheith curtha faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, sonrasc nach mór dearbhú a bheith air arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, ar oifigeach é arna shainaithint lena ainm agus lena fheidhm, agus ní mór an dearbhú a dhréachtú mar a leanas: “Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid) táirgí cruach dosmálta fuar-rollta a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é (sa Téaváin/i nDaon-Phoblacht na Síne). Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo”. Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an ráta dleachta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”.

4.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachta custaim.

Airteagal 2

1.   I gcás ina dtiocfaidh an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159 chun bheith infheidhme maidir le táirgí cruach dosmálta cothromrollta, nach ndearnadh oibriú breise orthu seachas fuar-rolladh (fuarlaghdú) agus i gcás ina dtiocfaidh sí chun bheith níos airde ná leibhéal coibhéiseach ad valorem na dleachta frithdhumpála a leagtar amach in Airteagal 1(2), ní bhaileofar ach an dleacht taraif-chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159.

2.   Le linn na tréimhse ina gcuirtear mír 1 i bhfeidhm, cuirfear ar fionraí bailiú na ndleachtanna arna bhforchur de bhun an Rialacháin seo.

3.   I gcás ina dtiocfaidh an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159 chun bheith infheidhme maidir le táirgí cruach dosmálta cothromrollta, nach ndearnadh oibriú breise orthu seachas fuar-rolladh (fuarlaghdú) agus i gcás ina socrófar í ar leibhéal is ísle ná leibhéal coibhéiseach ad valorem na ndleachta frithdhumpála a leagtar amach in Airteagal 1(2), baileofar an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159 de bhreis ar an difríocht idir an dleacht sin agus an leibhéal coibhéiseach ad valorem is airde den dleacht frithdhumpála a leagtar amach in Airteagal 1(2).

4.   Maidir leis ann gcuid arb é an méid den dleacht frithdhumpála nár bailíodh de bhun mhír 2 atá i gceist léi, cuirfear ar fionraí í.

5.   Déanfar na fionraíochtaí dá dtagraítear i mír 2 agus mír 4 a theorannú ó thaobh ama de do thréimhse chur i bhfeidhm na dleachta taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  IO L 83, 27.3.2015, lch. 11.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1429 ón gCoimisiún an 26 Lúnasa 2015 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine (IO L 224, 27.8.2015, lch. 10).

(4)  IO C 291, 11.8.2016, lch. 7.

(5)  IO L 98, 11.4.2017, lch. 10.

(6)  IO C 405, 2.12.2019, lch. 11.

(7)  IO C 280, 25.8.2020, lch. 6.

(8)  IO C 322, 30.9.2020, lch. 17.

(9)  Fógra maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais (IO C 86, 16.3.2020, lch. 6).

(10)  Comhlachas Allmhaireoirí agus Dáileoirí Miotal Neamh-chomhtháite.

(11)  LSI Lamiere Speciali Inox S.p.a.

(12)  European Mold & Form Tec S.L.

(13)  É sábháilte sa chomhad oscailte faoi uimhir shábhála t20.00021.

(14)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críocha Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 20 Nollaig 2017, SWD(2017) 483 final/2.

(15)  http://www.gov.cn/zhengce/content/2017-12/01/content_5243734.htm

http://www.chinatax.gov.cn/n810341/n810755/c3377945/content.html

http://www.gov.cn:8080/gongbao/content/2019/content_5416183.htm

(16)  Faoi mar a leagtar amach in aithrisí (66) go (76)

(17)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 an 16 Aibreán 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí píopaí táite agus feadán táite áirithe d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail ar de thionscnamh na Bealarúise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise iad tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 132, 19.4.2021, lch. 145) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 an 7 Aibreán 2020 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí leathán agus cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta de thionscnamh na hIndinéise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine (IO L 110, 8.4.2020, lch. 3).

(18)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún, aithrisí 149-150, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 ón gCoimisiún, aithrisí 158-159

(19)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún, aithrisí 115-118, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 ón gCoimisiún, aithrisí 122-127.

(20)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún, aithrisí 119-122, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 ón gCoimisiún, aithrisí 128-132: An ceart atá ag údaráis ábhartha na Síne chun príomhphearsanra bainistíochta i gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit a cheapadh nó a chur as a bpost, ceart dá bhforáiltear i reachtaíocht na Síne, cé gur féidir an ceart sin a mheas mar cheart a léiríonn na cearta úinéireachta comhfhreagracha, ó tharla gurb ann do chealla de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i bhfiontair stáit agus i bhfiontair phríobháideacha araon, is modh tábhachtach eile é sin trínar féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó. De réir dhlí cuideachta Dhaon-Phoblacht na Síne, bunófar eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ngach cuideachta (le triúr comhaltaí de chuid an Pháirtí ar a laghad mar a shonraítear i mBunreacht Pháirtí Cumannach na Síne) agus cuirfidh an chuideachta na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí an pháirtí. Roimhe seo, ní léir gur cloíodh leis an gceanglas sin i gcónaí nó gur forfheidhmíodh go docht é. Mar sin féin, ó 2016 ar a laghad threisigh Páirtí Cumannach na Síne, ar bhonn prionsabal polaitiúil, na héilimh atá aige ar chinntí gnó a bheith faoina smacht i gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit. Tuairiscítear freisin gur chuir Páirtí Cumannach na Síne brú ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don “tírghrá” agus disciplín an pháirtí a chomhlíonadh. In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí in 70 % den 1,86 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh an brú ag méadú chun go mbeadh an focal deiridh ag eagraíochtaí de chuid Pháirtí Cumannach na Síne maidir leis na cinntí gnó laistigh de na cuideachtaí sin. Cuirtear na rialacha sin i bhfeidhm go ginearálta ar fud gheilleagar na Síne, i ngach earnáil, lena n-áirítear i measc tháirgeoirí SSCR agus soláthróirí na n-ionchur a úsáidtear iontu.

(21)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún, aithrisí 123-129, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 ón gCoimisiún, aithrisí 133-138.

(22)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún, aithrisí 130-133, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 ón gCoimisiún, aithrisí 139-142.

(23)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún, aithrisí 134-135, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 ón gCoimisiún, aithrisí 143-144.

(24)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún, aithrisí 136-145, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 ón gCoimisiún, aithrisí 145-154.

(25)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2020 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí leathán agus cornaí teorollta áirithe de chruach dosmálta de thionscnamh na hIndinéise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine.

(26)  Fóram Domhanda ar acmhainneacht iomarcach cruach, Tuarascáil Aireachta, an 20 Meán Fómhar 2018.

(27)  TISCO, “Próifíl na cuideachta”, http://en.TISCO.com.cn/CompanyProfile/20151027095855836705.html (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 2 Márta 2020).

(28)  Baowu, “Próifíl na cuideachta”, http://www.baowugroup.com/en/contents/5273/102759.html (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 6 Bealtaine 2021).

(29)  Tuarascáil – Caibidil 14, lch. 358: 51 % de chuideachtaí príobháideacha agus 49 % de chuideachtaí faoi úinéireacht stáit ó thaobh táirgeachta de, agus 44 % de chuideachtaí faoi úinéireacht stáit agus 56 % de chuideachtaí príobháideacha ó thaobh acmhainneachta de.

(30)  Le fáil ar:

www.gov.cn/zhengce/content/2016-02/04/content_5039353.htm (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 6 Bealtaine 2021); https://policycn.com/policy_ticker/higher-expectations-for-large-scale-steel-enterprise/?iframe=1&secret=c8uthafuthefra4e (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 6 Bealtaine 2021), agus www.xinhuanet.com/english/2019-04/23/c_138001574.htm (an dáta deireanach ar breathnaíodh air 6 Bealtaine 2021).

(31)  Le fáil ar http://www.xinhuanet.com/english/2019-04/23/c_138001574.htm (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 6 Bealtaine 2021) agus http://www.jjckb.cn/2019-04/23/c_137999653.htm (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 6 Bealtaine 2021).

(32)  Faoi mar a tharla i gcás chumasc na cuideachta príobháidí, Rizhao, le Shandong Iron and Steel, cuideachta faoi úinéireacht stáit, in 2009. Féach an tuarascáil ar chruach Bhéising, lch. 58, agus an leas tromlaigh de China Baowu Steel Group a shealbhaigh Magang Steel i mí an Mheithimh 2019, féach https://www.ft.com/content/a7c93fae-85bc-11e9-a028-86cea8523dc2 (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 6 Bealtaine 2021).

(33)  TISCO, “Próifíl na cuideachta”, http://en.TISCO.com.cn/CompanyProfile/20151027095855836705.html (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 2 Márta 2020).

(34)  Féach an Géarán, leathanach 19, ina luaitear MCI, “Gao Jianbing ceaptha mar Uachtarán TISCO”, 12 Deireadh Fómhair 2018, https://metals-consulting.com/gao-jianbing-appointed-as-deputy-party-secretary-deputy-chairman-of-the-board-and-the-president-of-TISCO/ (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 10 Márta 2020).

(35)  Tuarascáil, Cuid III, Caibidil 14, lgh. 346 ff.

(36)  Réamhrá leis an bPlean maidir le hOiriúnú agus Uasghrádú an Tionscail Cruach.

(37)  Tuarascáil, Caibidil 14, lch. 347.

(38)  An 13ú Plean Cúig Bliana maidir le Forbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta Dhaon-Phoblacht na Síne (2016-2020), le fáil ar

https://en.ndrc.gov.cn/newsrelease_8232/201612/P020191101481868235378.pdf (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 6 Bealtaine 2021).

(39)  Tuarascáil – Caibidil 14, lch. 349.

(40)  Tuarascáil – Caibidil 14, lch. 352.

(41)  An Chatalóg um Athstruchtúrú Tionscail a Threorú (Leagan 2011) (Leasú 2013) arna eisiúint le hOrdú Uimh. 9 ón gCoimisiún Náisiúnta um Fhorbairt agus um Athchóiriú an 27 Márta 2011, agus arna leasú i gcomhréir le Cinneadh an Choimisiúin Náisiúnta um Fhorbairt agus um Athchóiriú maidir le Leasú na gClásal Ábhartha den Chatalóg um Athstruchtúrú Tionscail a Threorú (Leagan 2011) arna eisiúint le hOrdú Uimh. 21 ón gCoimisiún Náisiúnta um Fhorbairt agus um Athchóiriú an 16 Feabhra 2013.

(42)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún, aithrisí 134-135, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 ón gCoimisiún, aithrisí 143-144.

(43)  Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Meánioncam Uachtarach https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income.

(44)  Mura bhfuil an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh in aon tír ina bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil, féadfar féachaint ar tháirge a tháirgtear san aicme agus/nó san earnáil ghinearálta chéanna agus an táirge faoi athbhreithniú.

(45)  https://www.edp.com.br/distribuicao-es/saiba-mais/informativos/tarifas-aplicadas-a-clientes-atendidos-em-alta-e-media-tensao-(grupo-a)

(46)  https://www.ilo.org/ilostat/faces/oracle/webcenter/portalapp/pagehierarchy/Page21.jspx?_afrLoop=2007202804813928&_afrWindowMode=0&_afrWindowId=ejmgka3iz_63#!%40%40%3F_afrWindowId%3Dejmgka3iz_63%26_afrLoop%3D2007202804813928%26_afrWindowMode%3D0%26_adf.ctrl-state%3Dejmgka3iz_119

(47)  https://www.westmetall.com/en/home.html

(48)  https://www.westmetall.com/en/markdaten.php?action=show_table_average&field=LME_Ni_cash#y2019

(49)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33).

(50)  Le fáil ar https://ilostat.ilo.org/data/country-profiles/

(51)  Le fáil ar https://establishbrazil.com/articles/whats-real-cost-employee

https://www.jornalcontabil.com.br/quanto-custa-um-funcionario-aprenda-a-calcular/ https://thebrazilbusiness.com/article/introduction-to-fgts

(52)  Le fáil ar https://www.ilo.org/shinyapps/bulkexplorer17/?lang=en&segment=indicator&id=HOW_TEMP_SEX_ECO_NB_A

(53)  Le fáil ar http://www.edp.com.br/distribuicao-es/saiba-mais/informativos/tarifas-aplicadas-a-clientes-atendidos-em-alta-e-media-tensao-(grupo-a)

(54)  Ar fáil ar https://www.aneel.gov.br/

(55)  Ar fáil ar http://www.aneel.gov.br/bandeiras-tarifarias

(56)  Ar fáil ar http://www.edp.com.br/distribuicao-es/saiba-mais/informativos/bandeira-tarifaria

(57)  http://www.jornalminasgerais.mg.gov.br/autenticidade faoi na huimhreacha seo a leanas: 320200406203909022, 320200406203909023, 320200406203909024 agus 320200406203909025

(58)  Ar bhonn Thacar Sonraí na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE): Costais Iompair agus Árachais Idirnáisiúnta na Trádála Marsantachta (ITIC) – an tSín-an Ísiltír. https://stats.oecd.org/Index.aspx?DataSetCode=CIF_FOB_ITIC

(59)  Ar bhonn na luachanna i gcomhair seachadtaí ó chalafort Tianjin go Béising de réir thuarascáil an Bhainc Dhomhanda https://www.doingbusiness.org/content/dam/doingBusiness/country/c/china/CHN.pdf lch. 88.

(60)  https://connect.ihsmarkit.com/gta/data-extracts

(61)  https://www.dnb.com/business-directory/company-profiles.yieh_united_steel_corporation.19b5298d581ade1c2273b1ac84f5230c.html#financials-anchor

(62)  Ar bhonn na sonraí atá le fáil go poiblí sa Tuarascáil dar teideal Taiwan Doing Business 2020 (leathanach 264 de na hiarscríbhinní, cuid 2 den iarraidh), baineadh costas iomlán EUR 105,70 in aghaidh an tona as CAL chuig leibhéal an phraghais díreach ón monarcha.

(63)  Sonraí onnmhairiúcháin ó Global Trade Atlas

(64)  Corrlach sladghearrtha diúltach 4 %.

(65)  Le hais mheánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine.

(66)  Fógra Tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise (IO C 322, 30.9.2020, lch. 17).

(67)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/854 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise (IO L 188, 28.5.2021, lch. 61).

(68)  Corrlach gearrdhíola diúltach 18,6 % le hais an spriocphraghais san imscrúdú frithdhumpála comhthreomhar i gcoinne na hIndia agus na hIndinéise.

(69)  Corrlach sladghearrtha diúltach 4 %.

(70)  Bhain an dá imscrúdú leis an táirge céanna, agus tá an sampla céanna de tháirgeoirí an Aontais, tréimhse chéanna an imscrúdaithe agus an tréimhse chéanna faoi bhreathnú i gceist leo.

(71)  Ní heol struchtúr beacht na n-allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne i ngeall ar an easpa comhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne.

(72)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Ard-Stiúrthóireacht G, Rue de la Loi/Wetstraat 170, 1040 Bruxelles/Brussel, Belgique/België.

(73)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(74)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 an 31 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear bearta coimirce cinntitheacha ar allmhairí táirgí áirithe cruach (IO L 31, 1.2.2019, lch. 27).

(75)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1029 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún chun fad a chur leis an mbeart coimirce maidir le hallmhairí táirgí áirithe cruach (IO L 225 I , 25.6.2021, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha de chuid na Síne nár sampláladh:

Tír

Ainm

Cód breise TARIC

Daon-Phoblacht na Síne

Lianzhong Stainless Steel Corporation, Guangzhou

C026

Daon-Phoblacht na Síne

Ningbo Qi Yi Precision Metals Co., Ltd, Ningbo

C027

Daon-Phoblacht na Síne

Tianjin Lianfa Precision Steel Corporation, Tianjin

C028

Daon-Phoblacht na Síne

Zhangjiagang Pohang Stainless Steel Co., Ltd, Cathair Zhangjiagang

C029


Top