EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1265
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/1265 of 26 July 2021 registering a geographical indication of a spirit drink under Article 30(2) of Regulation (EU) 2019/787 of the European Parliament and of the Council (‘Bayerischer Bärwurz’)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1265 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2021 lena gcláraítear tásc geografach dí biotáille faoi Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“Bayerischer Bärwurz”)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1265 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2021 lena gcláraítear tásc geografach dí biotáille faoi Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“Bayerischer Bärwurz”)
C/2021/5716
OJ L 277, 2.8.2021, p. 32–33
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
2.8.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 277/32 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1265 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Iúil 2021
lena gcláraítear tásc geografach dí biotáille faoi Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“Bayerischer Bärwurz”)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáille, úsáid ainmneacha deochanna biotáille i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáille, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (1), agus go háirithe Airteagal 30(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na Gearmáine an 7 Meitheamh 2019 maidir le clárú an táisc gheografaigh “Bayerischer Bärwurz”. |
(2) |
Rialachán (AE) 2019/787 a thagann in ionad Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, tháinig sé i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2019. I gcomhréir le hAirteagal 49(1) den Rialachán sin, déantar Caibidil III de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, maidir le tásca geografacha, a aisghairm le héifeacht ón 8 Meitheamh 2019. |
(3) |
Ar chinneadh don Choimisiún go bhfuil an t-iarratas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, d’fhoilsigh sé príomhshonraíochtaí an chomhaid theicniúil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3) faoi mar fhoráiltear le hAirteagal 17(6) den Rialachán sin, i gcomhréir le hAirteagal 50(4), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2019/787. |
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2019/787, níor tugadh aon fhógra freasúra don Choimisiún. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart an tásc “Bayerischer Bärwurz” a chlárú mar thásc geografach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá an tásc geografach “Bayerischer Bärwurz” cláraithe. I gcomhréir le hAirteagal 30(4) de Rialachán (AE) 2019/787, an chosaint dá dtagraítear in Airteagal 21 den Rialachán sin, deonaítear leis an Rialachán seo í don ainm “Bayerischer Bärwurz”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Iúil 2021.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 130, 17.5.2019, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).