This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1236
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/1236 of 12 May 2021 laying down rules for the application of Regulation (EU) 2019/787 of the European Parliament and of the Council concerning applications for registration of geographical indications of spirit drinks, the opposition procedure, amendments to product specifications, cancellation of the registration, use of symbol and control
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1236 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le hiarratais ar chlárú tásc geografach deochanna biotáilleacha, leis an nós imeachta freasúra, le leasuithe ar shonraíochtaí táirgí, leis an gclárú a chealú, le siombail a úsáid agus le rialú
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1236 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le hiarratais ar chlárú tásc geografach deochanna biotáilleacha, leis an nós imeachta freasúra, le leasuithe ar shonraíochtaí táirgí, leis an gclárú a chealú, le siombail a úsáid agus le rialú
C/2021/2839
IO L 270, 29.7.2021, p. 10–38
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 17/01/2025; Arna aisghairm le 32025R0026
29.7.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 270/10 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1236 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Bealtaine 2021
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le hiarratais ar chlárú tásc geografach deochanna biotáilleacha, leis an nós imeachta freasúra, le leasuithe ar shonraíochtaí táirgí, leis an gclárú a chealú, le siombail a úsáid agus le rialú
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (1), agus go háirithe pointe (c) den chéad mhír d’Airteagal 20 agus Airteagal 42 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a aisghairm le Rialachán (AE) 2019/787 agus cuireadh Rialachán (AE) 2019/787 in ionad Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (2). I gCaibidil III de Rialachán (AE) 2019/787 leagtar síos rialacha maidir le tásca geografacha in earnáil na ndeochanna biotáilleacha agus cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leith sin. Chun feidhmiú rianúil mhargadh na ndeochanna biotáilleacha a áirithiú sa chreat dlíthiúil nua agus go háirithe chun feidhmiú chóras na dtásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha a shimpliú agus a chuíchóiriú, ní mór rialacha áirithe a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha den sórt sin. Ba cheart na gníomhartha sin a chur in ionad cuid d’fhorálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2013 ón gCoimisiún (3), a ndéantar aisghairm air le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1235 ón gCoimisiún (4). |
(2) |
Faoi Rialachán (AE) 2019/787, ceadaítear do roinnt grúpaí ó Bhallstáit éagsúla nó ó thríú tíortha éagsúla iarratas comhpháirteach a chur isteach ar thásca geografacha deochanna biotáilleacha a chlárú. Ar mhaithe le soiléire, ba cheart rialacha breise a leagan síos maidir le cur isteach iarratas comhpháirteach den sórt sin a bhaineann le níos mó ná críoch náisiúnta amháin. |
(3) |
Chun a áirithiú go mbeidh nósanna imeachta aonfhoirmeacha, éifeachtúla i bhfeidhm, ba cheart rialacha a leagan síos maidir leis an bhfaisnéis agus na foirmeacha is gá chun iad seo a leanas a chur isteach: iarratais ar chlárú, iarratais ar leasuithe Aontais ar shonraíocht táirge a fhormheas agus leasuithe caighdeánacha agus sealadacha formheasta a chur in iúl, fógraí agus ráitis freasúra réasúnaithe, fógraí faoi dheireadh comhairliúcháin tar éis nós imeachta freasúra agus iarrataí ar chlárú a chealú. |
(4) |
Ba cheart tuairisc ar limistéar geografach tásc geografach a bhfuil cosaint á lorg ina leith a thabhairt sa tsonraíocht táirge ar bhealach mionsonraithe, beacht, aonchiallach lena gcuirtear ar a gcumas do tháirgeoirí, údaráis inniúla agus comhlachtaí rialaithe oibriú ar bhoinn chinnte, dhochloíte, iontaofa. Ina theannta sin, ba cheart achoimre ghonta ar an limistéar geografach a bheith sa doiciméad aonair. |
(5) |
Ba cheart leasanna tríú páirtithe i mBallstát a chosaint i gcás ina ndéanfar athruithe suntasacha ar na sonraíochtaí táirgí a chuirtear isteach leis an iarratas de dhroim barúlacha ón gCoimisiún i gcomhthéacs an ghrinnscrúdaithe arna dhéanamh faoi Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2019/787. Ba cheart athruithe den sórt sin a fhoilsiú go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát lena chur ar a gcumas do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil leas dlisteanach acu freasúra a chur isteach. |
(6) |
Ar mhaithe le cinnteacht dhlíthiúil agus le bainistíocht éifeachtúil ar an gcóras, ba cheart rialacha mionsonraithe a sholáthar maidir le ceanglais agus sprioc-amanna don nós imeachta freasúra, iarratais ar leasuithe Aontais a fhormheas, leasuithe caighdeánacha agus leasuithe sealadacha formheasta a chur in iúl agus iarrataí ar chealú. |
(7) |
I gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2019/787, i gcás fógra freasúra a cuireadh isteach i gcoinne iarratas ar thásc geografach a chlárú nó iarratas ar leasú Aontais a fhormheas nó i gcoinne iarraidh ar chealú, comhroinnfidh an Coimisiún é leis an údarás, an comhlacht nó an duine a chuir isteach an t-iarratas nó an iarraidh. Ar chúiseanna trédhearcachta agus ar mhaithe le barainneacht an nós imeachta, ba cheart ainm agus sonraí teagmhála an fhreasúróra a bheith san áireamh san fhógra sin. Bheadh an t-iarratasóir in ann tús a chur láithreach le comhairliúchán neamhfhoirmiúil leis an bhfreasúróir féideartha, lena bhféadfadh sé go ndéanfaí soiléiriú ar an tsaincheist sula seolfaidh an freasúróir an ráiteas freasúra réasúnaithe. |
(8) |
I gcás ina ndéanfar ráiteas freasúra réasúnaithe inghlactha de dhroim fógra freasúra, soláthróidh an Coimisiún don údarás, an comhlacht nó an duine a chuir isteach an fógra freasúra agus don údarás, an comhlacht nó an duine a chuir isteach an t-iarratas ar chlárú nó ar leasú nó an iarraidh ar chealú a gcuid sonraí teagmhála faoi seach, ionas gur féidir leis an dá pháirtí dul i mbun comhairliúcháin iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 27(3) de Rialachán (AE) 2019/787. |
(9) |
Ainm an iarratasóra a bhfuil iarratas á chur isteach aige nó aici ar leasú Aontais a fhormheas nó ainm duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a bhfuil iarraidh ar chealú á dhéanamh aige nó aici i gcomhréir le hAirteagail 31 nó 32 de Rialachán (AE) 2019/787 faoi seach, ba cheart é a fhoilsiú chun sainaithint a dhéanamh ar na daoine a ghníomhachtaigh an nós imeachta maidir le leasú nó cealú agus ionas gur féidir le freasúróirí féideartha agóid a dhéanamh i gcoinne a leasa dhlisteanaigh. |
(10) |
Is gá leasuithe caighdeánacha agus sealadacha formheasta a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun an leasú sin a phoibliú agus chun é a bheith infheidhmithe ar chríoch an Aontais i gcomhréir leis an gcóras nua inniúlachtaí le haghaidh leasuithe dá dtagraítear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2019/787. Féadfar sonraí pearsanta a chuimsiú i bhfoilsiú leasaithe chaighdeánaigh fhormheasta ina dtagraítear do thásc geografach de thionscnamh tríú tír, ar leasú é ar thug duine nádúrtha nó dlítheanach fógra faoi, chun sainaithint a dhéanamh ar an duine atá freagrach as leasú den sórt sin a tharchur. |
(11) |
Na rialacha atá ann cheana maidir le hatáirgeadh shiombail an Aontais i gcomhair tásca geografacha faoi chosaint le haghaidh táirgí talmhaíochta agus earraí bia mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (5), ba cheart iad a mhacasamhlú lena chur ar a gcumas do thomhaltóirí deochanna biotáilleacha a aithint a bhfuil tásc geografach faoi chosaint orthu. |
(12) |
Is ar mhuinín na dtomhaltóirí a bhunaítear breisluach táisc gheografaigh. Níl an scéim inchreidte ach amháin má tá fíorú, rialú agus iniúchadh éifeachtach ag gabháil léi lena n-áirítear córas seiceálacha ag gach céim den táirgeadh, den phróiseáil agus den dáileadh, arna bhainistiú ag na húdaráis inniúla arna n-ainmniú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) 2019/787 i gcomhar le hAirteagal 38(2) den Rialachán sin. Ar mhaithe le feidhmiú barrmhaith an mhargaidh aonair, tá sé tábhachtach go bhféadfaidh táirgeoirí a léiriú go tapa agus go héasca i roinnt comhthéacsanna go bhfuil siad údaraithe chun an t-ainm faoi chosaint a úsáid, amhail i rialuithe ag oifigigh chustaim, i gcigireachtaí margaidh nó ar éileamh ó oibreoirí trádála. Ba cheart a rathú freisin leis an gcóras arna leagan amach ag na Ballstáit go bhfuil táirgeoirí a chomhlíonann na rialacha i dteideal a bheith faoi chumhdach ag an bhfíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge. |
(13) |
Ba cheart rialacha agus foirmeacha a bhunú i leith cruthúnas ar dheimhniúchán deochanna biotáilleacha ar a bhfuil tásc geografach a bhaineann le limistéar geografach i dtríú tír. |
(14) |
Ar mhaithe le bainistíocht éifeachtach ar riarachán, agus aird ar an taithí a fuarthas trí na córais faisnéise a chuir an Coimisiún i bhfeidhm, ba cheart teachtaireachtaí idir na Ballstáit agus an Coimisiún a shimpliú agus ba cheart an fhaisnéis a mhalartú i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 ón gCoimisiún (6) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 ón gCoimisiún (7). |
(15) |
Chuir an Coimisiún an córas faisnéise “e-Ambrosia” i bhfeidhm chun bainistíocht a dhéanamh ar na hiarratais ar chosaint tásc geografach i mbia, fíon, deochanna biotáilleacha agus fíonta cumhraithe. Ba cheart do na Ballstáit agus an Coimisiún leanúint ar aghaidh ag úsáid an chórais sin i leith deochanna biotáilleacha chun críche cumarsáid maidir leis na nósanna imeachta a bhaineann le hiarratais ar chlárú agus chun leasuithe ar an tsonraíocht táirge a fhormheas. Mar gheall ar dhianchóras creidiúnaithe, áfach, níor cheart an córas sin a úsáid le haghaidh cumarsáid leis na Ballstáit maidir leis an nós imeachta i ndáil le freasúraí agus iarrataí ar chealú agus, ar feitheamh na ráthaíochtaí slándála digiteacha is gá, níor cheart é a úsáid le haghaidh cumarsáid le tríú tíortha. Ina ionad sin, i gcás na nósanna imeachta maidir le freasúraí agus iarrataí ar chealú, ba cheart do na Ballstáit, na húdaráis inniúla agus táirgeoirí tríú tíortha, chomh maith le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil leas dlisteanach acu faoi Rialachán (AE) 2019/787, cumarsáid a dhéanamh leis an gCoimisiún ar an ríomhphost. |
(16) |
Ba cheart sainiú a dhéanamh ar an mbealach a thabharfaidh an Coimisiún rochtain don phobal ar an bhfaisnéis maidir le tásca geografacha in earnáil na ndeochanna biotáilleacha. |
(17) |
Is iad an Coimisiún agus na Ballstáit a chuirfidh i gcrích na nósanna imeachta maidir le clárú, leasuithe ar an tsonraíocht táirge agus an clárú a chealú i leith tásca geografacha deochanna biotáilleacha de thionscnamh an Aontais agus na nósanna imeachta a bhaineann leis na rialuithe, de bhun Rialachán (AE) 2019/787, Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1235 agus an Rialacháin seo. Tá an Coimisiún agus na Ballstáit freagrach as céimeanna sainiúla gach cineál nós imeachta. Tá na Ballstáit freagrach as an gcéad chéim, arb éard atá inti an t-iarratas a fháil ón ngrúpa táirgeoirí, é a mheas, lena n-áirítear nós imeachta freasúra náisiúnta a reáchtáil, agus, tar éis torthaí an mheasúnaithe a fháil, an t-iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Tá an Coimisiún freagrach as grinnscrúdú a dhéanamh ar na hiarratais, lena n-áirítear nós imeachta freasúra ar fud an domhain a reáchtáil, agus cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcosaint a dheonú don tásc geografach. Ina theannta sin, cuireann an Coimisiún i gcrích na nósanna imeachta comhfhreagracha maidir le tásca geografacha de thionscnamh tríú tíortha. |
(18) |
D’fhonn nochtadh sonraí pearsanta a íoslaghdú, ba cheart ceanglais maidir le sonraí pearsanta a chur isteach a sheachaint a mhéid is féidir sna doiciméid atá le cur isteach le linn na nósanna imeachta ábhartha. Ina ainneoin sin, féadfaidh sé go mbeidh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit faisnéis a phróiseáil ina bhfuil sonraí pearsanta amhail ainmneacha pearsanta agus sonraí teagmhála. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh sé nach mór sonraí den sórt sin a nochtadh nó a phoibliú. |
(19) |
Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag an gCoimisiún le linn na nósanna imeachta sin. Is iomchuí a shoiléiriú go bhfuil an Coimisiún le meas mar rialaitheoir de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta sna nósanna imeachta a bhfuil sé freagrach astu faoi Rialachán (AE) 2019/787. |
(20) |
Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag na Ballstáit le linn na nósanna imeachta ábhartha. Dá bhrí sin, is iomchuí a shoiléiriú go measfar gur rialaitheoirí iad údaráis inniúla na mBallstát de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679 i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta sna nósanna imeachta a bhfuil siad freagrach astu faoi Rialachán (AE) 2019/787. |
(21) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Dheochanna Biotáilleacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
Foráil tosaigh
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos sa Rialachán seo rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/787 a mhéid a bhaineann le tásca geografacha deochanna biotáilleacha, agus go háirithe maidir leo seo a leanas:
(a) |
iarratais ar chlárú; |
(b) |
an nós imeachta freasúra; |
(c) |
leasuithe ar shonraíochtaí táirgí; |
(d) |
an clárú a chealú; |
(e) |
siombail an Aontais a úsáid; |
(f) |
rialuithe; |
(g) |
cumarsáid. |
CAIBIDIL II
Forálacha sonracha
ROINN 1
IARRATAS AR CHLÁRÚ
Airteagal 2
(Airt. 42(2) de R. 2019/787 – Cumhachtaí cur chun feidhme) Iarratais chomhpháirteacha
1. Chun críocha Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) 2019/787, maidir le hiarratais chomhpháirteacha ar thásc geografach a chlárú, déanfar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2019/787 agus in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1235 a chomhlíonadh i ngach Ballstát agus tríú tír lena mbaineann. Beidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1235 maidir leis na Ballstáit uile lena mbaineann.
2. An Ballstát, údarás an tríú tír nó iarratasóir atá bunaithe i dtríú tír a chuirfidh iarratas comhpháirteach faoi bhráid an Choimisiúin mar a thagraítear dó sin i mír 1, is é a bheidh ina choinsíní i leith aon fhógra nó aon chinneadh a eiseoidh an Coimisiún.
Airteagal 3
(Airt. 42(2) de R. 2019/787 – Cumhachtaí cur chun feidhme) Doiciméad aonair
1. Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 23(1) agus phointe (b) d’Airteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2019/787, beidh an doiciméad aonair beacht agus ní rachaidh sé thar 2 500 focal, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.
2. I gcás ina mbainfidh an t-iarratas le limistéar geografach i mBallstát, tarraingeofar suas an doiciméad aonair i gcomhréir leis an bhfoirm arna cur ar fáil sna córais dhigiteacha dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 13(1).
3. I gcás ina mbainfidh an t-iarratas le limistéar geografach i dtríú tír, úsáidfidh údarás an tríú tír nó iarratasóir atá bunaithe i dtríú tír an sampla le haghaidh doiciméid aonair a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthraítear amhlaidh a iontráil isteach ina chórais dhigiteacha.
4. Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 freisin maidir le doiciméad aonair a chumhdaítear le hiarraidh ar fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 50(6) de Rialachán (AE) 2019/787.
Airteagal 4
(Airt. 42(1)(a) de R. 2019/787 – Cumhachtaí cur chun feidhme) Limistéar geografach
An limistéar geografach dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2019/787, déanfar é a shainiú sa tsonraíocht táirge ar bhealach beacht nach mbeidh aon débhrí ann, agus tagairt ann a mhéid is féidir do theorainneacha fisiceacha nó teorainneacha riaracháin.
Airteagal 5
(Airt. 42(2) de R. 2019/787 – Cumhachtaí cur chun feidhme) Nós imeachta grinnscrúdaithe náisiúnta breise
Más rud é, tar éis na malartuithe dá dtagraítear in Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2019/787 idir an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann, go ndéanfar athruithe suntasacha ar an tsonraíocht táirge, foilseofar na hathruithe sin go leordhóthanach sa Bhallstát lena mbaineann lena chur ar a chumas d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige nó aici agus atá bunaithe nó ina chónaí ar chríoch an Bhallstáit atá i gceist freasúra a chur isteach sula seolfar an leagan nua den doiciméad aonair chuig an gCoimisiún.
I gcásanna ina mbeidh nós imeachta freasúra náisiúnta breise le cur i gcrích, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, síneadh ama suas le sé mhí a chur leis an sprioc-am le haghaidh barúlacha a chur isteach, ar sprioc-am é dá dtagraítear in Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2019/787.
Tabharfar cothrom le dáta an tagairt leictreonach d’fhoilsiú na sonraíochta táirge agus beidh nasc inti le leagan comhdhlúite na sonraíochta táirge atá beartaithe.
ROINN 2
NÓS IMEACHTA FREASÚRA
Airteagal 6
(Airt. 42(1)(b) de R. 2019/787 – Cumhachtaí cur chun feidhme) Rialacha nós imeachta maidir le freasúra
1. Beidh an méid seo a leanas i bhfógra freasúra dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2019/787:
(a) |
an t-ainm a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Sraith C, lena mbaineann an freasúra; |
(b) |
an tagairt do Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Sraith C, inar foilsíodh an t-iarratas ar an ainm a chlárú, an t-iarratas ar leasú Aontais nó an iarraidh ar chealú lena mbaineann; |
(c) |
ainm agus sonraí teagmhála an Bhallstáit nó údarás an tríú tír nó an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh ag a bhfuil an fógra freasúra á chur isteach; |
(d) |
an dearbhú go bhféadfadh an t-iarratas ceanglais Chaibidil III de Rialachán (AE) 2019/787 a shárú. |
Tarraingeofar suas fógra freasúra i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
2. Beidh an méid seo a leanas i ráiteas freasúra réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) 2019/787:
(a) |
an t-ainm a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Sraith C, lena mbaineann an freasúra; |
(b) |
an tagairt do Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Sraith C, inar foilsíodh an t-ainm a mbaineann an freasúra leis; |
(c) |
ainm agus sonraí teagmhála údarás an Bhallstáit nó údarás an tríú tír nó an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh ag a bhfuil an ráiteas freasúra réasúnaithe á chur isteach; |
(d) |
tuairisc ar leas dlisteanach an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a chuir isteach an fógra freasúra; ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le húdaráis náisiúnta; |
(e) |
léiriú ar na forais le haghaidh freasúra, dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2019/787; |
(f) |
mionsonraí na bhfíoras, fianaise agus tuairimí lena dtacaítear leis an bhfreasúra. |
Féadfaidh doiciméid tacaíochta a bheith ag gabháil leis an ráiteas réasúnaithe, i gcás inarb ábhartha.
Tarraingeofar suas ráiteas freasúra réasúnaithe i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Mar mhaolú, féadfaidh an Coimisiún glacadh le ráiteas réasúnaithe nach dtarraingeofar suas i gcomhréir leis an bhfoirm sin, ar choinníoll go soláthrófar an fhaisnéis uile a cheanglaítear faoin Airteagal seo.
3. Chun críocha an chúigiú fomhír d’Airteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2019/787, cuirfear ainm agus sonraí teagmhála an údaráis nó an duine a chuir isteach an fógra freasúra in iúl don údarás, don chomhlacht nó don duine a chuir isteach an t-iarratas ar chlárú nó ar leasú Aontas a fhormheas nó an iarraidh ar chealú.
4. Chun críocha Airteagal 27(3) de Rialachán (AE) 2019/787, cuirfear in iúl don pháirtí eile ainm agus sonraí teagmhála an údaráis nó an duine a chuir isteach an fógra freasúra réasúnaithe agus ainm agus sonraí teagmhála an údaráis, an chomhlachta nó an duine a chuir isteach an t-iarratas ar chlárú nó ar leasú Aontas a fhormheas nó an iarraidh ar chealú.
5. Tabharfar fógra don Choimisiún faoi thorthaí na gcomhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 27(3) de Rialachán (AE) 2019/787 laistigh d’aon mhí amháin ó dheireadh na gcomhairliúchán. Beidh an méid seo a leanas san fhógra sin:
(a) |
an t-ainm a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Sraith C, lena mbaineann an freasúra; |
(b) |
an tagairt do Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Sraith C, inar foilsíodh an t-ainm a mbaineann an freasúra leis; |
(c) |
ainm an fhreasúróra nó na bhfreasúróirí; |
(d) |
toradh comhairliúchán; |
(e) |
léiriú ar leasaíodh an doiciméad aonair nó an tsonraíocht táirge agus tuairisc ar na leasuithe sin. |
An fógra faoi dheireadh na gcomhairliúchán tar éis an nós imeachta freasúra, déanfar é a tharraingt suas i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.
ROINN 3
LEASUITHE AR AN tSONRAÍOCHT TÁIRGE
Airteagal 7
(Airt. 42(1)(c) de R. 2019/787 – Cumhachtaí cur chun feidhme) Iarratais ar leasuithe Aontais
1. In iarratas ar fhormheas a dhéanamh ar leasú Aontais ar shonraíocht táirge mar a thagraítear dó sin in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2019/787, beidh an méid seo a leanas:
(a) |
an t-ainm faoi chosaint lena mbaineann an leasú; |
(b) |
ainm agus sonraí teagmhála an iarratasóra agus tuairisc ar leas dlisteanach an iarratasóra; |
(c) |
na ceannteidil sa tsonraíocht táirge agus sa doiciméad aonair a ndéanann an leasú difear dóibh; |
(d) |
míniú go dtagann an leasú faoin sainmhíniú ar leasú Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2019/787; |
(e) |
tuairisc ar gach ceann de na leasuithe a mholtar agus na cúiseanna atá leo; |
(f) |
an doiciméad aonair comhdhlúite, arna leasú; |
(g) |
an tagairt leictreonach d’fhoilsiú na sonraíochta táirge comhdhlúite, arna leasú; |
(h) |
dearbhú ón mBallstát go measann sé go gcomhlíonann an t-iarratas ceanglais Rialachán (AE) 2019/787 agus na bhforálacha arna nglacadh dá bhun; |
(i) |
maidir le hiarratais ó thríú tíortha amháin, cruthúnas go gcomhlíonann an leasú a iarrtar na dlíthe maidir le cosaint tásc geografach atá i bhfeidhm sa tríú tír sin. |
Ní rachaidh an tuairisc agus na cúiseanna dá dtagraítear i bpointe (e) agus an doiciméad dá dtagraítear i bpointe (f) thar 2 500 focal an ceann, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.
2. Is iarratas beacht a bheidh in iarratas ar leasú Aontais a fhormheas agus ní rachaidh sé thar 5 000 focal, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. Tarraingeofar suas iarratas ó Bhallstát i gcomhréir leis an bhfoirm arna cur ar fáil sna córais dhigiteacha dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 13(1). Bainfidh iarratasóirí as tríú tíortha úsáid as an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn V. Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthraítear amhlaidh a iontráil ina chórais dhigiteacha.
3. Tarraingeofar suas an doiciméad aonair leasaithe i gcomhréir le hAirteagal 3. Féadfaidh an leagan comhdhlúite den tsonraíocht táirge a bheith san áireamh in iarratas ó thríú tír in ionad na tagartha leictreonaí don tsonraíocht táirge fhoilsithe.
4. Chun críocha Airteagal 31(4) de Rialachán (AE) 2019/787, i gcomhar le hAirteagal 26(2) den Rialachán sin, i dteannta leis an doiciméad aonair, arna leasú, agus le tagairt foilseacháin na sonraíochta táirge, arna leasú, foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Sraith C, an t-iarratas ar fhormheas a dhéanamh ar leasú Aontais ar shonraíocht táirge.
Daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó oifigigh de chuid Ballstát nó tríú tíortha a chuirfidh isteach an t-iarratas, foilseofar a n-ainm mar chuid den iarratas sin.
Airteagal 8
(Airt. 42(1)(c) de R. 2019/787 – Cumhachtaí cur chun feidhme) Leasú caighdeánach a chur in iúl
1. I gcumarsáid i leith leasú caighdeánach formheasta ar an tsonraíocht táirge i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 8(2) agus Airteagal 8(3), (7) agus (8) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1235, beidh an méid seo a leanas:
(a) |
an tagairt don ainm faoi chosaint a mbaineann an leasú caighdeánach leis; |
(b) |
míniú go dtagann an leasú faoin sainmhíniú ar leasú caighdeánach dá bhforáiltear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2019/787; |
(c) |
tuairisc ar an leasú formheasta, ina léirítear an mbeidh leasú ar an doiciméad aonair mar thoradh ar an leasú; |
(d) |
achoimre ar na cúiseanna a bhfuil gá leis an leasú; |
(e) |
an cinneadh lena bhformheastar an leasú caighdeánach mar a thagraítear dó sin in Airteagal 8(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1235; |
(f) |
i gcás inarb ábhartha, an doiciméad aonair comhdhlúite, arna leasú; |
(g) |
an tagairt leictreonach d’fhoilsiú na sonraíochta táirge comhdhlúite, arna leasú. |
2. I gcás inarb é Ballstát a dhéanfaidh an chumarsáid, áireofar léi dearbhú ón mBallstát sin go measann sé go gcomhlíonann an leasú arna fhormheas ceanglais Rialachán (AE) 2019/787 agus na bhforálacha arna nglacadh dá bhun.
3. I gcás deochanna biotáilleacha de thionscnamh tríú tíortha, léireofar sa chumarsáid ó údaráis an tríú tír nó ó iarratasóir tríú tír a bhfuil leas dlisteanach aige ainm an tríú tír nó an iarratasóra a bhfuil an chumarsáid á seoladh aige nó aici agus áireofar inti cruthúnas go bhfuil an leasú infheidhmithe sa tríú tír. Féadfar a áireamh inti an tsonraíocht táirge arna poiblí in ionad na tagartha leictreonaí dá foilsiú.
4. An chumarsáid ó Bhallstát i leith leasú caighdeánach formheasta, tarraingeofar suas í i gcomhréir leis an bhfoirm arna cur ar fáil sna córais dhigiteacha dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 13(1). Maidir le cumarsáid ó thríú tíortha, úsáidfear an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn VI. Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthraítear amhlaidh a iontráil ina chórais dhigiteacha.
5. Chun críocha Airteagal 8(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1235, foilseofar mar chuid den chumarsáid ainm an Bhallstáit nó an tríú tír nó an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a chuirfidh isteach cumarsáid i leith leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge táisc gheografaigh.
Airteagal 9
(Airt. 42(1)(c) de R. 2019/787 – Cumhachtaí cur chun feidhme) Leasú sealadach a chur in iúl
1. I gcumarsáid i leith leasú sealadach formheasta ar an tsonraíocht táirge i gcomhréir le hAirteagal 10(1) go (4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1235, beidh an méid seo a leanas:
(a) |
an tagairt don ainm faoi chosaint a mbaineann sé leis; |
(b) |
tuairisc ar an leasú sealadach formheasta mar aon leis na cúiseanna atá i dtacaíocht leis, dá dtagraítear in Airteagal 31(3) de Rialachán (AE) 2019/787; |
(c) |
an tagairt don aitheantas foirmiúil ar an tubaiste nádúrtha nó na dálaí drochaimsire ag na húdaráis inniúla nó d’fhorchur beart éigeantach sláintíochta agus fíteashláintíochta; |
(d) |
an tagairt leictreonach d’fhoilsiú an chinnidh náisiúnta lena bhformheastar an leasú sealadach. |
2. I gcás inarb é Ballstát a dhéanfaidh an chumarsáid, áireofar léi dearbhú ón mBallstát sin go measann sé go gcomhlíonann an leasú arna fhormheas ceanglais Rialachán (AE) 2019/787 agus na bhforálacha arna nglacadh dá bhun.
3. I gcás deochanna biotáilleacha de thionscnamh tríú tíortha, léireofar sa chumarsáid ó údaráis an tríú tír nó ón iarratasóir tríú tír a bhfuil leas dlisteanach aige ainm an tríú tír nó an iarratasóra a sheolfaidh an chumarsáid agus áireofar inti cruthúnas go bhfuil an leasú infheidhmithe sa tríú tír. Féadfar a áireamh inti an cinneadh náisiúnta lena bhformheastar an leasú sealadach arna phoibliú in ionad na tagartha leictreonaí don tagairt foilsithe ina leith.
4. An chumarsáid ó Bhallstát i leith leasú sealadach formheasta, tarraingeofar suas í i gcomhréir leis an bhfoirm arna cur ar fáil sna córais dhigiteacha dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 13(1). Maidir le cumarsáid ó thríú tíortha, úsáidfear an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn VII. Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthraítear amhlaidh a iontráil ina chórais dhigiteacha.
5. Chun críocha Airteagal 10(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1235, foilseofar mar chuid den chumarsáid ainm an Bhallstáit nó an tríú tír nó an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a chuirfidh isteach cumarsáid i leith leasú sealadach formheasta ar shonraíocht táirge táisc gheografaigh.
ROINN 4
Cealú
Airteagal 10
(Airt. 42(1)(d) de R. 2019/787 – Cumhachtaí cur chun feidhme) Iarrataí ar chealú
1. Maidir le hiarraidh ar chlárú táisc gheografaigh a chealú mar a thagraítear dó sin in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/787, beidh an méid seo a leanas inti:
(a) |
an tagairt don ainm faoi chosaint a mbaineann sé leis; |
(b) |
an Ballstát nó an tríú tír lena mbaineann an limistéar geografach; |
(c) |
ainm agus sonraí teagmhála an údaráis nó an duine dhlítheanaigh atá ag féachaint leis an gclárú a chealú. Más duine nádúrtha a iarrann an cealú, féadfar an t-ainm agus sonraí pearsanta eile a fhágáil ar lár san iarraidh agus iad a sheoladh chuig an gCoimisiún ar leithligh; |
(d) |
tuairisc ar leas dlisteanach an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá ag féachaint leis an gclárú a chealú. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le húdaráis náisiúnta; |
(e) |
léiriú ar na forais is bonn leis an gcealú; |
(f) |
mionsonraí na bhfíoras, fianaise agus tuairimí lena dtacaítear leis an iarraidh ar chealú; |
(g) |
an dearbhú ón mBallstát go measann sé go gcomhlíonann an iarraidh ar chealú ceanglais Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/787 agus na bhforálacha arna nglacadh dá bhun. |
Féadfaidh doiciméid tacaíochta a bheith ag gabháil leis an iarraidh ar chealú, i gcás inarb ábhartha.
2. Tarraingeofar suas iarraidh ar chealú i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII.
3. Chun críocha an dara fomhír d’Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2019/787, i gcomhar le hAirteagal 26(2) den Rialachán sin, foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Sraith C, an iarraidh ar chealú. Daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó oifigigh de chuid Ballstát nó tríú tíortha a chuirfidh isteach iarraidh ar chealú, foilseofar a n-ainm mar chuid den iarraidh sin.
ROINN 5
SIOMBAIL AN AONTAIS A ÚSÁID
Airteagal 11
(Airt. 20(c) de R. 2019/787 – Cumhachtaí cur chun feidhme) Siombail an Aontais
Siombail an Aontais a léiríonn an chosaint mar thásc geografach, dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2019/787, déanfar í a atáirgeadh mar a leagtar amach in Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014.
ROINN 6
RIALUITHE
Airteagal 12
(Airt. 42(1)(e) de R. 2019/787 – Cumhachtaí cur chun feidhme) Comhlíonadh na sonraíochta táirge a fhíorú
1. Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “táirgeoir dí biotáillí a bhfuil tásc geografach uirthi” nó “próiseálaí dí biotáillí a bhfuil tásc geografach uirthi”, dá ngairtear “táirgeoir” nó “próiseálaí” anseo feasta, faoi seach, oibreoir a bhfuil a ghníomhaíochtaí cumhdaithe ag sonraíocht táirge an táisc gheografaigh chomhfhreagraigh.
2. Aon táirgeoir nó próiseálaí a chomhlíonann na rialacha dá bhforáiltear i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2019/787, tá sé i dteideal a bheith cumhdaithe ag fíorú an chomhlíonta arna bhunú de bhun Airteagal 38 den Rialachán sin. Déanfaidh táirgeoir nó próiseálaí a oibríocht a dhearbhú don údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 38(2) de Rialachán (AE) 2019/787.
3. Táirgeoir nó próiseálaí a gcinntear, tar éis an phróisis fíoraithe dá dtagraítear in Airteagal 38 de Rialachán (AE) 2019/787, go gcomhlíonann a tháirge sonraíocht táirge táisc gheografaigh arna chosaint i gcomhréir leis an Rialachán sin, déanfar ceachtar de na rudaí seo a leanas ina leith:
(a) |
tabharfar deimhniú dó, a bhféadfaidh a bheith ina chóip dheimhnithe, lena bhfianaítear go bhfuil an tsonraíocht táirge á comhlíonadh. Beidh an deimhniú i bhfoirm leictreonach ar a laghad agus féadfar é a chur ar fáil trína thaispeáint ar leathanach gréasáin a bhfuil rochtain ag an táirgeoir nó ag an bpróiseálaí air agus óna bhféadfaidh an táirgeoir nó an próiseálaí an deimhniú a íoslódáil. Luafar sa deimhniú a dháta eisiúna. Cuirfidh táirgeoirí nó próiseálaithe deimhnithe a ndeimhniú ar fáil d’aon chigireacht rialaithe oifigiúil nó d’aon údarás forfheidhmithe eile. Ina theannta sin, féadfaidh siad a ndeimhniú a chur ar fáil don phobal nó d’aon duine a fhéadfaidh cruthúnas ar dheimhniúchán a iarraidh le linn gnó. Beidh an deimhniú sin i gcarachtair Laidine nó beidh tras-scríbhinn nó traslitriú i gcarachtair Laidine ag gabháil leis; nó |
(b) |
déanfar é a áireamh ar liosta táirgeoirí nó próiseálaithe formheasta arna bhunú ag an údarás inniúil. Cuirfear an liostú, a bhféadfaidh gurb éard atá ann an sliocht ábhartha ón liosta iomlán, ar fáil do gach táirgeoir nó próiseálaí a liostaítear amhlaidh. Beidh sé i bhfoirm leictreonach ar a laghad agus féadfar é a chur ar fáil trína thaispeáint ar leathanach gréasáin a bhfuil rochtain ag an táirgeoir nó ag an bpróiseálaí air agus óna bhféadfaidh an táirgeoir nó an próiseálaí sliocht oifigiúil as an liostú comhfhreagrach a íoslódáil. Luafar sa liostú an dáta ar tarraingíodh suas é. Cuirfidh an táirgeoir nó an próiseálaí a liostú ar fáil, arna iarraidh sin, d’aon chigireacht rialaithe oifigiúil nó d’aon údarás forfheidhmithe eile. Féadfaidh siad an liostú a chur ar fáil don phobal agus d’aon duine a fhéadfaidh cruthúnas ar liostú a iarraidh le linn gnó. Beidh an liostú i gcarachtair Laidine nó beidh tras-scríbhinn nó traslitriú i gcarachtair Laidine ag gabháil leis. |
4. Déanfar an deimhniú agus an liostú dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt cothrom le dáta go tréimhsiúil, ar bhonn measúnú riosca. Beidh na sonraí seo a leanas ar a laghad sa deimhniú agus sa liostú:
(a) |
ainm an táisc gheografaigh faoi chosaint; |
(b) |
an chatagóir dí biotáillí; |
(c) |
uimhir an táirgeora (roghnach); |
(d) |
ainm gnó agus sonraí teagmhála an táirgeora nó an phróiseálaí; |
(e) |
ainm gnó nó ainm oifigiúil agus sonraí teagmhála an chomhlachta rialaithe nó an údaráis atá freagrach as an liostú; |
(f) |
gnó an táirgeora nó an phróiseálaí a bhfuil feidhm ag an deimhniú nó an liostú ina leith, is é sin “táirgeadh”, “próiseáil”, “buidéalú (pacáistiú)”, agus/nó “eile” (le sonrú); |
(g) |
dáta eisiúna an deimhnithe nó an dáta ar tarraingíodh suas an liostú; |
(h) |
síniú, séala nó marc an chomhlachta rialaithe nó an údaráis atá freagrach as an liostú, a fhéadfaidh a bheith leictreonach. |
5. Sa chás ina mbainfear an deimhniú do tháirgeoir nó próiseálaí nó go mbainfear táirgeoir nó próiseálaí den liosta, áiritheoidh na Ballstáit nach leanfaidh an táirgeoir nó an próiseálaí ar aghaidh ag taispeáint nó ag úsáid an deimhnithe nó an liostaithe.
6. Chun críocha saorchúrsaíocht a éascú laistigh den Aontas, féadfaidh comhlachtaí a eisíonn na deimhnithe agus údaráis atá freagrach as an liostú dá dtagraítear i mír 3 an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a úsáid.
7. Maidir le táirgí a tháirgtear i dtríú tíortha, i gcás táirgeoir nó próiseálaí a n-allmhairítear isteach san Aontas a tháirge arna ainmniú ag an tásc geografach cláraithe, cuirfidh sé ar fáil d’allmhaireoir an táirge san Aontas, arna iarraidh sin, cruthúnas ar dheimhniúchán mar tháirgeoir nó próiseálaí táirge arna ainmniú leis an tásc geografach sin arna sholáthar ag údarás rialaithe náisiúnta nó comhlacht deimhniúcháin an tríú tír sin.
Féadfaidh deimhniú nó liostú táirgeoirí nó próiseálaithe údaraithe a bheith i gceist leis an gcruthúnas ar dheimhniúchán agus féadfaidh an t-údarás rialaithe náisiúnta nó an comhlacht deimhniúcháin an cruthúnas sin a sholáthar ar bhonn díreach. Féadfaidh an cruthúnas ar dheimhniúchán a bheith i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach. Beidh sé i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais, nó beidh aistriúchán chuig teanga oifigiúil de chuid an Aontais ag gabháil leis, agus beidh sé i gcarachtair is furasta a thuiscint sa Bhallstát nó sna Ballstáit ina gcuirtear an táirge ar an margadh. Ní bheidh sé imithe in éag, i gcomhréir le dlí náisiúnta an tríú tír, ar an dáta a gcuirfear ar fáil don allmhaireoir é.
8. Cuirfidh an t-allmhaireoir an cruthúnas ar dheimhniúchán dá dtagraítear i mír 7 ar fáil, arna iarraidh sin, d’údaráis chustaim nó d’údaráis eile san Aontas atá i mbun fíorú a dhéanamh ar úsáid tásc geografach ar earraí a dhearbhaítear le haghaidh saorchúrsaíochta nó a chuirtear ar mhargadh an Aontais. Féadfaidh an t-allmhaireoir an cruthúnas ar dheimhniúchán a chur ar fáil don phobal nó d’aon duine a iarrfaidh cruthúnas ar dheimhniúchán le linn gnó.
CAIBIDIL III
Cumarsáid
Airteagal 13
(Airt. 42(2) de R. 2019/787 – Cumhachtaí cur chun feidhme) Cumarsáid idir an Coimisiún, na Ballstáit, tríú tíortha agus oibreoirí eile
1. Na doiciméid agus an fhaisnéis is gá chun Caibidil III de Rialachán (AE) 2019/787 agus Caibidil II den Rialachán seo a chur chun feidhme, cuirfear chuig an gCoimisiún iad mar a leanas:
(a) |
d’údaráis inniúla na mBallstát, trí na córais dhigiteacha arna gcur ar fáil ag an gCoimisiún, faoi réir mhír 2; |
(b) |
d’údaráis inniúla agus do tháirgeoirí tríú tíortha, chomh maith le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil leas dlisteanach acu faoi Rialachán (AE) 2019/787, ar an ríomhphost ag úsáid na bhfoirmeacha a leagtar amach in Iarscríbhinní I go VIII a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Beidh feidhm ag prionsabail agus ceanglais a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 agus Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2017/1185 maidir leis an gcumarsáid a dhéanfar faoi phointe (a) den chéad fhomhír.
2. De mhaolú ar phointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1, cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát faoi bhráid an Choimisiúin, ar an ríomhphost, an fógra freasúra, an ráiteas freasúra réasúnaithe agus an fógra faoi thoradh na gcomhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 6, chomh maith le hiarraidh ar chealú dá dtagraítear in Airteagal 10.
3. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis in iúl agus ar fáil d’údaráis inniúla na mBallstát trí na córais dhigiteacha arna gcur ar fáil ag an gCoimisiún i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1. Déanfaidh an Coimisiún faisnéis i gcomhthéacs na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 agus i mír 2 a chur in iúl ar an ríomhphost do na Ballstáit, do na húdaráis inniúla agus do ghrúpaí iarrthacha tríú tíortha, chomh maith le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil leas dlisteanach acu faoi Rialachán (AE) 2019/787.
4. I gcás cumarsáid theicniúil oifigiúil maidir le tásca geografacha deochanna biotáilleacha, cuirfidh gach Ballstát in iúl don Choimisiún pointe teagmhála amháin lena gcuimsítear seoladh roinne agus seoladh poist, seoladh feidhmiúil bosca ríomhphoist, agus uimhir theileafóin roinne. Coimeádfaidh na Ballstáit na pointí teagmhála sin cothrom le dáta. Ní shainaithneofar sna sonraí sin ach feidhmeanna oifigiúla, oifigí agus ranna. Ní shainaithneofar in aon cheann de na sonraí aon daoine nádúrtha ná sonraí pearsanta a chuimsítear ar shlí eile i seoltaí, uimhreacha teagmhála nó míreanna sonraí eile.
Féadfaidh an Coimisiún liosta iomlán na bpointí teagmhála sin a choimeád, a stóráil, a chomhroinnt, a phoibliú agus a scaipeadh go tréimhsiúil, lena n-áirítear chuig a sheirbhísí féin, chuig institiúidí agus comhlachtaí eile an Aontais, agus chuig gach pointe teagmhála ar an liosta. Féadfaidh an Coimisiún a cheangal go gcuirfear na sonraí sin isteach trí chórais dhigiteacha arna gcur ar fáil ag an gCoimisiún.
Airteagal 14
(Airt. 42(2) de R. 2019/787 – Cumhachtaí cur chun feidhme) Cumarsáid a chur isteach agus a fháil
1. Measfar go ndearnadh an chumarsáid agus cur isteach na ndoiciméad agus na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 13 ar an dáta a gheobhaidh an Coimisiún iad.
2. Deimhneoidh an Coimisiún go bhfuarthas gach cumarsáid a fuarthas agus gach comhad arna chur isteach trí na córais dhigiteacha dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 13(1) chuig údaráis inniúla na mBallstát trí na córais dhigiteacha.
Sannfaidh an Coimisiún uimhir chomhaid do gach iarratas nua ar chlárú, gach iarratas ar leasú Aontais a fhormheas, gach cumarsáid maidir le leasuithe caighdeánacha formheasta agus gach cumarsáid maidir le leasuithe sealadacha formheasta.
Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa deimhniú go bhfuarthas iad:
(a) |
uimhir an chomhaid; |
(b) |
an t-ainm táirge lena mbaineann; |
(c) |
an dáta fála. |
Tabharfaidh an Coimisiún fógra faoin gcumarsáid sin agus faoi chur isteach na ndoiciméad agus na faisnéise sin trí na córais dhigiteacha dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 13(1), agus cuirfidh sé ar fáil faisnéis agus nótaí maidir leo trí na córais dhigiteacha sin.
3. Maidir le cumarsáid agus cur isteach comhad a dhéanfar ar an ríomhphost, is ar an ríomhphost a dheimhneoidh an Coimisiún go bhfuarthas iad.
Sannfaidh sé uimhir chomhaid do gach iarratas nua ar chlárú, gach iarratas ar leasú Aontais a fhormheas, gach cumarsáid maidir le leasuithe caighdeánacha formheasta agus gach cumarsáid maidir le leasuithe sealadacha formheasta.
Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa deimhniú go bhfuarthas iad:
(a) |
uimhir an chomhaid; |
(b) |
an t-ainm táirge lena mbaineann; |
(c) |
an dáta fála. |
Is ar an ríomhphost a thabharfaidh an Coimisiún fógra faoi chumarsáid agus cur isteach na ndoiciméad agus na faisnéise sin agus cuirfidh sé faisnéis agus nótaí ar fáil maidir leo.
4. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 agus ag Airteagail 1 go 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 maidir le fógra a thabhairt faoi fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo agus maidir leis an bhfaisnéis sin a chur ar fáil.
Airteagal 15
(Airt. 42(2) de R. 2019/787 – Cumhachtaí cur chun feidhme) Faisnéis atá le poibliú
An fhaisnéis atá an Coimisiún chun a phoibliú i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (AE) 2019/787, Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1235 agus an Rialachán seo, déanfar í a phoibliú trí na córais dhigiteacha arna gcur ar fáil ag an gCoimisiún dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 13(1) den Rialachán seo.
CAIBIDIL IV
Sonraí pearsanta
Airteagal 16
(Airt. 42(1)(2) de R. 2019/787 – Cumhachtaí cur chun feidhme) Sonraí pearsanta
1. Na sonraí pearsanta a gheofar le linn na nósanna imeachta le haghaidh clárú, leasuithe a fhormheas, cealú agus rialú de bhun Rialachán (AE) 2019/787, Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1235 agus an Rialacháin seo, próiseálfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit iad i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 agus Rialachán (AE) 2016/679.
2. Measfar go bhfuil an Coimisiún ina rialaitheoir de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil sa nós imeachta a bhfuil sé inniúil ina leith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/787, Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1235 agus an Rialachán seo.
3. Measfar go bhfuil údaráis inniúla na mBallstát ina rialaitheoirí de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679 i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil sna nósanna imeachta a bhfuil siad inniúil ina leith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/787, Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1235 agus an Rialachán seo.
CAIBIDIL V
Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 17
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 130, 17.5.2019, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2013 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2013 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach deochanna biotáilleacha (IO L 201, 26.7.2013, lch. 21).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1235 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le hiarratais ar chlárú tásc geografach deochanna biotáilleacha, maidir le leasuithe ar shonraíochtaí táirgí, maidir le cealú an chláraithe agus maidir leis an gclár (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).
(6) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena bhforlíontar Rialacháin (AE) Uimh. 1307/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fógraí a thabhairt don Choimisiún faoi fhaisnéis agus doiciméid (IO L 171, 4.7.2017, lch. 100).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1307/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fógraí a thabhairt don Choimisiún faoi fhaisnéis agus doiciméid agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear roinnt Rialachán ón gCoimisiún (IO L 171, 4.7.2017, lch. 113).
(8) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(9) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
DOICIMÉAD AONAIR (RIALACHÁN (AE) 2019/787)
“AINM”
TG-XX-XXXX
Dáta an iarratais: XX-XX-XXXX
Fógra tábhachtach: moltar d’iarratasóirí na sonraí pearsanta go léir (lena n-áirítear ainmneacha daoine) a eisiamh agus go háirithe iad a eisiamh ó shonraí teagmhála (amhail uimhreacha teileafóin agus seoltaí ríomhphoist pearsanta). Aon sonraí pearsanta a chuirfear isteach san fhoirm seo, déanfar iad a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) . I gcás freasúra, cuirtear ainm an iarratasóra in iúl don fhreasúróir ionas gur féidir leis an gcomhairliúchán iomchuí tosú i gcomhréir le hAirteagal 27(3) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) . Tá an ráiteas príobháideachais ar fáil ar leathanaigh ghréasáin Europa. |
1. Ainm nó ainmneacha atá le clárú:
…
2. An tríú tír nó na tríú tíortha lena mbaineann an limistéar geografach:
…
3. Cineál an Táisc Gheografaigh:
Tásc Geografach
4. Catagóir nó catagóirí na dí biotáillí:
…
5. Tuairisc ar shaintréithe na dí biotáillí:
…
6. Sainiú an limistéir gheografaigh:
…
7. Modh táirgthe:
…
8. Rialacha sonracha maidir le pacáistíocht:
… [Murab ann dóibh, fág bán é. Luaigh bonn cirt achomair atá le haon srianta].
9. Rialacha sonracha maidir le lipéadú:
… [Murab ann dóibh, fág bán é. Luaigh bonn cirt achomair atá le haon srianta].
10. Tuairisc ar an nasc idir an deoch bhiotáilleach agus a tionscnamh geografach, lena náirítear, i gcás inarb iomchuí, eilimintí sonracha na tuairisce ar an táirge nó an mhodha táirgthe lena dtugtar bonn cirt leis an nasc sin:
…
----------------------------------------------------
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge
…
(1) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(2) Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (IO L 130, 17.5.2019, lch. 1).
IARSCRÍBHINN II
FÓGRA FREASÚRA (RIALACHÁN (AE) 2019/787)
Fógra tábhachtach: moltar d’iarratasóirí na sonraí pearsanta go léir (lena n-áirítear ainmneacha daoine) a eisiamh agus go háirithe iad a eisiamh ó shonraí teagmhála (amhail uimhreacha teileafóin agus seoltaí ríomhphoist pearsanta). Aon sonraí pearsanta a chuirfear isteach san fhoirm seo, déanfar iad a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). Cuirtear an fógra freasúra, lena n-áirítear ainm an iarratasóra, in iúl don fhreasúróir i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) . Tá an ráiteas príobháideachais ar fáil ar leathanaigh ghréasáin Europa. |
1. Ainm an táirge
[mar a foilsíodh san Iris Oifigiúil]
…
2. Tagairt
[mar a foilsíodh san Iris Oifigiúil]
Uimhir thagartha:…
Dáta a fhoilsithe san Iris Oifigiúil:…
3. Fógra freasúra
Measann [ainm an Bhallstáit nó an tríú tír nó an eintitis dhlíthiúil nó an duine nádúrtha a bhfuil leas dlisteanach aige nó aici agus atá bunaithe i dtríú tír, a bhfuil an fógra freasúra seo á chur isteach aige nó aici] go bhféadfadh sé go sáraíonn an t-iarratas dá dtagraítear i bpointí 1 agus 2 na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus forchoimeádann sé nó sí an ceart ráiteas freasúra réasúnaithe a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 27(2) de Rialachán (AE) 2019/787.]
4. Sonraí teagmhála
Teagmhálaí*:…
Grúpa/eagraíocht nó údarás náisiúnta:…
Roinn:…
Seoladh:
…
Teileafón: +…
Seoladh ríomhphoist: …
5. Dáta agus síniú
[Ainm]
[Roinn/Eagraíocht]
[Seoladh]
[Teileafón: +]
[Seoladh ríomhphoist:]
[dáta:]
[síniú:]
(1) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(2) Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (IO L 130, 17.5.2019, lch. 1).
IARSCRÍBHINN III
FÓGRA FREASÚRA RÉASÚNAITHE (RIALACHÁN (AE) 2019/787)
Fógra tábhachtach: moltar d’iarratasóirí na sonraí pearsanta go léir (lena n-áirítear ainmneacha daoine) a eisiamh agus go háirithe iad a eisiamh ó shonraí teagmhála (amhail uimhreacha teileafóin agus seoltaí ríomhphoist pearsanta). Aon sonraí pearsanta a chuirfear isteach san fhoirm seo, déanfar iad a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) . Más rud é go suítear go bhfuil an freasúra inghlactha, cuirtear ainm an fhreasúróra in iúl don iarratasóir ionas gur féidir leis an gcomhairliúchán iomchuí tosú i gcomhréir le hAirteagal 27(3) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) . Tá an ráiteas príobháideachais ar fáil ar leathanaigh ghréasáin Europa. |
1. Ainm an táirge
[mar a foilsíodh san Iris Oifigiúil]
…
2. Tagairt
[mar a foilsíodh san Iris Oifigiúil]
Uimhir thagartha:…
Dáta a fhoilsithe san Iris Oifigiúil:…
3. Ainm an fhreasúróra
[Ballstát, Tríú tír, Duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe i dtríú tír]
…
4. Sonraí teagmhála
Teagmhálaí:
Grúpa/eagraíocht nó údarás náisiúnta:
Roinn: …
Seoladh:
…
Teileafón +…
Seoladh ríomhphoist: …
5. Leas dlisteanach (ní cheanglaítear sin i gcás údaráis náisiúnta)
[Soláthair ráiteas ina mínítear leas dlisteanach an fhreasúróra. I gcás freasúra maidir le hiarraidh ar chealú, taispeáin úsáid tráchtála an ainm chláraithe (Airteagal 12(3) de Rialachán Tarmligthe (AE)2021/1235ón gCoimisiún (3) ). Tá údaráis náisiúnta díolmhaithe ón gceanglas seo].
6. Forais is bonn le freasúra:
☐ |
An t-iarratas ar chlárú nó ar leasú Aontais a fhormheas nó an iarraidh ar chealú, tá sé nó sí ar neamhréir leis na rialacha maidir le tásca geografacha deochanna biotáilleacha toisc go mbeadh sé nó sí ag teacht salach ar Airteagal 3(4) agus Airteagail 22, 31 nó 32 de Rialachán (AE) 2019/787 faoi seach agus ar na forálacha arna nglacadh dá mbun. |
☐ |
An t-iarratas ar chlárú nó ar leasú Aontais a fhormheas, tá sé ar neamhréir leis na rialacha maidir le tásca geografacha deochanna biotáilleacha toisc go mbeadh clárú an ainm atá beartaithe ag teacht salach ar Airteagail 34 nó 35 de Rialachán (AE) 2019/787. |
☐ |
An t-iarratas ar chlárú nó ar leasú Aontais a fhormheas, tá sé ar neamhréir leis na rialacha maidir le tásca geografacha deochanna biotáilleacha toisc go ndéanfadh clárú an táisc gheografaigh atá beartaithe dochar do bheithsine ainm nó trádmhairc atá comhionann ina iomláine nó i bpáirt nó dochar do bheithsine táirgí atá tar éis a bheith ar an margadh go dleathach le 5 bliana ar a laghad roimh an dáta foilsithe dá bhforáiltear in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2019/787. |
7. Mionsonraí an fhreasúra
[Soláthair cúiseanna agus bonn cirt a bhfuil bunús cuí leo, mionsonraí na bhfíoras, fianaise agus tuairimí lena dtacaítear leis an bhfreasúra. Soláthair na doiciméid is gá i gcás freasúra atá bunaithe ar bheithsine trádmhairc níos luaithe a bhfuil clú agus cáil air (Airteagal 35(2) de Rialachán (AE) 2019/787].
8. Liosta de na doiciméid tacaíochta [Soláthair liosta na ndoiciméad atá á seoladh chun tacú leis an bhfreasúra].
9. Dáta agus síniú
[Ainm]
[Roinn/Eagraíocht]
[Seoladh]
[Teileafón:+]
[Seoladh ríomhphoist:]
[dáta:]
[síniú:]
(1) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(2) Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (IO L 130, 17.5.2019, lch. 1).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1235 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le hiarratais ar chlárú tásc geografach deochanna biotáilleacha, maidir le leasuithe ar shonraíochtaí táirgí, maidir le cealú an chláraithe agus maidir leis an gclár (IO L 270).
IARSCRÍBHINN IV
FÓGRA FAOI DHEIREADH NA GCOMHAIRLIÚCHÁN TAR ÉIS AN NÓS IMEACHTA FREASÚRA (RIALACHÁN (AE) 2019/787)
Fógra tábhachtach: moltar d’iarratasóirí na sonraí pearsanta go léir (lena n-áirítear ainmneacha daoine) a eisiamh agus go háirithe iad a eisiamh ó shonraí teagmhála (amhail uimhreacha teileafóin agus seoltaí ríomhphoist pearsanta). Tá an ráiteas príobháideachais ar fáil ar leathanaigh ghréasáin Europa. |
1. Ainm an táirge
[mar a foilsíodh san Iris Oifigiúil]
2. Tagairt
[mar a foilsíodh san Iris Oifigiúil]
Uimhir thagartha:
Dáta a fhoilsithe san Iris Oifigiúil:
3. Ainm an fhreasúróra
[Ballstát, Tríú tír, Duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe i dtríú tír]
…
4. Toradh comhairliúchán
4.1 Thángthas ar chomhaontú leis an bhfreasúróir nó na freasúróirí seo a leanas:
[cuir i gceangal cóipeanna de litreacha lena léirítear gur thángthas ar chomhaontú agus na tosca go léir lenar cumasaíodh an comhaontú (Airteagal 27(3) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1))]
4.2 Níor thángthas ar chomhaontú leis an bhfreasúróir nó na freasúróirí seo a leanas:
[cuir i gceangal an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 27(3) de Rialachán (AE) 2019/787]
5. Sonraíocht Táirge agus doiciméad aonair
5.1 Leasaíodh an tsonraíocht táirge:
… Leasaíodh* …Níor leasaíodh
*Más “Leasaíodh”, cuir isteach tuairisc ar na leasuithe agus an tsonraíocht táirge leasaithe
5.2 Leasaíodh an doiciméad aonair:
… Leasaíodh**… Níor leasaíodh
**Más “Leasaíodh”, cuir i gceangal an doiciméad agus é tugtha cothrom le dáta
6. Dáta agus síniú
_____________________________________________________________
[Ainm]
[Roinn/Eagraíocht]
[Seoladh]
[Teileafón:+]
[Seoladh ríomhphoist:]
[dáta:]
[síniú:]
(1) Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (IO L 130, 17.5.2019, lch. 1).
IARSCRÍBHINN V
IARRATAS AR FHORMHEAS A DHÉANAMH AR LEASÚ AONTAIS AR AN TSONRAÍOCHT TÁIRGE (RIALACHÁN (AE) 2019/787)
Fógra tábhachtach: moltar d’iarratasóirí na sonraí pearsanta go léir (lena n-áirítear ainmneacha daoine) a eisiamh agus go háirithe iad a eisiamh ó shonraí teagmhála (amhail uimhreacha teileafóin agus seoltaí ríomhphoist pearsanta). Aon sonraí pearsanta a chuirfear isteach san fhoirm seo, déanfar iad a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) . Ar chúiseanna trédhearcachta agus ionas go mbeidh freasúróirí féideartha in ann agóid a dhéanamh i gcoinne an cheanglais maidir le leas dlisteanach an iarratasóra, ní mór ainm an iarratasóra ar leasú Aontais ar an tsonraíocht táirge a fhoilsiú. Tá an ráiteas príobháideachais ar fáil ar leathanaigh ghréasáin Europa. |
1. Ainm an táirge
[mar a foilsíodh san Iris Oifigiúil]
2. Iarratasóir agus leas dlisteanach
[Soláthair ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an iarratasóra atá ag moladh an leasaithe. I gcás inar le duine nádúrtha a bhaineann an seoladh, an uimhir theileafóin agus an seoladh ríomhphoist, ní fhéadfar iad a áireamh san fhoirm seo agus seolfar chuig an gCoimisiún iad ar leithligh.
Soláthair ráiteas freisin ina leagtar amach leas dlisteanach an iarratasóra.]
3. An tríú tír lena mbaineann an limistéar geografach
…
4. An ceannteideal sa tsonraíocht táirge agus sa doiciméad aonair a ndéanann an leasú nó na leasuithe difear dó
☐ |
Ainm an táirge |
☐ |
Catagóir nó ainm dlíthiúil na dí biotáillí |
☐ |
Nasc |
☐ |
Srianta margaíochta |
5. Cineál an leasú nó na leasuithe
[Soláthair ráiteas ina mínítear cén fáth a dtagann an leasú nó na leasuithe faoin sainmhíniú ar “leasú Aontais” dá bhforáiltear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2)].
6. Leasú nó leasuithe
[Soláthair tuairisc ar gach leasú agus na cúiseanna atá leis. Ní mór an t-iarratas ar leasú a bheith cuimsitheach agus uileghabhálach amhail dá bhforáiltear in Airteagal 7(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1235 (3) ón gCoimisiún agus in Airteagal 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1236 ón gCoimisiún (4)].
7. Iarscríbhinní
7.1. |
An doiciméad aonair comhdhlúite, arna leasú |
7.2. |
An leagan comhdhlúite den tsonraíocht táirge mar a foilsíodh é, nó an tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge |
7.3. |
Cruthúnas go gcomhfhreagraíonn na doiciméid leasaithe don tásc geografach atá i bhfeidhm sa tríú tír |
(1) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(2) Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (IO L 130, 17.5.2019, lch. 1).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1235 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le hiarratais ar chlárú tásc geografach deochanna biotáilleacha, maidir le leasuithe ar shonraíochtaí táirgí, maidir le cealú an chláraithe agus maidir leis an gclár (IO L 270, …, lch. …).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1236 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le hiarratais ar chlárú tásc geografach deochanna biotáilleacha, leis an nós imeachta freasúra, le leasuithe ar shonraíochtaí táirgí, leis an gclárú a chealú, le siombail a úsáid agus le rialú (IO L 270, …, lch. …).
IARSCRÍBHINN VI
FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL (RIALACHÁN (AE) 2019/787)
Fógra tábhachtach: moltar d’iarratasóirí na sonraí pearsanta go léir (lena n-áirítear ainmneacha daoine) a eisiamh agus go háirithe iad a eisiamh ó shonraí teagmhála (amhail uimhreacha teileafóin agus seoltaí ríomhphoist pearsanta). Aon sonraí pearsanta a chuirfear isteach san fhoirm seo, déanfar iad a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) . Ar chúiseanna trédhearcachta ní mór ainm an tseoltóra a fhoilsiú. Tá an ráiteas príobháideachais ar fáil ar leathanaigh ghréasáin Europa. |
1. Ainm an táirge
[mar a foilsíodh san Iris Oifigiúil]
2. An tríú tír lena mbaineann an limistéar geografach
…
3. Seoltóir
[Táirgeoir aonair nó grúpa táirgeoirí a bhfuil leas dlisteanach aige nó acu nó údaráis an tríú tír lena mbaineann an limistéar geografach (féach Airteagal 24(8) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2))]
4. Tuairisc ar an leasú nó na leasuithe formheasta
[Soláthair tuairisc ar an leasú caighdeánach nó na leasuithe caighdeánacha agus ráiteas ina mínítear cén fáth a dtagann an leasú nó na leasuithe faoin sainmhíniú ar leasú caighdeánach dá bhforáiltear in Airteagal 31(3) de Rialachán (AE) Uimh. 2019/787. Cuir léi achoimre ar na cúiseanna a bhfuil gá leis na leasuithe. Cuir in iúl cé acu atá leasú ar an doiciméad aonair ina thoradh ar an leasú nó nach bhfuil.].
5. Iarscríbhinní
5.1. |
An cinneadh lena bhformheastar an leasú caighdeánach |
5.2. |
An cruthúnas go bhfuil an leasú infheidhmithe sa tríú tír |
5.3. |
An doiciméad aonair comhdhlúite, arna leasú, i gcás inarb ábhartha |
5.4. |
Cóip den leagan comhdhlúite den tsonraíocht táirge mar a foilsíodh é, nó an tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge |
(1) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(2) Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (IO L 130, 17.5.2019, lch. 1).
IARSCRÍBHINN VII
FORMHEAS LEASAITHE SHEALADAIGH A CHUR IN IÚL (RIALACHÁN (AE) 2019/787)
Fógra tábhachtach: moltar d’iarratasóirí na sonraí pearsanta go léir (lena n-áirítear ainmneacha daoine) a eisiamh agus go háirithe iad a eisiamh ó shonraí teagmhála (amhail uimhreacha teileafóin agus seoltaí ríomhphoist pearsanta). Aon sonraí pearsanta a chuirfear isteach san fhoirm seo, déanfar iad a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) . Ar chúiseanna trédhearcachta ní mór ainm an tseoltóra a fhoilsiú. Tá an ráiteas príobháideachais ar fáil ar leathanaigh ghréasáin Europa. |
1. Ainm an táirge
[mar a foilsíodh san Iris Oifigiúil]
2. An tríú tír lena mbaineann an limistéar geografach
…
3. Seoltóir
[Táirgeoir aonair nó grúpa táirgeoirí a bhfuil leas dlisteanach aige nó acu nó údaráis an tríú tír lena mbaineann an limistéar geografach (féach Airteagal 24(8) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2))]
4. Tuairisc ar an leasú nó na leasuithe formheasta
[Soláthair tuairisc ar an leasú sealadach nó na leasuithe sealadacha agus na cúiseanna sonracha atá leis nó leo lena n-áirítear tagairt don aitheantas foirmiúil ar an tubaiste nádúrtha nó na dálaí drochaimsire ag na húdaráis inniúla nó d’fhorchur beart éigeantach sláintíochta agus fíteashláintíochta. Soláthair freisin ráiteas ina mínítear cén fáth a dtagann an leasú nó na leasuithe faoin sainmhíniú ar “leasú sealadach” dá bhforáiltear in Airteagal 31(3) de Rialachán (AE) Uimh. 2019/787].
5. Iarscríbhinní
5.1. |
Cur i bhfeidhm an leasaithe shealadaigh fhormheasta |
5.2. |
An cinneadh lena bhformheastar an leasú sealadach |
5.3. |
An cruthúnas go bhfuil an leasú infheidhmithe sa tríú tír |
(1) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(2) Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (IO L 130, 17.5.2019, lch. 1).
IARSCRÍBHINN VIII
IARRAIDH AR CHEALÚ (RIALACHÁN (AE) 2019/787)
Fógra tábhachtach: moltar d’iarratasóirí na sonraí pearsanta go léir (lena n-áirítear ainmneacha daoine) a eisiamh agus go háirithe iad a eisiamh ó shonraí teagmhála (amhail uimhreacha teileafóin agus seoltaí ríomhphoist pearsanta). Aon sonraí pearsanta a chuirfear isteach san fhoirm seo, déanfar iad a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) . Ar chúiseanna trédhearcachta agus ionas go mbeidh freasúróirí féideartha in ann agóid a dhéanamh i gcoinne an cheanglais maidir le leas dlisteanach an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá ag déanamh na hiarrata ar chealú, ní mór ainm an duine sin a fhoilsiú. Tá an ráiteas príobháideachais ar fáil ar leathanaigh ghréasáin Europa. |
1. An tainm cláraithe a bheartaítear é a chur ar ceal
…
2. An Ballstát nó an Tríú Tír lena mbaineann an limistéar geografach
…
3. An duine nádúrtha nó dlítheanach, an Ballstát nó an Tríú Tír a bhfuil an iarraidh ar chealú á déanamh aige nó aici
[Soláthair ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh nó ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist na soláthraithe a bhfuil an cealú á iarraidh acu. I gcás inar le duine nádúrtha a bhaineann an seoladh, an uimhir theileafóin agus an seoladh ríomhphoist, ní fhéadfar iad a áireamh san fhoirm seo agus seolfar chuig an gCoimisiún iad ar leithligh.
Soláthair ráiteas freisin ina mínítear leas dlisteanach an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a bhfuil an cealú á iarraidh aige nó aici (níl gá leis sin i gcás údaráis náisiúnta)].
4. Na forais is bonn leis an gcealú agus cúiseanna gaolmhara
☐ |
I gcomhréir le hAirteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2)
|
☐ |
I gcomhréir le hAirteagal 32(2) de Rialachán (AE) 2019/787 [Soláthair na cúiseanna mionsonraithe agus, i gcás inarb iomchuí, fianaise maidir le clárú an ainm a chur ar ceal i gcomhréir le hAirteagal 32(2) de Rialachán (AE) 2019/787.] |
5. Liosta den doiciméadacht tacaíochta
[Soláthair liosta den doiciméadacht atá á sheoladh chun tacú leis an iarraidh ar chealú, i gcás inarb ábhartha.
I gcás na mBallstát, soláthair le bhur dtoil an dearbhú go gcomhlíonann an iarraidh ar chealú ceanglais Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/787 agus na bhforálacha arna nglacadh dá bhun].
6. Dáta agus síniú
_____________________________________________________________
[Ainm]
[Roinn/Eagraíocht]
[dáta:]
[síniú:]
(1) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(2) Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (IO L 130, 17.5.2019, lch. 1).
IARSCRÍBHINN IX
DEIMHNIÚ OIFIGIÚIL NÓ LIOSTÚ TÁIRGEOIRÍ NÓ PRÓISEÁLAITHE A CHOMHLÍONANN SONRAÍOCHT TÁIRGE DE CHUID TÁSC GEOGRAFACH (TG) IN EARNÁIL NA NDEOCHANNA BIOTÁILLEACHA, DE BHUN AIRTEAGAL 12(3) DE RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE)2021/1236ÓN GCOIMISIÚN (1)
Dearbhaítear leis an doiciméad seo go bhfuil an táirgeoir nó an próiseálaí deimhnithe chun táirge a ainmniú mar cheann atá faoi chosaint ag Tásc Geografach (TG) i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) |
|||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
(1) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1236 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le hiarratais ar chlárú tásc geografach deochanna biotáilleacha, leis an nós imeachta freasúra, le leasuithe ar shonraíochtaí táirgí, leis an gclárú a chealú, le siombail a úsáid agus le rialú (IO L 270).
(*1) réimsí éigeantacha
(2) Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (IO L 130, 17.5.2019, lch. 1).