EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0980

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/980 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/661 a mhéid a bhaineann le ceanglais faisnéise i ndáil le clárú sa chlárlann leictreonach do chuótaí i gcomhair hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/4242

OJ L 216, 18.6.2021, p. 133–134 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/980/oj

18.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 216/133


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/980 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Meitheamh 2021

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/661 a mhéid a bhaineann le ceanglais faisnéise i ndáil le clárú sa chlárlann leictreonach do chuótaí i gcomhair hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 17(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/661 ón gCoimisiún (2) na ceanglais maidir le gnóthais a bhfuil sé éigeantach dóibh clárú sa chlárlann a bunaíodh le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 517/2014.

(2)

De bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/661, ní mór do ghnóthais atá bunaithe san Aontas a n-uimhir chláraithe agus aitheantais oibreoirí eacnamaíochta (uimhir EORI) a thabhairt don Choimisiún chun críocha a gcláraithe sa chlárlann, más infheidhme. Gnóthais atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a rinne ionadaí aonair a shainordú de réir bhrí Airteagal 16(5) de Rialachán (AE) Uimh. 517/2014, ní fhéadfaidh siad an fhaisnéis sin a sholáthar ach amháin i dtaca lena n-ionadaí aonair. Féadfaidh ionadaí aonair a bheith sainordaithe mar ionadaí aonair ag níos mó ná aon cheann amháin de ghnóthais atá bunaithe lasmuigh den Aontas. Dá bhrí sin, ní gá an uimhir EORI atá ag an ionadaí aonair sin a bheith ag freagairt do ghnóthas amháin atá bunaithe lasmuigh den Aontas.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 17(4) de Rialachán (AE) Uimh. 517/2014, tá rochtain ag na húdaráis inniúla náisiúnta, ar a n-áirítear údaráis chustaim, ar an gclárlann chun críocha faisnéise.

(4)

Agus na srianta agus na toirmisc i ndáil le cur ar an margadh a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 á bhforfheidhmiú, ní mór do na húdaráis chustaim a bheith in ann na gnóthais a chuireann hidreafluaracarbóin ar an margadh i gcomhréir leis an Rialachán sin a shainaithint trí bhíthin a n-uimhreacha EORI. Go háirithe, is féidir leis sin, freisin, éascaíocht a dhéanamh do na rialuithe a dhéanann na húdaráis chustaim trí bhíthin uirlisí digiteacha. Is féidir an gnóthas lena mbaineann a shainaithint ach uimhir EORI an ghnóthais sin a bheith sa chlárlann. Dá bhrí sin, maidir leis na gnóthais atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a bhfuil sainordú tugtha acu d’ionadaí aonair, is gá a cheangal ar na gnóthais sin a n-uimhir EORI féin a sholáthar. Ba cheart deireadh a chur leis an gceanglas atá ar na gnóthais sin uimhir EORI a n-ionadaí aonair a sholáthar ós rud é go bhfuil sé sin iomarcach.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/661 a leasú dá réir.

(6)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá siad i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú faoi Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) Uimh. 517/2014,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Airteagal 3, mír 2, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/661 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“b)

an fhaisnéis a liostaítear i mír 1, pointí (d) agus (i), ach an fhaisnéis sin a bheith i dtaca leis an ionadaí aonair seachas leis an ngnóthas;”

(2)

cuirtear isteach an pointe (g) seo a leanas:

“(g)

uimhir EORI an ghnóthais, más infheidhme.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 150, 20.5.2014, lch. 195.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/661 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2019 lena n-áirithítear feidhmiú rianúil na clárlainne leictreonaí do chuótaí i gcomhair hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh (IO L 112, 26.4.2019, lch. 11).


Top